Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 1 March 2023

Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Meastacháin le haghaidh Seirbhísí Poiblí 2023
Vóta 33 - An Ghaeltacht (Athbhreithnithe)

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá sé sin ceart go leor. Tá roinnt ceisteanna agam féin.

I dtús báire, gabhaim comhghairdeas arís leis an Aire Stáit as an ardú céime agus as dó teacht os comhair an roghchoiste. Tá fáilte roimhe agus tá súil agam go mbeidh sé ag teacht cuibheasach rialta nuair atá gearán againn nó nuair atá sé chun eolas nua a thabhairt dúinn a bheimid sásta leis.

Tá ceist agam don Aire Stáit maidir leis an leithdháileadh a dhéantar laistigh den Roinn. Chun an cruinniú a chur ar an eolas, de réir an brief a fuaireamar tá caiteachas reatha de €950 milliún ag an Roinn agus caiteachas caipitil de €215 milliún. As sin, níl ach 7.7% ag dul don Ghaeilge ná don Ghaeltacht ó thaobh caiteachas reatha de, agus 10% ó thaobh caiteachas caipitil. Is í sin an cheist. B'fhéidir go bhféadfaimis luí isteach uirthi sin amach anseo faoi is gur gá cothromas éigin a bhaint amach don Ghaeilge agus don Ghaeltacht mar go mbaineann an Ghaeltacht chomh maith le roinnt de na Ranna eile, nó codanna eile den Roinn féin ó thaobh turasóireachta de, agus mar sin de.

Tá mise ag iarraidh díriú isteach ar thrí rud ar leith agus b'fhéidir go dtógfaidh mé ceann ar cheann iad. Is é an chéad cheann ná go n-aithním go bhfuil tacaíochtaí breise ann ó thaobh na gcoláistí samhraidh de. Bhí iarratais ann agus bhí na mná tí agus na coláistí féin ag lorg breis chabhrach. Bhí na figiúirí a bhí á lorg acu ag an am bunaithe ar am nuair nach raibh an tsáinn eacnamaíochta anuas orthu. An bhfuil sé i gceist i mbliana, cé go bhfuilimid ag déileáil le buiséad na bliana anuraidh, go mbeidh breis airgid ón méid a bhí fógartha go dtí seo le caitheamh chun cuidiú le mná tí a mhealladh isteach san earnáil seo agus chun cuidiú leo siúd atá ann cheana féin? An gá leis an Roinn breis airgid a thuilleamh chun a dhéanamh cinnte de go bhfuil an teach nó an lóistín i gceart, agus gur féidir leo siúd a sholáthraíonn iad roinnt pinginí a fháil as an saothar atá acu, tráth a bhfuil praghsanna breosla, leictreachais agus costais acu maidir le lón agus dinnéar a chur ar fáil do na mic léinn? An bhfuil sé sin ag teacht?

Tá an rud céanna fíor maidir leis na coláistí féin.

Má tá coláistí timpeall, tá gá le hairgead breise nó, ar a laghad, aitheantas go bhfuil costais bhreise ag mná tí. Bhí mná tí os ár gcomhair díreach roimh an Nollaig. Bhí na coláistí samhraidh linn roimhe sin agus iad ag ardú roinnt de na céimeanna seo. Chuir muid tuairisc le chéile agus cuireadh ar aghaidh chuig an Roinn é. Ó thaobh na mban tí de, d'ardaíodh dá mionrud agus tá súil agam go mbeidh an tAire Stáit in ann díriú orthu. Ní bheadh mórán costais i gceist i mo thuairim féin ach b'fhéidir go bhfuil figiúirí ag an Aire Stáit. Maidir le haois na mban tí, ba mhaith le cuid acu fanacht ina mná tí thar 70 bliain d'aois. Chomh maith leis sin, ba mhaith leo íocaíocht a fháil as gach uile dhalta ó choláiste samhraidh atá ag fanacht ina lóistín.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.