Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 30 November 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Tuarascálacha an Choimisinéara Teanga agus Cur Chun Cinn na Gaeilge sa tSeirbhís Phoiblí: Plé

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá córam againn agus, mar sin, cuirfimid tús leis an gcéad chuid eile den chruinniú. Tá an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill; stiúrthóir na hoifige in Oifig an Choimisinéara Teanga, Séamas Ó Concheanainn; agus bainisteoir gearán na hoifige, Órla de Búrca anseo.

Thosaigh an cruinniú níos luaithe agus tá an foláireamh luaite agam maidir le cleachtais parlaiminte. Mar sin, ní gá dom dul tríd sin ar fad. Cuirim tús leis an gcuid seo den chruinniú anois. Iarraim ar an gCoimisinéir Teanga a ráiteas tosaigh a thabhairt.

Mr. R?n?n ? Domhnaill:

Is mian liom mo bhuíochas a chur in iúl don Chathaoirleach agus don choiste seo as an gcuireadh teacht in ina láthair, trácht a dhéanamh ar phríomhthorthaí thuarascáil bhliantúil m’oifige i leith 2021 agus plé a dhéanamh ar thuarascálacha m’oifige agus ar chur chun cinn na Gaeilge sa tseirbhís phoiblí in 2022. Tá trácht mion sa leagan fada den ráiteas tosaigh ar phríomh-ábhar na dtuarascálacha atá curtha faoi bhráid an choiste cheana. Le bhur gcead, tabharfaidh mé tús áite do roinnt ceisteanna reatha san achoimre seo.

Le linn na bliana 2021, fuarthas 727 gearán, méadú de bhreis is 20% ar líon na ngearán a fuarthas le linn na bliana 2020. Fuarthas comhréiteach ar chuid mhór de na gearáin tríd an gcóras neamhfhoirmiúil réitithe gearán nó trí chomhairle a chur ar fáil do ghearánaigh. Cuimsíonn scéimeanna teanga thart ar 140 comhlacht poiblí réimse leathan gealltanas maidir le seirbhísí a chur ar fáil. Is leis an réimse sin a bhaineann an líon is airde gearán. Ba cheart dul i ngleic leis an gceist seo i gcóras na gcaighdeán, atá le teacht in áit chóras na scéimeanna teanga faoin reachtaíocht leasaithe.

Thit líon na ngearán i dtús phaindéim Covid-19 ach de réir mar a rinneadh faillí i gcearta teanga in 2020 agus arís in 2021, rinne líon ard daoine teagmháil le m’oifig agus a ndíomá mhór á cur in iúl acu go raibh beag is fiú á dhéanamh de sheirbhísí Stáit as Gaeilge le linn na paindéime. Is é an bhuairt atá orthu anois ná go dtiocfadh na fadhbanna céanna chun cinn an athuair dá mbeadh éigeandáil eile ann de bharr easpa pleanála agus easpa práinne ó thaobh seirbhísí a sholáthar as Gaeilge. Ní léir dom fós go bhfuil fianaise sa chóras sláinte a léireodh foghlaim chórasach nó fonn comhsheasmhach freastal cóir a dhéanamh ar chearta cainteoirí Gaeilge ar sheirbhísí sláinte ina rogha teanga oifigiúla.

Mar is eol de bhaill an choiste, agus de bhonn inscrúdaithe a tugadh chun críoch mí na Nollag 2011, cuireadh tuarascáil faoi bhráid gach Tí den Oireachtas i mí Aibreán 2021 i dtaca leis An nGarda Síochána. Baineann ábhar na tuarascála le sáraithe ar Acht an Gharda Síochána 2005 agus ar scéim teanga An Gharda Síochána. Ó shin i leith, is ábhar díomá domsa é gur maolaíodh ar riachtanais inniúlachta Ghaeilge sa Gharda Síochána maidir le harduithe céime go céim an tsáirsint agus an t-athrú suntasach a rinneadh ar rialacháin iontrála an Gharda Síochána, gur leor anois d’iarrthóirí a bheith inniúil i dteanga amháin, Béarla nó Gaeilge nó an dá cheann, feasta. Cuirim fáilte roimh straitéis Ghaeilge An Gharda Síochána 2022-25 ar léiriú é ar dhea-rún agus dea-mhéin cheannaireacht an Gharda Síochána don Ghaeilge. Ina dhiaidh sin féin, is deacair liom a thuiscint cé mar is féidir leis An nGarda Síochána a gcuid dualgas reachtúil teanga a chomhlíonadh agus a bheith géilliúil d’fho-alt 33(2) d'Acht an Gharda Síochana 2005 i bhfianaise na n-athruithe a rinneadh ar riachtanais inniúlachta iontrála.

Thug m’oifig imscrúdú ar an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide chun críche i mí na Nollag 2015. Ba é cur i bhfeidhm scéim teanga na Roinne chomh fada is a bhaineann sé le logainmneacha Gaeltachta i gcás an chórais nua Eircode ábhar an imscrúdaithe sin. Is minic ráite agam go bhfuarthas níos mó gearán ar an ábhar seo leis féin ná mar a fuarthas riamh maidir le haon ábhar aonair eile ó bunaíodh an oifig. Cuireadh tuarascáil faoin ábhar faoi bhráid gach Tí i mí Meán Fómhair 2021. Is léir ó na gearáin atá faighte ó m'oifig ó shin nach bhfuil an scéal seo curtha ina cheart go fóill.

Cuirim fáilte mhór roimh an Acht nua agus tacóidh m’oifig go tréan le comhlachtaí poiblí, trí mheán comhairle agus treorach, chun na dualgais reachtúla nua a chur i bhfeidhm go tráthúil agus go héifeachtach. Déantar gach iarracht treoir chruinn a chur ar fáil don phobal freisin agus bhí toradh an-dearfach ar na seisiúin eolais a cuireadh ar fáil ag Oireachtas na Gaeilge i gCill Airne i dtús mhí na Samhna. Is mar thoradh ar obair leanúnach ó thús na bliana a cuireadh an obair mhór sa réimse seo i gcrích a bhuíochas d’acmhainní breise a cuireadh ar fáil chun an tAcht leasaithe a chur i bhfeidhm. Tá 12 ball foirne fostaithe san oifig anois, beirt phríomhoifigeach cúnta nua ina measc, agus is mian liom aitheantas a thabhairt don obair mhór atá déanta ag foireann m’oifige ar chlár ardaithe feasachta agus chun treoirlínte a fhorbairt maidir leis an Acht leasaithe agus faoin bhforáil a bhaineann le halt 10A go háirithe; foráil a chinnteoidh go mbeidh 20% ar a laghad d’fhógraíocht comhlachtaí poiblí á déanamh trí Ghaeilge. Tá dea-thoradh na forála seo le léamh ar líne agus le cloisteáil ar raidió cheana féin. Ba mhaith liom aitheantas ar leith a thabhairt don Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán as an gcomhoibriú uile chun seimineáir faisnéise agus feasachta a chur ar fáil do chomhlachtaí poiblí, don státseirbhís agus don tseirbhís phoiblí trí chéile. Tá breis is 1,500 duine i ndiaidh a bheith páirteach sna seimineáir faisnéise a reáchtáladh i nGaeilge agus i mBéarla i mí Iúil agus mí Mheán Fómhair 2022.

Tá rochtain ar sheirbhísí Stáit ar fónamh sa dá theanga oifigiúla taobh le foireann oilte a bheith ar fáil go leitheadach ar fud an chórais. Ní thig liomsa ach treisiú arís eile ar mbéim is ceart a chur ar chúrsaí earcaíochta. Thug mé ardtosaíocht phráinneach náisiúnta ar cheist na hearcaíochta i dturascáil bhliantúil 2021. Tá ról cinniúnach ag an gcoiste comhairleach um sheirbhísí Gaeilge agus is faoina gcúram siúd a bheidh dréachtadh an phlean náisiúnta do sholáthar seirbhísí Stáit trí Ghaeilge. Aithnítear na dúshláin a bhíonn roimh chomhlachtaí poiblí, agus roimh an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí, líon dóthanach iarratasóirí oilte a spreagadh chun cur isteach ar fholúntais.

I bhfianaise phráinn an riachtanais, caithfear earraíocht a bhaint as gach seift feasta chun cur le líon na n-iarratasóirí cáilithe, idir chomórtais ghinearálta agus shainchomórtais rialta. Tá géarghá le cur chuige córasach agus an Ghaeilge a bheith luaite mar bhunriachtanas i gcás gach aon chineál folúntais, ón mbarr anuas go speisialta, mar is léir nach dtiocfaidh athrú chun feabhais ar chúrsaí earcaíochta cheal ceannaireachta. Éileoidh cur chuige córasach go mbeachtófaí riachtanas teanga leis an iliomad sonraíochtaí post i gcomhlachtaí poiblí seachas folúntas fánach thall is abhus.

Tá sé riachtanach scrúdú fuarchúiseach a dhéanamh ar an soláthar céimithe oilte atá ar fáil do chomórtais earcaíochta freisin. Aithnítear go mbíonn infheistíocht fhadtréimhseach i gceist chun líon suntasach céimithe oilte a chur ar fáil agus ritheann sé liom nár mhiste cur chuige comhordaithe náisiúnta, idirinstitiúideach a úsáid, amhail an t-ionad náisiúnta barr feabhais maidir le gairmeacha san Aontas Eorpach, chun cláir nua fochéime agus iarchéime a dhearadh agus a sholáthar i réimse an riaracháin phoiblí.

D’fhéadfadh ról a bheith ag an bhforas riaracháin agus institiúidí ardoideachais siollabas comónta a dhearadh ina gcuimseofaí dianoiliúint teanga agus modúil chuí sa pholaitíocht, eacnamaíocht, dlí agus riarachán poiblí. D’fhéadfaí a leithéid de chlár ceannródaíoch a bheith ar fáil go náisiúnta i roinnt institiúidí ardoideachais ionas go gcuirfí go suntasach le líon na gcéimithe cáilithe in achar réasúnta blianta. Dá thúisce a théitear i mbun gnímh is amhlaidh is fearr é.

Glacann próiseas forbartha céime suas le dhá bhliain agus glacann an cúrsa fochéime suas le ceithre bliana i mórchuid na n-institiúidí ardoideachais anois, ach is baolach nach mbaineann ceisteanna inniúlachta córais leis an tríú leibhéal amháin. D’fhoilsigh an Roinn Oideachais tuarascáil i mí Dheireadh Fómhair a rinne léargas ar sholáthar don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht, soláthar reatha agus réamhmheastacháin don todhchaí. Thug mé suntas ar leith do na rátaí aistrithe ón mbunscoil go dtí an iar-bhunscoil. Níor aistrigh ach beagán le cois trian de na daltaí seo, 35.7% de na daltaí, agus is beagnach 60% de na daltaí a d’aistrigh go hiar-bhunscoil Bhéarla. Mura ndéanfar pleanáil fhadtréimhseach inniúlachta a leabú sa chóras oideachais lán-Ghaeilge agus méadú céimnitheach ar líon na ndaltaí iar-bhunscoile le hinniúlacht mhaith Ghaeilge atá ar fáil don oiliúint thríú leibhéal, beidh sé ionann is dodhéanta líon dóthanach céimithe a chur ar fáil chun sprioc earcaíochta an 20% a bhaint ón mbliain 2030 ar aghaidh.

Is fiú suntas a thabhairt don líon gearán atá tagtha chun cinn le blianta beaga anuas a bhaineann le cúrsaí pleanála sa Ghaeltacht. Faoi Alt 10(2)(m) den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000, cuirtear ceanglas ar údarás pleanála a bhfuil limistéir Ghaeltachta faoina chúram, cuspóirí faoi leith a leagan síos ina phlean forbartha contae chun:

... oidhreacht teanga agus chultúrtha na Gaeltachta a chosaint, lena n-áirítear an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga an phobail, i gcás ina mbeidh limistéar Gaeltachta i limistéar an phlean forbartha.

Faoi réir an Achta chéanna, is féidir le húdarás pleanála coinníoll a cheangal le cead pleanála “a bhaineann le hoidhreacht teanga nó chultúir na Gaeltachta a chosaint”.

Tá an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta i ndiaidh dlús a chur le hathbhreithniú ar na ceisteanna polasaí a bhaineann leis na cúrsaí. Is fiú a thabhairt faoi deara gur ábhar é seo atá go mór faoi thrácht i measc phobal labhartha na Gaeilge, sa Ghaeltacht agus taobh amuigh den Ghaeltacht. Pléadh na ceisteanna seo go sonrach ag seimineár ag tionól Gaeltachta Chonradh na Gaeilge i gCorca Dhuibhne i mí an Mheithimh i mbliana. Má chinntear i gcuspóir de chuid plean forbartha contae gur den riachtanas é go mbeadh céatadán áirithe d’áitritheoirí i dtithíocht nua ina gcainteoirí Gaeilge, luíonn sé le réasún nach féidir tithíocht shóisialta a chur as an áireamh seo gan dochar a dhéanamh do chomhlíonadh an mhórchuspóra, sé sin oidhreacht teanga na Gaeltachta a chosaint. Is fiú go mór mionscrúdú a dhéanamh ar cibé cén aimhrialtacht i dtaca le cúrsaí teanga a d’fhéadfadh a bheith idir an tAcht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 agus Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 2009. D'fháilteoinn roimh athbhreithniú an Aire ar impleachtaí an dá fhoráil shonracha seo maidir le beartais chosanta teanga i bpleananna forbartha contae agus i gceadanna pleanála. Ba thairbheach an beart é treoirlínte nó treoracha beartais a dhéanamh maidir le haidhmeanna teanga na forála Gaeltachta san Acht um Phleanáil agus Forbairt a chur chun cinn.

Is mian liom a bheith dearfach agus dóchasach faoina bhfuil i ndán do sheirbhísí Gaeilge faoin Acht nua. Gabhann cumhachtaí breise faireacháin leis an Acht leasaithe chomh maith. Táimse airdeallach go dtitfidh an cúram ormsa agus ar m’oifig féachaint chuige go gcuirfear forálacha an Achta leasaithe i bhfeidhm le seirbhísí ar fónamh sa dá theanga a chinntiú don phobal. Cuirim fáilte i gcónaí roimh cheistiúchán agus caibidil an chomhchoiste agus is gné ríthábhachtach de mo chuid oibre é cuntas a thabhairt ar obair na hoifige agus a bheith cuntasach maidir leis na feidhmeanna reachtúla a luaitear le m’oifig.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Beidh mé ag rith ar ball agus gabhaim mo leithscéal faoi sin. Fáiltím roimh na finnéithe arís. Tá obair na gcapall á déanamh acu agus tugann sé muinín dúinn leanúint ar aghaidh freisin. Ar lámh amháin, is dócha go bhfuil an coimisinéir beagán níos dearfaí an uair seo ó thaobh Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 agus níos dóchasaí ná mar a bhí sé riamh os comhair an choiste. Ar an lámh eile, is lón machnaimh an méid atá ardaithe aige anseo ó thaobh cúrsaí pleanála agus easpa treoracha. Táimid fós ag fanacht.

Díreoidh mé isteach ar chúpla rud. Cuirfidh mé na ceisteanna ar fad le chéile mar is fearr leis an gCathaoirleach an modh oibre sin. Tá líon na ngearán á mhéadú an t-am ar fad ach is é an rud a sheasann amach ná nach raibh cumhacht ag an gcoimisinéir ná a oifig aon rud a dhéanamh maidir le 60% de na gearáin. An bhfuil sé sin beagáinín athraithe go teoiriciúil ó thaobh Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021? Cén céatadán a bheidh an coimisinéir ag súil leis amach anseo? An mbeidh sé ag laghdú an méid gur féidir leis an oifig déileáil leis?

Tá réamhobair ar siúl ó thaobh na gcomhlachtaí poiblí. An bhféadfaí sonraí a thabhairt maidir leis sin? An bhfuil dóthain foirne ag oifig an choimisinéara anois? Tá a fhios agam go bhfuil 12 duine fostaithe aige. Ó thaobh na ndualgas breise atá air maidir leis an Acht, an bhfuil a dhóthain foirne aige anois? Ligfidh mé don Chathaoirleach nó mo chomhghleacaithe díriú ar an gcóras Eircode.

Is é “cúrsaí oideachais agus inniúlacht chórasach teanga” an teideal atá ar chuid de ráiteas tosaigh choimisinéara. Tá sé fite fuaite le cúrsaí earcaíochta. Thug mé suntas do na bearnaí atá ann ó thaobh easpa eolais maidir leis an ráta aistrithe ón mbunscoil lán-Ghaeilge go dtí an mheánscoil. Tá easpa eolais againn maidir leis an méid a théann go dtí an mheánscoil. Is é an rud ceannann céanna ó thaobh na gcoláistí Gaeilge agus an ráta aistrithe go dtí na hollscoileanna nó an tríú leibhéal.

Cé mhéad tuarascáil atá curtha ag oifig an choimisinéara os comhair na Dála? Tá dhá cheann luaite anseo. Tá ceann amháin ann maidir leis An Garda Síochána agus ceann eile maidir leis an gcóras Eircode. An bhfuil sé fíor le rá gur rud thar bheith neamhghnách é? Cé mhéad tuarascáil atá i gceist? Tá an coimisinéir beagáinín níos dearfaí ó thaobh na ngardaí de. Ar lámh amháin, tá sé ag rá go bhfuil dúshláin ann ó thaobh na n-athruithe atá déanta agus, ar an lámh eile, go bhfuil dualgas le comhlíonadh ag an nGarda maidir le gardaí le Gaeilge.

Mr. R?n?n ? Domhnaill:

Táim beagán níos dóchasaí sa mhéid agus go bhfuil Acht nua ann. An cheist mhór domsa ná go dtabharfar feidhm don Acht nua chomh sciobtha agus is féidir. Tá trí bliana ann le feidhm a thabhairt do chuile ghné den Acht nua. An dualgas atá ormsa ná faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Achta. Beidh na forálacha éagsúla ag brath ormsa agus ar m'oifig faireachán cuí agus monatóireacht a dhéanamh ar an gcur i bhfeidhm. Beidh siad ag brath freisin ar na comhlachtaí poiblí ag cur na dualgais reachtúla atá orthu i bhfeidhm. An bealach le dul i ngleic leis sin, go bunúsach, ag deireadh an lae, ná trí chúrsaí earcaíochta. Sin an fáth go bhfuil an sprioc sin de 20% d'earcaithe nua chomh tábhachtach, chun go mbeadh earcaithe nua ag teacht isteach.

Maidir le líon na ngearán, is drocháit é domsa mar Choimisinéir Teanga go mbeadh orm dul ar ais ag daoine a dhéanann teagmháil linn, sé huaire as deich n-uaire, ag rá nach féidir liom an gearán atá acu a fhiosrú mar nach bhfuil dualgas reachtúil ann. Tarlaíonn sé in oifigí ombudsman agus oifigí géilliúlachta go minic go mbíonn rudaí nach bhfuil dualgas ann dóibh ach tá an figiúr 60% ag dul i méid ó thosaigh mé mar Choimisinéir Teanga. Tá sé ag méadú. Níl sé go maith. An imní a bheadh orm mar choimisinéir ná go mbeinnse ag gabháil leithscéal ar son an Stáit le daoine atá ag lorg seirbhísí trí Ghaeilge. Ní sin an ról ar cheart a bheadh agam. An ról ar cheart a bheadh agam ná go mbeadh an dualgas ann agus go mbeadh sé á fhiosrú. Bheinn ag súil go laghdódh sé sin go suntasach. Níl figiúr agam i mo chloigeann ach cinnte ba mhaith liom go mbeadh sé i bhfad faoi leath ar aon nós, de thoradh chóras na gcaighdeán. Ba chóir go mbeadh bunriachtanais leagtha síos a bheadh i bhfad níos leithne ná mar atá sna gealltanais teoranta agus na coinníollacha atá sna scéimeanna teanga. Mar shampla, faigheann muid go leor gearán faoi sheirbhísí idirghníomhacha faoi láthair, ar nós daoine ag iarraidh clárú le haghaidh tástáil tiomána, le haghaidh vacsaín nó rud éigin ar líne. Bheinn ag súil go mbeadh caighdeán leagtha síos a deir go gcaithfidh chuile sheirbhís idirghníomhach atá ag aon chomhlacht poiblí a bheith ar fáil i nGaeilge, nó rud éigin mar sin. Gheobhadh sé sin réidh le cuid de na gearáin nach féidir a fhiosrú faoi láthair. Dá mbeadh sé sin ag tarlú go ginearálta agus go córasach, ba cheart go gcuideodh sé chun an fhigiúir sin a thabhairt síos.

Ó thaobh an réamhobair do chomhlachtaí poiblí, bhí dhá bheart faoi leith anseo. Rinne muid cur i láthair do na comhlachtaí poiblí ar líne i rith an tsamhraidh faoin Acht nua go ginearálta, na forálacha nua, córas na gcaighdeán, an sprioc faoi earcaíocht, na dualgais ar fad nach bhfuil tagtha i bhfeidhm fós faoi lógónna, foirmeacha iarratais agus mar sin de, agus na nithe ar fad atá san Acht nua. D'éirigh go han-mhaith leis. Bhí os cionn 1,000 duine i láthair ar líne ó na comhlachtaí poiblí agus ó na Ranna Stáit agus d'fhreagair muid na ceisteanna a bhí acu. Bhí an dara ceann againn níos deireanaí sa bhliain, i Meán Fómhair, agus bhí níos mó cur is cúiteamh ag baint leis an gceann sin. Bhain sé sin go sonrach le cúrsaí fógraíochta. Seo an chéad fhoráil den Acht ó thaobh mo réimse oibre, atá tagtha i bhfeidhm, sé sin, an fhoráil seo faoin 20% d’fhógraíocht. Bhí go leor cur is cúiteamh le comhlachtaí poiblí faoi cén chaoi a n-oibreodh sé seo. Léirigh cuid acu imní an mbeadh sé ar a gcumas an 5% den bhuiséad fógraíochta a chaitheamh leis na meáin Ghaeilge. Dhírigh muid ar na ceisteanna sin ar fad agus thug muid soiléireacht dóibh faoi céard atá i gceist leis an bhforáil. D'fhreagair muid na ceisteanna ar fad an oiread agus a d’fhéadfadh muid. Tá an cur i láthair agus na ceisteanna ar fad ar ár suíomh gréasáin. Táimid ag obair faoi láthair ar chreatlach mhonatóireachta do na comhlachtaí poiblí, a bheidh ar líne, le go mbeidh siad in ann na fógraí a bhí acu i nGaeilge a líonadh isteach le taispeáint dúinn go bhfuil siad ag comhlíonadh na ndualgas atá orthu.

Ó thaobh na foirne, tá ár ndóthain foirne ag m'oifig faoi láthair leis an 12 duine agus an bheirt phríomhoifigeach nua. Tá beirt phríomhoifigeach cúnta nua ann. Tá príomhoifigeach cúnta eile imithe ar scor agus príomhoifigeach cúnta nua ina áit siúd. Tá súil agam go mbeidh duine eile sa bhreis ag teacht isteach mar ardoifigeach feidhmiúcháin go luath sa bhliain seo chugainn. An teachtaireacht atá agam don Roinn ná gur próiseas leanúnach a bheidh anseo ó thaobh fhoireann na hoifige. De réir mar atá na forálacha éagsúla ag teacht i bhfeidhm, teastóidh breis foirne le cinntiú go mbeidh muidne in ann faireachán ceart a dhéanamh orthu. An rud deireanach atá ag teastáil ná go dtiocfaidh leasuithe nua suntasacha i bhfeidhm a dhéanfaidh difear ach nach bhfuil sé ar ár gcumas iad a fhiosrú i gceart mar nach bhfuil ár ndóthain foirne againn. Bheinn ag tnúth in imeacht ama, sna trí bliana nó sa dhá bhliain go leith amach romhainn, nuair atá an tAcht ag teacht i bhfeidhm ina iomláine, go mbeadh méadú ar an bhfoireann amach anseo.

Titeann an dualgas faoi chúrsaí oideachais ar an gcoiste comhairleach, go leagfadh siadsan síos na spriocanna agus cén chaoi a mbainfear amach iad. Tá siad ag obair ar phlean do sholáthar seirbhísí Stáit trí Ghaeilge agus tógfaidh sé sin dhá bhliain. Ní fheicim aon fhianaise go bhfuil an córas ag dul i ngleic leis an bhfadhb ar aon bhealach suntasach faoi láthair ó thaobh cúrsaí earcaíochta. Níl méadú ollmhór ag teacht ar aon bhealach ar líon na bpost le riachtanais Ghaeilge nó líon na n-iarratas do dhaoine le Gaeilge. Bhí roinnt mhaith cruinnithe againn le comhlachtaí poiblí faoi seo le bliain anuas. Ceann de na rudaí a thagann chun cinn ó na comhlachtaí poiblí uaireanta ná go mbíonn deacrachtaí acu féin nuair a lorgaíonn siad daoine le Gaeilge a ndóthain iarratasóirí cáilithe le Gaeilge a fháil chun cur isteach ar na poist. Ceann de na bealaí a d'fhéadfaí dul i ngleic leis seo ná a chinntiú go bhfuil daoine ag teacht amach ó na hinstitiúidí ardoideachais tríú leibhéal atá oilte i nGaeilge agus sa riarachán poiblí, san eacnamaíocht, sa dlí, agus a leithéid sin, chun a bheith cinnte go bhfuil siad ar fáil. An chaoi é sin a dhéanamh ná cúrsaí nua a bhunú, trasna na n-institiúidí oideachais éagsúla, do riarachán poiblí, cúrsaí dlí agus cirt, cúrsaí eacnamaíochta agus an Ghaeilge. Faoin am a bheadh daoine tar éis an chúrsa sin a dhéanamh, bheadh siad oilte le beagnach post ar bith sa Státchóras nó sa tseirbhís phoiblí. An tsamhail a bheadh agam ná, in imeacht ama, go mbeadh 300 nó 400 duine ag teacht amach as na cúrsaí seo chuile bhliain le coinneáil suas leis an éileamh ar cheart a bheadh ann leis an 20% d'earcaithe nua a bhaint amach. Teastóidh go leor oibre agus cur chuige ach ní dóigh liom gur cheart fanacht rófhada le tabhairt faoi. Tógfaidh sé ar a laghad bliain nó dhá bhliain an cúrsa a bhunú agus d'fhéadfadh an cúrsa féin ceithre bliana a thógáil so ba cheart tosú láithreach le dul i ngleic leis an iarracht seo an sprioc 20% d'earcaithe nua a bhaint amach.

Is ceist mhór í na tuarascálacha do Thithe an Oireachtais. Nuair a bhím ag déanamh cur i láthair do ghrúpaí pobail agus daoine gur spéis leo an t-ábhar seo, ceann de na ceisteanna a thagann chugam go rialta ná céard a tharlaíonn mura gcuirtear i bhfeidhm na moltaí a dhéanaim, agus cén chumhacht atá agam i ndáiríre. Eascraíonn ceisteanna ó shin faoi ar cheart go mbeadh cumhacht ag an gCoimisinéir Teanga pionóis a ghearradh ar chomhlachtaí poiblí, mar shampla. Is ceist oscailte í sin agus b'fhéidir go mbeadh orainn filleadh uirthi amach anseo. An dearcadh atá agam go ginearálta faoi láthair ná gur cheart deis a thabhairt don Acht nua neadú agus leabú isteach agus deis a thabhairt dó seasamh ar a chosa féin, ach má fheictear dúinn go bhfuil fadhb chórasach ann ó thaobh na bhforálacha a chur i bhfeidhm, d'fhéadfadh go mbeadh orainn filleadh ar an gceist amach anseo. An rogha atá ann faoi láthair, mar a dúradh, ná an tuarascáil a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais. Tá obair mhór déanta ag an gcoiste leis na tuarascálacha atá déanta. Tá trí thuarascáil leagtha faoi bhráid na dTithe agamsa mar Choimisinéir Teanga agus bhí sé cinn romham ag Seán Ó Cuirreáin, an chéad choimisinéir. Bhain ceann de na trí cinn agamsa leis an Roinn Oideachais agus an painéal forlíonta do mhúinteoirí le Gaeilge chun a chinntiú go mbeadh Gaeilge ag múinteoirí atá ag teagasc i scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta. Ní déarfainn go bhfuil sé sin curtha ina cheart ina hiomláine go fóill ach tá sé ag feabhsú sa mhéid agus go bhfuil polasaí oideachais ann don Ghaeltacht anois. Tá an Roinn ag breathnú ar pholasaí oideachais nua agus tá sé fite fuaite leis sin.

Labhróidh mé faoin nGarda Síochána a bhí os comhair an choiste. Ní déarfainn go bhfuil mé mórán níos dóchasaí faoi cheist An Gharda Síochána, i ndáiríre. Chonaic mé na leasuithe rinneadh ar na riachtanais iontrála ó thaobh arduithe céime. Fáiltím roimh an polasaí don Ghaeilge atá acu - is maith é - ach, mar Choimisinéir Teanga, is fearr i bhfad reachtaíocht ná polasaí. Ba cheart go gcaithfí reachtaíocht a chur i bhfeidhm. Is é an rud atá feicthe agam ná lagú agus laghdú ar an dualgas reachtúil agus méadú ar an bpolasaí agus b'fhearr liomsa go mbeadh reachtaíocht i bhfad níos láidre ann, nó a bheadh ar an leibhéal iomlán cuí. B'fhearr liom i bhfad go gcuirfí an reachtaíocht atá ann i bhfeidhm sula n-iarrfaí ar aon pholasaí, i ndáiríre. Is í aidhm na reachtaíochta atá ann ná a chinntiú go bhfuil gardaí le Gaeilge ar a dtoil acu lonnaithe i stáisiúin sa Ghaeltacht.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Go raibh míle maith ag an gCoimisinéir Teanga.

Photo of Lorraine Clifford-LeeLorraine Clifford-Lee (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an gcoimisinéir as an gcur i láthair sin. Bhí sé ar fheabhas. Ba mhaith liom díriú isteach ar cheist An Gharda Síochána arís. Nuair a chuir an coimisinéir a thuarascáil faoi bhráid Thithe an Oireachtais, agus tá a fhios agam gur rud eisceachtúil é sin, an bhfuair an coimisinéir aon ghlaoch nó an raibh aon teagmháil ón Aire Dlí agus Cirt, an Teachta McEntee, leis?

Mr. R?n?n ? Domhnaill:

Ní raibh. Is é an dualgas a bhí ormsa ná gur leis An nGarda Síochána go sonrach a bhí an dualgas sin. Tá an dualgas reachtúil leagtha síos go sonrach ar Choimisinéir an Gharda.

Photo of Lorraine Clifford-LeeLorraine Clifford-Lee (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tuigim é sin, ach tá na gardaí faoi stiúir an Aire Dlí agus Cirt, tá sárú dlí i gceist leis an méid atá déanta ag Coimisinéir an Gharda Síochána, Drew Harris, agus tá sárú cearta daonna i gceist freisin. Ní bhfuair an coimisinéir aon ghlaoch ón Aire faoi sin.

Mr. R?n?n ? Domhnaill:

Ní bhfuair. Ó mo thaobh, caithfidh mé cloí leis an reachtaíocht atá ann agus ní raibh aon phlé agam.

Photo of Lorraine Clifford-LeeLorraine Clifford-Lee (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Nílim ag gearán faoi sin, ach is dochreidte a thuiscint nár chuir an t-Aire glaoch air nó ar a oifig chun a fháil amach go díreach cad a bhí i gceist. Tuigim go bhfuil an t-eolas sin i dtuarascáil ach tá sárú dlí i gceist. Tá sé dochreidte nár chuir an tAire an méid sin suime sa mhéid a chuir an coimisinéir isteach ina thuarascáil. Tá an cheist freagartha ag an gcoimisinéir. An bhfuair an coimisinéir aon ghlaoch ón gCoimisinéir Harris?

Mr. R?n?n ? Domhnaill:

Fuair. Bhí roinnt cruinnithe agam leis an gCoimisinéir Harris agus leis an mbeirt Choimisinéir a bhí roimhe freisin. Ní raibh aon fhadhb ó thaobh na gcruinnithe agus an díograis a léiríodh ag leibhéal an choimisinéara mar bhí cruinnuithe ann leo. Thuig siad an dualgas agus theastaigh uathu é sin a chur in iúl domsa, ach ina dhiaidh sin chuamar ar ais agus rinneamar teagmháil leo. Tá sé seo le feiceáil mar tá ocht, naoi nó deich leathanach de chomhfhreagras.

Photo of Lorraine Clifford-LeeLorraine Clifford-Lee (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tuigim é sin. Nuair a chuir an coimisinéir a chuid tuarascála faoi bhráid Thithe an Oireachtais, an raibh aon teagmháil aige le Coimisinéir an Gharda nó ar chuir an méid sin breis brú ar an gcoimisinéir sin?

Mr. R?n?n ? Domhnaill:

Sílim gur chuir. Is é an dearcadh atá agamsa ná a chinntiú go bhfuil an oiread cumhachta agus is féidir ag an tuarascáil a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais. Nuair a bhím ag déileáil le comhlachtaí poiblí, má thógaim an chéim dheireanach seo atá leagtha síos sa reachtaíocht, is é sin chun tuarascáil a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtas, caithfidh mé a bheith soiléir go-----

Photo of Lorraine Clifford-LeeLorraine Clifford-Lee (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Níl aon dul as.

Mr. R?n?n ? Domhnaill:

-----bhfuil mo chuid oibre déanta - sin sin - agus go bhfuil gach uile sheans tugtha don eagraíocht é seo a phlé liom agus déileáil liom. Bhí deich mbliana ag An nGarda Síochána leis seo a chur ina cheart agus níor cuireadh. Is é an dearcadh atá agamsa, bíodh sé leis an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide maidir le Eircode, leis an nGarda Síochána, nó leis an Roinn Oideachais, ná nuair a leagaim tuarascáil faoi bhráid Thithe an Oireachtais, táim á rá leo go raibh chuile sheans acu é sin a chur ina cheart. Ní dhearna siad é agus níl aon mhaith, i ndáiríre, teacht ar ais chugam an tráth seo. De réir na reachtaíochta, táim á chur seo faoi bhráid Thithe an Oireachtais an tráth sin.

Photo of Lorraine Clifford-LeeLorraine Clifford-Lee (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá sé fúinne rud éigin a dhéanamh ansin nó faoin Aire, i ndáiríre, ag an bpointe sin.

Mr. R?n?n ? Domhnaill:

Agus is faoi na comhlachtaí poiblí féin na critéir cearta a leagan síos. Ó thaobh An Gharda Síochána de, ní dóigh liomsa gur ceist chomh mór í nach bhféadfaí í a chur ina cheart sách sciobtha. Nílimid ag caint ach faoi beagán le cois 100 garda atá ar stáisiúin sa Ghaeltacht. Tá sé dochreidte gur ón uair a thosaíomar ag déanamh faireachán ar an imscrúdú go dtí an uair a chríochnaíomar an faireachán sin, nach raibh mórán athraithe tagtha ar an gcéatadán ar chor ar bith de líon na ngardaí le Gaeilge in imeacht an ama sin. Is droch-chomhartha é sin.

Photo of Lorraine Clifford-LeeLorraine Clifford-Lee (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá sé dochreidte nár chuir an tAire aon shuim sa mhéid a chuir an coimisinéir sa tuarascáil. Gabhaim buíochas leis an gcoimisinéir as na freagraí sin. Maidir leis An nGarda Síochána, an raibh aon teagmháil ag an gcoimisinéir le Coimisinéir an Gharda Síochána maidir le feachtas nua earcaíochta, go háirithe maidir leis an sruth Gaeilge?

Mr. R?n?n ? Domhnaill:

Bhí, roimh an tuarascáil a chur faoi bhráid Thithe an Oireachtais. Ba é ceann de na moltaí a cuireadh chun cinn ó thaobh an tsrutha nua Gaeilge do ghardaí faoi oiliúint ná go gcuirfí iad ar stáisiún sa Ghaeltacht ar dtús ar feadh tréimhse. Is é an tuiscint a bhí againne ná go dtarlódh sé seo ar feadh cúig bliana. Is í an fhadhb a bhí leis sin ná nuair a chuamar ag déanamh iniúchta ar na figiúirí sin, ní raibh a bhformhór acu lonnaithe i stáisiúin Ghaeltachta mar a tuigeadh dúinne a bhí le tarlú. Bhí siad i stáisiúin mhóra eile lasmuigh de na ceantair Ghaeltachta. Is í an chúis a bhí leí sin a dúradh linn nó nach féidir gardaí atá faoi oiliúint a chur i stáisiún bheaga go minic agus caithfear dóibh tosú amach i stáisiúin mhóra. Ní fhéadfainn a rá nach raibh plé againn faoi leo, agus bhí plé againn faoi bheagnach chuile ghné den rud, ach tháinig siad ar ais arís agus arís eile-----

Photo of Lorraine Clifford-LeeLorraine Clifford-Lee (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ach ní raibh aon teagmháil leis an gCoimisinéir maidir leis an bhfeachtas nua.

Mr. R?n?n ? Domhnaill:

Fuair mé cuireadh chuig seoladh an phlean nua i nGaillimh agus bhí mé i láthair aige sin mar chuirtéis don Gharda Síochána ach chuir mé in iúl an tráth sin chomh maith gur ó thaobh aon idirbheartaíochta nó díospóireachta a dhéanamh faoi chur i bhfeidhm an dualgas reachtaíochta, go raibh deich mbliana acu leis é sin a dhéanamh, agus nach bhfacthas dom go raibh aon dul chun cinn déanta, i ndáiríre, ach nach fúmsa a bhí sé a thuilleadh an cheist sin go sonrach a phlé leo.

Photo of Lorraine Clifford-LeeLorraine Clifford-Lee (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an gcoimisinéir.

Photo of Marc Ó CathasaighMarc Ó Cathasaigh (Waterford, Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas lenár n-aíonna as a gcur i láthair inniu. Téann an plé atá ar siúl againn chuig an cheist seo: an ceart go mbeadh cumhachtaí ag oifig an choimisinéara an pionóis a thabhairt agus uair nó dhó na fiacla a nochtadh? Chun na fiacla a nochtadh, chaithfí go mbeidh fiacla ag an duine ar an gcéad dul síos. Ar chóir go mbeadh na cumhachtaí sin ag an gcoimisinéir? Déarfainn féin gur chóir.

Mr. R?n?n ? Domhnaill:

Is ceist mhór í sin. Is é an dearcadh atá agamsa faoi ná leis an reachtaíocht nua agus le córas na gcaighdeán in áit córas na scéimeanna teanga, agus le próiseas earcaíochta atá oiriúnach don fheidhm, go gcaithfí deis a thabhairt don reachtaíocht nua seasamh ar a gcosa féin ar dtús agus féachaint an bhfuil ag éirí leis an reachtaíocht, nó féachaint an bhfuil na forálacha atá sa reachtaíocht nua á gcur i bhfeidhm go sásúil ag comhlachtaí poiblí. Má tá bunleibhéal earcaíochta ag teacht leis sin, ba cheart go gcuideodh sé sin go mór.

Má fheictear nach bhfuil sí á cur i bhfeidhm go sásúil, d'fhéadfaí féachaint ar an gceist sin an uair sin. Tá a fhios agam i gCeanada, mar shampla, go bhfuil siad ag féachaint ar an gceist sin freisin, is é sin, an ceart fíneálacha a thabhairt isteach mar chuid den phróiseas seo? Tá intinn oscailte agam faoi sin. Is é sin an chaoi a chuirfinn é faoi láthair. Ba mhaith liom díriú go sonrach ar an reachtaíocht nua don am i láthair. Is é seo an dara seans - is cuma más é an dara seans nó an 20ú seans é - do chomhlachtaí poiblí an reachtaíocht nua seo, córas na gcaighdeán agus an próiseas earcaíochta a dhéanamh i gceart. Mura ndéantar i gceart é, ní dóigh liom go maithfear de chomhlachtaí poiblí an Stáit é agus d'fhéadfaí breathnú ar an gceist ina dhiaidh sin. Ar an gcéad dul síos caithfimid deis a thabhairt don reachtaíocht nua seasamh ar a gcosa féin.

Photo of Marc Ó CathasaighMarc Ó Cathasaigh (Waterford, Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is ceist oscailte í, ach caithfidh mé a rá go mbeinn féin oscailte na cumhachtaí sin a thabhairt d’oifig an choimisinéara.

Ba mhaith liom díriú isteach ar chúrsaí oideachais ar feadh nóiméad, le toil an choiste.

Glacaim leis an méid atá á rá ag an gCoimisinéir Teanga maidir le daoine atá oilte ag teacht amach ón tríú leibhéal. Más maith linn go mbeadh an tríú leibhéal i ceart caithimid dul go dtí an dara leibhéal agus an bunleibhéal, agus roimhe sin, go dtí na múinteoirí. Bhíos féin i mo mhúinteoir roimh theacht anseo agus bhíos ag múineadh i ngnáthscoil Bhéarla. Bhí mo chuid Ghaelainne ag dul in olcais bliain i ndiaidh bliana toisc go rabhthas ag caint Gaeilge le rang a sé nó rang a cúig agus ní raibh an t-uafás Gaeilge ag teacht thar n-ais chugam. An gcaithimid díriú isteach ar chóras oiliúna do na múinteoirí agus ní hamháin do na coláistí? De réir mar a thuigimse, níl aon choláiste oilúna ag an mbunleibhéal atá trí mheán na Gaelainne. Bhí Coláiste Mhuire in Marino tráth ach níl aon choláiste traenála do mhúinteoirí ann faoi láthair atá ag feidhmiú trí mheán na Gaelainne. B’fhéidir go bhfuilim mícheart faoi sin ach ní cheapaim é.

An ghá infheistíocht a dhéanamh i traenáil leanúnach do mhúinteoirí? Má tá an múinteoir ag caint Gaelainne amháin sa rang le rang a sé, ní bheidh an t-uafás dul chun cinn á dhéanamh ag an múinteoir sin. Ag an dara leibhéal, cá bhfuil na fadhbanna ó thaobh na hábhair? An bhfuil sé deacair, mar shampla, múinteoirí a fháil le Gaeilge le matamaitic nó le Gaeilge agus fisic? Cá bhfuil na laigí ansin chun go mbeadh muid in ann na mic léinn a chruthú do na cúrsaí sin sa tríú leibhéal?

Mr. R?n?n ? Domhnaill:

Tá a mhéar leagtha ag an Teachta ar an gceist is mó atá amach romhainn - b'fhéidir roimh an gcoiste seo - ó thaobh cur i bhfeidhm an Achta ina iomláine ó thaobh cúrsaí oideachais agus go b'shin é an bealach le dul i ngleic le ceiste na hearcaíochta. Tá roinnt ábhair gur luaigh an Teachta, ó ghasúir sa bhunscoil nó roimhe sin sa naíonraí go dtí na hinstitiúidí ardoideachais agus ansin oiliúint na múinteoirí féin. Ní saineolaí mé ar oiliúint na múinteoirí. Léim scéalta sna nuachtáin agus feicim scéalta ar an nuacht go rialta faoi dheacrachtaí a bhíonn ag príomhoidí agus múinteoirí atá oilte i nGaeilge agus ábhair eile a earcú go dtí na scoileanna sin. Sin ceist a bheadh níos mó saineolais ag an Roinn Oideachais, ag an bhForas Pátrúnachta nó ag na hinstitiúidí éagsúla faoi. An fhadhb mhór a fheictear domsa ná an titim mhór i líon na ndaltaí ag an mbunleibhéal a théann isteach go dtí na Gaelcholáistí. Tá sé thar a bheith suntasach; os cionn leath acu ní théann siad ar aghaidh go dtí an oideachas dara leibhéal trí Ghaeilge théis a leithéid d'oideachas a fháil sa mbunscoil ar dtús.

Photo of Marc Ó CathasaighMarc Ó Cathasaigh (Waterford, Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An í an fhadhb nach bhfuil na meánscoileanna againn?

Mr. R?n?n ? Domhnaill:

Sin a dheireann tuismitheoirí a thagann chugainne ag déanamh gearán faoi seo. Tá dualgas reachtúil ar an Roinn Oideachais faoin Acht Oideachais, 1998 féachaint ar mhianta thuismitheoirí ar mian leo go gcuirfear oideachas trí Ghaeilge ar fáil. Rinne muid imscrúdú ar an bpróiseas pátrúnachta a bhí acu do bhunscoileanna roinnt bhlianta ó shin. Bhí próiseas pátrúnachta acu inar léirigh tuismitheoirí spéise nuair a bhí bunscoil nua á tógáil. Ní raibh aon chritéir leagtha síos go sonrach faoi cheist na teanga. Mar shampla, níor fiafraíodh díobh ar mhaith leo go mbeadh an scoil ag feidhmiú trí Ghaeilge. Rinneadh imscrúdú agus fuarthas go raibh an Roinn Oideachais ag sárú na reachtaíochta agus ansin thug sé córas nua i bhfeidhm do bhunscoileanna. Nuair atá scoil nua á tógáil i limistéir pleanála scoile, nach bhfuil Gaelscoil sa gceantar sin, de factois Gaelscoil a bheas ann amach anseo sa limistéir pleanála sin.

Nuair a bhogann sé sin ar aghaidh go dtí an próiseas iar-bhunscoile ag an dara leibhéal, ceann de na bealaí atá ag an Roinn Oideachais le freastail ar an riachtanas ná trí aonaid lán-Ghaeilge a bhunú i scoileanna dara leibhéal atá ag feidhmiú trí Bhéarla. Beagnach chuile dhream go labhraíonn muidne leo air seo, is é seo na saineolaithe, deir siad nach bhfuil siad sásta leis an gcóras sin. Deir siad nach n-oibríonn an chórais sin agus go bhfuil páistí ag dul ó chúlra lán-Ghaeilge isteach go scoil atá ag feidhmiú i mBéarla seachas an t-aonad seo atá ag feidhmiú trí Ghaeilge. Go minic ní bhíonn na hábhair ar fad ar fáil i nGaeilge ach an oiread; b'fhéidir nach bhfuil ach trí nó ceithre ábhair ann.

Sin gearán a thagann chugainn go rialta. An cheist atá agamsa mar Choimisinéir Teanga a chaitheadh mise breathnú air agus a d'fhéadfadh go mbeadh muid ag breathnú air amach anseo ná féachaint ar an dualgas reachtúil. An bhfuil an dualgas reachtúil á shásamh nó nach bhfuil? Níl imscrúdú déanta agam air sin fós mar sin caithfidh mé a bheith cinnte nach dtugaim aon réamhbhreithiúnas. Arís, is ceist oscailte é sin a d'fhéadfaí breathnú air; an bhfuil an dualgas reachtúil á shásamh? Bíodh sé á shásamh nó nach mbíodh sé á shásamh, is léir go bhfuil fadhb mhór ann. Ní dhéanann sé aon chiall go bhfuil go leor daoine ag fáil oideachais lán-Ghaeilge sa mbunscoil agus ansin go socraíonn siad gan leanúint ar aghaidh leis. Tá fadhb mhór ansin. Má táimid ag iarraidh dul i ngleic le ceist na hearcaíochta agus má táimid ag iarraidh cúrsa tríú leibhéal a chur ar fáil, caithimid a chinntiú go bhfuil go leor daoine sa dara leibhéal le dul isteach sna cúrsaí sin freisin.

Photo of Pádraig O'SullivanPádraig O'Sullivan (Cork North Central, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá ceist nó dhó agam. Bhíos ag éisteacht ansin agus bhí sé suimiúil a chloisteáil faoin méid daoine atá ag foghlaim agus ag labhairt Gaeilge, go háirithe sna scoileanna. Bhí soiléireacht sa phíosa a léigh an Coimisinéir Teanga níos luaithe. Ní theastaíonn uaim é a léamh go hiomlán arís ach ní thugann sé mórán dóchais dom ó thaobh na méide daoine atá oilte agus a bheidh ag labhairt agus ag úsáid an teanga. Ón méid atá ráite ag an gCoimisinéir Teanga, nílimid chun an sprioc sin de 20% a chomhlíonadh roimh 2030.

Tá ceist agam atá bunaithe air sin. An bhfuil aon ionchur ag an gCoimisinéir Teanga ó thaobh polasaithe oideachais de nó ó thaobh caidrimh leis an Aire Oideachais? Cad iad tuairimí an Choimisinéara Teanga mar gheall ar chás na Gaeilge a chur chun cinn? An bhfuil aon ionchur, jab nó ról ag an gCoimisinéir Teanga chun é sin a chur in iúl don Aire?

Mr. R?n?n ? Domhnaill:

Tá ach tagann sé tríd an gcóras reachtúil agus tríd an gcóras imscrúdaithe. Tá dualgas orm comhairle a chur ar fáil do chomhlachtaí poiblí. Tá ceithre phríomhaidhmeanna agam mar Choimisinéir Teanga. Caithfear: gearáin a fhiosrú agus imscrúdú a dhéanamh más gá; comhairle a chur ar an bpobal; monatóireacht a dhéanamh ar an Acht; agus comhairle a chur ar chomhlachtaí poiblí maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021. Níl aon dualgas orm comhairle a chur faoi aon achtacháin eile seachas Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021. Áfach, is féidir liom imscrúdú a dhéanamh ar achtacháin eile nuair a dhéantar gearáin liom. Tá níos mó imscrúdaithe déanta agamsa agus ag m'oifig ar an Roinn Oideachais ná aon chomhlacht poiblí eile in Éirinn. Is eol don Roinn Oideachais gur ann dom agus is eol dó go bhfuil dualgas reachtúil láidir air faoin Acht Oideachais, 1998-----

Photo of Pádraig O'SullivanPádraig O'Sullivan (Cork North Central, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cad é an freagra a thugtar don Choimisinéir Teanga?

Mr. R?n?n ? Domhnaill:

Tagann go leor de na hargóintí anuas gur cheisteanna léirmhínithe dlí faoina bhfuil an dualgas seo ann nó nach bhfuil. Mar shampla tá dualgas faoin Acht Oideachais, 1998 seirbhísí tacaíochta a chur ar fáil do mhúinteoirí atá ag teagasc. Cé go bhfuil sé leagtha síos san Acht céard is seirbhísí tacaíochta ann, bítear sall is anall go minic faoi céard a chiallaíonn seirbhísí tacaíochta. Bhí ceisteanna, mar shampla, faoin bpróiseas pátrúnachta. Nuair nach raibh an Ghaeilge luaite mar chritéir chun scoil a roghnú, dúradh linn mar argóint go raibh an chultúr nó an oidhreacht leagtha síos mar rogha agus gur chuimsigh sé sin ceist na Gaeilge. Bíonn na hargóintí dlíthiúla sin sall is anall go minic leis an Roinn.

An rud a bhímse ag súil leis ná nuair a dhéantar imscrúdú go gcuirtear na moltaí i bhfeidhm. Tagraím do chóras na mbunscoileanna, mar shampla.

Bhí réiteach air sin. I gcás na ceiste móire faoin dara leibhéal agus na haonaid, in aon chaint a bhí agam leis an Roinn faoi, bhí siadsan diongbháilte go bhfuil an dualgas á chomhlíonadh via na haonaid seo agus gur sin ceann de na bealaí gur féidir leo é a chomhlíonadh. Níl na saineolaithe atá ag teacht chugamsa sásta leis an réiteach sin beag ná mór.

Photo of Pádraig O'SullivanPádraig O'Sullivan (Cork North Central, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá sé suimiúil éisteacht leis sin. Mar a dúirt an coimisinéir, b’fhéidir go bhfuil argóintí dlíthiúla ag an Roinn. Mar mhúinteoir le 15 bliain, bheadh níos mó suime agam sna hargóintí praiticiúla, ar nós an bhfuilimid ag fáil agus ag úsáid an méid ceart múinteoirí gur féidir leo Gaeilge a mhúineadh, seachas argóintí dlíthiúla agus araile.

Mr. R?n?n ? Domhnaill:

Ó mo thaobh de, táimid beagán difriúil ón mBreatain Bheag, mar shampla. Sílim go bhfuil an leagan amach atá againn ceart ach tá an oifig dírithe beagnach go huile agus go hiomlán ar an reachtaíocht, céard a deir an reachtaíocht agus an bhfuil an reachtaíocht á cur i bhfeidhm. Má tá polasaí ann ó thaobh earcú múinteoirí nó polasaí faoi aon ábhar faoin spéir, is ceist pholasaí í sin do na Ranna éagsúla. An dualgas sonrach atá ormsa ná breathnú ar an dualgas reachtúil. An dualgas reachtúil atá ar an Roinn ná a chinntiú go gcomhlíontar, an oiread agus is féidir, dearcadh na dtuismitheoirí atá ag iarraidh oideachas trí Ghaeilge. Sin an áit a mbíonn an cur is cúiteamh, ar an gceist seo faoi an bhfuil ár ndóthain múinteoirí cáilithe ann. Ní féidir an dualgas reachtúil a shlánú nó a thabhairt slán gan a dhóthain múinteoirí oilte le Gaeilge.

Photo of Pádraig O'SullivanPádraig O'Sullivan (Cork North Central, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhfuil ról ag an gcoimisinéir chun comhairle a thabhairt don Chomhairle Múinteoireachta? Is leo siúd atá an fhreagracht as an méid ceart múinteoirí a fháil.

Mr. R?n?n ? Domhnaill:

Níl, per se.

Ms ?rla de B?rca:

Níl, faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla maidir le polasaithe oideachais.

Mr. R?n?n ? Domhnaill:

Is ceist pholasaí oideachais a bheadh ann, seachas ceist faoin dualgas reachtúil faoin Acht.

Photo of Pádraig O'SullivanPádraig O'Sullivan (Cork North Central, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I dtuairim an choimisinéara, an bhfuil an méid ceart Gaelcholáistí againn? Ghlacas páirt i ndíospóireacht ar TG4 cúpla mí ó shin agus tá sé soiléir nach bhfuil an méid ceart Gaelcholáistí i mBaile Átha Cliath. Tá a fhios agam go bhfuil an Seanadóir Clifford-Lee ag obair air sin leis an Teachta Jim O’Callaghan.

Mr. R?n?n ? Domhnaill:

Sílim nach bhfuil. Tá na tuismitheoirí agus na saineolaithe ar fad atá ag teacht chugam ag rá go bhfuil ganntanas ann ó thaobh Gaelcholáistí. Mar Choimisinéir Teanga, caithfidh mé breathnú ar an dualgas reachtúil, agus an dualgas reachtúil ná oideachas trí Ghaeilge a chur ar fáil. Má tá an Roinn Oideachais ag rá go bhfuil aonad lán-Ghaeilge ar fáil, caithfidh mé breathnú an sásaíonn sé sin an dualgas reachtúil. Sin an cheist, is dóigh, a bheidh á fiosrú agam. Creidim gur cheart go mbeadh níos mó Gaelcholáistí ann. Más ar leas na Gaeilge atáimid is léir gur rud maith a bheadh ansin, ach ó thaobh an dualgas reachtúil, bheadh orm seasamh siar uaidh sin agus breathnú go mion an bhfuil an dualgas ann, nó cá bhfuil an dualgas go cinnte sa chás sin.

Photo of Pádraig O'SullivanPádraig O'Sullivan (Cork North Central, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá ceist agam mar gheall ar an 20%. B’fhéidir nach bhfuil sé sin chun a bheith comhlíonta againn idir anois agus 2030. Cad a bheadh mar thoradh dearfach óna thaobh sin? An bhféadfainn figiúr a fháil? An mbeadh 10% sásúil, nó 15%?

Mr. R?n?n ? Domhnaill:

An t-aon rud a shásódh mise ná comhlíonadh an dualgas reachtúil, sé sin, 20% faoin mbliain 2030. Mura n-éiríonn leis sin, beidh sárú déanta ag an Stát arís ar a dhualgas sa reachtaíocht teanga. Ba cheart dó a chinntiú, an oiread agus is féidir, nach dtarlaíonn sé sin arís, nach ligtear síos pobal na Gaeilge an athuair, agus nach ligfidh an Stát don fhaillí seo leanúint ar aghaidh a thuilleadh. Tá sé leagtha síos go soiléir sa reachtaíocht céard atá ag teastáil. Tá mise tar éis ceann de na bealaí go bhféadfaí dul i ngleic leis an iarracht sin a léiriú inniu ó thaobh cúrsaí fochéime agus iarchéime. Is ceist mhór í ó thaobh an oideachais go ginearálta ach sin ceann de na bealaí go bhféadfaí tabhairt faoi sin.

Photo of Lorraine Clifford-LeeLorraine Clifford-Lee (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Chun a bheith soiléir, an bhfuil an coimisinéir ag rá go bhfuil níos mó Gaelcholáistí de dhíth chun an dualgas reachtúil atá ar an Stát ó thaobh earcaíochta a chomhlíonadh?

Mr. R?n?n ? Domhnaill:

Níl. Tá mé ag rá gur ceist í sin nach bhféadfainn a fhreagairt i ndáiríre ach i bhfoirm imscrúdaithe. Bheadh orm imscrúdú a dhéanamh air sin le teacht ar inneacht ina bhfuil an dualgas reachtúil sin ann. An rud atá mé ag rá ná gur cinnte go mbeadh sé go maith do chur chun cinn na teanga níos mó Gaelcholáistí a bheith ann. D’aontódh aon duine gur spéis leo cúrsaí chur chun cinn na Gaeilge faoi sin. Ó thaobh an dualgais reachtúil, an dualgas ná a chinntiú go bhfuil oideachas trí Ghaeilge ann. Tá an Roinn Oideachais ag rá faoi láthair gur ceann de na bealaí atá acu chun é sin a dhéanamh ná trí na haonaid. Tá cuid mhaith de na saineolaithe ag rá liomsa nach bhfuil an córas sin sásúil. An t-aon bhealach go mbeinnse in ann freagra cinnte agus simplí a thabhairt ar cheist an tSeanadóra ná tríd imscrúdú a dhéanamh de bhonn gearán a bheith déanta liom. D’fhéadfadh sé sin tarlú amach anseo agus go mbeadh orainn a theacht ar chinneadh críochnúil faoi sin.

Photo of Lorraine Clifford-LeeLorraine Clifford-Lee (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá baol ann nach mbeidh an Stát in ann na dualgais reachtúla a chomhlíonadh sa todhchaí.

Mr. R?n?n ? Domhnaill:

Má dhéantar imscrúdú ar an gceist, is cinnte gur ceist í gur fiú iniúchadh agus féachaint an bhfuil an dualgas á chomhlíonadh, breathnú ar chuile ghné den dualgas sin go mion, comhairle dlí a fháil, saineolaithe a fhail ar an taifead agus féachaint air ar an gcaoi sin.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá a fhios agam cad atá á rá ag an gcoimisinéir faoin gceist sin. Ní díreach ó thaobh na meánscolaíochta atá sé, i mo thuairim féin. Tá an Stát ag loic ar chearta oideachais trí Ghaeilge ag an mbunleibhéal, meánleibhéal agus ardleibhéal. Tuigim nach féidir cinneadh mar sin a dhéanamh mar choimisinéir go dtí go bhfuil an t-imscrúdú déanta ach mar a luadh, má tá beagnach 60% de na daltaí ag aistriú ó scolaíocht go hiomlán trí Ghaeilge chuig scoileanna Béarla, b’fhéidir go bhfuil fáth ann. Bhuail muid le roinnt dóibh siúd atá ag i mbun feachtais do bhreis Gaelcholáistí sa chathair seo. Níl fiú aonad sa chathair seo faoi láthair. Dá mbeadh aonad ann bheadh an Stát ag tabhairt faoi, óna thaobh féin de, oideachas trí Ghaeilge a chur ar fáil nó an t-éileamh atá ann a shásamh. Faoin am a bheidh cinneadh déanta nó aonad curtha sa siúl, beidh na daltaí seo imithe tríd an gcóras gan an deis acu leanúint trí Ghaeilge, agus iad tógtha le Gaeilge. Má tá aon duine amuigh ansin ag éisteacht linn agus gur mian leo gearán a dhéanamh, tá an coimisinéir sásta gearáin a fháil i gcónaí ó thaobh ceisteanna cearta Gaeilge. Molaim do dhaoine, má tá cás faoi leith acu i mBaile Átha Cliath nó aon áit eile sa tír ó thaobh scolaíochta de, dul i dteagmháil le hoifig an choimisinéara. Ansin b’fhéidir go bhféadfaí dianscrúdú a dhéanamh ar an gceist seo, atá ag déanamh tinnis do á lán daoine agus tuairim acu féin gur chóir go mbeadh an Stát ní hamháin ag sásamh an éilimh ach ag cothú éilimh. Sin ceist pholaitiúil.

Tá dhá nó trí cheist agam. Baineann ceann acu leis na pleananna forbartha contae. Tá na pleananna nua críochnaithe nó glactha faoin bpointe seo ach tá roinnt nach bhfuil. Níl a fhios agam ar cuireadh iad ar fad ar fáil. An bhfuiltear tar éis an chéatadáin a chur isteach sna pleananna forbartha contae a bhaineann le ceantair Ghaeltachta don chéad cúig bliana eile, nó an bhfuil aon athrú ar an bport a bhí acu?

Bhí na príomhfheidhmeannaigh ó na comhairlí contae os ár gcomhair tamall ó shin faoi cheist phleanála. Bhí soiléireacht ag lorg uathu ón Aire agus níl sí sin tagtha go fóill. Tá a fhios agam go raibh na comhairleoirí contae i roinnt ceantar ag cur moltaí chun cinn áfach. Níl siad ach díreach ag críochnú. B'fhéidir nach bhfuil siad tagtha os a gcomhair go fóill.

Is ceist í na treoirlínte don Aire, an Teachta Darragh O'Brien. Dúirt sé go mbeidís ann anuraidh agus i mbliana. Tá súil agam go mbeidh siad ann sula i bhfad chun cuidiú leo siúd atá ag iarraidh soiléireachta ó thaobh treoirlínte pleanála.

Fuair mé WhatsApp nó rud éigin le déanaí ó dhuine a bhfuair glaoch ón tSeirbhís Cúirteanna le bheith ar ghiúiré. Is cuimhin liom tamall de bhlianta ó shin mé féin ag déanamh gearáin léi nuair a fuair mé a leithéid. Ní bhaineann sé liom a thuilleadh ach tagann an litir fós. Rinneadh é a fhógairt an tseachtain seo go raibh bealach aici chun é seo a dhéanamh ar líne. Níl a fhios agam an bhfuil sé seo trí Ghaeilge nó trí Bhéarla ach tá na comharthaí ag teacht isteach i mBéarla. B’fhéidir go bhféadtar an dá rud sin a fhiosrú mura bhfuil sé déanta ag an gcoimisinéir roimhe sin.

Mr. R?n?n ? Domhnaill:

Ó thaobh chúrsaí pleanála, níor tháinig na pleananna forbartha contae faoi mo bhráid. Déarfaidh mé rud éigin faoi sin go ginearálta. Tiocfaidh athrú air seo leis an bhforáil nua ach ní féidir liom faireachán a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla. Tagann na pleananna forbartha contae faoin Acht um Pleanáil agus Forbairt. Is féidir gearán a fhiosrú áfach. Tá roinnt gearán agus imscrúduithe faoi chúrsaí pleanála déanta cheana. Rinneadh imscrúdú i limistéar Chomhairle Contae Chiarraí i mBaile an Fheirtéaraigh faoi eastáit tithíochta ann agus ceann eile i nGaeltacht na Mí. Go bunúsach, sa dá áit, léiríodh nach raibh an coinníoll teanga a bhí leagtha síos á chur i bhfeidhm mar ba chóir.

Ó thaobh na treoirlínte, chuideodh sé go mór dá mbeadh na treoirlínte sin foilsithe agus dá mbeadh stádas reachtúil acu sin. Tá go leor éiginnteachta in áiteanna faoin dualgas atá ann go cinnte. Má tá dualgas faoin Acht um Pleanáil agus Forbairt an Ghaeilge a chosaint i limistéar Gaeltachta, tá dualgas faoin Acht tithíochta tithe sóisialta a dháileadh agus tá an dá rud ag teacht salach ar a chéile go beagáin. Ba cheart treoirlínte soiléir a leagan síos, le stádas reachtúil, a chuideodh liom i mo chuid dualgas.

Ó thaobh an ghiúiré, bhí Órla de Búrca ag déileáil le roinnt gearán a tháinig chun cinn faoi sin. Tá foráil san Acht nua le teacht i bhfeidhm an bhliain seo chugainn a chinnteoidh go gcaithfidh sé a bheith i nGaeilge chomh maith nua a ghlaoitear ar dhuine teacht mar ghiúiré. Scríobh mé ag an Aire Dlí agus Cirt a bhí ann ag am, Frances Fitzgerald, faoi seo ag rá go raibh rud éigin mí cheart go raibh sé seo ag tarlú. Is maith liom go bhfuil sé sa reachtaíocht nua. San am i láthair, is é an rud atá ag tarlú go ginearálta ná go bhfuil sé ag teacht amach i mBéarla amháin chuig daoine. Níl sé sin sásúil. Nuair a dhéantar iarratas ina dhiaidh sin, faightear i nGaeilge é ach tá sé seo feicthe againn arís agus arís eile le cur chuige an Stáit. Gheofar i mBéarla é ar dtús agus má theastaíonn sé ón duine i nGaeilge, caithfidh sé nó sí é a lorg agus b’fhéidir go bhfaighfear é. Níl an cur chuige sin maith a dhóthain ar chur ar bith.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas libh as teacht os ár gcomhair. Ó bunaíodh an comhchoiste seo, tá sé ag obair go dlúth le hOifig an Choimisinéara Teanga. Nuair atá tuairisc curtha againn faoi bhráid an Oireachtais, tá sé a léamh againn. Táimid ag tabhairt faoi roinnt de na tuairiscí sin agus ceann eile faoin nGarda Síochána. Tá súil agam go mbeidh sé críochnaithe againn roimh an Nollaig nó go luath san athbhliain. Táimid ag fanacht ar chúpla freagra eile. Níor cuidíodh linn ach beidh tuairisc ann. Bhíomar ag triail le díriú isteach arís ar cheist an éirchóid arís inniu agus tá súil agam go mbeidh tuairisc air sin agus go mbeidh dul chun cinn déanta againn ina leith.

Mr. R?n?n ? Domhnaill:

Gabhaim buíochas leis an gcoiste as an gcomhoibriú liomsa. Tá oifigí ar nós Oifig an Choimisinéara Teanga agus oifigí géilliúlachta ag brath go mór ar choistí Oireachtais le haird a tharraingt ar an obair atáimid ag déanamh agus le cinntiú go dtuigeann comhlachtaí poiblí freisin go bhfuil tacaíocht an chórais pholaitiúil ann don obair atáimid ag déanamh. Molaim obair an choiste agus tá mé buíoch di sin.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Molaim na finnéithe as an obair iontach atá déanta acu. Bíonn na tuarascálacha a fhoilsíonn siad soiléir agus díreach go dtí an pointe, rud nach mbíonn i gceist i gcónaí le tuarascáil bhliantúil nó tuarascáil ó Roinn.

Cuireadh an comhchoiste ar athló ar 4.27 p.m. go dtí 1.30 p.m. Dé Céadaoin, an 7 Nollaig 2022.