Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 30 November 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Tuarascálacha an Choimisinéara Teanga agus Cur Chun Cinn na Gaeilge sa tSeirbhís Phoiblí: Plé
Catherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source
Beidh mé ag rith ar ball agus gabhaim mo leithscéal faoi sin. Fáiltím roimh na finnéithe arís. Tá obair na gcapall á déanamh acu agus tugann sé muinín dúinn leanúint ar aghaidh freisin. Ar lámh amháin, is dócha go bhfuil an coimisinéir beagán níos dearfaí an uair seo ó thaobh Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 agus níos dóchasaí ná mar a bhí sé riamh os comhair an choiste. Ar an lámh eile, is lón machnaimh an méid atá ardaithe aige anseo ó thaobh cúrsaí pleanála agus easpa treoracha. Táimid fós ag fanacht.
Díreoidh mé isteach ar chúpla rud. Cuirfidh mé na ceisteanna ar fad le chéile mar is fearr leis an gCathaoirleach an modh oibre sin. Tá líon na ngearán á mhéadú an t-am ar fad ach is é an rud a sheasann amach ná nach raibh cumhacht ag an gcoimisinéir ná a oifig aon rud a dhéanamh maidir le 60% de na gearáin. An bhfuil sé sin beagáinín athraithe go teoiriciúil ó thaobh Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021? Cén céatadán a bheidh an coimisinéir ag súil leis amach anseo? An mbeidh sé ag laghdú an méid gur féidir leis an oifig déileáil leis?
Tá réamhobair ar siúl ó thaobh na gcomhlachtaí poiblí. An bhféadfaí sonraí a thabhairt maidir leis sin? An bhfuil dóthain foirne ag oifig an choimisinéara anois? Tá a fhios agam go bhfuil 12 duine fostaithe aige. Ó thaobh na ndualgas breise atá air maidir leis an Acht, an bhfuil a dhóthain foirne aige anois? Ligfidh mé don Chathaoirleach nó mo chomhghleacaithe díriú ar an gcóras Eircode.
Is é “cúrsaí oideachais agus inniúlacht chórasach teanga” an teideal atá ar chuid de ráiteas tosaigh choimisinéara. Tá sé fite fuaite le cúrsaí earcaíochta. Thug mé suntas do na bearnaí atá ann ó thaobh easpa eolais maidir leis an ráta aistrithe ón mbunscoil lán-Ghaeilge go dtí an mheánscoil. Tá easpa eolais againn maidir leis an méid a théann go dtí an mheánscoil. Is é an rud ceannann céanna ó thaobh na gcoláistí Gaeilge agus an ráta aistrithe go dtí na hollscoileanna nó an tríú leibhéal.
Cé mhéad tuarascáil atá curtha ag oifig an choimisinéara os comhair na Dála? Tá dhá cheann luaite anseo. Tá ceann amháin ann maidir leis An Garda Síochána agus ceann eile maidir leis an gcóras Eircode. An bhfuil sé fíor le rá gur rud thar bheith neamhghnách é? Cé mhéad tuarascáil atá i gceist? Tá an coimisinéir beagáinín níos dearfaí ó thaobh na ngardaí de. Ar lámh amháin, tá sé ag rá go bhfuil dúshláin ann ó thaobh na n-athruithe atá déanta agus, ar an lámh eile, go bhfuil dualgas le comhlíonadh ag an nGarda maidir le gardaí le Gaeilge.
No comments