Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 1 March 2023

Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Meastacháin le haghaidh Seirbhísí Poiblí 2023
Vóta 33 - An Ghaeltacht (Athbhreithnithe)

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael) | Oireachtas source

Ar dtús, ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis an gcoiste as cuireadh a thabhairt dom teacht os a chomhair inniu chun labhairt leis na comhaltaí faoi chistíocht na Gaeilge agus na Gaeltachta. Mar is eol dóibh, tá sé mar chuspóir ag mo Roinn tacú leis an nGaeilge trí chéile agus le húsáid na Gaeilge a chothú mar phríomhtheanga phobal na Gaeltachta. Is trí chúram a dhéanamh de chur i bhfeidhm leanúnach an phlean gníomhaíochta don Ghaeilge, atá mar thaca d’fhorfheidhmiú an straitéis 20 bliain don Ghaeilge, a dhéantar an cuspóir sin a fhíorú. In éineacht le bheith freagrach as comhordú a dhéanamh ar an bplean gníomhaíochta ar bhonn tras-rialtais, déanann mo Roinn raon leathan de chláir oibre, scéimeanna, tograí agus tionscnaimh a riar ar bhonn díreach ar leas na Gaeilge agus na Gaeltachta. Leis an obair sin uile, oibríonn mo Roinn go dlúth i rith an ama le forais eile Stáit, go háirithe Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge, chun tacú leo a gcuid clár oibre féin a fheidhmiú ar leas foriomlán na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Mar léiriú eile ar thiomantas an Rialtais i dtaca leis an obair uile atá á déanamh sa réimse seo, dhíreoinn aird an choiste ar an gcistíocht mhéadaithe de €94.2 milliún atá curtha ar fáil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht don bhliain seo chugainn i mbuiséad 2023. Is ionann sin agus €8.5 milliún de mhaoiniú breise do chláir Ghaeilge agus Ghaeltachta sa bhliain amach romhainn.

Ina theannta sin, tá maoiniú méadaithe á chur ar fáil do TG4, rud a chabhróidh chun an Ghaeilge a dhaingniú mar theanga phobail i gceantair Ghaeltachta, agus chun í a chur á labhairt ar fud na hÉireann, trí chéile. Nuair a fhéachtar air sin, léiríonn buiséad 2023 cur chuige tomhaiste agus spriocdhírithe i leith tacú lenár n-earnálacha tábhachtacha sa bhliain atá romhainn.

De thoradh an chiste bhreise do chlár C, tá €1 milliún de leithdháileadh tosaigh chun dlús a chur le cur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 d’fhonn spriocanna uaillmhianacha an Achta a bhaint amach. Beidh €1.75 milliún de leithdháileadh breise do scéimeanna tacaíochta Gaeilge na Roinne ag tacú le cur i bhfeidhm an phlean dhigitigh don Ghaeilge agus straitéis do na healaíona teanga-bhunaithe atá le teacht. Beidh €2.5 milliún de mhaoiniú breise ar fáil do scéimeanna tacaíochta Gaeltachta na Roinne agus úsáidfear é do thionscnaimh éagsúla, lena n-áirítear tacaíocht bhreise a sholáthar d’earnáil na gcoláistí samhraidh Gaeilge agus chun bearta cuimsithe sóisialta a bhaineann leis an teanga a leathnú. Beidh allúntas breise ann chun próiseas tástála Theastas Eorpach na Gaeilge, TEG, d’inniúlacht sa Ghaeilge a leathnú chun freastal ar mhéadú ar an úsáid a bhaintear as TEG mar chuid d’oiliúint fheabhsaithe sa Ghaeilge sa Státseirbhís agus sa tseirbhís phoiblí. Cuirfear allúntas méadaithe ar fáil d’Údarás na Gaeltachta le haghaidh obair na heagraíochta seo a thacaíonn le hearnálacha phobal na Gaeltachta. Beidh €750,000 milliún breise don phróiseas reachtúil pleanála teanga. Cabhróidh an ciste breise sin le tuilleadh dlús agus treisiú a chur le feidhmiú an phlean gníomhaíochta agus an raon bearta atá leagtha amach ann mar bhonnlíne gníomhaíochtaí.

I measc na hoibre atá amach romhainn, tá feidhmiú Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021, a thagann faoi scáth réimse gnímh faoi leith sa phlean sin. Leis an obair a dhéanfar le cúram a dhéanamh d’fheidhmiú an Achta, féachfar chuige go mbeidh seirbhísí feabhsaithe curtha ar fáil do chainteoirí Gaeilge go céimnítheach agus deiseanna suntasacha fostaíochta á gcruthú do lucht labhartha na Gaeilge. Agus muid ag breathnú chun tosaigh, is gá dúinn ar fad a aithint go bhfuil údar suntasach dóchais ann. Cé go raibh dúshláin faoi leith ann le trí bliana anuas, tá dóchas romhainn anois agus struchtúir nua cruthaithe againn ar mhaithe leis an teanga a chur chun cinn. Mar Aire Stáit na Gaeltachta, táim ag súil go mór le bheith in ann leanúint orm ag cur lena bhfuil bainte amach acu siúd a tháinig romhainn ar mhaithe le leas phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge araon.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.