Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 23 November 2021

Joint Oireachtas Committee on Education and Skills

An Ghaeilge agus Oideachas lán-Ghaeilge: Plé

Mr. Caoimhín Ó hEaghra:

Is pátrún náisiúnta é An Foras Pátrúnachta a bhunaíonn agus a bhainistíonn scoileanna lán-Ghaeilge ag an mbun agus ag an dara leibhéal agus breis is 17,000 dalta ag freastal ar ár scoileanna faoi láthair. Tá An Foras Pátrúnachta ag iarraidh go mbeadh oideachas lán-Ghaeilge den scoth ar fáil do gach páiste sa tír ag an mbun agus ag an dara leibhéal. Tá sé glactha go forleathan gur ceann de na polasaithe is rathúla sa Stát é an Gaeloideachas le tumoideachas iomlán, nó go deimhin gurb é an polasaí is rathúla, maidir le cur chun cinn na Gaeilge. Téann daltaí tríd an gcóras agus tagann siad amach mar Ghaeilgeoirí. Léiríonn gach taighde go bhfuil 25% de thuismitheoirí ag éilimh an mhúnla seo dá bpáistí. Cén fáth mar sin nach bhfuil an Roinn ag tapú an deis trí thacaíocht ghníomhach dhearfach a thabhairt chun an earnáil a leathnú agus polasaí an Stáit a fheidhmiú?

Tá ról agus tábhacht na scoileanna maidir leis an nGaeilge aitheanta i straitéis 20 bliain na Gaeilge, straitéis a fuair tacaíocht thraspháirtí agus a fhanann ina beartas Rialtais ainneoin go bhfeictear gur beag an dul chun cinn atá déanta ina leith agus muid breis is leathbhealach isteach sa tréimhse sin. Teastaíonn comhtháthú agus idirnascthacht idir an Roinn Oideachas, Roinn na Gaeltachta agus na Ranna Stáit eile maidir le ceist na Gaeilge, rud atá riachtanach chun go mbainfear spriocanna na straitéise amach. Táimid ag plé shonraíochtaí na hardteiste inniu, ach ceann de na bunphointí atá ann ná nach bhfuil deis ag dóthain daltaí an ardteist a dhéanamh trí Ghaeilge. Braitear nach n-éascaíonn an córas an próiseas go gníomhach le leithéidí an fhorais chun aidhmeanna a straitéise féin a bhaint amach. Ba cheart go mbeadh beartas dearfach ag an Stát maidir le Gaelcholáistí a bhunú. Níor chóir go mbeadh pobail á ndiúltú nuair a léiríonn siad éileamh do Ghaelcholáiste. Is faillí atá déanta ar an bpobal é seo agus is léiriú neamhaird iomlán ar bheartais an Stáit é.

Maidir leis na dréachtsonraíochtaí féin, tá An Foras Pátrúnachta an-bhuartha nach léiríonn cur chuige An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta, CNCM, ach amháin go bhfuil sí ag caitheamh le ceist na Gaeilge mar ábhar scoile atá le staidéar. Tá an Ghaeilge fite fuaite lenár bhféiniúlacht, lenár gcultúr agus lenár n-oidhreacht. Tá ról ríthábhachtach ag an Stát ina caomhnú. Ní mór don Roinn Oideachais breathnú ní amháin ar shonraíochtaí ar shiollabas agus ar churaclam a oireann do spriocanna, do mhianta, do bheartas an Rialtais i gcoitinne ach ar cheann a fhreastalaíonn ar chearta teanga gach uile dhuine sa tír. Tá cearta ag na daltaí i scoileanna lán-Ghaeilge ar shonraíocht lena n-ullmhófar iad sa teanga atá roghnaithe acu. Ullmhúchán a thugann an cumas dóibh feidhmiú sa saol as Gaeilge. Agus é seo á bhaint amach, caithfear cinntiú nach ndéantar neamhaird orthu siúd sna scoileanna ina ndéantar teagasc trí Bhéarla.

Is mian leis An Foras Pátrúnachta béim faoi leith a leagan ar an bpointe seo a leanas. Tá an tsraith shinsearach reatha róbhunúsach do dhaltaí a d’fhreastail ar bhunscoil lán-Ghaeilge. Teastaíonn go dtógfaí ar an líofacht atá bainte amach acu. Cuirimid fáilte roimhe go bhfuil an cheist seo i measc théarmaí tagartha an athbhreithnithe. É sin ráite, tá sé riachtanach go mbeadh spreagadh agus cúiteamh ar fáil do dhaltaí as cúrsa níos dúshlánaí a dhéanamh, mar shampla, pointí bónais. Tá imní ann gur teip a bheadh i ndán don chúrsa nua mura mbeidh cúiteamh ann. Tá imní léirithe ag múinteoirí nach mbeidh daltaí meánleibhéal sásta tabhairt faoi chúrsa níos dúshlánaí, gan aon chúiteamh ann dóibh. D’fhéadfadh seo dochar tromchúiseach a dhéanamh do cheantair Ghaeltachta agus don oideachas lán-Ghaeilge. Caithfear dul i ngleic leis an gceist seo mar chuid den phróiseas.

Molann An Foras Pátrúnachta mar aon lenar gcomhpháirtithe Gaeilge go mbreathnófaí go dáiríre ar na moltaí atá ag teacht chun cinn ón earnáil, go háirithe an moladh maidir le dhá chúrsa Gaeilge a chruthú: cúrsa comónta bunaithe ar shealbhú na teanga a dhéanfadh chuile dhalta sa tír chomh maith le cúrsa litríochta agus saíochta faoi leith. Tá fasach de seo cheana féin nuair a bhreathnaítear ar mhata agus ar mhata fheidhmeach. Ní gá go mbeadh an cúrsa teoranta do Ghaelcholáistí. Bheadh scoileanna meáin Béarla in ann an cúrsa saíochta a ofráil freisin dá mba mhian leo. Gabhaim buíochas as ucht an deis a thabhairt dúinn ár gcás a chur faoi bhráid an choiste.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.