Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 30 November 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Tuarascálacha an Choimisinéara Teanga agus Cur Chun Cinn na Gaeilge sa tSeirbhís Phoiblí: Plé
Mr. R?n?n ? Domhnaill:
Táim beagán níos dóchasaí sa mhéid agus go bhfuil Acht nua ann. An cheist mhór domsa ná go dtabharfar feidhm don Acht nua chomh sciobtha agus is féidir. Tá trí bliana ann le feidhm a thabhairt do chuile ghné den Acht nua. An dualgas atá ormsa ná faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Achta. Beidh na forálacha éagsúla ag brath ormsa agus ar m'oifig faireachán cuí agus monatóireacht a dhéanamh ar an gcur i bhfeidhm. Beidh siad ag brath freisin ar na comhlachtaí poiblí ag cur na dualgais reachtúla atá orthu i bhfeidhm. An bealach le dul i ngleic leis sin, go bunúsach, ag deireadh an lae, ná trí chúrsaí earcaíochta. Sin an fáth go bhfuil an sprioc sin de 20% d'earcaithe nua chomh tábhachtach, chun go mbeadh earcaithe nua ag teacht isteach.
Maidir le líon na ngearán, is drocháit é domsa mar Choimisinéir Teanga go mbeadh orm dul ar ais ag daoine a dhéanann teagmháil linn, sé huaire as deich n-uaire, ag rá nach féidir liom an gearán atá acu a fhiosrú mar nach bhfuil dualgas reachtúil ann. Tarlaíonn sé in oifigí ombudsman agus oifigí géilliúlachta go minic go mbíonn rudaí nach bhfuil dualgas ann dóibh ach tá an figiúr 60% ag dul i méid ó thosaigh mé mar Choimisinéir Teanga. Tá sé ag méadú. Níl sé go maith. An imní a bheadh orm mar choimisinéir ná go mbeinnse ag gabháil leithscéal ar son an Stáit le daoine atá ag lorg seirbhísí trí Ghaeilge. Ní sin an ról ar cheart a bheadh agam. An ról ar cheart a bheadh agam ná go mbeadh an dualgas ann agus go mbeadh sé á fhiosrú. Bheinn ag súil go laghdódh sé sin go suntasach. Níl figiúr agam i mo chloigeann ach cinnte ba mhaith liom go mbeadh sé i bhfad faoi leath ar aon nós, de thoradh chóras na gcaighdeán. Ba chóir go mbeadh bunriachtanais leagtha síos a bheadh i bhfad níos leithne ná mar atá sna gealltanais teoranta agus na coinníollacha atá sna scéimeanna teanga. Mar shampla, faigheann muid go leor gearán faoi sheirbhísí idirghníomhacha faoi láthair, ar nós daoine ag iarraidh clárú le haghaidh tástáil tiomána, le haghaidh vacsaín nó rud éigin ar líne. Bheinn ag súil go mbeadh caighdeán leagtha síos a deir go gcaithfidh chuile sheirbhís idirghníomhach atá ag aon chomhlacht poiblí a bheith ar fáil i nGaeilge, nó rud éigin mar sin. Gheobhadh sé sin réidh le cuid de na gearáin nach féidir a fhiosrú faoi láthair. Dá mbeadh sé sin ag tarlú go ginearálta agus go córasach, ba cheart go gcuideodh sé chun an fhigiúir sin a thabhairt síos.
Ó thaobh an réamhobair do chomhlachtaí poiblí, bhí dhá bheart faoi leith anseo. Rinne muid cur i láthair do na comhlachtaí poiblí ar líne i rith an tsamhraidh faoin Acht nua go ginearálta, na forálacha nua, córas na gcaighdeán, an sprioc faoi earcaíocht, na dualgais ar fad nach bhfuil tagtha i bhfeidhm fós faoi lógónna, foirmeacha iarratais agus mar sin de, agus na nithe ar fad atá san Acht nua. D'éirigh go han-mhaith leis. Bhí os cionn 1,000 duine i láthair ar líne ó na comhlachtaí poiblí agus ó na Ranna Stáit agus d'fhreagair muid na ceisteanna a bhí acu. Bhí an dara ceann againn níos deireanaí sa bhliain, i Meán Fómhair, agus bhí níos mó cur is cúiteamh ag baint leis an gceann sin. Bhain sé sin go sonrach le cúrsaí fógraíochta. Seo an chéad fhoráil den Acht ó thaobh mo réimse oibre, atá tagtha i bhfeidhm, sé sin, an fhoráil seo faoin 20% d’fhógraíocht. Bhí go leor cur is cúiteamh le comhlachtaí poiblí faoi cén chaoi a n-oibreodh sé seo. Léirigh cuid acu imní an mbeadh sé ar a gcumas an 5% den bhuiséad fógraíochta a chaitheamh leis na meáin Ghaeilge. Dhírigh muid ar na ceisteanna sin ar fad agus thug muid soiléireacht dóibh faoi céard atá i gceist leis an bhforáil. D'fhreagair muid na ceisteanna ar fad an oiread agus a d’fhéadfadh muid. Tá an cur i láthair agus na ceisteanna ar fad ar ár suíomh gréasáin. Táimid ag obair faoi láthair ar chreatlach mhonatóireachta do na comhlachtaí poiblí, a bheidh ar líne, le go mbeidh siad in ann na fógraí a bhí acu i nGaeilge a líonadh isteach le taispeáint dúinn go bhfuil siad ag comhlíonadh na ndualgas atá orthu.
Ó thaobh na foirne, tá ár ndóthain foirne ag m'oifig faoi láthair leis an 12 duine agus an bheirt phríomhoifigeach nua. Tá beirt phríomhoifigeach cúnta nua ann. Tá príomhoifigeach cúnta eile imithe ar scor agus príomhoifigeach cúnta nua ina áit siúd. Tá súil agam go mbeidh duine eile sa bhreis ag teacht isteach mar ardoifigeach feidhmiúcháin go luath sa bhliain seo chugainn. An teachtaireacht atá agam don Roinn ná gur próiseas leanúnach a bheidh anseo ó thaobh fhoireann na hoifige. De réir mar atá na forálacha éagsúla ag teacht i bhfeidhm, teastóidh breis foirne le cinntiú go mbeidh muidne in ann faireachán ceart a dhéanamh orthu. An rud deireanach atá ag teastáil ná go dtiocfaidh leasuithe nua suntasacha i bhfeidhm a dhéanfaidh difear ach nach bhfuil sé ar ár gcumas iad a fhiosrú i gceart mar nach bhfuil ár ndóthain foirne againn. Bheinn ag tnúth in imeacht ama, sna trí bliana nó sa dhá bhliain go leith amach romhainn, nuair atá an tAcht ag teacht i bhfeidhm ina iomláine, go mbeadh méadú ar an bhfoireann amach anseo.
Titeann an dualgas faoi chúrsaí oideachais ar an gcoiste comhairleach, go leagfadh siadsan síos na spriocanna agus cén chaoi a mbainfear amach iad. Tá siad ag obair ar phlean do sholáthar seirbhísí Stáit trí Ghaeilge agus tógfaidh sé sin dhá bhliain. Ní fheicim aon fhianaise go bhfuil an córas ag dul i ngleic leis an bhfadhb ar aon bhealach suntasach faoi láthair ó thaobh cúrsaí earcaíochta. Níl méadú ollmhór ag teacht ar aon bhealach ar líon na bpost le riachtanais Ghaeilge nó líon na n-iarratas do dhaoine le Gaeilge. Bhí roinnt mhaith cruinnithe againn le comhlachtaí poiblí faoi seo le bliain anuas. Ceann de na rudaí a thagann chun cinn ó na comhlachtaí poiblí uaireanta ná go mbíonn deacrachtaí acu féin nuair a lorgaíonn siad daoine le Gaeilge a ndóthain iarratasóirí cáilithe le Gaeilge a fháil chun cur isteach ar na poist. Ceann de na bealaí a d'fhéadfaí dul i ngleic leis seo ná a chinntiú go bhfuil daoine ag teacht amach ó na hinstitiúidí ardoideachais tríú leibhéal atá oilte i nGaeilge agus sa riarachán poiblí, san eacnamaíocht, sa dlí, agus a leithéid sin, chun a bheith cinnte go bhfuil siad ar fáil. An chaoi é sin a dhéanamh ná cúrsaí nua a bhunú, trasna na n-institiúidí oideachais éagsúla, do riarachán poiblí, cúrsaí dlí agus cirt, cúrsaí eacnamaíochta agus an Ghaeilge. Faoin am a bheadh daoine tar éis an chúrsa sin a dhéanamh, bheadh siad oilte le beagnach post ar bith sa Státchóras nó sa tseirbhís phoiblí. An tsamhail a bheadh agam ná, in imeacht ama, go mbeadh 300 nó 400 duine ag teacht amach as na cúrsaí seo chuile bhliain le coinneáil suas leis an éileamh ar cheart a bheadh ann leis an 20% d'earcaithe nua a bhaint amach. Teastóidh go leor oibre agus cur chuige ach ní dóigh liom gur cheart fanacht rófhada le tabhairt faoi. Tógfaidh sé ar a laghad bliain nó dhá bhliain an cúrsa a bhunú agus d'fhéadfadh an cúrsa féin ceithre bliana a thógáil so ba cheart tosú láithreach le dul i ngleic leis an iarracht seo an sprioc 20% d'earcaithe nua a bhaint amach.
Is ceist mhór í na tuarascálacha do Thithe an Oireachtais. Nuair a bhím ag déanamh cur i láthair do ghrúpaí pobail agus daoine gur spéis leo an t-ábhar seo, ceann de na ceisteanna a thagann chugam go rialta ná céard a tharlaíonn mura gcuirtear i bhfeidhm na moltaí a dhéanaim, agus cén chumhacht atá agam i ndáiríre. Eascraíonn ceisteanna ó shin faoi ar cheart go mbeadh cumhacht ag an gCoimisinéir Teanga pionóis a ghearradh ar chomhlachtaí poiblí, mar shampla. Is ceist oscailte í sin agus b'fhéidir go mbeadh orainn filleadh uirthi amach anseo. An dearcadh atá agam go ginearálta faoi láthair ná gur cheart deis a thabhairt don Acht nua neadú agus leabú isteach agus deis a thabhairt dó seasamh ar a chosa féin, ach má fheictear dúinn go bhfuil fadhb chórasach ann ó thaobh na bhforálacha a chur i bhfeidhm, d'fhéadfadh go mbeadh orainn filleadh ar an gceist amach anseo. An rogha atá ann faoi láthair, mar a dúradh, ná an tuarascáil a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais. Tá obair mhór déanta ag an gcoiste leis na tuarascálacha atá déanta. Tá trí thuarascáil leagtha faoi bhráid na dTithe agamsa mar Choimisinéir Teanga agus bhí sé cinn romham ag Seán Ó Cuirreáin, an chéad choimisinéir. Bhain ceann de na trí cinn agamsa leis an Roinn Oideachais agus an painéal forlíonta do mhúinteoirí le Gaeilge chun a chinntiú go mbeadh Gaeilge ag múinteoirí atá ag teagasc i scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta. Ní déarfainn go bhfuil sé sin curtha ina cheart ina hiomláine go fóill ach tá sé ag feabhsú sa mhéid agus go bhfuil polasaí oideachais ann don Ghaeltacht anois. Tá an Roinn ag breathnú ar pholasaí oideachais nua agus tá sé fite fuaite leis sin.
Labhróidh mé faoin nGarda Síochána a bhí os comhair an choiste. Ní déarfainn go bhfuil mé mórán níos dóchasaí faoi cheist An Gharda Síochána, i ndáiríre. Chonaic mé na leasuithe rinneadh ar na riachtanais iontrála ó thaobh arduithe céime. Fáiltím roimh an polasaí don Ghaeilge atá acu - is maith é - ach, mar Choimisinéir Teanga, is fearr i bhfad reachtaíocht ná polasaí. Ba cheart go gcaithfí reachtaíocht a chur i bhfeidhm. Is é an rud atá feicthe agam ná lagú agus laghdú ar an dualgas reachtúil agus méadú ar an bpolasaí agus b'fhearr liomsa go mbeadh reachtaíocht i bhfad níos láidre ann, nó a bheadh ar an leibhéal iomlán cuí. B'fhearr liom i bhfad go gcuirfí an reachtaíocht atá ann i bhfeidhm sula n-iarrfaí ar aon pholasaí, i ndáiríre. Is í aidhm na reachtaíochta atá ann ná a chinntiú go bhfuil gardaí le Gaeilge ar a dtoil acu lonnaithe i stáisiúin sa Ghaeltacht.
No comments