Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 16 November 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Páipéar T2 Ghaeilge na Sraithe Sóisearaí: Plé

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Caithfidh mé roinnt nótaí a léamh amach ar dtús. Tá leithscéal faighte againn ón Seanadóir Rónán Mullen. Cuirim in iúl do na finnéithe atá anseo go dtagann Teachtaí agus Seanadóirí isteach agus amach de ghnáth. Leanfaidh an cruinniú seo ar aghaidh go dtí 4.30 p.m., más gá. Ní dóigh liom go mbeidh gá leis sin ach ní bheadh a fhios agat. Cuirim fearadh na fáilte roimh na comhaltaí atá anseo. Tá an Seanadóir Kyne ar líne. Tá cead ag finnéithe agus comhaltaí freastal ar an gcruinniú go fíorúil nó ón seomra.

Cuirim fearadh na fáilte roimh cathaoirleach an Ghréasáin do Mhúinteoirí Gaeilge, Shane Ó Coinn; ball do choiste náisiúnta an ghréasáin, Claire Ní Mharcaigh; agus oifigeach na Gaeilge d'Aontas Daltaí Iar-Bhunscoile na hÉireann, Gráinne Ní Ailín.

Tá na múinteoirí Gaeilge a leanas linn: Eimear Kilrane ó Choláiste Ráth Tó i gContae na Mí; Tríona Geraghty ó Choláiste Ríse i gCathair na Mart i gContae Mhaigh Eo; agus Seaghan Mac Cormaic ó Phobalscoil Naomh Cillian i mBré i gContae Chill Mhantáin.

Táimid ag plé leis an ábhar páipéar T2 Ghaeilge na sraithe sóisearaí i mbliana agus amach anseo. Tá dualgas orm na rialachas agus na treoracha seo a leanas a chur faoi bhráid na finnéithe agus na comhaltaí atá ag freastal ar an gcruinniú seo, mar is gnách.

Meabhraím do chomhaltaí, d’fhinnéithe agus do bhaill fhoirne a chinntiú go bhfuil a ngutháin shoghluaiste múchta le linn an chruinnithe mar gur féidir leis na gléasanna sin cur as do chóras craolacháin, eagarthóireachta agus fuaime Thithe an Oireachtais. Tá an rogha ag comhaltaí freastal ar an gcruinniú go fisiciúil sa seomra coiste nó go fíorúil ar Microsoft Teams, ar an gcoinníoll i gcás cruinnithe phoiblí gur óna n-oifigí i dTithe an Oireachtais a dhéantar sin. Is riachtanas bunreachtúil é seo. Má tá siad á dhéanamh seo, ba chóir an físeán a bheith ar siúl an t-am go léir agus iad le feiceáil ar an scáileán. Baineann an coinníoll seo le finnéithe freisin ach inniu tá gach duine ag freastal go fisiciúil. Meabhraím dóibh a chinntiú go bhfuil a micreafóin múchta nuair nach bhfuil siad ag labhairt.

Cuirim ar aird na bhfinnéithe go bhfuil siad, de bhua Bhunreacht na hÉireann agus reachtaíochta araon, faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don chomhchoiste chomh fada agus atá siad lonnaithe laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais agus an fhianaise sin á tabhairt acu. Molaim d’fhinnéithe a bheith cúramach agus fianaise á tabhairt acu. Má ordaíonn an comhchoiste dóibh éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe, ba chóir dóibh déanamh amhlaidh láithreach. Ordaítear dóibh gan aon fhianaise a thabhairt nach fianaise í a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí atá á bplé ag an gcomhchoiste. Ba chóir dóibh a bheith ar an eolas go ndéanfar na ráitis tosaigh a chuir siad faoi bhráid an chomhchoiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe seo.

Fiafraítear d’fhinnéithe agus de chomhaltaí araon cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine nó eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh ná tuairimí a thabhairt maidir leo ina ainm, ina hainm nó ina n-ainmneacha nó ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Chomh maith leis sin, fiafraítear díobh gan aon rud a rá a d’fhéadfaí breathnú air mar ábhar díobhálach do dhea-chlú aon duine nó eintiteas. Mar sin, dá bhféadfadh a ráitis a bheith clúmhillteach do dhuine nó eintiteas aitheanta, ordófar do na finnéithe éirí as na ráitis sin láithreach. Tá sé ríthábhachtach go ngéillfidh siad leis an ordú sin láithreach.

Cuirfimid tús leis ár mbreathnú ar ábhar an chruinnithe. Iarraim ar Shane Ó Coinn, cathaoirleach an Gréasáin do Mhúinteoirí Gaeilge, tús a chur leis lena ráiteas tosaigh.

Mr. Shane ? Coinn:

Gabhaim buíochas leis an gcoiste as an deis a thabhairt dúinn teacht i láthair anseo inniu le labhairt leis. Fáiltíonn an gréasán roimh an deis seo aitheasc a thabhairt do Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge ar an ábhar páipéar T2 Ghaeilge na sraithe sóisearaí i mbliana agus amach anseo. Is cumann ábhair é an Gréasán do Mhúinteoirí Gaeilge, nó an gréasán, atá aitheanta ag an Roinn Oideachais agus ag Líonraí Proifisiúnta Múinteoirí, TPN. Feidhmíonn sé mar an eagras ionadaíoch oifigiúil do mhúinteoirí iar-bhunscoile na Gaeilge agus cuireann sé forbairt inghairme agus tacaíocht ar fáil do mhúinteoirí Gaeilge. Aithníonn an gréasán an imní agus an bhuairt atá ar dhaltaí agus ar mhúinteoirí mar gheall ar scrúduithe T2 Gaeilge na sraithe sóisearaí. San aitheasc seo déanfaimid plé ar roinnt de na cúiseanna taobh thiar den bhuairt shuntasach seo. Ní mór a aithint freisin go bhfuil múinteoirí i ndiaidh labhairt amach go mion minic maidir leis na fadhbanna móra a bhaineann le sonraíochtaí Gaeilge na sraithe sóisearaí ar bhonn ginearálta le tamall de bhlianta anuas chomh maith, agus creidimid go mba chóir go ndéanfaí athruithe suntasacha ar na sonraíochtaí, ar na measúnuithe agus ar na scrúduithe amach anseo le foghlaim agus múineadh na Gaeilge a threisiú.

Tosóidh mé le scrúduithe Gaeilge T2 na sraithe sóisearaí 2022. Seo míniú ar roinnt de na fadhbanna a bhain le scrúduithe Gaeilge T2 na sraithe sóisearaí i mbliana. Tosóidh mé leis an scéim marcála agus iomlán na marcanna don scrúdpháipéar. Bhí scéim marcála dhifriúil i bhfeidhm do scrúdpháipéir Coimisiún na Scrúduithe Stáit 2022 ón méid a bhí luaite sna páipéir shamplacha. Bhí líon na marcanna a bhí ag dul do na scileanna teanga éagsúla difriúil ón méid a bhí luaite sa bpáipéar samplach. Thug daltaí suntas dó seo ag tús an scrúdaithe agus bhí sé soiléir dóibh nach raibh scrúdpháipéar 2022 ag teacht leis an méid a bhí feicthe acu ar an bpáipéar samplach T2 ardleibhéal nó ar an bpáipéar samplach T2 gnáthleibhéal agus iad ag ullmhú don scrúdú sa seomra ranga faoi stiúir a gcuid múinteoirí.

Tagraím don scéim marcála agus líon na marcanna i gcás na gceisteanna éagsúla. Cé go luaitear líon na marcanna do gach ceist ag barr na ceiste, ní mór na marcanna a lua taobh le gach focheist. Ós rud é nach bhfuil gach ceist ar chomh-mharc, tá treoir de dhíth ar daltaí maidir le líon na marcanna ionas go n-éireoidh leo iad féin a chruthú go maith ar an lá. Tagraím do na scrúdpháipéir agus leagan amach na bpáipéar. Ní raibh scrúdpháipéar T2 ardleibhéal 2022 nó scrúdpháipéar T2 gnáthleibhéal ag teacht le leagan amach na bpáipéar a fuarthas ó Choimisiún na Scrúduithe Stáit. Ní bhfuarthas ach páipéar samplach amháin do T2 ardleibhéal agus do T2 gnáthleibhéal. Ní leor é seo mar threoir. Chuir a leithéid mearbhall ar daltaí ós rud é nach raibh leagan amach na gceisteanna ná ábhar na gceisteanna ag teacht leis an méid a bhí á cleachtadh acu ar scoil.

Bogfaidh mé ar aghaidh go dtí an páipéar T2 gnáthleibhéal. I gcuid de na ceisteanna, níor aimsigh Coimisiún na Scrúduithe Stáit an réimse teanga a bhí oiriúnach do na daltaí a bhí ag tabhairt faoin leibhéal seo. Bhí an teanga i gcuid de na ceisteanna ródhúshlánach do na daltaí. Bhí ceisteanna eile ann, agus ní raibh an cineál stíl ceiste sin feicthe nó cleachtaithe ag na daltaí riamh roimhe agus bhain sé seo misneach de na daltaí ar lá an scrúdaithe. Ní mór a chur san áireamh gur daltaí T2 atá i gceist anseo, agus go bhfuil sé fíorthábhachtach go dtuigfidh an spriocghrúpa daltaí an tasc atá le comhlíonadh acu. Níl a leithéid de cheist ach ag cur isteach ar fholláin an dalta, rud atá ceaptha a bheith ag croílár na sraithe sóisearaí. Anuas air sin, níl ach dhá leibhéal ar fáil anois agus táimid den tuairim go ndearnadh dearmad ar na daltaí is laige a bhíodh ag tabhairt faoin mbonnleibhéal sa teastas sóisearach. Tá na daltaí seo fós inár scoileanna agus bheadh go leor deacrachtaí ag na daltaí is laige an páipéar seo a láimhseáil mar is ceart. Níl sé ar chumas na ndaltaí seo páipéar mar seo a dhéanamh ó thús go deireadh.

Bogfaidh mé ar aghaidh go dtí an páipéar T2 ardleibhéal. I gcuid de na ceisteanna, níor aimsigh Coimisiún na Scrúduithe Stáit an réimse teanga a bhí oiriúnach do na daltaí a bhí ag tabhairt faoin leibhéal seo. Arís bhí an teanga i gcuid de na ceisteanna ródhúshlánach do na daltaí agus bhí tascanna ann nach raibh oiriúnach do dhaltaí T2. Níor cuireadh roinnt ceisteanna ar fáil a bhí indéanta ag na scoláirí seo ón méid a bhí cleachtaithe acu sa seomra ranga, bunaithe ar na páipéir shamplacha freisin. Bhí neart ceisteanna nua, cinn nach raibh ar aon dul leis na cinn a bhí ar an bpáipéar samplach, le feiceáil ar an bpáipéar T2 ardleibhéal 2022 ó Choimisiún na Scrúduithe Stáit. Bhí neart ceisteanna ann agus ní raibh an cineál stíl ceiste sin feicthe nó cleachtaithe ag na daltaí riamh roimhe. Ní mór a chur san áireamh gur daltaí T2 atá i gceist anseo, agus go bhfuil sé de thábhacht go dtuigfidh an spriocghrúpa daltaí an tasc atá le comhlíonadh acu. Ní raibh an staid seo féaráilte ar na daltaí agus bhain sé seo misneach de na daltaí ar lá an scrúdaithe. Bhí, tá agus beidh a leithéid de staid ag cur isteach ar fholláin an dalta, rud atá ceaptha a bheith ag croílár na sraithe sóisearaí. Amach anseo, beidh faitíos ar go leor de ghnáthscoileanna T2 do staid na Gaeilge agus an mbeidh sé ar chumas go leor de na daltaí tabhairt faoi phaipéar T2 ardleibhéal má bhíonn an caighdeán chomh dúshlánach seo.

Anuas ar chuile rud eile bhí paindéim sa tír le dhá bhliain anuas agus bhí rudaí thar a bheith dúshlánach do scoláirí a bhí ag tabhairt faoin tsraith shóisearach don chéad uair le trí bliana anuas. Cuireadh an scrúdú seo ar fáil ag leibhéal a bhí ródhúshlánach dóibh agus nach gcuideoidh lena bhféinmhuinín le tabhairt faoi phaipéar ardteistiméireachta ardleibhéal amach anseo. Do go leor de na scoláirí seo, dar leis an bhfógra a rinne an tAire Oideachais le déanaí, beidh orthu tabhairt faoi phaipéar 1 sa chúigiú bliain don chéad uair freisin in 2024, rud a bhainfidh dá misneach ar eagla go mbeadh sé sin ar an gcaoi chéanna, sprioc atá ródhúshlánach dá gcumas ag an aois seo agus ag an leibhéal seo.

Ba mhaith liom amharc ar chúrsaí ama anois.

Is deacair cúrsaí ama a bhainistiú lena leithéid de pháipéar scrúdaithe nuair nach eol do na daltaí cé chomh fada is a cheart dá gcuid freagraí a bheith nó an chaoi mar a bhronnfaí na marcanna - bunaithe ar ábhar, stór focal, cruinneas nó mar sin de.

Tá easpa roghanna ann. Ba cheart rogha a bheith ar an scrúdpháipéar, seachas gach uile cheist a bheith éigeantach. Thabharfadh tuilleadh roghanna ar an scrúdpháipéar an deis aitheantas a thabhairt don obair ranga ar fad a bhí idir lámha ag daltaí sa dara bliain agus sa tríú bliain.

Ó thaobh cúrsaí litríochta de, tá cúrsa leathan litríochta le clúdach thar thréimhse dhá bhliain chun daltaí a ullmhú don scrúdú. Rinneadh faillí orthu nuair nach raibh ceist ann ar gach cuid den litríocht. B’fhearr roghanna a bheith ann ar lá an scrúdaithe agus ceisteanna a bheith ar an scrúdpháipéar dírithe ar gach gné den litríocht. Ar a bharr sin, creidimid gur cheart líon na dtéacsanna atá le staidéar a laghdú go suntasach.

Is léir ó na ceisteanna ar fad nach bhfuil a dhóthain feola ar na cnámha maidir le torthaí foghlama. Ní leor torthaí foghlama amháin ach oiread mar threoir do scrúdú seachtrach. Ní mór eolas a chur ar fáil ar an ábhar, na téamaí, na topaicí, agus na seánraí scríbhneoireachta. Níl sé soiléir cá bhfuil ár dtriail nó céard ba cheart dúinn a chlúdach ionas go mbeidh gach scoláire réidh le tabhairt faoi aon cheist.

Ba cheart leabhrán de pháipéir shamplacha agus scéimeanna marcála a chur ar fáil do dhaltaí ag tús an dara bliain, curtha i dtoll a chéile ag Coimisiún na Scrúduithe Stáit. Ba chóir go mbeadh aon chineál stíl ceiste a d’fhéadfadh teacht aníos ar an bpáipéar clúdaithe anseo ionas nach dtiocfadh aon cheist aniar aduaidh ar aon dalta.

Ba cheart aitheantas a thabhairt do na scileanna teanga i bhfoirm scrúdú cainte oifigiúil don Ghaeilge don tsraith shóisearach. Ní mór go mbeadh céatadán de na marcanna ó scrúdú béil ag dul i dtreo an mhairc deiridh. Ní leor na scileanna seo a mheas i bhfoirm measúnú rangbhunaithe, MRB, amháin. Ní luíonn sé le réasún gan aitheantas a thabhairt do chumas labhartha na ndaltaí. Is teanga í an Ghaeilge agus mar a deir an seanfhocal, “Is beatha teanga í a labhairt”.

Maidir le hoiriúnacht an scrúdaithe seo do dhaltaí T2, d’fhág roinnt mhaith daltaí an scrúdú seo agus iad in ísle brí agus mearbhall orthu. Ba cheart go mbeadh sé mar aidhm ag an gcóras measúnachta spéis agus muinín sa Ghaeilge a chothú agus daoine óga a chumasú le bheith in ann an teanga a úsáid, seachas lagmhisneach a chur orthu agus muinín agus suim sa Ghaeilge a chreimeadh.

Ba cheart go mbeadh na treoracha sna ceisteanna intuigthe agus go mbeadh daltaí ábalta iad a láimhseáil. Ba cheart go mbeadh na tascanna suimiúil agus spreagúil agus ba cheart go mbainfidís le saol agus le suimeanna na ndaltaí, agus nach mbeadh na tascanna saorga nó áiféiseach.

Ba cheart féachaint go mion arís ar na sainriachtanais atá ag an dalta T2 ó thaobh foghlaim teanga de, agus sonraíochtaí agus measúnuithe a fhorbairt a fhreastalaíonn i gceart ar na sainriachtanais sin. Ní mór tascanna a chumadh ag leibhéal atá réadúil don spriocghrúpa daltaí seo atá ag foghlaim na Gaeilge mar dara teanga. Ní mór dúinn an deis a thapú leis na fadhbanna seo uile a chur ina gceart anois. Ní mór dúinn teacht ar an mbealach ceart le foghlaim agus múineadh na Gaeilge a threisiú. Ní mór éisteacht leis na buarthaí shuntasacha atá léirithe ag múinteoirí agus ag na geallsealbhóirí eile agus oibriú le chéile le hathruithe suntasacha a dhéanamh ar an gcóras reatha, le córas d’ardchaighdeán do mhúineadh na Gaeilge a chruthú a chothóidh an chéad ghlúin eile de chainteoirí líofa muiníneacha.

Ms Gr?inne N? Ail?n:

Is mór an onóir é a bheith anseo inniu chun plé a dhéanamh ar pháipéar T2 Ghaeilge na sraithe sóisearaí i mbliana agus amach anseo. Is mise oifigeach na Gaeilge d’Aontas Daltaí Iar-Bhunscoile na hÉireann. Feidhmíonn Aontas Daltaí Iar-bhunscoile na hÉireann, ADIÉ, ar son dhaltaí iar-bhunscoile na tíre. Tacaíonn ADIÉ le comhairlí na ndaltaí i scoileanna tríd acmhainní agus seirbhísí a chur ar fáil dóibh le daonlathas na ndaltaí a chaomhnú agus a fhorbairt. Is fóram daonlathach é ADIÉ a bhfuil sé mar aidhm aige daltaí a chur i lár an aonaigh maidir le saincheisteanna oideachais a bhaineann leo. Tuigeann ADIÉ an tábhacht a bhaineann leis an nGaeilge. Cuirimid acmhainní agus áiseanna ar fáil as Gaeilge do dhaltaí iar-bhunscoile na hÉireann. Ba mhaith linn go mbeadh an Ghaeilge insroichte agus in úsáid ag gach duine i gcónaí.

Aithníonn ADIÉ an obair atá ar siúl ag an Roinn Oideachais agus an Rialtas leis an nGaeilge a chaomhnú agus a spreagadh ach tuigeann ADIÉ na fadhbanna a bhíonn ag daltaí dara leibhéal maidir leis an nGaeilge sa chóras oideachais faoi láthair. Tá an tsraith shóisearach i bhfad níos tábhachtaí ná mar a cheaptar agus tuigeann ADIÉ an tábhacht a bhaineann leis mar scrúdú ann féin. Déantar forbairt ar scileanna scríofa, cainte agus léitheoireachta an dalta agus faigheann an dalta taithí scrúduithe, obair agus féin-bhainistiú don ardteistiméireacht agus don ghnáthshaol. Creideann ADIÉ go bhfuil géarghá le gaol idir curaclam agus scrúdú deiridh na sraithe sóisearaí Gaeilge T2 agus scrúdú na hardteistiméireachta.

Freastalaíonn níos mó ná 95% de dhaltaí dara leibhéal ar mheánscoileanna T2 agus níl formhór de na scoileanna seo lonnaithe i gceantair Ghaeltachta. Níl an deis chéanna ag na daltaí seo forbairt a dhéanamh ar a gcuid scileanna léitheoireachta, éisteachta agus scríbhneoireachta taobh amuigh den seomra ranga agus atá ag na daltaí T1. Caithfear é seo a chur san áireamh sa churaclam agus i scrúdú T2 Ghaeilge na sraithe sóisearaí. Nuair a chríochnaíonn na daltaí seo an tsraith shóisearach agus nuair a thosaíonn siad sa chúigiú bliain, beidh siad ag foghlaim na n-ábhar céanna agus ag tabhairt faoin ardteistiméireacht chéanna is atá na daltaí a rinne an tsraith shóisearach T1. Is gá go mbeadh caighdeán Gaeilge dhaltaí T2 mar an gcéanna nó beagnach mar an gcéanna le caighdeán Gaeilge dhaltaí T1 chun tabhairt faoin scrúdú ar bhonn chothrom agus chun go mbeadh an deis chéanna acu marcanna arda a bhaint amach san ardteistiméireacht agus tairbhe iomlán a bhaint amach as an gcóras oideachais.

Tá scileanna cainte agus éisteachta an-tábhachtach nuair atá aon teanga á foghlaim. Tá mé féin anseo inniu ag caint agus ag éisteacht ach tá deis níos mó agam forbairt a dhéanamh ar mo scileanna cainte agus éisteachta ar scoil. Freastalaím ar Ghaelcholáiste T1 agus táim in ann cluas éisteachta a thabhairt ar Ghaeilge mo mhúinteoirí agus mo chomh-dhaltaí, agus ar Ghaeilge mo mhuintir nuair a théim abhaile ón scoil. Níl an deis chéanna ag formhór de dhaltaí T2. Dár le ADIÉ, ní tharlaíonn an fhorbairt seo nuair atá an iomarca béim ar an litríocht agus ar an scríobh agus nuair nach bhfuil mórán béim ar scileanna cainte, éisteachta agus labhartha sa siollabas agus scrúdú T2. Is iad scileanna cainte agus éisteachta bunús aon teanga ach ní dhéantar aon mheasúnú ar an gcaint agus ní dhéantar a lán measúnú ar scileanna éisteachta sa tsraith shóisearach. Tá scileanna éisteachta agus cainte dhaltaí T2 thar a bheith tábhachtach agus is gá go ndéantar a lán cleachtadh agus oibre chun forbairt a dhéanamh ar na scileanna seo. Molann ADIÉ go mbainfí leas as an bhfráma tagartha comónta Eorpach chun é seo a bhaint amach.

“Tús maith leath na hoibre” a deir an seanfhocal ach ní raibh daltaí na sraithe sóisearaí 2022 in ann mórán cleachtadh a dhéanamh chun iad féin a ullmhú don scrúdú. Níor foilsíodh ach páipéar samplach oifigiúil amháin agus mar gheall ar shrianta Covid-19 ní raibh daltaí in ann cleachtadh a dhéanamh ar iarpháipéir scrúduithe. Ní raibh daltaí in ann iad féin a ullmhú don scrúdú. Bhí níos mó ceisteanna ar an bpáipéar samplach agus bhí níos lú marcanna ag dul don chluastuiscint. Ní raibh deis chothrom ag na daltaí seo iad féin a ullmhú don scrúdú nó marcanna arda a bhaint amach. Tuigeann ADIÉ go bhfuil an tsraith shóisearach nua agus go raibh deacrachtaí ann le Covid-19 ach is gá taighde á dhéanamh ar chaighdeán Gaeilge na ndaltaí tar éis na sraithe sóisearaí T2 nua ionas go mbeimid cinnte go bhfuil bunús na teanga acu agus iad ag tabhairt faoin ardteistiméireacht.

Tá ADIÉ an-bhuartha faoin méadú suntasach atá tagtha ar líon na ndíolúintí Ghaeilge agus táimid buartha go méadóidh an ráta seo leis an gcóras atá i bhfeidhm faoi láthair. Creideann ADIÉ má bhronntar díolúine teanga ar dhalta nár chóir go mbeadh ar a chumas tabhairt faoi aon teanga eile ach oiread. Tá ADIÉ den tuairim go laghdódh líon na ndíolúintí ón nGaeilge dá mbeadh cúrsa agus páipéar T2 Ghaeilge na sraithe sóisearaí bunaithe ar fhráma comónta tagartha na hEorpa.

Creideann ADIÉ go bhfuil sé riachtanach go bhfreastalaíonn an córas oideachais ar dhaltaí dara leibhéal na hÉireann uile go cothrom agus an Ghaeilge á foghlaim acu. Is gá athbhreithniú a dhéanamh ar chúrsa agus ar pháipéar T2 Ghaeilge na sraithe sóisearaí ionas go mbeidh foghlaim na Gaeilge leanúnach agus comhsheasmhach. Gabhaim buíochas leis an gcoiste as ucht an deis seo a thabhairt dom. Tá mé lánsásta forbairt a dhéanamh ar na pointí atá luaite agam.

Ms Eimear Kilrane:

Gabhaim buíochas leis an gcoiste as an deis a thabhairt dom labhairt leis ar an ábhar seo inniu. Is múinteoir mé i gColáiste Ráth Tó i gContae na Mí, le taithí de bheagnach 20 bliain ag múineadh na Gaeilge. Tá mé ag labhairt leis an gcoiste inniu thar ceann fhoireann na Gaeilge i mo scoil féin, ach freisin thar ceann múinteoirí Gaeilge ar fud na tíre, atá lagmhisneach orthu ag an bpointe seo maidir leis an nGaeilge sa tsraith shóisearach. Is i scoil T2 atáim ag múineadh agus is sa chomhthéacs sin atá an taithí mhúinteoireachta agamsa. Táimid ag labhairt mar gheall ar an míshástacht, an brú agus an imní atá ar scoláirí agus múinteoirí, inár scoil féin agus i scoileanna ar fud na tíre mar gheall ar staid na Gaeilge sa tsraith shóisearach. Tá an bhuairt seo ag fás ó 2017 nuair a tháinig an tsonraíocht nua ar an bhfód agus is in olcas atá an scéal ag dul ó shin, faraor. Cuireadh ár ndaltaí faoi scrúdú go foirmeálta don chéad uair sa tsraith shóisearach ar an 9 Meitheamh 2022. Tháinig daltaí ag an ardleibhéal agus ag an ngnáthleibhéal araon amach as an scrúdú an lá sin agus mearbhall iomlán orthu faoi roinnt de na ceisteanna, faoi struchtúr agus foclaíocht an pháipéir agus faoin gcaighdeán mí-réalaíoch Gaeilge a bhí de dhíth ar iarrthóirí.

Bhí míshástacht iomlán sa scoil agus i scoileanna trasna na tíre leis na páipéir agus bhí roinnt daltaí go hiomlán trína chéile fúthu.

Mar mhúinteoirí Gaeilge, tá díomá an domhain orainn leis an scéal uile ag an bpointe seo. Táimid bréan de bheith ag gearán faoi na rudaí céanna, na gearáin chéanna atá déanta ag múinteoirí agus foirne Gaeilge ó 2017 agus ó 2019 ach go háirithe nuair a tháinig an scrúdú samplach amach. Tá misneach caillte againn sa chóras faraor, mar is léir nach bhfuil aon duine ag éisteacht leis na múinteoirí ar an talamh, sna scoileanna, faoi na fadhbanna agus an strus atá an tsonraíocht agus páipéir scrúdaithe cosúil leis seo ag cruthú do dhaltaí sa tríú bliain.

Ba mhaith liom achoimre a thabhairt ar na cúiseanna atá taobh thiar den strus sin, dar linn, agus ar roinnt de na moltaí atá againn ina dtaobh. Ar dtús, maidir le páipéar 1, ní raibh aon duine in ann aon treoir shoiléir a thabhairt do mhúinteoirí nó daltaí maidir le cad a bheadh ar an bpáipéar; an leagan amach a bheadh ann, an méid ceisteanna agus stíl na gceisteanna sin. Ní raibh ach páipéar samplach amháin tugtha dúinn, thar thréimhse de chúig bliana agus is rud é sin atá dochreidte ann féin. Chruthaigh an páipéar sin raic in 2019 mar bhí sé go hiomlán mí-oiriúnach, mar gheall ar an gcaighdeán, fad, ábhar, foclaíocht agus struchtúr a bhí i gceist leis.

Ní hé go bhfuilimid ag iarraidh go mbeimid in ann an páipéar a thuar go hiomlán, nó nach mbeadh dúshlán ag baint leis. Chruthaigh an éiginnteacht iomlán a bhí ann timpeall ar an scrúdú strus, buairt agus brú, fiú sular shiúil na daltaí isteach sa halla scrúdaithe ar an lá. Samhlaigh a leithéid de rud a dhéanamh do dhaoine fásta, is é sin, iad a chur faoi scrúdú ach gan an t-eolas cuí a thabhairt dóibh faoin sórt measúnaithe a bheadh i gceist. Ní tharlódh sé, mar ní sheasfadh daoine fásta dá leithéid. Níl an dara rogha ag na daoine óga seo. Molaimid go mbeadh cinnteacht éigin agus treoir níos soiléire tugtha do mhúinteoirí agus daltaí na tíre maidir leis an scrúdú deiridh ionas go mbeidh siad in ann a bheith muiníneach as a bhfoghlaim agus a gcumas.

Is í an fhadhb is mó atá taobh thiar den éiginnteacht seo, mar a fheictear dúinn é, ná an tsonraíocht féin. Níl aon rud ann mar threoir ach torthaí foghlama gan sonrú. Níl ábhar, téama nó topaic ar bith luaite. Níl seánraí scríbhneoireachta ainmnithe in aon áit nó aon rud a thugann le fios do mhúinteoirí agus scoláirí cad atá le baint amach acu. Tá na torthaí foghlama róchasta, rótheibí agus róleathan agus tá i bhfad an iomarca torthaí ann. Níos tábhachtaí fós, ní leor na torthaí foghlama leo féin. D’fhéadfadh múinteoir aon topaic a dhéanamh chun na torthaí foghlama a bhaint amach ach ag an am céanna ní gá dóibh topaic ar bith a chlúdach leis na daltaí, mar nach bhfuil aon rud ainmnithe go sonrach taobh amuigh den litríocht ainmnithe.

Conas is féidir leis an measúnú a bheith chomh sonrach sin mar sin, ag lorg eolais shainiúil faoi ábhair ar leith? Mar shampla, níl rud ar bith sa tsonraíocht a deir linn gur cheart staidéar a dhéanamh ar an timpeallacht agus athrú aeráide ach ansin bhí dalta ceaptha is a bheith in ann giota a scríobh bunaithe ar agóid a bhain le hathrú aeráide. Níl aon rud a thugann le fios gur cheart do dhaltaí staidéar a dhéanamh ar an téarmaíocht a bhaineann leis na meáin shóisialta ach bhí orthu aiste ghairid a scríobh ar straoiseog a úsáideann siad go minic. Bheadh deacrachtaí againn féin aiste mar sin a scríobh, i nGaeilge nó i mBéarla, fiú dá mbeadh aon duine ann sásta a leithéid de sheafóid a léamh.

I ndáiríre, d’fhéadfaidís ceist a chur ar an bpáipéar ar aon topaic faoin spéir agus tá múinteoirí agus daltaí faoi bhrú ag tabhairt buile faoi thuairim faoin sórt topaice a bheidh ar an bpáipéar, nó buartha nach dtuigfidh siad na ceisteanna ar chor ar bith. Ní chruthaíonn an t-amhras seo rud ar bith ach strus agus imní ag am ina bhfuilimid in ainm is a bheith ag díriú ar fholláine na ndaltaí. Molaimid go láidir go bhfuil athbhreithniú déanta ar líon na dtorthaí foghlama, agus an fhoclaíocht atá in úsáid, nach bhfuil in oiriúint do dhaltaí ag an aois seo. Chomh maith leis sin, tá sé riachtanach go bhfuil treoir shoiléir tugtha maidir le téamaí, ábhair, topaicí agus seánraí scríbhneoireachta ar cheart do dhaltaí cleachtadh a dhéanamh orthu.

Ó thaobh caighdeáin de, tá bearna mhór idir an caighdeán atá ag daltaí den aois seo i scoileanna T2 ar fud na tíre, agus an caighdeán a bheadh de dhíth orthu chun na ceisteanna atá luaite thús a fhreagairt. Léim an caighdeán seo thar oíche in 2019 leis an bpáipéar scrúdaithe samplaí agus ní raibh páipéar 2022 pioc níos oiriúnaí. Chun an fhírinne a rá, tá an caighdeán os ár gcomhair sa rang níos laige ná riamh mar gheall ar na deacrachtaí sa tír le Covid-19 le dhá bhliain anuas, le tréimhsí dianghlasála srl.

Tá an rud céanna fíor don ghnáthleibhéal freisin gan amhras ar bith. Bíonn roinnt de na daltaí seo ag streachailt leis an nGaeilge amach is amach, deacrachtaí acu abairtí iomlána simplí a chur le chéile ar na topaicí is bunúsaí. Sin í an fhírinne. Níl bonnleibhéal ann a thuilleadh agus tá ar dhaltaí a bheadh ar an leibhéal seo cúpla bliain ó shin aghaidh a thabhairt ar an ngnáthleibhéal anois. Sa pháipéar sa samhradh, iarradh ar na daltaí seo ríomhphost a scríobh chuig Greta Thunberg, ag déanamh cur síos ar na hiarrachtaí atá á ndéanamh le fadhb an bhruscair a réiteach ina gceantar féin. Bheadh deacrachtaí ag lucht na hardteistiméireachta leis an gceist chéanna. Níl sé oiriúnach don leibhéal seo in aon scoil in aon chor. Bhí fadhbanna eile ag an dá leibhéal le foclaíocht agus leagan amach na gceisteanna, ceisteanna a bhain le scileanna gabhchumais measctha le ceisteanna bunaithe ar scileanna ginchumais. Níor thuig roinnt mhaith daltaí cad a bhí orthu a dhéanamh agus d’fhág siad freagraí iomlána glan. Níl sé cothrom agus ní chruthaíonn sé faic ach fuath don teanga agus imní faoin ábhar sna daltaí atá ag dul isteach sa chúigiú bliain. Molaimid go láidir go bhfuil athbhreithniú déanta ar seo agus caighdeán atá in oiriúint do dhaltaí ag an aois agus an cumas seo a bheith na páipéir scrúdaithe.

Maidir le litríocht, tá sé ráite cheana ach níl aon rud athraithe. Tá i bhfad an iomarca litríochta le déanamh ag daltaí den aois agus den chumas seo. Níl an cumas acu léamh neamhspleách a dhéanamh ar théacsanna sa bhaile. Caithfimid, mar mhúinteoirí, gach focal a léamh leo sa rang, rud a thógann i bhfad an iomarca ama sa rang, ach go háirithe nuair atá úrscéal agus dráma le léamh acu, chomh maith le gearrscéalta, dánta agus amhráin. Dúradh linn ar dtús gur cheart go mbeadh an litríocht ann mar spreagadh sa rang amháin, ach is léir ón bpáipéar 2019 agus 2022 nach leor é sin.

Tá anailís chriticiúil le déanamh ag daltaí ar na téacsanna agus níl an cumas sin ag a bhformhór, gan barraíocht ama a chaitheamh air sa rang. Chaitheamar mí iomlán nach mór agus dráma idir lámha againn, ach nuair a shiúil daltaí isteach sa scrúdú ní raibh ceist ar bith ar dhráma ar an bpáipéar. Molaimid go mbeadh gearradh siar ar an litríocht ainmnithe; rogha a bheith ann idir úrscéal agus dráma a léamh; líon na ndánta agus na n-amhrán atá le déanamh a laghdú agus gearrscannáin a bheith ann mar rogha do dhaltaí freisin. Níor cheart go mbeadh staidéar ar an litríocht ann mar chuid den chúrsa don ghnáthleibhéal ar chor ar bith, dar linn. Níl sé oiriúnach.

Is í an fhadhb is mó a fheicimid leis an measúnú ar an tsraith shóisearach i ndáiríre ná nach ndéanann Coimisiún na Scrúduithe Stáit measúnú ar bith ar an labhairt. Tá an scrúdú béil a bhí ann, arbh fhiú 40% é, a rinne ár ndaltaí agus a thug féinmhuinín dóibh sa chaint, imithe agus anois níl a scileanna cainte á mheas mar chuid den ghrád deireanach ar chor ar bith. Tá sé fíor go ndéanann gach dalta, mar chuid den mheasúnú rangbhunaithe, MRB, an tasc cumarsáideach ach ní leor é sin. Tá áit ann, agus bhí i gcónaí, don chur i láthair ranga. Is é sin atá i gceist leis an MRB ach ní ionann sin agus scrúdú béil ceart foirmeálta a dhéanamh ar chor ar bith. Is tasc scríofa é an tasc measúnuithe a bheidh le déanamh bunaithe ar an MRB agus níl fiúntas ag baint leis. Gan scrúdú béil chirt, ní chuireann daltaí béim ar an scil sin mar tugann an córas le fios dóibh nach bhfuil sé tábhachtach go leor measúnú a dhéanamh air. Níl sé sásúil agus ní ullmhaíonn sé daltaí don ardteistiméireacht in aon chor. Is é an moladh is mó atá againn inniu ná go dtabharfar ar ais scrúdú béil don tsraith shóisearach arbh fhiú 40% den mharc deiridh.

Tá sé deacair a bheith dóchasach faoi láthair faoi chúrsaí Gaeilge sa tsraith shóisearach. Tá líon na ndaltaí inár scoil atá ag iarraidh tabhairt faoin ngnáthleibhéal in ionad an ardleibhéal sa tsraith shóisearach níos airde ná riamh, mar gheall ar an mbrú a chuireann an caighdeán míréalaíoch sa scrúdú deiridh orthu. Tá múinteoirí áirithe atá imithe ar scor go luath a ndúirt go bhfanfaidís ag múineadh cúpla bliain eile ach go ndearna na fadhbanna sa tsraith shóisearach nua an cinneadh dóibh.

Tá múinteoirí eile atá ag lorg níos mó uaireanta ag múineadh a n-ábhar eile agus níos lú ama sa Ghaeilge. Ní fhéadfaimis ar fad a bheith mícheart anseo. Tá géarchéim ann cheana féin maidir le heaspa múinteoirí Gaeilge agus ní chabhróidh sé seo. Má tá misneach agus muinín caillte ag na múinteoirí agus an méid sin frustrachais orthu faoi staid na Gaeilge sa tsraith shóisearach, cén seans atá ann do na daltaí? Tá éagóir á dhéanamh ar na daltaí ag an leibhéal seo. Níl sé ceart ná cóir agus beidh tionchar diúltach fadtéarmach aige. Tá an damáiste atá déanta ag an tsonraíocht agus an measúnú seo soiléir cheana féin sna scoileanna. Tá géarghá ann athbhreithniú a dhéanamh ar an tsonraíocht Ghaeilge T2, ach go háirithe ar an measúnú sa tsraith shóisearach, láithreach.

Ms Tr?ona Geraghty:

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach, na Seanadóirí, na Teachtaí Dála agus na daoine uaisle as ucht cuireadh a thabhairt dom labhairt anseo inniu. Is múinteoir Gaeilge agus Fraincise mé le breis is 23 bliain. Tá mé ag múineadh i gColáiste Rís, Cathair na Mart, Contae Mhaigh Eo. Is údar agus comhúdar Gaeilge mé freisin. Scríobh mé an leabhar Less Stress More Successdon ardteistiméireacht, ardleibhéal agus chomhscríobh mé na leabhair Mol An Óige 1, Mol an Óige 2agus Mol an Óige 3don tsraith shóisearach nua chomh maith le Samhlaíochtagus Spreagadhdon ardteistiméireacht ar an ngnáthleibhéal agus ar an ardleibhéal le Caitríona Ní Shúilleabháin.

I mí an Mheithimh seo caite, scríobh mé agus comh-mhúinteoir liom, Máire Mhic Pháidín, litir chuig mo Theachta Dála áitiúil, an Teachta Ring, chuig an Aire Oideachais, an Teachta Foley, agus chuig Coimisiún na Scrúduithe Stáit. Ansin roinn mé an litir ar an leathanach Facebook "Múinteoirí Gaeilge ag roinnt acmhainní, cabhrach, agus smaointe". Sa litir sin chuir mé in iúl mo chuid smaointe agus na cúiseanna imní a raibh orm mar gheall ar scrúdú 2022 na sraithe sóisearaí Gaeilge i scoileanna T2, agus, ar ndóigh, siollabas nó sonraíocht na sraithe sóisearaí. Gan eisceacht, tacaíonn gach múinteoir Gaeilge a rinne teagmháil liom ó shin i leith le mo chuid tuairimí.

Ar an gcéad dul síos, dar linn nach bhfuil sonraíocht na sraithe sóisearaí in oiriúint do chumas na ndaltaí. Tá an iomarca litríochta le staidéar ag daltaí agus cuireann sé seo brú millteanach orthu. Ansin, sa chéad scrúdú Gaeilge ó foilsíodh an tsonraíocht nua, i mí an Mheithimh seo caite, iarradh ar dhaltaí ceisteanna a bhí i bhfad os cionn a gcumas a fhreagairt ar an bpáipéar ardleibhéil. Sa cheist fhilíochta, mar shampla, iarradh orthu ligean orthu gur léigh siad an dán ag ócáid speisialta nó aithris filíochta. Ansin, bhí orthu cur síos a dhéanamh ar an ócáid agus an fáth a raibh téama an dáin oiriúnach don ócáid sin. Iarraim ar an gcoiste cé mhéad déagóirí a mbeadh cur amach acu ar aithris filíochta? Bheadh an cheist sin deacair do dhuine le céim sa Ghaeilge a fhreagairt.

Iarradh orthu iad féin a chur i ról carachtair ón úrscéal agus ceisteanna casta a fhreagairt agus iad sa ról sin. Is dóigh liom, ar an iomlán, go mbeadh na ceisteanna sin an-deacair dúinne a dhéanamh as Béarla. Bhí sé deacair agus do-dhéanta do roinnt daltaí na ceisteanna féin a thuiscint fiú, toisc iad a bheith chomh casta sin. Is scil faoi leith í an anailís chriticiúil nó critical analysis. Tógann sé an-chuid ama ar dhaltaí an scil sin a fhoghlaim agus a fhorbairt sa Bhéarla. Tá sé dochreidte go bhfuilimid ag iarraidh ar dhaltaí atá 15 bliain d'aois, nó mar sin de, é a dhéanamh sa Ghaeilge. Tugaigí faoi deara nach mbíonn a leithéid de cheist ann i dteangacha eile ar nós na Fraincise agus na Gearmáinise.

Ag caint ar an gcluastuiscint, cloiseann na daltaí na giotaí cluastuisceana trí huaire sna teangacha iasachta nua aimseartha le deis a thabhairt dóibh na freagraí a scríobh isteach. Sa Ghaeilge, áfach, cloistear na píosaí faoi dhó. Cosúil leis na teangacha sin, is dara teanga í an Ghaeilge do na daltaí i scoileanna T2. Labhraíonn na daltaí seo Béarla sa bhaile. An freagra a fuaireamar ó oifig an Aire agus ó Choimisiún na Scrúduithe Stáit ar an ábhar seo ná go bhfoghlaimíonn na daltaí Gaeilge sa bhunscoil, neamhchosúil leis na teangacha eile. Is cuma faoi sin, áfach. Bíonn an-chuid deacrachtaí ag daltaí na Gaeilge i ngach seomra ranga leis na canúintí éagsúla. I mo sheomra ranga féin, go rímhinic iarrann daltaí orm an giota a sheinm an tríú huair. Is ábhar é seo a phléifear lá eile ach is fiú tagairt a dhéanamh don bhearna ollmhór a bhíonn ann idir an Ghaeilge a mhúintear sa bhunscoil agus Gaeilge na sraithe sóisearaí. Is minic a bhaintear geit as daltaí le caighdeán na Gaeilge nuair a théann siad isteach sa mheánscoil.

Anuas air sin, níl aon scrúdú cainte le déanamh ag daltaí na sraithe sóisearaí. Tugtar 100% de na marcanna ar thascanna scríofa. É sin ráite, mar ba chóir dó a bheith, tugtar 40% de na marcanna ar labhairt na Gaeilge san ardteistiméireacht. Níl nasc ar bith idir an dá scrúdú. Fiú seachtain ó shin, chuala mé dalta i mo scoil ag rá go bhfuil Gaeilge na hardteistiméireachta níos éasca ná Gaeilge na sraithe sóisearaí toisc nach mbíonn an neamh-shoiléireacht chéanna i gceist i siollabas na hardteistiméireachta.

Bhí sé dodhéanta d’aon mhúinteoir Gaeilge i mbliana daltaí na tríú bliana a ullmhú do chuid de na tascanna scríofa. Tógaimis mar shampla an páipéar gnáthleibhéil. Mar a dúirt Eimear Kilrane, iarradh ar na daltaí seo ríomhphost a scríobh chuig Greta Thunberg faoi fhadhb an bhruscair ina gceantair. Tá sé an-tábhachtach go dtuigeann an coiste nach bhfuil bonnleibhéal ann a thuilleadh do na daltaí laga agus go raibh orthusan an cheist sin a fhreagairt. Arís, deirim go mbeadh an cheist sin deacair do dhalta ardteistiméireachta ag an ardleibhéal. Ag an ardleibhéal, bhí orthu cur síos ar an straoiseog nó emoji ab fhearr leo agus na fáthanna a dhéanann siad an straoiseog sin a scríobh. Chomh maith leis sin, iarradh orthu píosa a scríobh faoin athrú aeráide. Samhlaígí na ceisteanna sin a fhreagairt as Béarla ar an spota agus is daoine fásta muid. Cuireann an easpa soiléireachta agus intuarthachta a bhaineann leis an bpáipéar scrúdaithe anois strus agus imní ar dhaltaí agus ar a dtuismitheoirí. Cuimhnígí, a chairde, go bhfuil seantaithí ag cuid de na tuismitheoirí céanna ar an teastas sóisearach Gaeilge a bhí ann agus nár bhain na fadhbanna thuas leis an scrúdú sin. Táimid imithe i dtreo nua ar fad leis an scrúdú nua agus táim buartha go mbeidh dearcadh níos diúltaí i leith na Gaeilge dá bharr.

Tagraím do mhéid na gceisteanna. Ar an bpáipéar scrúdaithe Gaeilge don tsraith shóisearach Gaeilge, iarrtar ar dhaltaí ag an ardleibhéal 15 ceist a fhreagairt, agus 11 ceist ag an ngnáthleibhéal, taobh istigh de dhá uair an chloig. Roimhe seo ag an ardleibhéal, bhí dhá pháipéar Gaeilge ann. Anois, taobh istigh de pháipéar amháin a mhaireann dhá uair an chloig, tá níos mó scileanna le cruthú ag daltaí. Ní hionadh ar bith é gur tháinig daltaí amach ón scrúdú i mbliana ag caoineadh.

Tagraím do na laethanta traenála nó junior cycle training. D’fhreastail múinteoirí ar fud na tíre ar laethanta oiliúna don tsraith shóisearach Gaeilge le blianta beaga anuas. Is í an chúis is mó ghearáin atá againn maidir leis na laethanta sin ná nár tugadh treoir ar bith dúinn ar an bpáipéar scrúdaithe, cé gurbh é sin an rud ba mhó a theastaigh uainn. Dúradh linn nach raibh baint ar bith ag áisitheoirí na gcúrsaí traenála le Coimisiún na Scrúduithe Stáit agus chaitheamar laethanta fada ag caint ar thorthaí foghlama agus ar mheasúnaithe rangbhunaithe. Tugaim nóta don choiste faoi seo. Ní bhíonn ceist ar cheachtar díobh sin ar an bpáipéar scrúdaithe. Fuaireamar páipéar samplach amháin ó Choimisiún na Scrúduithe Stáit ón mbliain 2019. Is í sin an t-aon tuairim agus treoir a tugadh dúinn roimh an scrúdú. Conas is féidir le múinteoirí a bheith fonnmhar agus muiníneach faoi mhúineadh na Gaeilge leis an easpa treorach agus cinnteachta atá ann anois maidir leis an scrúdú Gaeilge?

Níl aon amhras ach go bhfuil cuid de na hathruithe a cuireadh i bhfeidhm sa Ghaeilge sa tsraith shóisearach nua díobhálach d’fhoghlaim agus do mhúineadh na Gaeilge i scoileanna T2 ar fud na tíre. Tá sé soiléir dúinn go léir má bhíonn íomhá dhiúltach ar an nGaeilge ag an leibhéal sóisearach go mbeidh laghdú ar líon na ndaltaí a dhéanfaidh Gaeilge ag an ardleibhéal, ní hamháin don tsraith shóisearach ach san ardteistiméireacht chomh maith. Má leanann cúrsaí mar atá, feicfidh na coláistí Gaeilge laghdú sna huimhreacha a bheidh ag freastal ar na cúrsaí Gaeilge i rith an tsamhraidh gan mhoill. Tá méid na gcéimithe Gaeilge ag laghdú cheana féin agus mar is eol dúinn go léir, bíonn sé an-deacair ar phríomhoidí teacht ar mhúinteoirí Gaeilge. An dteastaíonn uainn an scéal sin a dhéanamh níos measa?

Ná déanaimis dearmad gurb iad ár ndaltaí féin na híobartaigh is mó maidir leis na cúrsaí atá luaite agam. Ar an 9 Meitheamh seo caite, tháinig cuid mhaith daltaí amach ón scrúdú Gaeilge agus iad faoi strus mór. Tá níos mó béime ná mar a bhí riamh ar an bhfolláine i scoileanna, ach fós féin tá an brú sin á chur againn ar dhaltaí. Ní chreidimid mar mhúinteoirí gurb iad na múinteoirí a sheasann i seomraí ranga Gaeilge gach aon lá a dhéanann cuid de na cinntí is tábhachtaí maidir leis an scrúdú Gaeilge. Táimid sásta faoi chuid mhaith den obair atá le déanamh againn do Ghaeilge na sraithe sóisearaí agus ní theastaíonn ó aon duine a bheith iomlán diúltach faoi. An t-aon éileamh atá againn anseo, áfach, ná go n-éistfear linn maidir lenár gcuid tuairimí agus cúiseanna imní, mar tá múinteoirí ar fud na tíre ag cur a gcuid tuairimí in iúl le fada agus an cluas bodhar á tabhairt dóibh. Ba mhaith linn mar mhúinteoirí a bheith muiníneach agus paiseanta faoinár gcuid oibre agus an grá atá againn don Ghaeilge a roinnt lenár gcuid daltaí.

Mr. Seaghan Mac Cormaic:

Is mór agam an deis seo a bheith agam aitheasc a thabhairt don choiste ar an ábhar tábhachtach seo, páipéar nua T2 Gaeilge na sraithe sóisearaí. Is múinteoir Gaeilge mé, is i meánscoil DEIS atá mé ag múineadh agus is scoil T2 é. Tá mé ansin le 16 bliain agus tá taithí maith agam ag múineadh gach leibhéal de Ghaeilge, don teastas sóisearach agus don ardteistiméireacht.

Ó scaoileadh an páipéar samplach T2 nua in 2019, tá an oiread sin suaitheadh agus imní léirithe ag gach páirtí leasmhar. Is é sin múinteoirí, daltaí agus tuismitheoirí.

Ní hamháin go bhfuil díomá an domhain orainn leis an tsonraíocht nua ach, níos measa fós, mothaíonn múinteoirí go láidir go bhfuil damáiste gan chuimse á dhéanamh do shláinte theanga na Gaeilge. Mar an gcéanna le mo chomhghleacaithe anseo, creidim go mba chóir go ndéanfaí athruithe suntasacha ar na sonraíochtaí, ar na measúnuithe agus ar na scrúduithe agus go ndéanfaí na hathruithe sin go práinneach. Tá mise ar aon intinn ar fad leis na pointí atá leagtha amach ag mo chomhmhúinteoirí anseo. Déanann siad uilig léiriú ar fheabhas ar na lochtanna ceannann céanna a fheicim féin sna cúrsaí seo. Tá an-tábhacht go deo go dtugtar aird nach beag ar gach aon léargas atá tugtha acu don choiste inniu.

Leis sin ráite agus chun athrá a sheachaint, ní dhéanfaidh mé fócas ach ar dhá ghné shonrach den chúrsa nua sin. Is iad an dá ghné shonrach sin ná conas a théann an tsonraíocht nua i bhfeidhm ar scoileanna DEIS; agus an t-easnamh is mó atá ann, is é sin, an easpa measúnuithe ar an Ghaeilge labhartha. Tosóidh mé le scoileanna DEIS.

Bhíodh i gcónaí éileamh ar scrúduithe bonnleibhéal do roinnt daltaí DEIS. Anois agus an bonnleibhéal imithe agus na scoláirí céanna seo ag déanamh an scrúdaithe ghnáthleibhéal, caithfear freastal ceart a dhéanamh ar chumas agus sainriachtanais na ndaltaí sin. Is rud é sin nach ndéantar anois, mar a leag mo chomhghleacaithe anseo amach. Tá an scrúdú gnáthleibhéal ródhúshlánach dóibh. I mbeagán focal, caithfidh scoláirí laga a bheith in ann éirí leo sa scrúdú seo chomh maith. Tá sé sin an-tábhachtach.

I dteannta le gnáthleibhéal, tá an t-ardleibhéal fíorthábhachtach i scoileanna DEIS. Chuige sin, impím ar an choiste arís eile aird chúramach a thabhairt ar na pointí a luadh cheana ag na múinteoirí eile. Níor mhaith liom dul tríd gach pointe arís toisc go bhfuil siad déanta, ach táimid ar aon intinn fúthu. Feictear dúinn sna scoileanna DEIS, leis na lochtanna ar fad ar an chúrsa teastas sóisearaigh nua seo, go mbuailtear go trom misneach agus muinín ár gcuid scoláirí.

Maidir le muinín, mar ab eol do na baill féin, tá a sciar féin de lagmhisneach agus de dhroch-mhuinín ag daltaí scoileanna DEIS. Ní chuidíonn an cúrsa nua seo leo sa réimse seo ar chor ar bith. Ag baint le muinín arís, téama atá iontach tábhachtach do dhéagóirí ó thaobh an dúshláin a bhaineann leis an teastas sóisearach nua seo, bíonn an costas ar chúrsaí samhraidh sa Ghaeltacht thar a n-acmhainn ar fad do theaghlaigh scoileanna DEIS. Is iad na cúrsaí seo a thugann cumas iontach agus féinmhuinín sa Ghaeilge do dhaoine óga. Mar gheall ar an chostas, ó thaobh na Gaeilge de, tá misneach agus muinín na ndaltaí DEIS buailte arís. Níl iontu ach daoine óga.

Maidir leis na moltaí atá agam chun réiteach a fháil air seo, molaim go mbeidh na páipéir scrúdaithe faoi chumas réadúil na ndaltaí ag an ghnáthleibhéal agus ag an ardleibhéal. Molaim go mbeidh na ceisteanna intuigthe agus go mbeidh topaicí praiticiúla leagtha amach ar féidir leis na daltaí díriú orthu, mar shampla, rudaí simplí mar chaitheamh aimsire, laethanta saoire, mo cheantar agus an teicneolaíocht. Ní hé sin an cás faoi láthair. Molaim go mbeidh litríocht ina cuid i bhfad níos lú den tsonraíocht agus den mheasúnú mar ní bhaineann na daltaí sult as barraíocht den litríocht. Molaim go mbeidh scrúdú ar chaighdeán labhartha na Gaeilge mar chuid shuntasach den mheasúnú, b’fhéidir 40%, maraon leis an ardteistiméireacht, nó níos airde fiú. Molaim freisin go gcuirfí maoiniú ar fáil do dhaltaí DEIS chun freastal ar chúrsaí samhraidh sa Ghaeltacht chun cuidiú lena muinín sa Ghaeilge agus, go sonrach, lena muinín i labhairt na Gaeilge.

Bogfaidh mé ar aghaidh go dtí an dara rud gur mhaith liom a phlé. Cé go bhfuil sé pléite cheana féin, ba mhaith liom rud éigin a lua faoin easpa measúnaithe ar an Ghaeilge labhartha. Mar a luadh, is é an easpa measúnaithe ar an Ghaeilge labhartha an locht is mó gan dabht ar an tsonraíocht agus an scrúdú nua seo. Ó thaobh na ndaltaí de, bíonn mo chuid daltaí féin á gcur in iúl liom go rí-shoiléir agus go minic cé chomh tuirseach agus atá siad den ualach iomarcach litríochta ar an chúrsa. Deir siad nach bhfuil siad ag iarraidh ach a bheith ag foghlaim conas an Ghaeilge a labhairt. Tá an t-am teoranta agus tógann na ceisteanna litríochta agus na ceisteanna scríofa eile an t-uafás ama. Go dtí go ndéanfaimid, mar mhúinteoirí, ár ndícheall chun labhairt na Gaeilge a chleachtadh leo agus a mhúineadh dóibh agus tacaíocht a thabhairt dóibh ina leith, táimid uilig ag breathnú ar an scrúdú céanna gan measúnú ar bith ar an Ghaeilge labhartha. Is trua é sin. Ní dhéantar an oiread sin agus ba cheart. Léiríonn tuismitheoirí liom go minic agus go paiseanta a míshásamh féin faoin easpa measúnú ar an Ghaeilge labhartha. Cloisim sin sna cruinnithe múinteoirí-tuismitheoirí. Tá an Ghaeilge labhartha luaite mar chuid den MRB, ach tá an ghné labhartha san MRB praiticiúil suarach toisc nach n-áirítear sa ghrád deiridh an píosa labhartha. Ní thugann daltaí mórán aird air agus ní dhéantar mórán dul chun cinn ina gcuid scileanna labhartha. Tríd is tríd, is ar éigean a thagann labhairt na Gaeilge faoi mheasúnú an teastas shóisearaigh nua seo agus is scannal amach is amach é sin.

Ba mhaith liom breathnú ar an éifeacht a mbíonn ag labhairt na Gaeilge ar na ranganna. Spreagann labhairt na Gaeilge spraoi sna ranganna. Baineann daltaí a lán spraoi as cleachtadh labhartha agus bíonn atmaisféar i bhfad níos fearr sna seomraí ranga leis. Chomh tábhachtach céanna, spreagann Gaeilge labhartha suim, creideamh agus muinín sna daltaí. Mothaíonn siad toradh a gcuid iarrachtaí agus baineann siad sásamh mór as sin.

Mar is léir óna bhfuil ráite agam, is i labhairt na Gaeilge a gcreideann múinteoirí, daltaí agus tuismitheoirí go príomha níos mó ná gach gné eile den teanga. Níl sa tsonraíocht agus scrúdú seo ach faillí sa mhéid sin. Ar fhéachaint dúinn ar an tsonraíocht, tá sé le feiceáil go soiléir.

Tá moltaí agam arís. Gabhaim buíochas leis na baill as an éisteacht seo. Chun réiteach a fháil ar an easnamh ollmhór seo, molaim go mbeidh measúnú ceart ar chaighdeán labhartha na Gaeilge sa teastas sóisearach nua, T2, gurbh fhiú céatadán suntasach den ghrád é: 40% nó níos mó a mholfainn féin. Molaim go mbeidh topaicí áirithe praiticiúla leagtha amach sa tsonraíocht, mar shampla, mo theaghlach, mo scoil, teicneolaíocht agus rudaí praiticiúla laethúla eile. Molaim go mbeidh a fhios ag na daltaí roimh ré cén struchtúr a bheas ar na ceisteanna, go mbeidh na ceisteanna réasúnta agus réadúil agus go mbeidh daltaí laga in ann éirí leo chomh maith ann. Molaim freisin go mbeidh scrúdú labhartha difriúil ann do ghnáthleibhéal agus d’ardleibhéal, cé nach n-aontaíonn gach duine liom air seo. Tá sé sin faoi dhíospóireacht idir múinteoirí. Molaim go reáchtálfaí an córas scrúduithe labhartha seo le scrúdaitheoirí seachtracha ar bhonn cosúil leis an gceann do bhéaltrialacha ardteistiméireachta sa dóigh is nach mbeidh múinteoirí ag scrúdú a gcuid daltaí féin.

Tá an pointe deireanach seo fíorthábhachtach chun go mbeidh an scrúdú bailí. Sa seanchóras, bhí múinteoirí ag scrúdú a gcuid daltaí don teastas sóisearach agus ní raibh sé sin go maith. Mholfainn go dtraenálfaí scrúdaitheoirí chuige go caighdeán maith; go gcuirfí maoiniú ar fáil chun an córas seo a chur i bhfeidhm agus go gcruthófar scrúdú labhartha atá suimiúil agus spreagúil. B’fhéidir go dtógfadh sé inspioráid ó scrúduithe labhartha sna teangacha eile. B’fhéidir go gcuirfí fócas ar na hábhair a bhfuil an tsuim is mó ag na daltaí iontu. D’fhéadfaí measúnú a dhéanamh ar chumas na ndaltaí ceisteanna a chur chomh maith le ceisteanna a fhreagairt. Mholfainn go mbeadh an scrúdú spreagúil agus suimiúil do na daltaí. Mholfainn go smaoineofar ar bhealaí cruthaitheacha chun go mbeadh go leor scrúdaitheoirí ann. Tuigim gur deacracht é sin ó am go chéile. Gabhaim mo bhuíochas mór leis an gcomhchoiste agus cuirim mo mheas domhain in iúl dó as an deis thábhachtach seo cás na Gaeilge sa teastas sóisearach a phlé.

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis na finnéithe as na cuir i láthair agus na moltaí ach go háirithe. Tá sé soiléir gur fágadh daltaí agus múinteoirí gan eolas ná treoir agus go raibh an-imní orthu tabhairt faoin scrúdú sin dá bharr. Tá réimse maith moltaí curtha chun cinn ag cuid acu. Luadh dráma nó úrscéal agus an scrúdú béil chomh maith. An bhfuil moltaí faoi leith ag na mic léinn? Luaigh na finnéithe cúpla ábhar faoi leith ach an bhfuil moltaí faoi leith faoi athruithe gur mhaith leo a fheiceáil sa chóras?

Tá an-chuid tagartha don scrúdú béil. Tá suim faoi leith agam mar gheall ar na daltaí is laige. An dóigh leo go gcabhródh an scrúdú béil go háirithe leo sin nó an mbeadh aon bhuntáiste ann do na daltaí sin? An leor scrúdú béil a thabhairt isteach nó an mbeadh athruithe eile ag teastáil chun plé leis na riachtanais ansin?

Is dócha gur cheist dheacair í seo: an bhfuil aon rud dearfach faoin gcóras? Má tá moltaí faoi leith le bheith curtha i bhfeidhm agus má theastaíonn ó na finnéithe iad a thabhairt isteach, an bhfuil aon rud a dteastaíonn uathu é a choimeád? An bhfuil rudaí dearfacha ann?

Ms Tr?ona Geraghty:

Freagróidh mé an chéad cheist. Cabhróidh scrúdú cainte go mór le daltaí laga mar is iondúil go mbíonn deacrachtaí acu le scríobh na Gaeilge. Chuirfeadh sé sin spraoi sa teanga. Baineann siad taitneamh as na rudaí sin, fiú ag an ardteistiméireacht.

Ní theastaíonn uaim a bheith iomlán diúltach faoin gcóras. Tá cuid de na hábhair litríochta ar an gcúrsa an-deas. Níl gearán ar bith againn fúthu sin. Is é an t-aon rud amháin ná nach mbíonn rogha idir na píosaí. Tá i bhfad an iomarca le staidéar acu. Ní bhíonn aon rogha ag na daltaí agus chomh maith le sin, tá easpa soiléireachta ann. Is féidir úrscéal iomlán a léamh leis na daltaí, staidéar a dhéanamh ar na téamaí agus na carachtair agus nuair a théann siad isteach sa scrúdú, is rud iomlán difriúil a bhíonn ar an bpáipéar. Iarradh ar dhaltaí na bliana seo iad féin a chur i ról carachtair. Tá an rud dearfach agus an rud diúltach ann.

Ms Claire N? Mharcaigh:

Baineann an cheist seo leis an bpobal ar fad sa tír seo. Tá todhchaí na Gaeilge i gceist anseo. Is í an cheist a bheadh agam ná: cá bhfuil ár dtriail? Céard í an fhís atá ag an bpobal don teanga? Céard atá ón bpobal go mbeadh ag na scoláirí agus iad ag fágáil na scoile? Mar mhúinteoir le 30 bliain de thaithí ag an bpointe seo, ba mhaith liom go mbeidís ag fágáil na scoile agus iad in ann an Ghaeilge a labhairt agus sásta an méid Ghaeilge atá acu a úsáid nuair atá an comhthéacs acu. Nílimid ag baint na físe sin amach. Más í sin an fhís atá againn, ba chóir go mbeimis in ann í a bhaint amach ar bhealach éigin seachas an staid atá ag an nGaeilge i láthair na huaire.

Is í an cheist a bhíonn ag na scoláirí ar fad ná cén fáth go ndéanfaidís an Ghaeilge mar ábhar. Deir siad nach bhfuil siad chun an Ghaeilge a úsáid amach anseo agus nach bhfuil aon mhaitheas sa Ghaeilge. Má fheiceann siad an Ghaeilge mar theanga bheo sa tír, b’fhéidir go mbeidh níos mó measa acu ar an teanga agus go mbeidís sásta í a dhéanamh mar ábhar, ach caithfidh an cúrsa a bheith in oiriúint chun é sin a bhaint amach. Leis an gcaoi a bhfuil sé, táthar ag cur tairne i gcónra na Gaeilge mar tá an caighdeán atá amuigh ansin i bhfad ródhúshlánach dóibh. Deir daltaí liom go bhfuil siad ag iarraidh gnáthleibhéal a dhéanamh mar go bhfuil an caighdeán sin i bhfad ródheacair agus b’fhearr leo a gcuid ama a chaitheamh ar mhata. Bhí an troid sin againn i gcónaí idir Ghaeilge ardleibhéil agus mata ardleibhéil. Ba mhaith liom go mbeadh plé air sin áit éigin. Cad atá ón bpobal ó thaobh na Gaeilge amach anseo?

Ms Gr?inne N? Ail?n:

Is í an fhadhb is mó dar linn ná an easpa measúnaithe ar scileanna labhartha. Tá a fhios againn go bhfuil MRB2 bunaithe ar an gcaint agus is caint réamhchumaithe atá ann chun an fhírinne a rá. Ba bhreá linn dá mbeadh níos lú béime ar an litríocht agus an scríobh agus níos mó béime ar scileanna cainte agus éisteachta. Tá na scileanna sin an-tábhachtach. Tá na daltaí seo ag teacht ón mbunscoil agus tá siad ag tabhairt faoin sraith shóisearach ionas go mbeidís in ann tabhairt faoin ardteistiméireacht. Is gá go mbeadh an gaol sin ann. Gabhann 40% den ardteistiméireacht leis an gcaint. Níl aon chleachtadh i gcomhair cainte sa tsraith shóisearach agus ansin san ardteistiméireacht bíonn orthu sraith phictiúr agus a leithéid a fhoghlaim don bhéaltriail. Bhí tagairt déanta agam don fhráma comónta tagartha Eorpach agus is í an bhrí leis an bhfráma sin ná go mbeadh measúnú déanta ar an gcaint, ar an scríobh agus ar an éisteacht, go mbeadh an gaol idir an tsraith shóisearach agus an ardteistiméireacht leanúnach agus seasmhach, agus go mbeadh deis ag na daltaí forbairt leanúnach a dhéanamh ar a gcuid scileanna cainte, léitheoireachta agus scríofa.

Tá aithne agam ar a lán daltaí atá ag freastal ar scoileanna T1 agus tá mo chairde ina measc. Ní bheidís sásta ná compordach comhrá a bheith acu liom as Gaeilge. Tá aithne agam ar a lán daoine atá ag freastal ar scoil T1 agus deir siad gur bhreá leo an Ghaeilge a labhairt agus a bheith in ann comhrá deas Gaeilge a bheith acu. Níl siad in ann é sin a dhéanamh faoi láthair. Tá fonn ar dhaltaí agus ba bhreá leo Gaeilge a labhairt. Tá fonn orthu í a fhoghlaim agus a labhairt ach níl fonn orthu a lán staidéar a dhéanamh ar an litríocht agus an scríobh. Ba bhreá leo í a labhairt agus a úsáid ó lá go lá.

Mr. Shane ? Coinn:

Tá míréir iomlán ann idir fheidhmeanna na sonraíochtaí agus na scrúduithe. Níor tugadh go leor eolais do mhúinteoirí agus do dhaltaí.

Maidir leis an scrúdú féin, níor tugadh dóibh ach torthaí foghlama an-ghinearálta mar threoir don chúrsa. Ní leor é sin. Caithfear eolas a thabhairt ar an ábhar, ar na téamaí, ar na topaicí agus ar na seánraí scríbhneoireachta, mar a dúradh níos luaithe. Má tá ceisteanna an-sainiúil ann, cur i gcás faoi athrú aeráide nó mar sin, caithfear go mbeidh an téarmaíocht sin ar eolas ag na daltaí, ach níl aon treoir ann. Cá bhfios ar cheart dúinn a bheith ag clúdach na rudaí sin? Má tá rud mar sin ar an scrúdú agus níl sé cleachta ag daltaí, go háirithe daltaí T2, cén dóigh an bhfuil siad le bheith ábalta ceist mar sin a láimhseáil? Tá sé ráite ag oideoirí aitheanta ar nós an Ollamh Áine Hyland nach n-oireann córas mar seo, le torthaí foghlama ginearálta amháin, do scrúdú seachtrach ar nós scrúdú na sraithe sóisearaí. Nuair a rinne sí taighde air seo, ní raibh sí ábalta teacht ar thír ar bith eile ar domhan a úsáideann an cur chuige sin. Níl sé sásúil agus caithfimid amharc air sin.

Fadhb amháin ná go mbíonn dream amháin a dhearann na sonraíochtaí ach ní amharcann siad go domhan ar na scrúduithe nó na tascanna a bheidh ar an scrúdú. Fágtar sin ag dream eile. Ní chuirtear páipéir shamplacha ar fáil go dtí bliain an scrúdaithe, b'fhéidir thart ar mhí na Samhna nó mar sin. Níl sé sin ceart. Mar a dúradh cheana, fadhb mhór ná easpa scrúdú béil. Ní thugtar an t-aitheantas ceart don obair labhartha sa ghrád a fhaigheann daltaí ó Choimisiún na Scrúduithe Stáit agus ní léiríonn an grád a bhfíorchumas sa teanga, mar sin. Thar aon rud eile, ní mheasann na scrúduithe na scileanna atá de dhíth ar dhaltaí leis an teanga a úsáid go laethúil san fhíorshaol. Is easpa ollmhór é sin. Bíonn tionchar ollmhór ag an measúnú ar an gcleachtadh sa seomra ranga. Muna bhfuil na scrúduithe ag cothú na scileanna cearta, teipeann ar an gcóras iomlán. Sin bun agus barr an scéil.

Rinneadh athbhreithniú le déanaí ar an tsraith shóisearach. Tá múinteoirí agus daltaí ag tabhairt amach go láidir maidir leis na fadhbanna a bhaineann leis an gcúrsa mar chuid den athbhreithniú sin. Tá súil againn go bhfoilseofar an tuarascáil sin gan mhoill. Ag eascairt as sin, tá athbhreithniú iomlán de dhíth ar na sonraíochtaí, ar na measúnuithe agus ar na scrúduithe. Tá athruithe suntasacha ag teastáil, ní cúpla mionleasú. Caithfear go mbeidh na sonraíochtaí agus na scrúduithe ag leibhéal atá oiriúnach do dhaltaí T2 go háirithe ach an rud is mó ná go gcaithfear éisteacht leis na múinteoirí. Sin na daoine atá ar an talamh, a thuigeann na fadhbanna agus atá ag iarraidh an rud is fearr a dhéanamh dár ndaltaí agus dár dteanga.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhfuil an Teachta Ó Muimhneacháin ag iarraidh a theacht ar ais isteach?

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Níl faoi láthair. Éistfidh mé thuas san oifig agus b'fhéidir go mbeidh mé ar ais níos déanaí.

Mr. Seaghan Mac Cormaic:

Chuir an Teachta ceist ansin faoi scoláirí laga agus an bhéaltriail. Tá cuid mhór blianta déanta agam mar scrúdaitheoir béaltrialach ag an ardteistiméireacht. Tá scoláirí laga in ann éirí leo sa scrúdú sin ag an ardteistiméireacht. Is féidir scrúdú a bheith ann inar féidir le scoláirí laga agus scoláirí láidre éirí leo. Más rud é go bhfuil na scoláirí laga ábalta pas a fháil ann, is leor é sin. Is féidir é a dhéanamh. Tá sé le feiceáil ag leibhéal na hardteistiméireachta. Tá sé sin tábhachtach. Rinne mé béaltrialacha le scoláirí laga roimhe seo sa seanchóras. Bhíodh neart acu ó scoileanna DEIS ag teacht isteach gan ullmhúchán ar bith déanta ach amháin an méid a rinneadh sa seomra ranga féin. Roinnt acu, ní dhéanann siad mórán staidéir nuair a théann siad abhaile. Caithfear go bhfuil siadsan ábalta éirí leo tar éis cleachtadh a dhéanamh sa seomra ranga. Is féidir é a dhéanamh. Feictear é sin san ardteistiméireacht.

Ó thaobh rudaí dearfacha faoin tsonraíocht nua, is maith liom nuair a léiríonn daltaí rud éigin faoina saolta féin os comhair an ranga. Níl a fhios agam an aontaíonn gach duine liom ansin. Is maith liom an dóigh go ndéanann siad féin-mheasúnú air sin. Is gnéithe suimiúla agus dearfacha iad sin. Sin cúpla rud. Tá roinnt den litríocht go maith agus suimiúil chomh maith.

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá an scrúdú béil luaite arís agus arís eile agus rinneadh pointí an-réasúnta mar gheall air. Bhí mé ag fiafraí faoi rudaí dearfacha mar, má tá tú chun 40% nó sciar mór marcanna a thabhairt i gcomhair scrúdú béil, ní bheidh an méid céanna ar fáil don chuid eile den pháipéar. Bhí mé ag iarraidh a fháil amach an raibh píosaí faoi leith den pháipéar gur theastaigh uaidh na finnéithe a chinntiú a bheadh ann. Gabhaim buíochas as na pointí sin. Táim chun éisteacht ar feadh tamaillín. Níl aon cheist eile agam faoi láthair.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá fáilte roimh na finnéithe agus gabhaim buíochas as an dua a chuir siad orthu féin. Tá na ráitis tosaigh léite agam. Tá an t-uafás eolais, moltaí agus mionsonraí iontu. Tá a fhios agam nach bhfuil sé sin éasca.

D’fhiafraigh Claire Ní Mharcaigh cá bhfuil ár dtriail ach mo cheist ná cén chaoi a bhfuilimid ag an bpointe seo. Cad atá tarlaithe go bhfuil ar na finnéithe teacht os ár gcomhair? Ní coiste oideachais muid. Ba chóir go mbeadh an córas in ann déileáil le haisfhreagra ó na múinteoirí agus ó na hionadaithe. Cén fáth an bhfuilimid ag an bpointe seo?

Dúirt Shane Ó Coinn go bhfuil athbhreithniú ar siúl faoi láthair. Iarraim air sonraí a thabhairt dúinn faoi sin, agus soiléireacht ó thaobh an scrúdú cainte. Tá a fhios agam nach bhfuil aon scrúdú cainte i gceist ach nach ndéantar scrúdú cainte laistigh den rang agus nach dtéann cuid de na marcanna chuige sin? Tá mé beagán measctha ón méid atá léite agam. Tá sé soiléir dom nach bhfuil aon scrúdú cainte ann ach ón bpíosa a léigh mé cheap mé go raibh rud éigin laistigh den rang ón múinteoir féin.

Rachaidh mé ar ais ag DEIS ach baineann sé seo le gach scoil i ndáiríre. Tá easpa acmhainní ann. Tá coiste faoi leith againn taobh amuigh den choiste seo atá ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun cinn sa Dáil. Táimid i gcónaí ag caint faoin dea-thoil. Tá an Ghaeilge maraithe leis an dea-thoil. Tá sé ann. Roimh dheireadh na míosa seo chugainn, beidh tuarascáil á réiteach againne. Tá mé á lua seo mar níl easpa tola nó easpa suime ann ach tá easpa deiseanna a fheileann do na Teachtaí, na Seanadóirí agus na daoine ar an talamh. Tá sé mar an gcéanna do na daltaí. Cad iad na hacmhainní breise atá ann, nó atá aimsithe ag an Roinn nó ag na finnéithe, ó thaobh deiseanna a thabhairt do dhaoine freastal ar na Gaeltachtaí uilig? Tá sé ródhaor dóibh, gan dabht. Sin rudaí praiticiúla ach iarraim ar na finnéithe labhairt go ginearálta freisin.

Mr. Shane ? Coinn:

Tosóidh mé agus b'fhéidir go dtiocfaidh daoine eile isteach ina dhiaidh sin. D’fhiafraigh an Teachta cén dóigh a bhfuilimid ag an bpointe seo. Go bunúsach, ní raibh duine ar bith ag éisteacht leis na múinteoirí. Táimid ag gearán faoi seo ar feadh tamall fada. Táimid ag cur in iúl do na húdaráis ar feadh tamall fada go bhfuil fadhbanna móra leis na cúrsaí seo ach bhí cluas bhodhar á thabhairt dúinn. Caithfear éisteacht linn anois agus caithfear athruithe a dhéanamh. Níl sé sásúil rudaí a fhágáil mar atá siad.

Maidir leis an athbhreithniú, rinne Sealbhú in DCU athbhreithniú ar chúrsaí Gaeilge na sraithe sóisearaí don Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnacht, NCCA. Mar chuid den athbhreithniú sin, rinneadh suirbhé de mhúinteoirí. Ghlac 900 múinteoir-----

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is athbhreithniú ón ollscoil, ní ón Roinn, é sin.

Mr. Se?n ? Coinn:

Rinneadh an t-athbhreithniú don NCCA. Choimisiúnaigh an chomhairle é. Rinneadh suirbhé mar chuid de sin. Bhí fócas grúpaí ann le múinteoirí agus daltaí. Go bhfios dom, cuireadh an tuarascáil sin os comhair an NCCA agus táimid ag fanacht le foilsiú na tuarascála sin. Tá a fhios againn agus ag an ngréasán, óna bheith ag plé leis sin, go bhfuil múinteoirí ina dhiaidh labhairt amach go láidir faoi na fadhbanna atá ann. Tá súil agam go gcuirfear an suirbhé agus an tuarascáil os comhair an choiste go luath agus go bhfoilseofar an tuarascáil go luath.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhfuil an tuarascáil ar bhord an Aire freisin?

Mr. Se?n ? Coinn:

Go bhfios dúinn, cuireadh os comhair chomhairle an NCCA é agus táimid ag fanacht ar an gcomhairle feidhmiú air.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cén fhad a bhfuil an tuarascáil ansin?

Mr. Se?n ? Coinn:

Le cúpla seachtain, b’fhéidir.

Maidir leis an scrúdú cainte agus na measúnuithe rangbhunaithe, tá measúnú labhartha le déanamh sa tríú bliain, ach ní leor é sin. Ní thugann an grád a fhaigheann daltaí ó Choimisiún na Scrúduithe Stáit aitheantas ar bith don obair labhartha a dhéantar. Is ar pháipéar scríofa a théann na marcanna uilig. Tá 90% de na marcanna ag dul don pháipéar deiridh agus tá 10% ag dul le haghaidh tasc measúnaithe agus níl aon fhiúntas ag baint leis an tasc sin. Tá sé ag leibhéal go hiomlán míréadúil, go háirithe do dhaltaí T2. Caithfidh siad labhairt faoin méid a d'fhoghlaim siad le linn an phróisis foghlama. Níl na scileanna teanga ag daltaí ag an aois sin le bheith ábalta é sin a dhéanamh sa dara teanga. Mar sin, tá sé sin go hiomlán míréadúil.

Má amharcaimid ar na hábhair phraiticiúla - teicneolaíocht, ealaín, eacnamaíocht bhaile agus ceol - is léir go bhfuil éagothromaíocht anseo. Sa sean-teastas sóisearach, bhí marcanna ag dul don Ghaeilge labhartha - bhí scrúdú béil roghnach ann agus bhí 10% de mharcanna ag dul don obair labhartha i scrúdú cainte. Baineadh sin den Ghaeilge, ach choinnigh na hábhair phraiticiúla a luaigh mé an measúnú praiticiúil. Baineadh an scrúdú béal den Ghaeilge agus níl aon mharcanna ag dul dó anois, agus níl sé sin ceart. Ní léiríonn an grád a fhaigheann daltaí a bhfíor-chumas sa teanga. Muna bhfuilimid ag déanamh measúnú ar na scileanna cearta, ní chothóidh na scrúduithe na scileanna atá de dhíth ar na daltaí leis an teanga a úsáid go laethúil. Tá míréir ann idir aidhmeanna na sonraíochtaí agus na scrúduithe féin, agus caithfimid aghaidh a thabhairt air sin.

Ní leor measúnuithe rangbhunaithe amháin agus ní leor cur i láthair a dhéanamh ach an oiread. Sin an rud atá i gceist leis an measúnú rangbhunaithe. Ní comhrá atá i gceist. Ní ullmhaíonn sé sin daltaí chun comhrá ceart a dhéanamh le cainteoirí eile. Ní ullmhaíonn sé iad don fíorshaol. Tá laigeachtaí móra ansin. Tá rudaí áirithe sa chúrsa nua atá fiúntach, ach tá na rudaí seo chomh bunúsach sin. Caithfimid athruithe móra suntasacha a dhéanamh ar na sonraíochtaí agus ar na scrúduithe le rudaí a fheabhsú.

Ms Eimear Kilrane:

B'fhéidir go dtabharfaidh mé cúlra an scrúdaithe béil don Teachta. Scrúdú béil roghnach a bhí ann sa sean-teastas sóisearach. Is é an líne is mó cloiste againn le cúig bliana anuas ná nach ndearna gach dalta an scrúdú roghnach seo agus go bhfuil gach dalta anois ag tabhairt faoin gcur i láthair mar chuid den MRB. Mar a dúradh, is píosa réamhullmhaithe atá ann. Ní comhrá nádúrtha é. Uaireanta, bíonn rudaí á rá acu nach dtuigeann siad. Níl na staitisticí seo go cruinn againn. Nuair a thosaigh mise ag múineadh, níor thug a lán scoileanna faoin mbéaltriail roghnach sa teastas sóisearach. Bhí fadhbanna ag na haontais leis blianta ó shin agus rinneadh dearmad air.

Mr. Se?n ? Coinn:

Bhí fadhbanna ag na ceardchumainn leis.

Ms Eimear Kilrane:

Bhí athrú béime sa scrúdú roghnach. Nuair a thug dalta faoin scrúdú roghnach, bhí 40% de na marcanna ar fáil don chaint. Mar sin, d’fhás líon na ndaltaí agus líon na scoileanna a bhí á thabhairt faoi. Is dócha go bhfuil na figiúirí ar fáil ón gcoimisiún, ach is cinnte go raibh níos lú ná 10% á dhéanamh. Is i scoileanna príobháideacha a rinneadh é den chuid is mó roimh 2010. Idir 2010 agus 2017, bhí thart ar 40%, nó b’fhéidir níos mó, ag tabhairt faoi nuair a athraíodh é in 2017. Tháinig borradh faoin gcaint ag leibhéal an teastais shóisearaigh, sa chéad bhliain, sa dara bliain, agus sa tríú bliain. Bhí siad ag iarraidh an Ghaeilge a labhairt mar bhí fiúntas inti. Anois, tá an córas ag tabhairt le fios dóibh nach bhfuil fiúntas ag baint leis an labhairt mar nach bhfuil sí mar chuid den mheasúnú deiridh. Na daltaí atá ag streachailt leis an litríocht agus leis an scríbhneoireacht ar ábhar teibí, ach go bhfuil an cumas labhartha acu, níl aon bhuntáiste inti dóibh. Níl béim á cur ar an gcuid sin de scileanna na ndaltaí.

Ms Gr?inne N? Ail?n:

Mar a bhí luaite, níl measúnú déanta ar an gcaint. Déantar measúnú trí na ceisteanna ar nós “Cad atá foghlamtha agat?” agus “Cén dúshlán a bhí os do chomhair?”. Sa Ghaeilge, bíonn an dá MRB ar siúl sa tríú bliain, ach sna hábhair eile, bíonn MRB amháin ar siúl sa dara bliain agus ceann eile sa tríú bliain. Cailleann daltaí amach ár sé seachtaine sa tríú bliain nuair a bhíonn MRB ar siúl. Is í an tríú bliain an bhliain is tábhachtaí. Bíonn na daltaí idir 15 agus 16 bliana d’aois agus is é an t-am is tábhachtaí le gur féidir leo forbairt a dhéanamh ar a gcuid scileanna cainte.

Táim sa séú bliain anois agus freastalaím ar Ghaelcholáiste T1. Bhí an tsraith shóisearach nua á dhéanamh agam, ach mar gheall ar an Covid, ní dhearna mé MRB 2. Is í an fhadhb le MRB 2 ná go bhfuil sé réamhchumtha. Tá aithne agam ar dhaltaí i scoileanna T1 a bhfuil an tsraith shóisearach nua déanta acu, agus níl siad sásta ná compordach comhrá a bheith acu liomsa fiú nó le daoine eile. Don bhéaltriail sa tsraith shóisearach, bheadh sé go maith dá mbeadh comhrá cúig nó deich nóiméad ar fhad ann faoi chaitheamh aimsire agus clann an dalta. Ní gá go mbeadh sraith pictiúr ann cosúil leis an ardteistiméireacht. Ba mhaith linn go mbeadh daltaí compordach ag caint ionas go bheidís in ann an scrúdú béil san ardteistiméireacht a dhéanamh gan aon rud a fhoghlaim de ghlanmheabhair. Feictear sin na laethanta seo. San ardteistiméireacht, go háirithe, bíonn fonn ar dhaltaí rudaí a fhoghlaim de ghlanmheabhair. Deireann siad sa scrúdú é agus ansin déanann siad glan dearmad air ina dhiaidh, agus ní hé sin atá uainn. Ba mhaith linn go mbeadh an fhorbairt leanúnach.

Tagraím don tsraith shóisearach agus don dá MRB. Sa Ghaeilge, tá MRB 1 ina ndéantar measúnú ar thrí phíosa scríbhneoireachta, agus ansin tá an MRB cainte. In ábhair eile, ar nós gnó, mar shampla, rinne mé dhá MRB - MRB cainte agus scríofa. Níor cheart go mbeadh measúnú céanna á dhéanamh ar scileanna cainte sa ghnó agus sa Ghaeilge. Is teanga í an Ghaeilge agus ba cheart go mbeadh níos mó béime ar seo. Níor cheart go mbeadh an measúnú cosúil le measúnú gnó. Is ábhar scríofa é an gnó ach tá an oiread céanna marcanna ag dul don chur i láthair ó bhéal agus atá sa Ghaeilge. Ba mhaith linn go mbeadh daltaí in ann comhrá a bheith acu, fiú má gcríochnaíonn siad an tsraith shóisearach agus fágann siad an scoil ag 16 bliana, ionas go mbeidís compordach agus sásta comhrá a bheith acu lena gcairde, le múinteoirí, nó le pé duine.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Maidir le deiseanna a thabhairt do ghasúir óga freastal ar an nGaeltacht, an bhfuil-----

Mr. Seaghan Mac Cormaic:

An bhfuil ceist ag an Teachta?

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá ceist agam. Ceapaim go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach. Luaigh Seaghan Mac Cormaic nach bhfuil na deiseanna ann-----

Mr. Seaghan Mac Cormaic:

Níl na deiseanna ann. Tá sé thar ár n-acmhainn ar fad. Tá níos nó bochtanais sna scoileanna DEIS. Tá sé thar acmhainn cuid mhór teaghlaigh sa tír ach tá níos mó den deacracht maoine sin ar scoileanna DEIS. Is cinnte go bhfuil roinnt mhaith scoláirí a bhfuil suim agus spéis mhór acu freastal ar na cúrsaí Gaeltachta ach níl an t-airgead acu. Déanaim féin mo dhícheall airgead a bhailiú le chéile chun tacú leo dul ann, agus éiríonn liom den chuid is mó, ach caithfidh mé cuid mhór oibre a chur isteach.

Ms Claire N? Mharcaigh:

Tá scéim ag an Roinn do na scoileanna DEIS. Tugann an Roinn méid áirithe airgid do na scoileanna DEIS amháin chun deis a bheith ag na daltaí freastal ar an nGaeltacht.

Mr. Seaghan Mac Cormaic:

Tharla sé sin le cúpla bliain anuas agus tá siad ag tabhairt lán-scoláireacht do bheirt scoláirí sa scoil. Do bheirt.

Ms Claire N? Mharcaigh:

Is é sin an méid, ach tá tús ann, ar aon nós

Mr. Seaghan Mac Cormaic:

Is dul chun cinn é sin ar na mallaibh. Ní raibh sé sin ann go dtí cúpla bliain ó shin.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá éileamh i bhfad níos airde ná sin ann.

Mr. Seaghan Mac Cormaic:

Tá, cinnte. Níl sé de mhisneach ag a lán daltaí freastal ar an nGaeltacht ach tá suim acu siúd atá ag déanamh an ardleibhéil. Braitheann sé-----

Ms Claire N? Mharcaigh:

Chomh luath agus a chaitheann siad tréimhse amháin sa Ghaeltacht, bíonn an bug faighte acu agus téann siad ar ais arís agus arís eile. Ní fheiceann siad an Ghaeilge mar theanga go dtí go dtéann siad go dtí an Ghaeltacht. Ba chóir go mbeadh an Ghaeilge mar theanga. A luaithe agus a théann na daltaí go dtí na coláistí samhraidh, filleann siad ar ais orthu. Bíonn an buzz acu as an méid taitnimh a bhaineann siad as an tréimhse a chaitheann siad ansin.

Mr. Seaghan Mac Cormaic:

Bíonn. Ní fheiceann na daltaí sna scoileanna DEIS mórán daoine ag dul chuig an nGaeltacht. Ní chloiseann siad mórán ó na daltaí ag rá go bhfuil sé go hiontach nó go mbíonn an craic ar fheabhas. Cé go mbaineann sé leis an nGaeilge, bíonn sé thar barr ar fad. Ach nuair a théann roinnt díobh ann agus nuair a thagann siad ar ais leis na scéalta iontacha seo, spreagann siadsan an tsuim i measc na ndaltaí eile.

Is rud éigin eile faoin nGaeltacht ná go bhfuil sé chomh cumhachtach mar rud. Tugaim an púdar draíochta uirthi agus croitear é orthu. Le trí seachtaine a bheith caite acu sa Ghaeltacht, tagann siad amach le meon athraithe ar fad. Tá an tsuim, an mhuinín agus an misneach athraithe i measc na ndaltaí, ní hamháin maidir leis an nGaeilge, ach uaireanta maidir leis an bpearsantacht chomh maith.

Ms Claire N? Mharcaigh:

Is mór an méid é €1,000 do go leor tuismitheoirí sa lá atá inniu ann-----

Mr. Seaghan Mac Cormaic:

Is é sin an rud.

Ms Claire N? Mharcaigh:

-----más ag caint faoi €1,000 atáthar.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ní féidir leo é a dhéanamh.

Ms Claire N? Mharcaigh:

Dá mbeidís in ann cúpla euro a chur ar leataobh gach mí, nó gach cúpla seachtain, ní bheadh an méid sin costais ag gabháil leis.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá siad ag cur an t-airgead sin ar leataobh don leictreachas.

Ms Claire N? Mharcaigh:

Níl aon dabht faoi sin sa lá atá inniu ann.

Ms Eimear Kilrane:

Tá córas eile ann a chonaic mé tráthnóna amháin i scoil de chuid Bhord Oideachais agus Oiliúna Lú agus na Mí agus tá córas eile anois ann do scoileanna. Tá méid áirithe tugtha do gach scoil agus níos mó tugtha do na scoileanna DEIS le cúpla bliain anuas. Is rud eile arís é a tharla ar na mallaibh, ach dá mbeadh maoiniú mar sin ar fáil, ceapaim go mbeadh difríocht an-mhór ó thaobh dearctha de. Is dócha gurb é sin an rud is tábhachtaí atá á rá againn uile na an dearcadh atá ann i leith na Gaeilge. Má tá an dearcadh agus na deiseanna acu, feabhsóidh siad. Má tá dearcadh diúltach acu, agus is é sin an rud atá acu ann faoi láthair go cinnte sa tsraith sóisearach, ní rachaidh siad ach in aon treo amháin.

Ms Claire N? Mharcaigh:

B’fhéidir go gcaithfimid tosú níos luaithe freisin mar nuair a thagann siad isteach sa mheánscoil le dearcadh de shaghas éigin ó thuismitheoirí, ó mhúinteoirí, nó cibé duine, uaireanta bíonn sé an-deacair an dearcadh sin a bhriseadh ag an aois sin. Bheadh ar dhuine ceist a chur air nó uirthi féin, tar éis ocht mbliana a chaitheamh le Gaeilge go dtí seo, faoin bhfáth nach bhfuiltear in ann comhrá bunúsach a bheith aige nó aici le duine ag an bpointe sin, agus a bheith ag tógáil air sin seachas a bheith ag tosú as an nua arís sa chéad bhliain.

Ms Eimear Kilrane:

Braitheann sé ar an scoil, is dócha, agus ar an scoláire. Tá sé sin fíor.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cé chomh sciobtha ar féidir na hathruithe atá ag teastáil ónár n-aíonna a chur i gcrích? An bhfuil sé ró-dhéanach don bhliain seo chugainn ó thaobh na scrúduithe?

Ms Claire N? Mharcaigh:

Tá sé.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cén tréimhse ama atá i gceist?

Ms Claire N? Mharcaigh:

Glacaim leis go mba gá dul ar ais go dtí an NCCA chun sonraíocht de shaghas éigin a chur le chéile agus chun scafall i bhfad níos fearr a chur ar rudaí. Tá go leor geallsealbhóirí bainteach leis an bpróiseas sin. Ní múinteoirí amháin-----

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tuigim.

Ms Eimear Kilrane:

Dá mbeadh a fhios againn i scoileanna-----

Ms Claire N? Mharcaigh:

Táimid in ann obair dhéanamh ar aon rud a thugtar dúinn.

Ms Eimear Kilrane:

Tá. Táimid réidh le dul. Dá dtabharfadh an NCCA an scrúdú béil ar ais, d'fhéadfaimis é a chur i bhfeidhm, ní i mbliana ach, cinnte, do lucht an dara bliain atá againn anois, dá mbeadh an dá bhliain acu. Bheadh sé indéanta.

Ms Claire N? Mharcaigh:

Tá ár gcórais againn freisin. Tuigim an deacracht atá ann scrúdaitheoirí a fháil don scrúdú seo. Níl príomhoidí in ann scaoileadh le múinteoirí mar tá ranganna le déanamh acu. Dá gcuirfí an maoiniú ar fáil agus ligean don scoil tabhairt faoi, dá gcuirfí córas de shaghas éigin ar fáil ionas go mbeadh daoine le suim acu sa Ghaeilge in ann suí síos le scoláire atá 15 bliana, agus dá mbeadh na topaicí acu agus fios ag duine éigin le Gaeilge ar na bealaí chun an scrúdú sin a dhéanamh, ní bheadh gá le múinteoir chun scrúdú cainte a dhéanamh.

Mr. Shane ? Coinn:

Nuair a bhí an sean-scrúdú béil roghnach againn inár scoileanna, fostaíodh iarmhúinteoirí chun na scrúdaithe sin a dhéanamh. I mo chás, d'fhostaigh an scoil duine a bhí ag éirí as. Tá aithne ag scoileanna ar neart duine a bhfuil cónaí orthu go háitiúil agus bheidís ábalta iad a fhostú. Bheadh na daoine sin sásta na scrúduithe a reáchtáil ach, arís, caithfear an maoiniú a chur ar fáil sa dóigh is go mbeadh na scoileanna in ann é sin a dhéanamh. Más rud é go bhfuil fadhb ann le múinteoirí a scaoileadh saor chun na scrúdaithe a dhéanamh, ba cheart cead a thabhairt do na scoileanna daoine a fhostú go háitiúil. Bheidís breá ábalta é sin a dhéanamh ach an maoiniú a chur ar fáil sa dóigh is go mbeidís in ann é a dhéanamh. Tá neart roghanna ann chun scrúdú béil a dhéanamh agus a chinntiú go mbeadh sé déanta go seachtrach agus go rachadh sé i dtreo mharc deiridh an scoláire. Caithfimid smaoineamh go cruthaitheach.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá go leor ábhar múinteoirí ann chomh maith céanna.

Mr. Shane ? Coinn:

Tá, cinnte.

Mr. Seaghan Mac Cormaic:

Bhí mé ag gabháil chun é sin a rá freisin, is é sin go gcuirfí ábhar múinteoirí san áireamh chomh maith.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Bíonn siad ag lorg roinnt pinginí.

Mr. Seaghan Mac Cormaic:

Is ea, nó mic léinn ar an ollscoil a bhfuil an Ghaeilge á déanamh acu, fiú amháin. Chomh maith leis sin, ag béaltrialacha na hardteistiméireachta, déantar iad go léir thar thréimhse dhá seachtaine. Is féidir iad sin a shíneadh amach níos faide, sa dóigh is go mbeadh an fhoireann chéanna de scrúdaitheoirí ábalta é a dhéanamh i neart scoileanna. Is féidir iad a dhéanamh thar thréimhse dhá mhí, b'fhéidir.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ní gá ach an cinneadh atá ag teastáil uathu a dhéanamh, ionas go mbeadh an scrúdú ar ais, agus is féidir breathnú ansin ar bhealaí chun tabhairt faoi.

Mr. Seaghan Mac Cormaic:

Is ea.

Ms Tr?ona Geraghty:

Tá múinteoirí anseo atá toilteanach a bheith páirteach sna hathruithe atá ag teastáil. Tá sé tábhachtach go mbeadh na húdaráis ar fad réidh, ina measc an NCCA agus Coimisiún na Scrúduithe Stáit, agus go mbeidís sásta glacadh leis agus éisteacht linn.

Mr. Seaghan Mac Cormaic:

Mothaímid mar mhúinteoirí go bhfuil cur i gcéill ann i gcónaí, go bhfuil ceisteanna á seachaint ag an NCCA agus ag CSS, agus go bhfuil siad ag bogadh an beart ar aghaidh eatarthu. Níl duine ar bith ag freagairt na ngearán atá againn. Táimid anseo ag scríobh ag an gcoiste agus, anois, ag caint os a chomhair, mar gheall nach bhfuil siadsan ag éisteacht. Mar a dúirt an Teachta, tá siad ag tabhairt an chluas bhodhar dúinn uilig ar fad. Maidir liom féin agus i measc na gcomhmhúinteoirí atá agam féin, tá sé de chonclúid againn go bhfuil siad ag iarraidh an teanga a mharú, mar shábhálfadh siad cuid mhór airgid mura mbeadh an Ghaeilge ann.

Ms Tr?ona Geraghty:

Aontaím leis sin agus ní haon chomhtharlú é go bhfuilimid anseo agus nach bhfuil grúpa múineoirí Fraincise, Gearmáinise nó Spáinnise os comhair an choiste, mar tá fadhbanna ann sa Ghaeilge. Is múinteoir Fraincise mé ach níl na gearáin sin agam mar gheall ar an bhFraincis.

Ms Eimear Kilrane:

Is é an rud céanna é leis an stair, mar is múinteoir staire mé freisin agus tá sonraíocht na staire bunaithe ar thorthaí foghlama freisin. Tá trí shnáithe sa stair, mar shampla, a luafaidh mé os comhair an choiste. Is é an chéad snáithe atá i gceist sa stair ná nádúr na staire agus is scileanna atá i gceist ansin. Maidir leis an dá shnáithe eile atá ann, is ábhair atá iontu. Is iad sin stair na hÉireann, agus stair na hEorpa agus an domhain. Is féidir obair le chéile chun na scileanna sin a fhorbairt agus na scileanna atá luaite sna torthaí foghlama sa chéad shnáithe a bhaint amach, ach tá rud éigin sonrach ann agus is féidir é a mheas.

Níl an rud céanna ann sa Ghaeilge agus sin í an fhadhb.

Ms Claire N? Mharcaigh:

Níl an scafall céanna againn in aon chor agus ní bhíonn na torthaí foghlama oscailte, uaillmhianacha, ollmhóra, seo againn nach dtuigeann éinne. Níor bhuaileamar le chéile riamh roimhe seo agus táimid ar fad ar an leathanach céanna ach d’fhéadfadh an cúigear againn díriú ar thoradh foghlama amháin agus topaic iomlán dhifriúil a dhéanamh.

Ms Eimear Kilrane:

Tá measúnú á dhéanamh orthu - ar ábhair sainiúla sonracha - sa scrúdú ceanann céanna - agus is í sin an fhadhb.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis na finnéithe. Bhí sé sin suimiúil agus cabhrach.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá cúpla ceist agam féin; ceann amháin a leanann an cheist dheireanach. Bhíomar ag plé leis an nGaeilge labhartha agus thug sibh léiriú an-mhaith anseo - Gráinne Ní Ailín ach go háirithe - maidir leis an tábhacht a bhaineann le labhairt na Gaeilge go háirithe i gcomhthéacs comhluadair. Rith sé seo liom i gcónaí faoi mo chuid chomhghleacaithe scoile. Bhí oideachas trí Ghaeilge agamsa ó thús go dtí go ndeachaigh mé chuig an ollscoil agus ansin thosaigh an deacracht. Bhí athrú poirt orm ansin. Fiú i nGaelcholáiste, bhí Gaeilge ag a lán dóibh siúd a bhí ar scoil liom ó bhí siad ceithre bliain d’aois, ach is minic a chasann siad ar an mBéarla anois toisc nach bhfuil cleachtadh acu ó shin. Má smaoinítear ar dhaoine atá ag déanamh an ardteist anois, muna bhfuil an cleachtadh acu bheith ag labhairt go nádúrtha, beidh deacracht ann. Níl ach Gaeilge agus Béarla agam. Níor éirigh liom ó thaobh na Fraincise nó na Laidine de nuair a bhí siadsan á dhéanamh agam toisc go raibh na ranganna dírithe ar leabhair seachas ar labhairt. Sa deireadh thiar thall, nuair atá aon teanga á foghlaim, foghlaimítear í focal ar fhocal trí na focail a nascadh le chéile, droim ar ais go minic. Ansin tagann taithí agus is é sin an bealach is fearr, i mo thuairim. Is maith an rud é an teanga a labhairt ar dtús agus ansin cuireann tú struchtúr, gramadach, litríocht nó scríobh agus gach rud eile leis. Ach sa chéad áit, caithfear an Ghaeilge a labhairt.

An bhfuil na finnéithe, mar mhúinteoirí, ag lorg soiléiriú agus cinnteacht ar cad a bheidh sa pháipéar scrúdaithe os comhair na ndaltaí i mí an Mheithimh seo chugainn? Ceann de na fáthanna a tugadh cuireadh dóibh teacht os comhair an choiste ná go mbeadh tuiscint, ní hamháin agaibhse, ach ag na daltaí bochta a chuaigh isteach i scrúdú a bhí dúshlánach agus a tháinig amach ag caoineadh nó faoi stró mór, ar cad a bheidh le teacht. Más buan mo chuimhne, is í an Ghaeilge ceann de na céad scrúdaithe i gcónaí. Mar sin, bhi cúpla seachtain eile acu agus iad cheana féin faoi strus. Muna bhfuil siad go hiontach ag ábhar faoi leith ag an leibhéil seo, chuirfeadh sé as dóibh, agus chuirfeadh sé as don rithim a bhí acu agus iad ag díriú ar an scrúdú. Glacaim leis go bhfuil na finnéithe ag lorg an soiléiriú sin. Ar tháinig an soiléiriú sin ón Roinn nó ó Choimisiún na Scrúdaithe Stáit? Ar gabhadh leithscéal leo, fiú, as an damáiste a rinneadh nó an tslí a caitheadh leo? Is daoine fásta iad na finnéithe ach an bhfuair na daltaí leithscéal? B’fhéidir go mbeidh a fhios againn an tseachtain seo chugainn, i slí amháin,, nuair a bheidh na torthaí os ár gcomhair. Fágfaidh mé an cheist amháin sin leis na finnéithe i dtús báire.

Ms Eimear Kilrane:

Chuireamar na litreacha céanna a seoladh chuig baill an choiste chucu. Fuaireamar freagraí ar na litreacha sin ach freagraí an-ghinearálta a bhí iontu. Dúradh go raibh na hoifigigh sásta go raibh an measúnú ag teacht leis an tsonraíocht agus sin é.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Níor ghlac siad leis gur dhein siad botún-----

Ms Eimear Kilrane:

Níor ghlac ar chor ar bith.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

-----nó go raibh an páipéar go hiomlán difriúil ó----

Ms Eimear Kilrane:

Níor ghlac ar chor ar bith. Ná bítear ag súil go mbeidh aon athrú ar na torthaí mar caithfidh na torthaí teacht leis an bell curve. Is gá go mbeadh méid áirithe ann de gach grád. Athraíodh an scéim marcála arís agus arís go dtí go raibh na huimhreacha sásúil agus déanann siad é sin i gcónaí. Ní bheidh aon athrú suntasach ar na torthaí agus ní bheidh díomá ar daltaí maidir leis na torthaí ach tá an damáiste déanta roimhe sin.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Níl a fhios agam an ndéantar seo ach an mbeidh aon léiriú ar an méid dalta nár chríochnaigh an scrúdú?

Ms Eimear Kilrane:

Ní bheidh.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ní bheidh an t-eolas sin againn. Tá aithne agam ar roinnt daltaí a d’fhág an halla scrúdaithe toisc nach raibh siad in ann thabhairt faoi in aon chur. Fuair siad páipéar-----

Ms Tr?ona Geraghty:

Ní raibh mar bhí an iomarca ceisteanna ann.

Ms Eimear Kilrane:

Ní bheidh.

Mr. Seaghan Mac Cormaic:

Beidh an méid céanna A-anna, B-anna agus C-anna ann.

Ms Eimear Kilrane:

Caithfidh sé teacht leis an bell curve. Is é sin an córas atá againn in Éirinn agus atá ann i gcónaí. De ghnáth bíonn sé togha ach sa chás seo, bhí orthu an scéim marcála a athrú arís agus arís eile go dtí go raibh dóthain dalta a fuair gach grád.

Ms Tr?ona Geraghty:

Ní chabhraíonn sé sin leis na daltaí bochta a tháinig amach ón scrúdú, ina measc daltaí atá díograiseach-----

Ms Eimear Kilrane:

Tá an damáiste déanta.

Ms Tr?ona Geraghty:

Tháinig said amach faoi strus.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Luaigh na finnéithe go gcothaíonn sé seo fuath don teanga, agus go mbíonn daltaí níos diúltaí ó thaobh na Gaeilge de. Bhíomar ag déileáil le ceisteanna díolúintí anseo le tamall agus beidh tuairisc mhór againn faoi sin roimh na Nollag nó díreach ina dhiaidh. Tá daoine ann – tuismitheoirí go minic, ach uaireanta múinteoirí agus uaireanta daltaí – nach bhfuil ag iarraidh an Ghaeilge a dhéanamh mar ábhar scrúdaithe. Measaim go gcuirfidh sé seo leis an fhadhb sin. An gcothaíonn sé seo deacrachtaí daoibh sna scoileanna, mar mhúinteoirí, ó thaobh an méid ama gur féidir libh a fháil nó sliotáin ar an amchlár?

Ms Claire N? Mharcaigh:

Tá sé dochreidte. An bun rud atá uainn ná 240 uair thar tréimhse trí bliana. Tá trí rang uair a chloig agamsa i mbliana sa chéad bhliain, dhá rang uair a chloig sa dara bhliain agus trí rang uair a chloig sa tríú bliain. Ní leor sin don méid atá le déanamh againn. Má tá cumhacht ag baill an choiste, ba bhreá liom go mbeadh Coimisiún na Scrúduithe Stáit in ann a rá linn go luath go socrófar buncheisteanna ar an litríocht agus nach bhfuil siad chun rudaí a chasadh bunoscionn ar na daltaí.

Níl sé féaráilte ceist a chur ar dhaltaí de 14 nó 15 bliana d'aois cén fáth ar roghnaigh siad dán a bhfuiltear chun a rá ag ócáid faoi leith. Is ceart plé leis na topaicí a dhéanaimid leo mar mhúinteoirí. Tá sé ceart go leor ceist a chur orthu faoi na carachtair is fearr leo, agus cén fáth ar thaitin siad leo. Bhí ceist amháin ann a bhí go breá: “Dá mbeadh ort críoch eile a chur leis an ngearrscéal, cén críoch a chuirfeá leis?”. Táimid in ann na daltaí a ullmhú agus a bheith réitithe do cheisteanna mar sin ach ní dóigh liom gur cheart ceist a chur orthu faoi athrú aeráide. Ní thosaím ar athrú aeráide riamh go dtí an cúigiú bliain nuair atá leibhéil teanga na ndaltaí níos fearr ná mar atá sé sa dara bhliain. Ní bhaineann na topaicí sin leo, go pointe. Tuigim go bhfuil gach duine ag caint faoi athrú aeráide. Ó thaobh na Gaeilge de, tá an cumas teanga atá ag teastáil ansin i bhfad ró-ard do na daltaí. Caithfidh na ceisteanna bheith ag an leibhéal ceart agus ar théamaí atá bainteach leis na daltaí féin, cosúil le “mo chairde” nó "lá ag siopadóireacht”. Bhí rogha acu idir "lá ag siopadóireacht”, atá go hálainn mar théama don aois seo, agus “athrú aeráide”. Cén fáth nach mbeadh níos mó den chineál sin ann, ionas go mbeidís siad in ann tabhairt fúthu? Tá said sásta smaoineamh ar "lá ag siopadóireacht", "scannán iontach a chonaic mé le mo chairde ar mo bhreithlá”, nó "caitheamh aimsire atá agam" ós rud é go mbíonn siad ag caint faoi na hábhair sin go railta. I gcás topaic ar nós "mo laoch", b'fhéidir go raibh siad ag caint faoi duine éigin san MRB agus ansin bheidís in ann cur síos a dhéanamh ar dhuine éigin a bhaineann leo féin. Caithfidh an téama a bheith bainteach leis na dalta seachas-----

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Measaim go ndúirt Tríona Geraghty gur múinteoir Fraincise í. An mbíonn sé soiléir ó thaobh na Fraincise de cad iad na hábhair agus na téarmaí?

Ms Tr?ona Geraghty:

Stíl na ceisteanna.

Ms Claire N? Mharcaigh:

Bíonn an stíl céanna ag na ceisteanna.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Fiú agus na daltaí ag díriú isteach ar an scrúdú nua a bhí ann anuraidh, an é nár tugadh dóthain eolais nó samplaí?

Ms Claire N? Mharcaigh:

An méid a thuigimse ná nach bhfuil an scafall againn i nGaeilge is atá againn sna hábhair eile. Sin í an fhadhb atá ann. Níl an scafall sin againn mar mhúinteoirí Gaeilge.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ar tharla a leithéid de seo riamh cheana in aon ábhar eile? Tuigim gur tháinig athrú ar an gcúrsa matamaitic. Glacaim leis go raibh gach rud ann roimh ré----

Ms Claire N? Mharcaigh:

Is múinteoir tíreolaíochta mise agus tá an chúrsa sin go breá. Tá an cúrsa staire go breá. Tá an cúrsa Fraincise go breá.

Ms Eimear Kilrane:

Bíonn fadhbanna beaga----

Ms Claire N? Mharcaigh:

Tá fadhbanna ann, ach gan iad a bheith mar seo.

Ms Eimear Kilrane:

---- ann i gcónaí. Ní bhíonn gach duine aontaithe ar gach uile rud riamh - ní féidir gach duine a shásamh - ach tá an scéal céanna ag gach múinteoir meánscoile Gaeilge sa tír. Ní fhéadfaimis ar fad a bheith mícheart.

Mr. Seaghan Mac Cormaic:

Níl duine ar bith ag éisteacht linn, ach amháin baill an choiste buíochas le Dia.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Bhí sé i gceist go mbeadh sibh anseo níos luaithe. Bhí sé i gceist go mbeadh Coimisiún na Scrúduithe Stáit os ár gcomhair chomh maith ach dúirt sé nach dtiocfadh sé go dtí tar éis na torthaí a bheith foilsithe. Déanfaimid cuireadh eile a thabhairt dó amach anseo agus tá sé i gceist na pointí atá ardaithe ag na finnéithe a chur chuige go díreach. Cuirfimid na finnéithe ar an eolas nuair a bheidh sé sin ag tarlú. Idir an dá linn déanfaimid tuarascáil a chur le chéile agus é a chur faoi bhráid an Chomhchoiste um Oideachas, Breisoideachas agus Ardoideachas, Taighde, Nuálaíocht agus Eolaíocht, agus an Aire. Mar thuarascáil tá sé os comhair na Dála ach uaireanta ní roghnaítear é agus tagann sé as pota cén rud a bhíonn á phlé ar an Déardaoin.

Más buan mo chuimhne, agus níl mise sa Rialtas, bhí breis airgid curtha i leataobh do scoláireachtaí do choláistí samhraidh-----

Ms Claire N? Mharcaigh:

Do na scoileanna DEIS.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

-----sa cháinaisnéis i mbliana.

Ms Claire N? Mharcaigh:

Baineann sé sin le scoileanna DEIS amháin. Ní bhaineann sé-----

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ní bhaineann sé i gcoitinne.

Ms Claire N? Mharcaigh:

Tá daoine ann nach bhfuil ag múineadh i scoileanna DEIS agus ní bheadh airgead ag na tuismitheoirí ach an oiread. Bheadh sé iontach dá mbeadh sé beagáinín níos leithne ná na scoileanna DEIS amháin. Dá mbeadh dhá scoláireacht ag gach scoil sa tír, bheadh sé sin iontach.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Chuideodh sé.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Chonaic mé figiúr i gceann de na ráitis tosaigh maidir leis na daoine a fhaigheann díolúintí ó thaobh na Gaeilge de ach a leanann ar aghaidh ag foghlaim teangacha eile. Chuireamar an cheist sin ar an Aire cúpla sheachtain ó shin agus ní raibh an figiúr aici. An bhfuil an figiúr anseo in áit éigin ó thaobh líon na ndaltaí a théann ar aghaidh ag foghlaim teangacha eile agus díolúine faighte acu?

Ms Gr?inne N? Ail?n:

Tá sé sin san ardteistiméireacht, nuair a leanann na daltaí ar aghaidh. I mbliana leis an ardteistiméireacht bhí an figiúr 22% agus bhí dhá-thrian de na daltaí sin in ann teanga ar nós na Fraincise agus na Spáinnise a dhéanamh. Sin an fáth go molaimid go mbeadh an Ghaeilge bunaithe ar an bhfráma tagartha comónta Eorpach chomh maith. Ní fheicimid na díolúintí seo sa Fhraincis.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cá bhfuair Aontas Daltaí Iar-Bhunscoile na hÉireann an figiúr sin? Ní raibh sé ag an Aire nó ag aon duine nuair a chuireamar an figiúr-----

Ms Gr?inne N? Ail?n:

Fuaireamar ó Chonradh na Gaeilge é.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tugadh an figiúr sin dúinn-----

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ní raibh sé an ag Aire ag an am.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ní raibh ach bhí sé againn cúpla uair le linn an phlé a bhí á dhéanamh faoi seo.

Mr. Seaghan Mac Cormaic:

Ba mhaith liom rud éigin a ardú maidir leis seo. Tá an coiste ag cur tuarascála le chéile don Chomhchoiste um Oideachas, Breisoideachas agus Ardoideachas, Taighde, Nuálaíocht agus Eolaíocht, an ea?

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Nuair a bheidh tuarascáil againn cuirfimid ar aghaidh chuig an gcoiste sin é, toisc go bhfuil sé ag déanamh déileáil le hoideachas ann féin. An cúram atá againne ná ceist na Gaeilge; mar sin, is féidir linn ceist oideachais na Gaeilge a thabhairt isteach. Uaireanta lorgaímid go mbeadh an dá choiste nasctha le chéile ach toisc an ualaigh a bhíonn ar an gcoiste sin, agus bíonn ualach orainn ar fad, ní bhíonn an t-am i gceart riamh. Níl mise ag iarraidh é a chur ar aghaidh go dtí na bliana seo chugainn. Sa chás seo caithfear éisteacht a bheith anseo sula mbeidh sé ródhéanach.

Mr. Seaghan Mac Cormaic:

An bhfaighidh an coiste sin an tuarascáil sin go luath? An mbeidh sé ag déanamh plé air?

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An buntáiste atá ann ná go bhfuil an finnéithe tar éis a bheith an-mhaith linn inniu - thug siad sraith mholtaí dúinn a dhéanfaidh ár jab i bhfad Éireann níos éasca nuair a bheimid ag cur tuarascála le chéile. An rud a bheidh sa tuarascáil ná cur síos ar an bplé a bhí againn, na doiciméid a thug na finnéithe dúinn agus sraith mholtaí. Ansin cuirfimid faoi bhráid bhaill an choiste í. Bheadh mé ag súil-----

Mr. Seaghan Mac Cormaic:

I gceann míosa, dar leat?

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ní gá dúinn fanacht don State Examinations Commission. Is féidir linn an tuarascáil a dhéanamh ón lá inniu.

Mr. Seaghan Mac Cormaic:

Gheobhaidh sé go luath é mar sin.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Roimh an Nollaig, más féidir.

Mr. Seaghan Mac Cormaic:

An mbeidh na coistí ag buaileadh lena chéile chun sin a phlé?

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ní gá go ndéanfadh muid é sin. Má chuirimid an tuarascáil chucu, is féidir linn impí ar bhaill an choiste sin é a phlé. Tá comhaltaí ag na páirtithe ar fad atá anseo ar an gcoiste sin. Má chuirfimid faoi bhráid na Dála é, ansin is féidir leis an Dáil é a phlé, má thagann sé as an lottery atá i gceist leis an méid sin. Tá deifir leis seo agus déanfaimid iarracht sliotán a fháil roimh an Nollaig don choimisiún más féidir, muna bhfuil sé chun a bheith os ár gcomhair roimh an Nollaig. Níl mé iarraidh moill a chur ar an tuarascáil do chruinniú an lae inniu toisc cé chomh tábhachtach is atá sé ó thaobh mí an Mheithimh seo chugainn. Caithfidh go mbeidh a fhios ag na finnéithe agus ag na daltaí a bheidh faoi scrúdú cad go díreach a bheidh os a gcomhair. i gcás roinnt de na hathruithe eile, is rudaí níos fadtéarmaí atá i gceist, agus mar sin is féidir linn fanacht go dtí tar éis na Nollag. Ba mhaith liom go mbeadh an cheist seo ardaithe chomh tapa agus is féidir. Má tá aon duine ag éisteacht ó na meáin cumarsáide, b'fhéidir gur féidir leo an cheist a ardú agus díriú isteach air lasmuigh den seomra seo. Tá daoine óga i lár an tríú bliain agus ba chóir go mbeadh a fhios acu céard a bheidh i gceist. Tá an saol deacair go leor dóibh. An bhfuil aon fhocal deiridh ag éinne?

Ms Gr?inne N? Ail?n:

An rud atá ó dhaoine ná go cuirfear caighdeán Gaeilge na ndaltaí seo san áireamh. Is dalta sa séú bhliain i scoil T1 mé agus bheadh deacrachtaí agam an scrúdú sin a bhí leagtha amach a dhéanamh. Tá mé tar éis é a fheiceáil agus na marcanna a fheiceáil agus bheadh deacrachtaí agam é a dhéanamh. Bíonn orainn caighdeán agus timpeallacht na ndaltaí a chur san áireamh nuair atá sé á phlé againn. Tá seo ráite agam cheana féin ach is annamh an rud é go mbíonn daltaí agus múinteoirí ag aontú. Áfach tá mé anseo anois i mo shuí in aice le cúig mhúinteoir-----

Ms Eimear Kilrane:

Ar an leathanach céanna leo.

Ms Gr?inne N? Ail?n:

-----agus ní hamháin go raibh na daltaí ag streachailt go fisiciúil agus leis an scrúdú ach ní raibh siad sásta. Bhí siad ag caoineadh agus d'fhág siad an scrúdú agus tá na múinteoirí ag gearán freisin agus tá siad ag rá go bhfuil sé deacair a mhúineadh agus nach bhfuil an córas sa siollabas soiléir. Ní féidir leis na fadhbanna a bheith níos soiléire. Tá na daltaí agus na múinteoirí ag aontú leis seo. Ba mhaith liom go mbeadh béim air sin agus go mbeadh caighdeán Gaeilge agus timpeallacht na ndaltaí seo á gcur san áireamh. Tháinig formhór na ndaltaí i scoileanna T2 ó bhunscoileanna Béarla agus ansin chuaigh siad ar aghaidh go meánscoileanna lán-Bhéarla. Bíonn orainn a bheith aireach faoi sin.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Leis sin ráite, déanfaimid críoch a chur leis an gcruinniú. An tseachtain seo chugainn, beimid ag taistil go Béal Feirste don chéad dhá lá den tseachtain ach beidh cruinniú againn Dé Céadaoin, an 23 Samhain, sa seomra seo. Ábhar an chruinniú sin ná na dúshláin agus na féidearthachtaí atá os comhair na gcoláistí samhraidh. Beimid ag plé seo leis na hionadaithe seo a leanas: mná tí ó Chiarraí; mná tí ó Thír Chonaill; coiste Choláiste na Mumhan i mBéal Átha an Ghaorthaidh; Comhairle Ceantar na nOileán Teoranta; Comharchumann Ráth Chairn; Comharchumann Forbartha an Leith Triúigh; Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair; Comhlacht Forbartha Áitiúil Acla; agus Comhlacht Forbartha na nDéise Teoranta. Chomh maith leis sin, tá cuireadh tugtha againn do Chomhchoiste Náisiúnta na gColáistí Samhraidh ach ag an am seo níl muid cinnte an mbeidh sé in ann freastail ar an gcruinniú.

Cuireadh an cruinniú ar athló ar 3.29 p.m. go dtí 1.30 p.m. Dé Céadaoin, an 23 Samhain 2022.