Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 30 November 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Tuarascálacha an Choimisinéara Teanga agus Cur Chun Cinn na Gaeilge sa tSeirbhís Phoiblí: Plé

Photo of Marc Ó CathasaighMarc Ó Cathasaigh (Waterford, Green Party) | Oireachtas source

Is ceist oscailte í, ach caithfidh mé a rá go mbeinn féin oscailte na cumhachtaí sin a thabhairt d’oifig an choimisinéara.

Ba mhaith liom díriú isteach ar chúrsaí oideachais ar feadh nóiméad, le toil an choiste.

Glacaim leis an méid atá á rá ag an gCoimisinéir Teanga maidir le daoine atá oilte ag teacht amach ón tríú leibhéal. Más maith linn go mbeadh an tríú leibhéal i ceart caithimid dul go dtí an dara leibhéal agus an bunleibhéal, agus roimhe sin, go dtí na múinteoirí. Bhíos féin i mo mhúinteoir roimh theacht anseo agus bhíos ag múineadh i ngnáthscoil Bhéarla. Bhí mo chuid Ghaelainne ag dul in olcais bliain i ndiaidh bliana toisc go rabhthas ag caint Gaeilge le rang a sé nó rang a cúig agus ní raibh an t-uafás Gaeilge ag teacht thar n-ais chugam. An gcaithimid díriú isteach ar chóras oiliúna do na múinteoirí agus ní hamháin do na coláistí? De réir mar a thuigimse, níl aon choláiste oilúna ag an mbunleibhéal atá trí mheán na Gaelainne. Bhí Coláiste Mhuire in Marino tráth ach níl aon choláiste traenála do mhúinteoirí ann faoi láthair atá ag feidhmiú trí mheán na Gaelainne. B’fhéidir go bhfuilim mícheart faoi sin ach ní cheapaim é.

An ghá infheistíocht a dhéanamh i traenáil leanúnach do mhúinteoirí? Má tá an múinteoir ag caint Gaelainne amháin sa rang le rang a sé, ní bheidh an t-uafás dul chun cinn á dhéanamh ag an múinteoir sin. Ag an dara leibhéal, cá bhfuil na fadhbanna ó thaobh na hábhair? An bhfuil sé deacair, mar shampla, múinteoirí a fháil le Gaeilge le matamaitic nó le Gaeilge agus fisic? Cá bhfuil na laigí ansin chun go mbeadh muid in ann na mic léinn a chruthú do na cúrsaí sin sa tríú leibhéal?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.