Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 16 November 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Páipéar T2 Ghaeilge na Sraithe Sóisearaí: Plé

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá cúpla ceist agam féin; ceann amháin a leanann an cheist dheireanach. Bhíomar ag plé leis an nGaeilge labhartha agus thug sibh léiriú an-mhaith anseo - Gráinne Ní Ailín ach go háirithe - maidir leis an tábhacht a bhaineann le labhairt na Gaeilge go háirithe i gcomhthéacs comhluadair. Rith sé seo liom i gcónaí faoi mo chuid chomhghleacaithe scoile. Bhí oideachas trí Ghaeilge agamsa ó thús go dtí go ndeachaigh mé chuig an ollscoil agus ansin thosaigh an deacracht. Bhí athrú poirt orm ansin. Fiú i nGaelcholáiste, bhí Gaeilge ag a lán dóibh siúd a bhí ar scoil liom ó bhí siad ceithre bliain d’aois, ach is minic a chasann siad ar an mBéarla anois toisc nach bhfuil cleachtadh acu ó shin. Má smaoinítear ar dhaoine atá ag déanamh an ardteist anois, muna bhfuil an cleachtadh acu bheith ag labhairt go nádúrtha, beidh deacracht ann. Níl ach Gaeilge agus Béarla agam. Níor éirigh liom ó thaobh na Fraincise nó na Laidine de nuair a bhí siadsan á dhéanamh agam toisc go raibh na ranganna dírithe ar leabhair seachas ar labhairt. Sa deireadh thiar thall, nuair atá aon teanga á foghlaim, foghlaimítear í focal ar fhocal trí na focail a nascadh le chéile, droim ar ais go minic. Ansin tagann taithí agus is é sin an bealach is fearr, i mo thuairim. Is maith an rud é an teanga a labhairt ar dtús agus ansin cuireann tú struchtúr, gramadach, litríocht nó scríobh agus gach rud eile leis. Ach sa chéad áit, caithfear an Ghaeilge a labhairt.

An bhfuil na finnéithe, mar mhúinteoirí, ag lorg soiléiriú agus cinnteacht ar cad a bheidh sa pháipéar scrúdaithe os comhair na ndaltaí i mí an Mheithimh seo chugainn? Ceann de na fáthanna a tugadh cuireadh dóibh teacht os comhair an choiste ná go mbeadh tuiscint, ní hamháin agaibhse, ach ag na daltaí bochta a chuaigh isteach i scrúdú a bhí dúshlánach agus a tháinig amach ag caoineadh nó faoi stró mór, ar cad a bheidh le teacht. Más buan mo chuimhne, is í an Ghaeilge ceann de na céad scrúdaithe i gcónaí. Mar sin, bhi cúpla seachtain eile acu agus iad cheana féin faoi strus. Muna bhfuil siad go hiontach ag ábhar faoi leith ag an leibhéil seo, chuirfeadh sé as dóibh, agus chuirfeadh sé as don rithim a bhí acu agus iad ag díriú ar an scrúdú. Glacaim leis go bhfuil na finnéithe ag lorg an soiléiriú sin. Ar tháinig an soiléiriú sin ón Roinn nó ó Choimisiún na Scrúdaithe Stáit? Ar gabhadh leithscéal leo, fiú, as an damáiste a rinneadh nó an tslí a caitheadh leo? Is daoine fásta iad na finnéithe ach an bhfuair na daltaí leithscéal? B’fhéidir go mbeidh a fhios againn an tseachtain seo chugainn, i slí amháin,, nuair a bheidh na torthaí os ár gcomhair. Fágfaidh mé an cheist amháin sin leis na finnéithe i dtús báire.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.