Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 23 November 2021

Joint Oireachtas Committee on Education and Skills

An Ghaeilge agus Oideachas lán-Ghaeilge: Plé

Mr. Julian de Spáinn:

Gabhaim buíochas leis an gcoiste as an gcuireadh don chonradh a bheith i láthair inniu chun labhairt maidir le hathbhreithniú ar an ardteistiméireacht. Tacaíonn an conradh go láidir leis na moltaí déanta sa phlécháipéis, curtha le chéile ag Fíona Uí Uiginn agus an tOllamh Áine Hyland, a fhreagraíonn do dhréachtsonraíochtaí Gaeilge na sraithe sinsearaí T1 agus T2 a foilsíodh do chomhairliúchán de chuid an CNCM atá ar siúl go dtí an 30 Samhain. Síleann muid go bhfuil an phlécháipéis seo thar a bheith ábhartha don obair atá ar siúl ag an gcomhchoiste seo maidir leis an athbhreithniú ar an ardteistiméireacht agus tá súil agam go mbeidh an comhchoiste sásta aighneacht a chur ar aghaidh chuig an CNCM.

I measc na moltaí sa phlécháipéis, luaitear gur chóir go mbeadh comhtháthú idir an ardteistiméireacht agus polasaí an Stáit i leith na Gaeilge. Tá an moladh seo loighciúil, ciallmhar agus bheadh sé faillitheach gan glacadh leis. Tá sprioc uaillmhianach leagtha amach i mBille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019, atá le hachtú roimh dheireadh na bliana, go mbeidh 20% de na daoine a earcófar san earnáil phoiblí faoi 2030 inniúil sa Ghaeilge.

Is é leibhéal B2 ar an FTCE an caighdeán is mó a luaitear go hidirnáisiúnta mar bhunriachtanas le go mbeadh duine in ann feidhmiú i dteanga ar bith i gcomhthéacs gairmiúil. Tá deis ann a chinntiú go mbeidh an caighdeán seo ag cuid de na daltaí scoile, agus go mbeidh a fhios ag na daltaí eile cén áit atá siad ar an bhfráma céanna, tar éis dóibh cúrsa na hardteistiméireachta a chur i gcrích.

Chabhródh úsáid an FTCE, chomh maith le rochtain, comhionannais agus folláin an dalta, toisc go bhféadfadh an córas a bheith an-solúbtha go deo sna bealaí seo a leanas. D‘fheadfadh na leibhéil éagsúla ar an bhfráma agus na próifíl teanga a bhaineann leo freastail ar chumas daltaí le Gaeilge mar a gcéad teanga agus daltaí ag foghlaim na Gaeilge mar dara teanga. D’fheadfadh an fráma freastail ar dhaltaí scoile a thagann isteach sa chóras déanach; mar shampla d’fhéadfadh dalta ag teacht isteach sa chóras oideachais in Éirinn don chéad uair i rith na tríú bliain sa mheánscoil an leibhéal A1 a dhéanamh sa Ghaeilge agus na pointí cuí CAO a bhronnadh air nó uirthi. D’fheadfadh an fráma freastail ar dhaltaí scoile le deacrachtaí foghlama; mar shampla d’fhéadfadh dalta le deacrachtaí scríobh díriú ar labhairt na Gaeilge amháin ar an bhfráma agus na pointí cuí CAO a bhronnadh air nó uirthi. Chabhródh seo leis an líon daltaí ag lorg díolúine a laghdú go suntasach agus d’fheadfadh sé cabhrú leis an scarúint agus an t-idirdhealú a dhéantar ar dhaltaí nach ndéanann staidéar ar an nGaeilge a stopadh. Bheadh an córas seo ag freastail ar chumas an dalta in ionad an córas reatha nach bhfuil solúbtha agus nach ndéanann freastail shásúil ar chumas an dalta. Deis amú a bheidh ann mura n-úsáidtear an FTCE san ardteistiméireacht agus beidh an baol ann go mbeidh glúin eile ag fágáil na scoile le scileanna agus straitéisí scrúdaithe seachas inniúlacht teanga agus chumarsáide. Céard is fiú do chuid amháin den Rialtas a bheith ag brú ar aghaidh leis an FTCE agus an chuid eile ag déanamh neamhaird air?

Ó thaobh príomhréimsí ábhair do ardteistiméireacht de, creideann Conradh na Gaeilge go láidir nár chóir aon athrú a dhéanamh ar stádas na Gaeilge mar chroí-ábhar ardteistiméireachta a dhéanann gach dalta staidéar uirthi. Níl an t-am agam inniu dul tríd na fáthanna ar fad gur chóir í a choinneáil mar chroí-ábhar ach tá cuid acu mar aguisín leis na nótaí. Ba mhaith liom a chur ar an taifead go bhfuil móramh mór sa phobal taobh thiar don Ghaeilge mar chroí-ábhar; 64% de réir suirbhé Kantar in 2019, agus níl ach mionlach an-bheag, 14% de réir an tsuirbhé céanna, ar son an stádais a athrú. Bheadh aon dalta nach ndéanann an Ghaeilge don ardteistiméireacht ag cailliúint amach ar go leor leor deiseanna fostaíochta agus gairme. Ba cheart na fadhbanna leis an nGaeilge sa chóras oideachais a dheisiú in ionad iad a sheachaint.

Chuige sin, tá súil agam go dtacóidh an coiste leis an éileamh eile atá againn go mbeadh polasaí don Ghaeilge sa chóras oideachais ón réamhscoil go dtí an tríú leibhéal. Tinte a mhúchadh go rómhinic a bhíonn ar siúl againn in ionad pleanáil go cuimsitheach, go comhtháite agus go fadtéarmach don Ghaeilge sa chóras oideachais. Is é sin an fáth, roimh an olltoghchán in 2020, gur chuir an feachtas "#Gaeilge4All" moladh chun cinn leis na páirtithe polaitiúla gur chóir go mbeadh polasaí don Ghaeilge sa chóras oideachais ón réamhscoil go dtí an tríú leibhéal ann. Chuimseodh an polasaí an Ghaeilge sa chóras oideachais ag gach leibhéal agus i ngach earnáil, leis an trí chroí-pholasaí seo a leanas san áireamh sa pholasaí: an polasaí oideachais Gaeltachta reatha; polasaí don Ghaelscolaíocht, a fógraíodh le déanaí agus atá le forbairt; agus polasaí don oideachas a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla. Bheadh an páirt-tumoideachas, tumoideachas iomlán, an curaclam, sonraíochtaí, oiliúint múinteoirí, bunú Gaelscoileanna, díolúintí, measúnú agus eile san áireamh. Bheadh ciall agus ceangal comhtháite le foghlaim na Gaeilge don dalta sa chóras ón gcéad lá sa réamhscoil go dtí scrúdú na hardteistiméireachta agus ar aghaidh go dtí an tríú leibhéal. Ag dul ar ais go dtí na moltaí faoin FTCE, d’fheadfadh an polasaí seo, ag gach leibhéal, úsáid a bhaint as an FTCE. Tá breis eolais faoin moladh seo sna haguisíní arís.

Gabhaim buíochas le baill an choiste as an deis a bheith leo inniu arís. Mar fhocal scoir, ba mhaith linn trí rud a iarraidh ar an gcomhchoiste a chur san áireamh, go háirithe, sa tuarascáil faoin ardteistiméireacht. Ar dtús, táimid ag lorg tacaíocht ón gcomhchoiste do na moltaí sa phlécháipéis ar na sonraíochtaí a thagair mé dóibh cheana agus aighneacht a chur ar aghaidh sa phróiseas comhairliúchán de chuid an CNCM roimh 30 Samhain. Freisin, táimid ag lorg tacaíocht ón gcomhchoiste don Ghaeilge mar chroí-ábhar ardteistiméireachta a dhéanann gach dalta staidéar uirthi ag leibhéal na hardteistiméireachta. Agus ar deireadh táimid ag lorg tacaíocht ón gcomhchoiste do pholasaí don Ghaeilge sa chóras oideachais ón réamhscoil go dtí an tríú leibhéal le húsáid an FTCE mar dhlúthchuid de sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.