Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 30 November 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Tuarascálacha an Choimisinéara Teanga agus Cur Chun Cinn na Gaeilge sa tSeirbhís Phoiblí: Plé
Mr. R?n?n ? Domhnaill:
Ó thaobh chúrsaí pleanála, níor tháinig na pleananna forbartha contae faoi mo bhráid. Déarfaidh mé rud éigin faoi sin go ginearálta. Tiocfaidh athrú air seo leis an bhforáil nua ach ní féidir liom faireachán a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla. Tagann na pleananna forbartha contae faoin Acht um Pleanáil agus Forbairt. Is féidir gearán a fhiosrú áfach. Tá roinnt gearán agus imscrúduithe faoi chúrsaí pleanála déanta cheana. Rinneadh imscrúdú i limistéar Chomhairle Contae Chiarraí i mBaile an Fheirtéaraigh faoi eastáit tithíochta ann agus ceann eile i nGaeltacht na Mí. Go bunúsach, sa dá áit, léiríodh nach raibh an coinníoll teanga a bhí leagtha síos á chur i bhfeidhm mar ba chóir.
Ó thaobh na treoirlínte, chuideodh sé go mór dá mbeadh na treoirlínte sin foilsithe agus dá mbeadh stádas reachtúil acu sin. Tá go leor éiginnteachta in áiteanna faoin dualgas atá ann go cinnte. Má tá dualgas faoin Acht um Pleanáil agus Forbairt an Ghaeilge a chosaint i limistéar Gaeltachta, tá dualgas faoin Acht tithíochta tithe sóisialta a dháileadh agus tá an dá rud ag teacht salach ar a chéile go beagáin. Ba cheart treoirlínte soiléir a leagan síos, le stádas reachtúil, a chuideodh liom i mo chuid dualgas.
Ó thaobh an ghiúiré, bhí Órla de Búrca ag déileáil le roinnt gearán a tháinig chun cinn faoi sin. Tá foráil san Acht nua le teacht i bhfeidhm an bhliain seo chugainn a chinnteoidh go gcaithfidh sé a bheith i nGaeilge chomh maith nua a ghlaoitear ar dhuine teacht mar ghiúiré. Scríobh mé ag an Aire Dlí agus Cirt a bhí ann ag am, Frances Fitzgerald, faoi seo ag rá go raibh rud éigin mí cheart go raibh sé seo ag tarlú. Is maith liom go bhfuil sé sa reachtaíocht nua. San am i láthair, is é an rud atá ag tarlú go ginearálta ná go bhfuil sé ag teacht amach i mBéarla amháin chuig daoine. Níl sé sin sásúil. Nuair a dhéantar iarratas ina dhiaidh sin, faightear i nGaeilge é ach tá sé seo feicthe againn arís agus arís eile le cur chuige an Stáit. Gheofar i mBéarla é ar dtús agus má theastaíonn sé ón duine i nGaeilge, caithfidh sé nó sí é a lorg agus b’fhéidir go bhfaighfear é. Níl an cur chuige sin maith a dhóthain ar chur ar bith.
No comments