Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 1 March 2023

Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Meastacháin le haghaidh Seirbhísí Poiblí 2023
Vóta 33 - An Ghaeltacht (Athbhreithnithe)

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael) | Oireachtas source

Fuarthas acmhainní agus foireann bhreise laistigh de leithdháileadh mo Roinne anuraidh chun dlús a chur le cur i bhfeidhm na reachtaíochta nua chomh maith leis na hacmhainní breise a soláthraíodh d'Oifig an Choimisinéara Teanga i mbliana chun córas monatóireachta na hoifige sin a neartú. Tá gach deis tapaithe ag mo Roinn, trí scríobh chuig mo chomhghleacaithe Rialtais, chun feasacht a chothú faoin Acht, go háirithe sa chomhthéacs gur togra uile-rialtais é agus go mbeidh dualgas orainn go léir sa státchóras trí chéile maidir leis an Acht a fheidhmiú. Mar thacaíocht eile dó seo, i gcomhair le hOifig an Choimisinéara Teanga, rinne mo Roinn sraith sheimineár faisnéise a eagrú ar líne ag deireadh mhí Iúil 2022 ar mhaithe le comhairle a chur ar eagrais Stáit i dtaobh a gcuid dualgas nua faoin Acht. D'fhreastail os cionn 1,000 duine atá fostaithe ag an Stát orthu. Lena chois sin, ghlac mo Roinn páirt i seimineár faisnéise eile a d'eagraigh Oifig an Choimisinéara Teanga dírithe ar chúrsaí a bhaineann leis an bhforáil fógraíochta i lár mhí Mheán Fómhair 2022. Reáchtáil mo Roinn seimineár eile do chomhlachtaí poiblí ar an 25 Eanáir 2023 maidir le haistriúcháin Ghaeilge. Arís, bhí an-tóir air sin. Anuas air seo uilig, reáchtálfar feachtas feasachta mór sa chéad leath den bhliain seo ag díriú ar na deiseanna fostaíochta atá ann dóibh siúd a bhfuil Gaeilge acu sa Státseirbhís agus san earnáil phoiblí. Tá beartaithe go ndéanfar feachtais feasachta rialta - uair sa bhliain nó mar sin - a reáchtáil chun feasacht a chothú ar ghnéithe ar leith den Acht, de réir mar a thugtar feidhm dóibh.

Maidir leis an gceist eile a chuir an Cathaoirleach orm, mar a luaigh mé níos luaithe, faoi cháinaisnéis 2023 cuireadh tús le líne bhuiséid nua, fo-cheannlíne C11, tionscnaimh seirbhíse poiblí, in 2023 le leithdháileadh tosaigh de €1 milliún de mhaoiniú reatha. Cuirfidh an maoiniú seo dlús le cur i bhfeidhm an Achta chun críche na spriocanna uaillmhianacha earcaíochta a leagtar amach maraon leis na spriocanna agus cuspóirí eile atá ann a bhaint amach. Tá ciste de €325,000 curtha ar leataobh don chonradh taighde atá aontaithe leis an gcoiste comhairleach um sheirbhísí Gaeilge i leith ullmhú an phlean náisiúnta um sheirbhísí Gaeilge.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.