Dáil debates

Thursday, 19 May 2005

 

Limistéirí Gaeltachta.

3:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

Níl an cheist á sleamhnú. Go deimhin féin, le gairid bhí mé ag déanamh fiosrú chun a fhéachaint an bhfaigheadh muid an staidéar in am. An rud a tharla nuair a thosnaigh muid an staidéar ná gur déanfar cinnithe. Mar is eol don Teachta, ceann de na moltaí a bhí ag Coimisiún na Gaeltachta ná go dtabharfaí seans do na ceantair imeallacha iad féin a chruthú agus nach caithfear amach iad díreach thar oíche. Is féidir leis an Teachta a bheith cinnte go bhfuil fonn orm brú ar aghaidh leis an cheist seo. Má cheapann éinne go bhfuil mé ag iarraidh é a chuir siar de bharr go bhfuil toghchán ag teacht, ní thuigeann siad an chás.

An áit is mó ina ndéanann na limistéir Gaeltachta difríocht go praiticiúil ná an cheist a phléadh i gcomhthéacs vótáil i dtoghcháin an Údaráis. Go deimhin féin, bhí iontas orm nuair a bhí mé ag breathnú ar na haighneachtaí nach tógadh an cheist seo ach i gcabhair chás sna haighneachtaí a fuair muid roimh an toghchán maidir leis an Údarás, ach sin scéal eile. Bhí sé luaite, ach ní fhéadfá a rá go raibh sé téama an-mhór trasna na n-aighneachtaí ar fad.

Maidir le caitheamh an airgid, is dóigh liom go gcaitheann an Roinn dhá chineál airgid — airgead a chaithfear as an Stáitchiste ar aon bhealach i chuile cheantair mar go bhfuil na saoráidí seo ag dul go dtí an phobal agus an airgead a chaithfear go speisialta mar gur Gaeltachtaí iad. Tá an chuid is mó den dara chineál sin airgid — scéim labhairt na Ghaeilge, deontais tithíochta — ceangailte le Gaeilgeoirí. Nuair a scrúdaítear na figiúirí, is beag dóibh atá á chaitheamh sna Ghaeltachtaí laga. Mar sin, éinne a cheapann go mbeadh mórchuid airgead breise le chaitheamh sna Ghaeltachtaí láidre dá ndéanfaí an Ghaeltacht a laghdú, tá míthuiscint iomlán orthu maidir le chaitheamh airgead na Roinne.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.