Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 23 November 2021

Joint Oireachtas Committee on Education and Skills

An Ghaeilge agus Oideachas lán-Ghaeilge: Plé

Ms Sorcha Ní Chéilleachair:

Ar dtús, ar mhaithe le mo chuid cainte a chur i láthair i gceart, ba mhaith liom eolas a thabhairt faoi chúlra Thuismitheoirí na Gaeltachta agus an obair a bhíonn ar bun againn. Bunaíodh Tuismitheoirí na Gaeltachta i nGaeltacht na Gaillimhe in 2011 le tacaíocht a thabhairt do thuismitheoirí atá ag tógáil clainne le Gaelainn nó ar mian leo a leithéid a dhéanamh. Grúpa tuismitheoirí a tháinig le chéile i dtús ama agus ba léir ón dtús go raibh an-éileamh ar a leithéid. Táimid ag fás agus ag forbairt ó shin agus faoi láthair tá maoiniú á fháil againn ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán. Tá dualgas náisiúnta Gaeltachta orainn agus tá seisear fostaithe ag an eagraíocht. Is iad Tuismitheoirí na Gaeltachta an ceanneagraíocht i réimse an teaghlaigh sa Ghaeltacht. Tá teagmháil ag Tuismitheoirí na Gaeltachta le os cionn 1,600 teaghlach sa Ghaeltacht.

Is í an Ghaeltacht an dualgas atá ar Thuismitheoirí na Gaeltachta agus is ar an nGaeltacht a bheadsa ag trácht inniu. Ní shin le rá nach bhfuil ceisteanna le plé faoi na hábhair chéanna lasmuigh den Ghaeltacht, ach ní shin an cúram ná an dualgas atá orainn. Is i réimse an teaghlaigh a bhíonn Tuismitheoirí na Gaeltachta ag obair; níl dualgas réimse an oideachais ar Thuismitheoirí na Gaeltachta, cé go bhfuil dualgas áirithe abhcóideachta ina leith orainn. Glacaimid leis an dualgas seo ar ndóigh agus is mór againn an deis i gcónaí cás na dteaghlach Gaeltachta a phlé i réimsí agus earnálacha éagsúla. Tá ról tábhachtach agus lárnach ag an tuismitheoir agus ag an teaghlach i gcúrsaí oideachais. Tá cearta bunreachtúla i gceist agus is ar an mbonn seo a bhímid i mbun abhcóideachta i réimse an oideachais.

Táimid anseo inniu le hathchóiriú na hardteistiméireachta a phlé agus ag díriú ar an nGaelainn agus ar an oideachas trí mheán na Gaelainne. Is oth liom féin agus is cúis díomá do Thuismitheoirí na Gaeltachta nach bhfuil an Ghaeltacht ná an t-oideachas Gaeltachta luaite sa chur síos seo. Tá an-imní ar Thuismitheoirí na Gaeltachta go bhfágfar an Ghaeltacht in áit na leathphingine sa phróiseas seo ar fad. Tá difríochtaí bunúsacha, suntasacha agus sonracha idir scoil Ghaeltachta agus Gaelscoil taobh amuigh den Ghaeltacht, agus gach a mbaineann léi: daltaí, tuismitheoirí, múinteoirí, pobal, córas pleanála teanga, cearta teanga agus cearta oideachais. Agus sinn ag díriú ar an gcúrsa nua atá molta don ardteistiméireacht, nílimse róchinnte an bhfuil aon bhéim curtha ar an éagsúlacht seo nó an bhfuil sé san áireamh fiú sa phróiseas sin nó go deimhin sa phróiseas seo faoin athchoiriú atá faoi chaibidil inniu againn.

Braitheann muintir na Gaeltachta go bhfuilid fágtha ar lár. Tá múinteoirí Gaeltachta thar a bheith míshuaimhneach agus go deimhin níl seachtain ann ó labhair duine acu amach go poiblí. Cé gur duairc an léargas a thug sí ar chúrsaí oideachais sa Ghaeltacht, b’ardú croí a bhí sa mhéid a bhí le rá aici. Níl Tuismitheoirí na Gaeltachta anseo le hionadaíocht ná abhcóideacht a dhéanamh ar son múinteoirí, agus ba dhána an mhaise dúinn a leithéid a dhéanamh, ach tacaímid go láidir leis an múinteoir seo agus lena comhghleacaithe ar fud na tíre. Tá brú mór curtha ar Thuismitheoirí na Gaeltachta ó cuireadh tús leis an bpróiseas seo. Tá brú orainn bheith mar urlabhraithe oideachais, réimse oibre nach é ár réimse oibre go hiomlán é agus is mar gheall ar an easpa béime ar an nGaeltacht é seo. Níor cheart go bhfágfaí cás na Gaeltachta fúinne amháin.

Luaigh mé sa choiste seo cheana an méid atá uainne mar thuismitheoirí dár ndaoine óga, agus is léir ón méid a bhí le rá ag an múinteoir Gaeltachta a labhair mé ní ba luaithe fúithí gurb shin atá ag teastáil ós na múinteoirí chomh maith. Is é sin deis do dhaoine óga a dteanga féin a thabhairt chun saibhris agus go dtiocfaidís in inmhe mar chainteoirí cumasacha, muiníneacha; nó i bhfocail eile, go léireofaí meas agus tuiscint agus go dtabharfaí tacaíocht chuí do chainteoirí dúchais agus líofa Gaelainne sa chóras oideachais.

Ag féachaint ar an bpróiseas ar fad a bhain leis an gcomhairliúchán ar an gcúrsa nua ardteistiméireachta don Ghaelainn agus na deacrachtaí atá leis, an bhfuiltear ag iarraidh folús eolais a chruthú go dtí go n-ídeofar fuinneamh na múinteoirí, go mbrisfear spiorad na dtuismitheoirí ar mian leo go mbeadh a gcuid leanaí ina gcainteoirí cumasacha agus muiníneacha ina dteanga féin? Tá íobairt agus iarrachtaí móra déanta ag na tuismitheoirí seo le Gaelainn a thabhairt dá gclann agus a gcroíthe cráite ag córas easnamhach atá ag sú na teanga astu. Tá scéalta cloiste againn ó thuismitheoirí a bhrisfeadh do chroí. Luaim duine óg agus cainteoir cumasach ag foghlaim script de ghlanmheabhair don scrúdú cainte le focail choimhthíocha nua-chumtha sa chaighdeán oifigiúil ná raibh riamh sa chaint mar gurb shin atá le déanamh sa scrúdú sin le go dtuigfear duine. Luaim duine óg cumasach eile, cainteoir a sheasfá sa sneachta ag éisteacht leis nó léi, a raibh fíor-dheacrachtaí aige nó aici i gcúrsa tríú leibhéal sa Ghaelainn mar gheall ar an bhfreastal easnamhach ar chainteoirí dúchais sa chóras oideachais sa Ghaeltacht. Cén bhail a táimid ag cur ar ár ndaoine óga agus ar ár dteanga?

Mura spreagfar daoine óga, mná agus fir óga ábalta na Gaeltachta, teacht in inmhe mar chainteoirí cumasacha, muiníneacha, cad atá i ndán don Ghaeltacht? Ba dhóigh le duine gurb é an sprioc atá leis seo ar fad, ná nach mbeadh fágtha ach corr theaghlach anseo is ansiúd ag caint i dteanga rúnda nach dtuigeann éinne ach iad féin. Seo mar a thugtar faoi theanga-dhíothú agus seo mar a thugtar faoi chine-dhíothú. Tá sé luaite againne cheana agus ag dreamanna eile go gcruthóidh sé seo scoilt sa phobal Gaeltachta, muna bhfuil sé cruthaithe cheana féin. An é seo a theastaíonn ón Roinn Oideachais? An chun leasa na teanga é muintir na Gaeltachta a chur in aghaidh a chéile? An iad an Roinn Oideachais agus an NCCA a chneasóidh an chréacht agus an scoilt, má théann an scéal seo níos faide? Ní hiad ach fágfar faoi mhuintir na Gaeltachta, faoi na scoileanna agus faoi na heagraíochtaí pobail agus teanga é. Ní féidir an t-ualach seo a leagan orainne. Seo ualach don Roinn Oideachais agus don NCCA.

Iarraimid dá réir go ndéanfaí machnamh ceart air seo. Déanaimis é seo i gceart. Éilíonn Tuismitheoirí na Gaeltachta, ar mhaithe leis an nGaeltacht agus le slánú na bpobal teanga atá fágtha, agus chun go dtiocfadh an chéad ghlúin eile faoi bhláth, go gcuirfí stop iomlán leis an bpróiseas seo. D’éilíomar cheana go gcuirfí córas ar bun le hiniúchadh ceart a dhéanamh ar an bhfreastal cuí teanga agus oideachais sa Ghaeltacht agus éilímid é sin arís inniu. Déantar iniúchadh ceart ar an gcóras sa tsraith shóisearach mar atá á éileamh ag na dreamanna éagsúla. Is léir go bhfuil an-mhíshástacht leis seo sa Ghaeltacht. Mura bhfuil an bhunchloch cheart ann, is cuma cad a chuirfear leis, ní oibreoidh sé.

Caithfear deis a thabhairt dár ndaoine óga barr a gcumas féin sa teanga a bhaint amach, is cuma cén cumas é sin, agus nach gceilfí a gcearta teanga ná a gcearta oideachais orthu.

Cuirfidh mé críoch leis an bpíosa cainte seo le ceist, agus bímis ionraic, fírinneach, macánta á freagairt. An bhfuilimid ag iarraidh go mairfeadh an Ghaeltacht? Ná teipimis, ná loicimis, ná clisimis ar ghlúin eile de chainteoirí dúchais, ár ndaoine óga breátha, slánú na Gaeltachta, agus an chéad ghlúin eile.