Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 23 November 2021

Joint Oireachtas Committee on Education and Skills

An Ghaeilge agus Oideachas lán-Ghaeilge: Plé

Ms Fíona Uí Uiginn:

Gabhaim buíochas leis an gcoiste as an deis a thabhairt do Ghaeloideachas teacht i láthair anseo inniu agus labhairt leis faoi na dréachtsonraíochtaí Gaeilge ardteistiméireachta a d’fhoilsigh an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnaithe, CNCM, i mí Feabhra na bliana seo.

D'iarr an coiste oideachais, coiste atá á chomhordú ag Conradh na Gaeilge agus ar a bhfuil ionadaithe ó 14 de na heagraíochtaí a bhfuil cur chun cinn na Gaeilge mar chuid dá gcúram, orm féin agus ar an iar-ollamh le hoideachas i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, an tOllamh Áine Hyland, plécháipéis a scríobh ag déanamh mionanailíse ar na dréachtsonraíochtaí, na príomhúdair atá ag cothú conspóide agus imní i measc an phobail ó foilsíodh iad a aithint agus moltaí a dhéanamh bunaithe ar an anailís sin.

I dtosach báire, rinneamar anailís ar ábhar na ndréachtsonraíochtaí. Thángamar den tuairim go bhfuil easpa eolais iontu faoin ábhar a bheidh le múineadh ag na múinteoirí agus le foghlaim ag na daltaí. Tá cur síos déanta ag go leor daoine ar an easpa eolais seo ó foilsíodh na dréachtsonraíochtaí agus níl an t-am againn dul isteach sa scéal sin arís inniu.

Ba é an dara rud a rinneamar ná féachaint ar na mórcheisteanna córasacha nó sistéamacha atá ag cothú go leor den imní agus den mhíshuaimhneas sa phobal. Is é an chéad rud ar fhéach muid air ná oiriúnacht an mhúnla T1 agus T2 don ardteistiméireacht. Tháinig an múnla nua seo atá ann, an múnla T1 agus T2, isteach ag leibhéal na sraithe sóisearaí in 2017 ach, mar a dúirt Pádraig Ó Beaglaioch ansin, níl aon scrúdú déanta bunaithe air fós de bharr na paindéime. Níl aon athbhreithniú déanta air, cé go bhfuil ceann tosaithe anois ag an CNCM. Ba chóir go mbeadh an t-athbhreithniú seo déanta agus an t-aiseolas curtha ar fáil sular socraíodh ar an múnla céanna a úsáid don ardteistiméireacht.

Faoin múnla nua ardteistiméireachta, ní bheidh aon scrúdú ag an mbonnleibhéal ar fáil. Is scrúdú fíorthábhachtach atá sa bhonnleibhéal do chohórt daltaí nach bhfuil chomh láidir sin sa teanga. Mar a dúirt Pádraig Ó Beaglaioch, gan cúrsa bonnleibhéil, tá an baol ann go mbeidh ardú mór ar líon na scoláirí a bheith ag lorg díolúine ón nGaeilge san ardteistiméireacht. Tá an líon seo ag cothú imní mar atá sé i láthair na huaire.

Céard faoi rogha idir T1 agus T2? Níl sé soiléir ó na dréachtsonraíochtaí an mbeidh an tsonraíocht nua seo T1 roghnach nó éigeantach do na scoláirí i scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge. Gan an t-eolas seo, tá an tuairim ag teacht chun cinn sa dioscúrsa poiblí go mbeidh ar scoláirí i scoileanna T1 tabhairt faoi chúrsa Gaeilge atá níos dúshlánaí gan aon chúiteamh a bheith curtha ar fáil dóibh as an obair bhreise a bhainfidh leis seo. Cén fáth go dtabharfadh aon dalta i scoil T1 faoin gcúrsa seo? Mura mbeidh an cúrsa T1 éigeantach, cad a chuirfeadh orthu an scrúdú níos dúshlánaí a dhéanamh? Arís, níl aon eolas sna dréachtsonraíochtaí faoi seo. Tá cúpla beart luaite sa pholasaí don oideachas Gaeltachta ach ní bheidh na bearta atá luaite ansin tarraingteach go leor le daltaí a mhealladh le tabhairt faoi chúrsa ag leibhéal na hardteistiméireachta - scrúdú atá chomh tábhachtach sin don dalta - agus an obair bhreise sin a dhéanamh dá ndeoin féin mura mbeidh cúiteamh ceart ar fáil dóibh.

Cad iad na moltaí atá déanta agam féin agus ag an Ollamh Hyland? Ní féidir leis na dréachtsonraíochtaí, mar atá siad leagtha amach faoi láthair, freastal ar na riachtanais atá ag na scoláirí ar fad. Is gá féachaint ar an múnla T1 agus T2 seo arís agus ceist a chur faoina oiriúnacht do scrúdú na hardteistiméireachta. Níl an status quoag freastal ar riachtanais na gcainteoirí dúchais ná cainteoirí cumasacha Gaeilge. Tá deis ann anois, le sonraíochtaí nua, dul i ngleic leis an gceist seo agus sonraíochtaí a dhearadh atá in oiriúint do na spriocghrúpaí éagsúla ar fad den chéad uair. Chuige seo tá fráma nó múnla eile, seachas an córas T1 agus T2, á mholadh againn. Dar linn, tá dhá bhealach ann leis seo a dhéanamh. Feicfidh na baill sna cóipeanna den ráiteas tosaigh atá acu an dá rogha.

Faoi rogha 1, beidh bonnleibhéal, gnáthleibhéal, ardleibhéal agus leibhéal nua, sárleibhéal, ar fáil. Bheadh an scrúdú sárleibhéil dírithe ar chohórt daltaí atá cumasach sa Ghaeilge. Bheadh deis acu caighdeán níos airde a bhaint amach i labhairt agus scríobh na teanga. Chun daltaí a mhealladh le tabhairt faoin leibhéal seo, caithfear pointí breise CAO a bheith ag dul leis.

Maidir leis an dara rogha atá curtha os comhair an choiste againn, bheadh bonnleibhéal, gnáthleibhéal agus ardleibhéal ar fáil, mar atá siad faoi láthair, ach dhéanfaí ábhar nua, saíocht agus litríocht na Gaeilge, a fhorbairt freisin. Bheadh an t-ábhar sin ar fáil do dhaltaí a mbeadh spéis acu tabhairt faoi ábhar mar sin ar an mbonn céanna le mata agus mata fheidhmeach. Tá na buntáistí a bhaineann leis an dá rogha sin sonraithe agam sa ráiteas tosaigh. Ní rachaidh mé isteach iontu anois.

Mar fhocal scoir, déarfaidh mé gur scrúdú fíorthábhachtach i saol an scoláire í an ardteistiméireacht. Is scrúdú é a bhfuil go leor ag brath air. Ní ceart athrú chomh mór leis an gceann seo atá beartaithe sna dréachtsonraíochtaí a dhéanamh maidir leis an nGaeilge - ábhar a bhfuil tábhacht níos leithne ag baint leis - gan na himpleachtaí a mheas go cúramach. Is é an chomhairle atá ag Gaeloideachas ag an bpointe seo ná go gcuirfí aon chinneadh faoi shonraíocht nua Ghaeilge sa tsraith shinsearach nó san ardteistiméireacht ar leataobh go dtí go mbeidh an t-athbhreithniú ar an tsraith shóisearach déanta agus na torthaí ar fáil. Nuair a bheidh sé sin déanta, iarraimid ar na baill, polaiteoirí ar spéis leo todhchaí na teanga, a chinntiú go gcuirtear na moltaí atá déanta agam féin agus ag an Ollamh Hyland sa phlécháipéis san áireamh agus go ndéantar fráma nua a dhearadh don Ghaeilge ag leibhéal na hardteistiméireachta, fráma a fhreastalóidh i gceart, don chéad uair, ar riachtanais fhoghlama gach dalta sa tír.