Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 30 November 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Tuarascálacha an Choimisinéara Teanga agus Cur Chun Cinn na Gaeilge sa tSeirbhís Phoiblí: Plé
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source
Tá a fhios agam cad atá á rá ag an gcoimisinéir faoin gceist sin. Ní díreach ó thaobh na meánscolaíochta atá sé, i mo thuairim féin. Tá an Stát ag loic ar chearta oideachais trí Ghaeilge ag an mbunleibhéal, meánleibhéal agus ardleibhéal. Tuigim nach féidir cinneadh mar sin a dhéanamh mar choimisinéir go dtí go bhfuil an t-imscrúdú déanta ach mar a luadh, má tá beagnach 60% de na daltaí ag aistriú ó scolaíocht go hiomlán trí Ghaeilge chuig scoileanna Béarla, b’fhéidir go bhfuil fáth ann. Bhuail muid le roinnt dóibh siúd atá ag i mbun feachtais do bhreis Gaelcholáistí sa chathair seo. Níl fiú aonad sa chathair seo faoi láthair. Dá mbeadh aonad ann bheadh an Stát ag tabhairt faoi, óna thaobh féin de, oideachas trí Ghaeilge a chur ar fáil nó an t-éileamh atá ann a shásamh. Faoin am a bheidh cinneadh déanta nó aonad curtha sa siúl, beidh na daltaí seo imithe tríd an gcóras gan an deis acu leanúint trí Ghaeilge, agus iad tógtha le Gaeilge. Má tá aon duine amuigh ansin ag éisteacht linn agus gur mian leo gearán a dhéanamh, tá an coimisinéir sásta gearáin a fháil i gcónaí ó thaobh ceisteanna cearta Gaeilge. Molaim do dhaoine, má tá cás faoi leith acu i mBaile Átha Cliath nó aon áit eile sa tír ó thaobh scolaíochta de, dul i dteagmháil le hoifig an choimisinéara. Ansin b’fhéidir go bhféadfaí dianscrúdú a dhéanamh ar an gceist seo, atá ag déanamh tinnis do á lán daoine agus tuairim acu féin gur chóir go mbeadh an Stát ní hamháin ag sásamh an éilimh ach ag cothú éilimh. Sin ceist pholaitiúil.
Tá dhá nó trí cheist agam. Baineann ceann acu leis na pleananna forbartha contae. Tá na pleananna nua críochnaithe nó glactha faoin bpointe seo ach tá roinnt nach bhfuil. Níl a fhios agam ar cuireadh iad ar fad ar fáil. An bhfuiltear tar éis an chéatadáin a chur isteach sna pleananna forbartha contae a bhaineann le ceantair Ghaeltachta don chéad cúig bliana eile, nó an bhfuil aon athrú ar an bport a bhí acu?
Bhí na príomhfheidhmeannaigh ó na comhairlí contae os ár gcomhair tamall ó shin faoi cheist phleanála. Bhí soiléireacht ag lorg uathu ón Aire agus níl sí sin tagtha go fóill. Tá a fhios agam go raibh na comhairleoirí contae i roinnt ceantar ag cur moltaí chun cinn áfach. Níl siad ach díreach ag críochnú. B'fhéidir nach bhfuil siad tagtha os a gcomhair go fóill.
Is ceist í na treoirlínte don Aire, an Teachta Darragh O'Brien. Dúirt sé go mbeidís ann anuraidh agus i mbliana. Tá súil agam go mbeidh siad ann sula i bhfad chun cuidiú leo siúd atá ag iarraidh soiléireachta ó thaobh treoirlínte pleanála.
Fuair mé WhatsApp nó rud éigin le déanaí ó dhuine a bhfuair glaoch ón tSeirbhís Cúirteanna le bheith ar ghiúiré. Is cuimhin liom tamall de bhlianta ó shin mé féin ag déanamh gearáin léi nuair a fuair mé a leithéid. Ní bhaineann sé liom a thuilleadh ach tagann an litir fós. Rinneadh é a fhógairt an tseachtain seo go raibh bealach aici chun é seo a dhéanamh ar líne. Níl a fhios agam an bhfuil sé seo trí Ghaeilge nó trí Bhéarla ach tá na comharthaí ag teacht isteach i mBéarla. B’fhéidir go bhféadtar an dá rud sin a fhiosrú mura bhfuil sé déanta ag an gcoimisinéir roimhe sin.
No comments