Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 1 March 2023

Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Meastacháin le haghaidh Seirbhísí Poiblí 2023
Vóta 33 - An Ghaeltacht (Athbhreithnithe)

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, an Teachta O’Donovan, agus an toscaireacht atá leis: stiúrthóir na Gaeilge sa Roinn, an Dr. Aodhán Mac Cormaic; príomhoifigeach sa Roinn, Aodán Mac a Mhíle; príomhoifigeach i rannóg na Gaeltachta, Eoin Ó Droighneáin; agus príomhoifigeach cúnta sa rannóg airgeadais, Colm Lundberg. Mo leithscéal, tá Katherine Licken, Ard-Rúnaí na Roinne anseo chomh maith.

Is comhalta ex officioden roghchoiste é an tAire Stáit agus mar sin tá sé san áireamh don chóram agus don liosta vótála. Gabhaim buíochas leis as a bheith inár láthair. Iarraim ar dhaoine a ngutháin shoghluaiste a mhúchadh más féidir. Bhí moill orainn ag déileáil leis an gceist seo toisc go raibh athrú Aire Stáit ann agus mar go raibh muidne gafa le rudaí eile. Tá an tAire Stáit os ár gcomhair. Is trua nach bhfuil an tAire sinsearach ann ach beidh sí os ár gcomhair i gceann cúpla seachtain. Tá dáta á shocrú aici chun teacht os ár gcomhair. Mar a deir siad as Béarla, beidh sé “after the fact” seachas roimh ré. Déanfaimid déileáil leis an gceist sin, mar is ceist bhunúsach í, agus labhróidh mé leis na comhaltaí faoi nuair a shroichfidh muid sin. Iarraim anois ar an Aire Stáit a ráiteas oscailte a thabhairt.

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ar dtús, ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis an gcoiste as cuireadh a thabhairt dom teacht os a chomhair inniu chun labhairt leis na comhaltaí faoi chistíocht na Gaeilge agus na Gaeltachta. Mar is eol dóibh, tá sé mar chuspóir ag mo Roinn tacú leis an nGaeilge trí chéile agus le húsáid na Gaeilge a chothú mar phríomhtheanga phobal na Gaeltachta. Is trí chúram a dhéanamh de chur i bhfeidhm leanúnach an phlean gníomhaíochta don Ghaeilge, atá mar thaca d’fhorfheidhmiú an straitéis 20 bliain don Ghaeilge, a dhéantar an cuspóir sin a fhíorú. In éineacht le bheith freagrach as comhordú a dhéanamh ar an bplean gníomhaíochta ar bhonn tras-rialtais, déanann mo Roinn raon leathan de chláir oibre, scéimeanna, tograí agus tionscnaimh a riar ar bhonn díreach ar leas na Gaeilge agus na Gaeltachta. Leis an obair sin uile, oibríonn mo Roinn go dlúth i rith an ama le forais eile Stáit, go háirithe Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge, chun tacú leo a gcuid clár oibre féin a fheidhmiú ar leas foriomlán na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Mar léiriú eile ar thiomantas an Rialtais i dtaca leis an obair uile atá á déanamh sa réimse seo, dhíreoinn aird an choiste ar an gcistíocht mhéadaithe de €94.2 milliún atá curtha ar fáil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht don bhliain seo chugainn i mbuiséad 2023. Is ionann sin agus €8.5 milliún de mhaoiniú breise do chláir Ghaeilge agus Ghaeltachta sa bhliain amach romhainn.

Ina theannta sin, tá maoiniú méadaithe á chur ar fáil do TG4, rud a chabhróidh chun an Ghaeilge a dhaingniú mar theanga phobail i gceantair Ghaeltachta, agus chun í a chur á labhairt ar fud na hÉireann, trí chéile. Nuair a fhéachtar air sin, léiríonn buiséad 2023 cur chuige tomhaiste agus spriocdhírithe i leith tacú lenár n-earnálacha tábhachtacha sa bhliain atá romhainn.

De thoradh an chiste bhreise do chlár C, tá €1 milliún de leithdháileadh tosaigh chun dlús a chur le cur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 d’fhonn spriocanna uaillmhianacha an Achta a bhaint amach. Beidh €1.75 milliún de leithdháileadh breise do scéimeanna tacaíochta Gaeilge na Roinne ag tacú le cur i bhfeidhm an phlean dhigitigh don Ghaeilge agus straitéis do na healaíona teanga-bhunaithe atá le teacht. Beidh €2.5 milliún de mhaoiniú breise ar fáil do scéimeanna tacaíochta Gaeltachta na Roinne agus úsáidfear é do thionscnaimh éagsúla, lena n-áirítear tacaíocht bhreise a sholáthar d’earnáil na gcoláistí samhraidh Gaeilge agus chun bearta cuimsithe sóisialta a bhaineann leis an teanga a leathnú. Beidh allúntas breise ann chun próiseas tástála Theastas Eorpach na Gaeilge, TEG, d’inniúlacht sa Ghaeilge a leathnú chun freastal ar mhéadú ar an úsáid a bhaintear as TEG mar chuid d’oiliúint fheabhsaithe sa Ghaeilge sa Státseirbhís agus sa tseirbhís phoiblí. Cuirfear allúntas méadaithe ar fáil d’Údarás na Gaeltachta le haghaidh obair na heagraíochta seo a thacaíonn le hearnálacha phobal na Gaeltachta. Beidh €750,000 milliún breise don phróiseas reachtúil pleanála teanga. Cabhróidh an ciste breise sin le tuilleadh dlús agus treisiú a chur le feidhmiú an phlean gníomhaíochta agus an raon bearta atá leagtha amach ann mar bhonnlíne gníomhaíochtaí.

I measc na hoibre atá amach romhainn, tá feidhmiú Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021, a thagann faoi scáth réimse gnímh faoi leith sa phlean sin. Leis an obair a dhéanfar le cúram a dhéanamh d’fheidhmiú an Achta, féachfar chuige go mbeidh seirbhísí feabhsaithe curtha ar fáil do chainteoirí Gaeilge go céimnítheach agus deiseanna suntasacha fostaíochta á gcruthú do lucht labhartha na Gaeilge. Agus muid ag breathnú chun tosaigh, is gá dúinn ar fad a aithint go bhfuil údar suntasach dóchais ann. Cé go raibh dúshláin faoi leith ann le trí bliana anuas, tá dóchas romhainn anois agus struchtúir nua cruthaithe againn ar mhaithe leis an teanga a chur chun cinn. Mar Aire Stáit na Gaeltachta, táim ag súil go mór le bheith in ann leanúint orm ag cur lena bhfuil bainte amach acu siúd a tháinig romhainn ar mhaithe le leas phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge araon.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit. Ós rud é nach bhfuil a fhios agam an bhfuil éinne eile tagtha isteach ar líne, glaoim anois mar sin ar an Teachta Pa Daly.

Photo of Pa DalyPa Daly (Kerry, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Fearaim fáilte roimh an Aire Stáit dá chéad chruinniú anseo agus tá súil agam go mbeimid ag obair le chéile i rith na bliana seo chugainn.

Tá ceist ghairid agam dó mar gheall ar Údarás na Gaeltachta. Tá súil agam go mbeidh toghchán ag teacht an bhliain seo chugainn. Feicim go bhfuil méadú sa bhuiséad ach ní dóigh liom go bhfuil aon airgead breise don údarás ann. Feicfimid sa stair nuair a bhíonn airgead breise ann don údarás, cruthaíonn sé sin fostaíocht sa Ghaeltacht. Cén tuairimí atá ag an Aire Stáit maidir le níos mó airgid a bheith ag Údarás na Gaeltachta?

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Teachta mar is Teachta béal dorais é. Tá súil agam go mbeimid in ann obair le chéile ar son mhuintir na Gaeltachta.

Photo of Pa DalyPa Daly (Kerry, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Bíonn an tAire Stáit ar Radio Kerry níos minice ná mise.

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá Radio Kerry an-tábhachtach do mhuintir iarthar Luimnigh mar éisteann siad leis gach maidin.

Tá an ceart ag an Teachta go bhfuil an-chuid oibre déanta go dtí seo ag Údarás na Gaeltachta. Is údarás an-tábhachtach é. Maidir leis an mbuiséad do 2023, tá cistíocht iomlán de os cionn €34 milliún curtha ar fáil d’Údarás na Gaeltachta don bhliain reatha. Tá an ciste seo ag cabhrú go suntasach leis an údarás lena chlár oibre a chur i bhfeidhm. Ina theannta sin, tá soláthar de €13.08 milliún curtha ar fáil d’Údarás na Gaeltachta i mbliana i gcomhair riachtanais pá agus pinsin. Sa bhreis air sin, tá soláthar airgid de €5.75 milliún curtha ar fáil i mbuiséad na Roinne maidir leis an obair atá le déanamh aige. I gcúrsaí caipitil don údarás, tá soláthar airgid de €14.45 curtha ar fáil faoi fo-cheannlíne C8 de Vóta na Roinne mar aon leis an soláthar de €500,000 a tugadh cead don údarás tabhairt ar aghaidh ó Vóta 2022 go dtí Vóta 2023. Cuirfidh sé sin le cumas an údaráis fostaíocht a chruthú, mar a deir an Teachta, uasghrádú a dhéanamh ar fhoirgnimh agus araile, agus páirtmhaoiniú a thabhairt do roinnt tionscadal straitéiseach turasóireachta, agus rudaí mar sin, sa Ghaeltacht.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá sé sin ceart go leor. Tá roinnt ceisteanna agam féin.

I dtús báire, gabhaim comhghairdeas arís leis an Aire Stáit as an ardú céime agus as dó teacht os comhair an roghchoiste. Tá fáilte roimhe agus tá súil agam go mbeidh sé ag teacht cuibheasach rialta nuair atá gearán againn nó nuair atá sé chun eolas nua a thabhairt dúinn a bheimid sásta leis.

Tá ceist agam don Aire Stáit maidir leis an leithdháileadh a dhéantar laistigh den Roinn. Chun an cruinniú a chur ar an eolas, de réir an brief a fuaireamar tá caiteachas reatha de €950 milliún ag an Roinn agus caiteachas caipitil de €215 milliún. As sin, níl ach 7.7% ag dul don Ghaeilge ná don Ghaeltacht ó thaobh caiteachas reatha de, agus 10% ó thaobh caiteachas caipitil. Is í sin an cheist. B'fhéidir go bhféadfaimis luí isteach uirthi sin amach anseo faoi is gur gá cothromas éigin a bhaint amach don Ghaeilge agus don Ghaeltacht mar go mbaineann an Ghaeltacht chomh maith le roinnt de na Ranna eile, nó codanna eile den Roinn féin ó thaobh turasóireachta de, agus mar sin de.

Tá mise ag iarraidh díriú isteach ar thrí rud ar leith agus b'fhéidir go dtógfaidh mé ceann ar cheann iad. Is é an chéad cheann ná go n-aithním go bhfuil tacaíochtaí breise ann ó thaobh na gcoláistí samhraidh de. Bhí iarratais ann agus bhí na mná tí agus na coláistí féin ag lorg breis chabhrach. Bhí na figiúirí a bhí á lorg acu ag an am bunaithe ar am nuair nach raibh an tsáinn eacnamaíochta anuas orthu. An bhfuil sé i gceist i mbliana, cé go bhfuilimid ag déileáil le buiséad na bliana anuraidh, go mbeidh breis airgid ón méid a bhí fógartha go dtí seo le caitheamh chun cuidiú le mná tí a mhealladh isteach san earnáil seo agus chun cuidiú leo siúd atá ann cheana féin? An gá leis an Roinn breis airgid a thuilleamh chun a dhéanamh cinnte de go bhfuil an teach nó an lóistín i gceart, agus gur féidir leo siúd a sholáthraíonn iad roinnt pinginí a fháil as an saothar atá acu, tráth a bhfuil praghsanna breosla, leictreachais agus costais acu maidir le lón agus dinnéar a chur ar fáil do na mic léinn? An bhfuil sé sin ag teacht?

Tá an rud céanna fíor maidir leis na coláistí féin.

Má tá coláistí timpeall, tá gá le hairgead breise nó, ar a laghad, aitheantas go bhfuil costais bhreise ag mná tí. Bhí mná tí os ár gcomhair díreach roimh an Nollaig. Bhí na coláistí samhraidh linn roimhe sin agus iad ag ardú roinnt de na céimeanna seo. Chuir muid tuairisc le chéile agus cuireadh ar aghaidh chuig an Roinn é. Ó thaobh na mban tí de, d'ardaíodh dá mionrud agus tá súil agam go mbeidh an tAire Stáit in ann díriú orthu. Ní bheadh mórán costais i gceist i mo thuairim féin ach b'fhéidir go bhfuil figiúirí ag an Aire Stáit. Maidir le haois na mban tí, ba mhaith le cuid acu fanacht ina mná tí thar 70 bliain d'aois. Chomh maith leis sin, ba mhaith leo íocaíocht a fháil as gach uile dhalta ó choláiste samhraidh atá ag fanacht ina lóistín.

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Bhí a fhios agam go mbeadh roinnt ceisteanna ag an gCathaoirleach maidir leis na mná tí. B'fhéidir go mbeidh seans eile againn an t-ábhar sin a phlé taobh amuigh den choiste, laistigh den choiste arís nó sa Dáil mar tá an-chuid suim agam san ábhar sin. Tá súil agam go mbeidh an Roinn in ann cabhair eile a thabhairt do na mná tí as seo amach. Ar aon nós, tá sé tábhachtach an dul chun cinn atá déanta ag an Roinn go dtí seo maidir leis na mná tí a phlé. Mar chúnamh breise i leith an ábhair sin, d'fhógair mé le gairid ardú ó €2,000 go €6,000 ar an deontas aonuaire tosaithe. Tá an deontas tosaithe €6,000 ar fáil do theaghlaigh a chláraíonn don chéad uair faoi scéim na gcoláistí Gaeilge chun lóistín a chur ar fáil d'fhoghlaimeoirí Gaeilge sa Ghaeltacht. Beidh an deontas ina chuidiú chun costais a bhaineann le measúnú agus oibreacha sábháilteachta dóiteáin a dhéanamh ar an teach maraon le trealamh faoi leith a bhaineann le lóistín a chur ar fáil. Chomh maith leis sin, ar mhaithe le cabhrú le coláistí Gaeilge tuilleadh teaghlaigh a mhealladh le lóistín a chur ar fáil dóibh, agus ag tógáil san áireamh go bhfuil teaghlaigh ann a bhíodh sa chóras ach atá éirithe as le roinnt blianta, tá sé i gceist agam an deontas €6,000 seo a chur ar fáil do thithe nua agus mar thacaíocht níos mó do theaghlaigh atá as an scéim ar feadh achar nach lú ná cúig bliana ach atá ag iarraidh clárú arís. Is beart nua breise é seo atá curtha i bhfeidhm agamsa leis an Roinn. Agus muid ag tús na bliana, táim ag súil le bheith ag obair le hoifigigh na Roinne agus leis na páirtithe leasmhara ar fhéidearthachtaí eile ó thaobh tacaíocht don earnáil chun í a bhrú chun cinn a oiread agus is féidir in 2023.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá súil agam go mbeidh an Roinn ag féachaint ar an bhféidearthacht an deontas tosaithe seo nó deontas eile a chur ar fáil dóibh siúd atá sa chóras le tréimhse fada. Bíonn orthu leapacha a athrú agus cófraí agus trealamh nua a fháil anois agus arís. Tá an gnáthdheontas ann ach, anois agus arís, bíonn gá le hathnuachan a dhéanamh. Ní gá go mbeadh an deontas ar aon mhéid leis an deontas a rinne an tAire Stáit cur síos air. D'inis na mná tí dúinn gurb í an fhadhb ná na mná tí atá ann a mhealladh agus a choimeád ionas nach rachaidh siad le Airbnb nó rud éigin eile. B'fhéidir go bhfuil gá le deontas dá shórt a chur ar fáil amach anseo. B'fhéidir gur féidir leis an Aire Stáit díriú isteach ag am éigin i mbliana ar an dá cheist eile a d'ardaigh mé. Bhain ceann amháin leis an aois ag a mbíonn ar mhná tí éirí as. Bhain an ceann eile le hathrú ar riail áirithe. Measaim go bhfuil cead ag mná tí suas le 16 páiste a ghlacadh ach nach bhfaigheann siad íocaíocht ach as 12. Is rud ait é sin. Má tá sé ceadaithe an líon seo a bheith acu, ba chóir go mbeadh an tuarastal nó deontas cuí ag dul leis.

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Táim sásta an méid sin a phlé leis an Roinn taobh amuigh den choiste. B'fhéidir go mbeidh mé in ann teacht ar ais ar an bpointe sin. Tuigim go bhfuil difríochtaí ann. Beidh mé in ann teacht ar ais chuig an gCathaoirleach chun an méid sin a phlé.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuirfimid na mná tí ar an eolas nuair atá deis againn an t-ábhar sin a phlé arís. Bhí ceist eile agam. Baineann roinnt de na hábhair seo le rudaí atá thart agus le buiséad na bliana seo caite. Níor mhaith liom dul ar strae isteach ar an mbuiséad nó ar chaiteachas i mbliana. Mar shampla, bhí €1 milliún curtha ar fáil d'fheidhmiú Acht na dTeangacha Oifigiúla. Glacaim go bhfuil costas i bhfad Éireann níos mó i gceist i mbliana toisc go dtiocfaidh a lán de na forálacha i bhfeidhm in 2023. Leag an tAire Stáit síos amchlár do na forálacha sin níos luaithe i mbliana i bhfreagra ar cheist pharlaiminte. Glacaim go bhfuil costas ag baint leo siúd. Tá súil agam go mbeidh airgead breise curtha ar leataobh, más gá, chun cinnte a dhéanamh de go bhfeidhmeofar an tAcht chomh tapa agus is féidir. Ina dhiaidh sin, beidh caiteachas breise ag baint le feidhmiú an Achta i Ranna eile.

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Fuarthas acmhainní agus foireann bhreise laistigh de leithdháileadh mo Roinne anuraidh chun dlús a chur le cur i bhfeidhm na reachtaíochta nua chomh maith leis na hacmhainní breise a soláthraíodh d'Oifig an Choimisinéara Teanga i mbliana chun córas monatóireachta na hoifige sin a neartú. Tá gach deis tapaithe ag mo Roinn, trí scríobh chuig mo chomhghleacaithe Rialtais, chun feasacht a chothú faoin Acht, go háirithe sa chomhthéacs gur togra uile-rialtais é agus go mbeidh dualgas orainn go léir sa státchóras trí chéile maidir leis an Acht a fheidhmiú. Mar thacaíocht eile dó seo, i gcomhair le hOifig an Choimisinéara Teanga, rinne mo Roinn sraith sheimineár faisnéise a eagrú ar líne ag deireadh mhí Iúil 2022 ar mhaithe le comhairle a chur ar eagrais Stáit i dtaobh a gcuid dualgas nua faoin Acht. D'fhreastail os cionn 1,000 duine atá fostaithe ag an Stát orthu. Lena chois sin, ghlac mo Roinn páirt i seimineár faisnéise eile a d'eagraigh Oifig an Choimisinéara Teanga dírithe ar chúrsaí a bhaineann leis an bhforáil fógraíochta i lár mhí Mheán Fómhair 2022. Reáchtáil mo Roinn seimineár eile do chomhlachtaí poiblí ar an 25 Eanáir 2023 maidir le haistriúcháin Ghaeilge. Arís, bhí an-tóir air sin. Anuas air seo uilig, reáchtálfar feachtas feasachta mór sa chéad leath den bhliain seo ag díriú ar na deiseanna fostaíochta atá ann dóibh siúd a bhfuil Gaeilge acu sa Státseirbhís agus san earnáil phoiblí. Tá beartaithe go ndéanfar feachtais feasachta rialta - uair sa bhliain nó mar sin - a reáchtáil chun feasacht a chothú ar ghnéithe ar leith den Acht, de réir mar a thugtar feidhm dóibh.

Maidir leis an gceist eile a chuir an Cathaoirleach orm, mar a luaigh mé níos luaithe, faoi cháinaisnéis 2023 cuireadh tús le líne bhuiséid nua, fo-cheannlíne C11, tionscnaimh seirbhíse poiblí, in 2023 le leithdháileadh tosaigh de €1 milliún de mhaoiniú reatha. Cuirfidh an maoiniú seo dlús le cur i bhfeidhm an Achta chun críche na spriocanna uaillmhianacha earcaíochta a leagtar amach maraon leis na spriocanna agus cuspóirí eile atá ann a bhaint amach. Tá ciste de €325,000 curtha ar leataobh don chonradh taighde atá aontaithe leis an gcoiste comhairleach um sheirbhísí Gaeilge i leith ullmhú an phlean náisiúnta um sheirbhísí Gaeilge.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá nóta eile scríofa agam. Níl a fhios agam an mbeidh an tAire Stáit in ann an cheist seo a fhreagairt dom.

Baineann fo-cheannlíne C4 leis na scéimeanna tacaíochta don Ghaeilge. Deir sé go bhfaigheann an chuid seo den bhuiséad an t-airgead nó, ar a laghad, roinnt den airgead ón gcrannchur náisiúnta. Níl ach thart ar €1 milliún i gceist. Cé mhéad den €1 mhilliún sin a thagann ón gcrannchur?

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Níl an uimhir sin againn ach beidh mé in ann teacht ar ais chuig an gCathaoirleach.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Níl mé ag triail le tuisle a bhaint as an Aire Stáit. Nuair a bunaíodh an crannchur náisiúnta ar an gcéad dul síos, bhí sé le dul chuig na hospidéil, spórt agus an Ghaeilge. Níl a fhios agam ar shroich an Ghaeilge an céatadán a bhí ag dul di riamh. Beidh an cheist sin á ardú agam amach anseo. Is cuimhin liom ag an am, nuair a bhí an crannchur náisiúnta i gceist, go raibh sé in ainm a bheith sa bhreis ar an ngnáthchaitheachas seachas mar chuid den lárchaiteachas. Ní mórán atá i gceist anseo ach, sa chuid is mó, ní léir go bhfuil an caiteachas cuí ag dul don Ghaeilge nó don Ghaeltacht ón gcrannchur náisiúnta. Ní faoin Aire Stáit atá an cheist sin. Tá sí faoin dream eile, ach más féidir teacht ar an eolas maidir leis an méid airgid as an gcuid seo, roinn C de chaiteachas na Roinne, atá ag teacht ón gcrannchur, bheinn sásta leis sin.

Tá ceist agam faoi Fhoras na Gaeilge. Táimid ar fad ag tnúth leis an bhFeidhmeannas ó Thuaidh tosú ag obair ach toisc nach raibh sé ag obair agus go raibh méid áirithe airgid bhreise curtha ar leataobh, an bhfuil sé sin coimeádaithe againn sa chiste agus an mbeidh sé dáilte ar bhealach éigin eile ar na heagrais Ghaeilge?

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar a dúirt mé sa Dáil an tseachtain seo caite, táimid go léir ag tnúth leis an bhFeidhmeanas nua a chur ar bun i dTuaisceart na hÉireann ach tá sé leagtha amach dom go dtí sin. Tá an-chuid oibre le déanamh ag an Roinn taobh amuigh den obair atá déanta ag an bhforas. Táimid réidh le haghaidh an lá nuair a bheidh an Feidhmeannas nua ar bun. Tá an t-airgead ar fáil againn don fhoras. Tá súil agam go mbeidh an méid atá á lorg don Fheidhmeannas sa Tuaisceart á chur ar fáil freisin. Tá an ceart ag an gCathaoirleach. Tá an-chuid oibre déanta ag Foras na Gaeilge. Tá súil ag gach Teachta agus Seanadóir sna Tithe go mbeidh an Feidhmeannas ar ais arís chomh luath agus is féidir sula mbeidh an Creat Windsor déanta.

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Táimid ag tnúth leis an bhFeidhmeannas ag filleadh ach, ar an ábhar céanna, níor caitheadh an t-airgead a bhí curtha ar leataobh idir an dá linn. An bhfuil sé i gceist ag an Roinn an t-airgead sin a chaitheamh nuair a thosóidh an Feidhmeannas arís nó an féidir é a dhéanamh?

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá sé an-tábhachtach go leagfainn amach gur eagraíocht neamhspleách í Foras na Gaeilge. Cuirfear an chuid eile den mhaoiniú ar fáil d'áisíneacht dáileacháin leabhar chun infheistiú sa réimse foilseacháin agus mhargaíochta. Táthar ag súil go ndéanfar suíomh gnólacht a dhearadh agus a chur ar fáil do chustaiméirí agus rudaí mar sin, mar aon leis na huasghráduithe a dhéanamh ar na córais bhainistíochta stoic agus straitéis mhargaíochta a fhorbairt agus tionscadal áirithe a chur i bhfeidhm don earnáil fhoilsitheoireachta freisin.

Maidir leis an bhforas, i mbliana, tá soláthar iomlán de €18,534,000 i Meastachán mo Roinne do chomhoibriú tras-Teorann, lena n-áirítear leithdháileadh €7,884,000 chun tacú le hobair an Fhorais Teanga chun an Ghaeilge a chur chun cinn i ngach gné den saol ar fud an oileáin agus chun feasacht agus úsáid níos leithne na hUltaise agus cultúr na hUltaise a chur chun cinn, chomh maith le maoiniú chun gealltanas Gaeilge a chomhlíonadh faoi New Decade, New Approach. Leis an leithdháileadh maoinithe taisce seo atá faoi réir don phlean leanúnach leis an Roinn Pobal i dTuaisceart Éireann, cuirfear ar chumas an dá áisíneacht de chuid an Fhorais Teanga leanúint leis an gclár teanga agus cultúr reatha. Ritheann bliain airgeadais Thuaisceart Éireann ó Aibreán go dtí an Márta agus mar atá ráite agam go dtí sin, leanfar i mbliana le comhoibriú le hoifigigh na Ranna Pobail sa Tuaisceart maidir le buiséad 2023 agus an liúntas breise de €700,000 atá ar fáil arís i mbliana.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ós rud é nach bhfuil aon duine ag teacht isteach ar líne, cuireann sé sin scor lenár mbreithniú ar na Meastacháin Athbhreithnithe do sheirbhísí poiblí 2023 ar chlár C - An Ghaeltacht - de Vóta 33 na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán. Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit agus leis na hoifigigh as an gcuidiú a thug siad dúinn inniu.

Tá an Roghchoiste um Fhormhaoirsiú Buiséid agus rúnaíocht na gcoistí ag iarraidh ar gach roghchoiste den Dáil a bhfuil cúram na Meastachán aige, agus a bhfuil athbhreithniú ar na Meastacháin Athbhreithnithe déanta aige, tuarascáil ghearr ar an bpróiseas a bhaineann leis agus tuairimí ar an bpróiseas sin a ullmhú agus a leagan faoi bhráid Dháil Éireann. Molaim go smaoineoidh gach comhalta den roghchoiste seo ar an ábhar seo agus go seolfaidh siad a dtuairimí agus a moltaí ar aghaidh chuig an gcléireach amach anseo. Má sheoltar dóthain tuairimí, beimid in ann tuarascáil a ullmhú chun a chur isteach sa tuairimíocht sin.