Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 30 November 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Tuarascálacha an Choimisinéara Teanga agus Cur Chun Cinn na Gaeilge sa tSeirbhís Phoiblí: Plé

Mr. R?n?n ? Domhnaill:

Is mian liom mo bhuíochas a chur in iúl don Chathaoirleach agus don choiste seo as an gcuireadh teacht in ina láthair, trácht a dhéanamh ar phríomhthorthaí thuarascáil bhliantúil m’oifige i leith 2021 agus plé a dhéanamh ar thuarascálacha m’oifige agus ar chur chun cinn na Gaeilge sa tseirbhís phoiblí in 2022. Tá trácht mion sa leagan fada den ráiteas tosaigh ar phríomh-ábhar na dtuarascálacha atá curtha faoi bhráid an choiste cheana. Le bhur gcead, tabharfaidh mé tús áite do roinnt ceisteanna reatha san achoimre seo.

Le linn na bliana 2021, fuarthas 727 gearán, méadú de bhreis is 20% ar líon na ngearán a fuarthas le linn na bliana 2020. Fuarthas comhréiteach ar chuid mhór de na gearáin tríd an gcóras neamhfhoirmiúil réitithe gearán nó trí chomhairle a chur ar fáil do ghearánaigh. Cuimsíonn scéimeanna teanga thart ar 140 comhlacht poiblí réimse leathan gealltanas maidir le seirbhísí a chur ar fáil. Is leis an réimse sin a bhaineann an líon is airde gearán. Ba cheart dul i ngleic leis an gceist seo i gcóras na gcaighdeán, atá le teacht in áit chóras na scéimeanna teanga faoin reachtaíocht leasaithe.

Thit líon na ngearán i dtús phaindéim Covid-19 ach de réir mar a rinneadh faillí i gcearta teanga in 2020 agus arís in 2021, rinne líon ard daoine teagmháil le m’oifig agus a ndíomá mhór á cur in iúl acu go raibh beag is fiú á dhéanamh de sheirbhísí Stáit as Gaeilge le linn na paindéime. Is é an bhuairt atá orthu anois ná go dtiocfadh na fadhbanna céanna chun cinn an athuair dá mbeadh éigeandáil eile ann de bharr easpa pleanála agus easpa práinne ó thaobh seirbhísí a sholáthar as Gaeilge. Ní léir dom fós go bhfuil fianaise sa chóras sláinte a léireodh foghlaim chórasach nó fonn comhsheasmhach freastal cóir a dhéanamh ar chearta cainteoirí Gaeilge ar sheirbhísí sláinte ina rogha teanga oifigiúla.

Mar is eol de bhaill an choiste, agus de bhonn inscrúdaithe a tugadh chun críoch mí na Nollag 2011, cuireadh tuarascáil faoi bhráid gach Tí den Oireachtas i mí Aibreán 2021 i dtaca leis An nGarda Síochána. Baineann ábhar na tuarascála le sáraithe ar Acht an Gharda Síochána 2005 agus ar scéim teanga An Gharda Síochána. Ó shin i leith, is ábhar díomá domsa é gur maolaíodh ar riachtanais inniúlachta Ghaeilge sa Gharda Síochána maidir le harduithe céime go céim an tsáirsint agus an t-athrú suntasach a rinneadh ar rialacháin iontrála an Gharda Síochána, gur leor anois d’iarrthóirí a bheith inniúil i dteanga amháin, Béarla nó Gaeilge nó an dá cheann, feasta. Cuirim fáilte roimh straitéis Ghaeilge An Gharda Síochána 2022-25 ar léiriú é ar dhea-rún agus dea-mhéin cheannaireacht an Gharda Síochána don Ghaeilge. Ina dhiaidh sin féin, is deacair liom a thuiscint cé mar is féidir leis An nGarda Síochána a gcuid dualgas reachtúil teanga a chomhlíonadh agus a bheith géilliúil d’fho-alt 33(2) d'Acht an Gharda Síochana 2005 i bhfianaise na n-athruithe a rinneadh ar riachtanais inniúlachta iontrála.

Thug m’oifig imscrúdú ar an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide chun críche i mí na Nollag 2015. Ba é cur i bhfeidhm scéim teanga na Roinne chomh fada is a bhaineann sé le logainmneacha Gaeltachta i gcás an chórais nua Eircode ábhar an imscrúdaithe sin. Is minic ráite agam go bhfuarthas níos mó gearán ar an ábhar seo leis féin ná mar a fuarthas riamh maidir le haon ábhar aonair eile ó bunaíodh an oifig. Cuireadh tuarascáil faoin ábhar faoi bhráid gach Tí i mí Meán Fómhair 2021. Is léir ó na gearáin atá faighte ó m'oifig ó shin nach bhfuil an scéal seo curtha ina cheart go fóill.

Cuirim fáilte mhór roimh an Acht nua agus tacóidh m’oifig go tréan le comhlachtaí poiblí, trí mheán comhairle agus treorach, chun na dualgais reachtúla nua a chur i bhfeidhm go tráthúil agus go héifeachtach. Déantar gach iarracht treoir chruinn a chur ar fáil don phobal freisin agus bhí toradh an-dearfach ar na seisiúin eolais a cuireadh ar fáil ag Oireachtas na Gaeilge i gCill Airne i dtús mhí na Samhna. Is mar thoradh ar obair leanúnach ó thús na bliana a cuireadh an obair mhór sa réimse seo i gcrích a bhuíochas d’acmhainní breise a cuireadh ar fáil chun an tAcht leasaithe a chur i bhfeidhm. Tá 12 ball foirne fostaithe san oifig anois, beirt phríomhoifigeach cúnta nua ina measc, agus is mian liom aitheantas a thabhairt don obair mhór atá déanta ag foireann m’oifige ar chlár ardaithe feasachta agus chun treoirlínte a fhorbairt maidir leis an Acht leasaithe agus faoin bhforáil a bhaineann le halt 10A go háirithe; foráil a chinnteoidh go mbeidh 20% ar a laghad d’fhógraíocht comhlachtaí poiblí á déanamh trí Ghaeilge. Tá dea-thoradh na forála seo le léamh ar líne agus le cloisteáil ar raidió cheana féin. Ba mhaith liom aitheantas ar leith a thabhairt don Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán as an gcomhoibriú uile chun seimineáir faisnéise agus feasachta a chur ar fáil do chomhlachtaí poiblí, don státseirbhís agus don tseirbhís phoiblí trí chéile. Tá breis is 1,500 duine i ndiaidh a bheith páirteach sna seimineáir faisnéise a reáchtáladh i nGaeilge agus i mBéarla i mí Iúil agus mí Mheán Fómhair 2022.

Tá rochtain ar sheirbhísí Stáit ar fónamh sa dá theanga oifigiúla taobh le foireann oilte a bheith ar fáil go leitheadach ar fud an chórais. Ní thig liomsa ach treisiú arís eile ar mbéim is ceart a chur ar chúrsaí earcaíochta. Thug mé ardtosaíocht phráinneach náisiúnta ar cheist na hearcaíochta i dturascáil bhliantúil 2021. Tá ról cinniúnach ag an gcoiste comhairleach um sheirbhísí Gaeilge agus is faoina gcúram siúd a bheidh dréachtadh an phlean náisiúnta do sholáthar seirbhísí Stáit trí Ghaeilge. Aithnítear na dúshláin a bhíonn roimh chomhlachtaí poiblí, agus roimh an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí, líon dóthanach iarratasóirí oilte a spreagadh chun cur isteach ar fholúntais.

I bhfianaise phráinn an riachtanais, caithfear earraíocht a bhaint as gach seift feasta chun cur le líon na n-iarratasóirí cáilithe, idir chomórtais ghinearálta agus shainchomórtais rialta. Tá géarghá le cur chuige córasach agus an Ghaeilge a bheith luaite mar bhunriachtanas i gcás gach aon chineál folúntais, ón mbarr anuas go speisialta, mar is léir nach dtiocfaidh athrú chun feabhais ar chúrsaí earcaíochta cheal ceannaireachta. Éileoidh cur chuige córasach go mbeachtófaí riachtanas teanga leis an iliomad sonraíochtaí post i gcomhlachtaí poiblí seachas folúntas fánach thall is abhus.

Tá sé riachtanach scrúdú fuarchúiseach a dhéanamh ar an soláthar céimithe oilte atá ar fáil do chomórtais earcaíochta freisin. Aithnítear go mbíonn infheistíocht fhadtréimhseach i gceist chun líon suntasach céimithe oilte a chur ar fáil agus ritheann sé liom nár mhiste cur chuige comhordaithe náisiúnta, idirinstitiúideach a úsáid, amhail an t-ionad náisiúnta barr feabhais maidir le gairmeacha san Aontas Eorpach, chun cláir nua fochéime agus iarchéime a dhearadh agus a sholáthar i réimse an riaracháin phoiblí.

D’fhéadfadh ról a bheith ag an bhforas riaracháin agus institiúidí ardoideachais siollabas comónta a dhearadh ina gcuimseofaí dianoiliúint teanga agus modúil chuí sa pholaitíocht, eacnamaíocht, dlí agus riarachán poiblí. D’fhéadfaí a leithéid de chlár ceannródaíoch a bheith ar fáil go náisiúnta i roinnt institiúidí ardoideachais ionas go gcuirfí go suntasach le líon na gcéimithe cáilithe in achar réasúnta blianta. Dá thúisce a théitear i mbun gnímh is amhlaidh is fearr é.

Glacann próiseas forbartha céime suas le dhá bhliain agus glacann an cúrsa fochéime suas le ceithre bliana i mórchuid na n-institiúidí ardoideachais anois, ach is baolach nach mbaineann ceisteanna inniúlachta córais leis an tríú leibhéal amháin. D’fhoilsigh an Roinn Oideachais tuarascáil i mí Dheireadh Fómhair a rinne léargas ar sholáthar don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht, soláthar reatha agus réamhmheastacháin don todhchaí. Thug mé suntas ar leith do na rátaí aistrithe ón mbunscoil go dtí an iar-bhunscoil. Níor aistrigh ach beagán le cois trian de na daltaí seo, 35.7% de na daltaí, agus is beagnach 60% de na daltaí a d’aistrigh go hiar-bhunscoil Bhéarla. Mura ndéanfar pleanáil fhadtréimhseach inniúlachta a leabú sa chóras oideachais lán-Ghaeilge agus méadú céimnitheach ar líon na ndaltaí iar-bhunscoile le hinniúlacht mhaith Ghaeilge atá ar fáil don oiliúint thríú leibhéal, beidh sé ionann is dodhéanta líon dóthanach céimithe a chur ar fáil chun sprioc earcaíochta an 20% a bhaint ón mbliain 2030 ar aghaidh.

Is fiú suntas a thabhairt don líon gearán atá tagtha chun cinn le blianta beaga anuas a bhaineann le cúrsaí pleanála sa Ghaeltacht. Faoi Alt 10(2)(m) den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000, cuirtear ceanglas ar údarás pleanála a bhfuil limistéir Ghaeltachta faoina chúram, cuspóirí faoi leith a leagan síos ina phlean forbartha contae chun:

... oidhreacht teanga agus chultúrtha na Gaeltachta a chosaint, lena n-áirítear an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga an phobail, i gcás ina mbeidh limistéar Gaeltachta i limistéar an phlean forbartha.

Faoi réir an Achta chéanna, is féidir le húdarás pleanála coinníoll a cheangal le cead pleanála “a bhaineann le hoidhreacht teanga nó chultúir na Gaeltachta a chosaint”.

Tá an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta i ndiaidh dlús a chur le hathbhreithniú ar na ceisteanna polasaí a bhaineann leis na cúrsaí. Is fiú a thabhairt faoi deara gur ábhar é seo atá go mór faoi thrácht i measc phobal labhartha na Gaeilge, sa Ghaeltacht agus taobh amuigh den Ghaeltacht. Pléadh na ceisteanna seo go sonrach ag seimineár ag tionól Gaeltachta Chonradh na Gaeilge i gCorca Dhuibhne i mí an Mheithimh i mbliana. Má chinntear i gcuspóir de chuid plean forbartha contae gur den riachtanas é go mbeadh céatadán áirithe d’áitritheoirí i dtithíocht nua ina gcainteoirí Gaeilge, luíonn sé le réasún nach féidir tithíocht shóisialta a chur as an áireamh seo gan dochar a dhéanamh do chomhlíonadh an mhórchuspóra, sé sin oidhreacht teanga na Gaeltachta a chosaint. Is fiú go mór mionscrúdú a dhéanamh ar cibé cén aimhrialtacht i dtaca le cúrsaí teanga a d’fhéadfadh a bheith idir an tAcht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 agus Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 2009. D'fháilteoinn roimh athbhreithniú an Aire ar impleachtaí an dá fhoráil shonracha seo maidir le beartais chosanta teanga i bpleananna forbartha contae agus i gceadanna pleanála. Ba thairbheach an beart é treoirlínte nó treoracha beartais a dhéanamh maidir le haidhmeanna teanga na forála Gaeltachta san Acht um Phleanáil agus Forbairt a chur chun cinn.

Is mian liom a bheith dearfach agus dóchasach faoina bhfuil i ndán do sheirbhísí Gaeilge faoin Acht nua. Gabhann cumhachtaí breise faireacháin leis an Acht leasaithe chomh maith. Táimse airdeallach go dtitfidh an cúram ormsa agus ar m’oifig féachaint chuige go gcuirfear forálacha an Achta leasaithe i bhfeidhm le seirbhísí ar fónamh sa dá theanga a chinntiú don phobal. Cuirim fáilte i gcónaí roimh cheistiúchán agus caibidil an chomhchoiste agus is gné ríthábhachtach de mo chuid oibre é cuntas a thabhairt ar obair na hoifige agus a bheith cuntasach maidir leis na feidhmeanna reachtúla a luaitear le m’oifig.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.