Dáil debates

Thursday, 19 May 2005

Other Questions.

Limistéirí Gaeltachta.

3:00 pm

Photo of Michael D HigginsMichael D Higgins (Galway West, Labour)
Link to this: Individually | In context

Question 9: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an mbeidh aon athrú ar theorainneacha na Gaeltachta in 2005, 2006 nó 2007; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [16641/05]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Mar is eol don Teachta, tá an staidéar ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht, a bronnadh ar Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge in Ollscoil na hÉireann i Gaillimh, i gcomhar leis an Institiúid Náisiúnta um Anailís Réigiúnach agus Spásúil in Ollscoil na hÉireann i Má Nuad, faoi lán-seoil anois. Tá an staidéar teangeolaíoch seo, a thosaigh i mí Aibreáin 2004, dírithe ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht mar bhunús chun forbairt theangeolaíoch na Gaeltachta mar cheantar labhartha Gaeilge a threisiú agus athbhreithniú a dhéanamh ar na limistéir oifigiúla Gaeltachta. Beidh na roghanna éagsúla tíreolaíochta agus déimeagrafaíochta, a mheastar a bheith oiriúnach mar bhunús chun na limistéir oifigiúla Ghaeltachta a shainiú, á scrúdú mar chuid den staidéar seo. Táthar ag súil leis go mbeidh sé críochnaithe faoi mhí Mheán Fómhair 2006 ar a dhéanaí. Níl sé i gceist aon chinneadh a thógáil maidir le hathruithe ar na limistéir Ghaeltachta go dtí go mbeidh torthaí an staidéir faighte agus scrúdaithe ag mo Roinn. Cuirfear aon mholtaí i ndáil le hathrú ar na limistéir Ghaeltachta, más ann dóibh, faoi bhráid an Rialtais nuair a bheidh an scrúdú sin déanta.

Photo of Brian O'SheaBrian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context

Chuir mé síos an cheist seo mar tá eagla orm go bhfuil contúirt ann go mbeidh cúrsaí ag druidim agus nach dtarlóidh tada i ndeireadh na dála, go mórmhór i rith saol an Rialtais seo. Tá a fhios ag an Aire go bhfuil cúrsaí ag dul i léig taobh istigh de na Gaeltachtaí. Tá cuid mhaith ceantair ann, ceantair i Dáilcheantair an t-Aire ina measc, nach féidir Gaeltachtaí a glaoch orthu má tá aon cóir sa scéal. Tá fhios agam go ndúirt an t-Aire go bhfuil sé tar éis féachaint isteach go mion sa scéal. B'fhéidir nach bhfuil ceantair ann gur féidir a thabhairt suas go dtí critéir teangeolaíochta i dtreo is gur féidir Gaeltachtaí a glaoch orthu san. An bhfuil sé ceart nó cóir go bhfuil ceantair ann nach Gaeltachtaí iad atá ag fáil deontaisí is a thuilleadh nach ceart dóibh iad a fháil? Dhéanfadh an t-airgead atáá chailleadh sna ceantair sin maitheas sna ceantair gur fíor-Gaeltachtaí iad.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Níl an cheist á sleamhnú. Go deimhin féin, le gairid bhí mé ag déanamh fiosrú chun a fhéachaint an bhfaigheadh muid an staidéar in am. An rud a tharla nuair a thosnaigh muid an staidéar ná gur déanfar cinnithe. Mar is eol don Teachta, ceann de na moltaí a bhí ag Coimisiún na Gaeltachta ná go dtabharfaí seans do na ceantair imeallacha iad féin a chruthú agus nach caithfear amach iad díreach thar oíche. Is féidir leis an Teachta a bheith cinnte go bhfuil fonn orm brú ar aghaidh leis an cheist seo. Má cheapann éinne go bhfuil mé ag iarraidh é a chuir siar de bharr go bhfuil toghchán ag teacht, ní thuigeann siad an chás.

An áit is mó ina ndéanann na limistéir Gaeltachta difríocht go praiticiúil ná an cheist a phléadh i gcomhthéacs vótáil i dtoghcháin an Údaráis. Go deimhin féin, bhí iontas orm nuair a bhí mé ag breathnú ar na haighneachtaí nach tógadh an cheist seo ach i gcabhair chás sna haighneachtaí a fuair muid roimh an toghchán maidir leis an Údarás, ach sin scéal eile. Bhí sé luaite, ach ní fhéadfá a rá go raibh sé téama an-mhór trasna na n-aighneachtaí ar fad.

Maidir le caitheamh an airgid, is dóigh liom go gcaitheann an Roinn dhá chineál airgid — airgead a chaithfear as an Stáitchiste ar aon bhealach i chuile cheantair mar go bhfuil na saoráidí seo ag dul go dtí an phobal agus an airgead a chaithfear go speisialta mar gur Gaeltachtaí iad. Tá an chuid is mó den dara chineál sin airgid — scéim labhairt na Ghaeilge, deontais tithíochta — ceangailte le Gaeilgeoirí. Nuair a scrúdaítear na figiúirí, is beag dóibh atá á chaitheamh sna Ghaeltachtaí laga. Mar sin, éinne a cheapann go mbeadh mórchuid airgead breise le chaitheamh sna Ghaeltachtaí láidre dá ndéanfaí an Ghaeltacht a laghdú, tá míthuiscint iomlán orthu maidir le chaitheamh airgead na Roinne.