Dáil debates

Thursday, 19 May 2005

3:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

Mar is eol don Teachta, tá an staidéar ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht, a bronnadh ar Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge in Ollscoil na hÉireann i Gaillimh, i gcomhar leis an Institiúid Náisiúnta um Anailís Réigiúnach agus Spásúil in Ollscoil na hÉireann i Má Nuad, faoi lán-seoil anois. Tá an staidéar teangeolaíoch seo, a thosaigh i mí Aibreáin 2004, dírithe ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht mar bhunús chun forbairt theangeolaíoch na Gaeltachta mar cheantar labhartha Gaeilge a threisiú agus athbhreithniú a dhéanamh ar na limistéir oifigiúla Gaeltachta. Beidh na roghanna éagsúla tíreolaíochta agus déimeagrafaíochta, a mheastar a bheith oiriúnach mar bhunús chun na limistéir oifigiúla Ghaeltachta a shainiú, á scrúdú mar chuid den staidéar seo. Táthar ag súil leis go mbeidh sé críochnaithe faoi mhí Mheán Fómhair 2006 ar a dhéanaí. Níl sé i gceist aon chinneadh a thógáil maidir le hathruithe ar na limistéir Ghaeltachta go dtí go mbeidh torthaí an staidéir faighte agus scrúdaithe ag mo Roinn. Cuirfear aon mholtaí i ndáil le hathrú ar na limistéir Ghaeltachta, más ann dóibh, faoi bhráid an Rialtais nuair a bheidh an scrúdú sin déanta.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.