Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 23 November 2021

Joint Oireachtas Committee on Education and Skills

An Ghaeilge agus Oideachas lán-Ghaeilge: Plé

Mr. Pádraig Ó Beaglaoich:

Tabharfaidh mé beagáinín comhthéacs maidir le hacmhainní cuí. Tá 73 iar-bhunscoil agus 1,500 scoláire i gceist le hearnáil na Gaelscolaíochta ag an iar-bhunleibhéal. Maidir leis an leasú atá beartaithe don tsraith shinsearach, glactar leis go mbeidh athruithe móra ar shiollabas na n-ábhar, nó sonraíochtaí, mar a thabharfar orthu, agus go gcuirfear leis an rogha ábhar reatha. Is den riachtanas é go mbeidh soláthar iomlán d’áiseanna teagaisc agus foghlama d’ardchaighdeán ar fáil sula dtugtar isteach na sonraíochtaí agus na hábhair nua. Níl sé inghlactha go mbeadh na scoláirí seo faoi mhíbhuntáiste de bharr nach bhfreastalaíonn na foilsitheoirí oideachais ar a gcuid riachtanas. Tá raon leathan ábhar, beagnach 40 dóibh, ar fáil ag leibhéal na hardteistiméireachta agus tá obair shuntasach i gceist le freastal cuí a dhéanamh i dtaobh na n-acmhainní do na hábhair reatha, nuabhunaithe agus leasaithe.

Chuige sin, is gá go soláthrófaí na hacmhainní daonna agus airgeadais don Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, COGG, leis an soláthar téacsleabhar agus acmhainní taca a chinntiú lena n-áirítear acmhainní digiteacha ar líne. Caithfear tógáil anois ar an tús maith atá déanta ag COGG i gcomhpháirt le Scoilnet agus leis an aonad um oideachas Gaeltachta ar an tairseach. Is bailiúchán d’acmhainní é atá cruthaithe ag múinteoirí do mhúinteoirí. Tá céimeanna dearfacha glactha ag TG4 Foghlaim maidir le soláthar acmhainní físe don Ghaeilge agus d’ábhair eile a mhúintear trí mheán na Gaeilge le blianta beaga anuas.

Moltar go láidir go ndéanfaí tuilleadh tógála ar an obair bhunaidh seo i gcomhpháirt leis na páirtithe leasmhara in earnáil an oideachais. Moltar go tréan go ndéanfar clár sainiúil spriocdhírithe a bhunú le bonn níos láidre a chur faoi thobar litríocht do dhéagóirí sa Ghaeilge, d’fhonn a dheimhniú go mbeidh saothair chomhaimseartha litríochta d’ardchaighdeán ar fáil trí Ghaeilge do na liostaí litríochta sna seánraí éagsúla, ag leibhéil na sraithe sóisearaí agus na sraithe sinsearaí araon. Lena chois sin, baineann tábhacht nach beag le borradh breise comhaimseartha a chur faoi chúrsaí litríochta agus na healaíona dúchasacha do dhéagóirí sna ceantair Ghaeltachta a chuirfeadh leis an saibhreas atá ann cheana féin.

Tá beagán le rá agam faoi chroí-ábhair agus sonraíochtaí éagsúla. Aontaítear le polasaí an Stáit an Ghaeilge a bheith mar chroí-ábhar do gach dalta bunscoile agus gach scoláire iarbhunscoile suas go leibhéal na hardteistiméireachta, ach caithfear meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmiú an churaclaim teanga bhunscoile agus ar fheidhmiú na sonraíochtaí Gaeilge sa tsraith shóisearach, an t-easnamh maidir le scrúdú cainte seachtrach san áireamh, sula dtugtar isteach aon sonraíocht nua ag leibhéal na hardteistiméireachta. De bharr na paindéime, níl scrúdú ceannchúrsa Choimisiún na Scrúduithe Stáit déanta ag aon scoláire ó tháinig na sonraíochtaí nua seo i bhfeidhm in 2017. Tá comhairliúchán leathan ar bun ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta faoi láthair maidir le dréachtsonraíochta éagsúla T1 agus T2 ach tá an-mhíshástacht léirithe faoin bhféidearthacht seo i measc scoláirí, tuismitheoirí agus múinteoirí sna scoileanna T1 de bharr go bhfuiltear ag súil go dtabharfaí grúpa amháin scoláirí faoi shonraíocht agus faoi mheasúnú ag leibhéal níos dúshlánaí ná scoláirí eile gan aon bhuntáiste soiléir dlite dóibh. Go deimhin, tá sé tuairiscithe ag príomhoidí agus ceannairí oideachais gur buille mór d'iarbhunscoileanna na Gaeltachta agus do Ghaelcholáistí na tíre a bheadh anseo agus go dtiocfaidh laghdú seachas méadú ar líon na scoláirí a dhéanfaidh freastal ar iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta dá bharr. Lena chois sin, ní mór an cinneadh maidir leis an mbonnleibhéal a fhágáil ar lár a cheistiú ós rud é go bhféadfadh cinneadh dá leithéid drochthionchar a imirt ar líon na ndíolúintí amach anseo.

Labhróidh mé anois faoi roghanna measúnaithe do Ghaeilge na hardteistiméireachta. Maidir le scrúduithe ardteistiméireachta Choimisiún na Scrúduithe Stáit sa Ghaeilge, is léir go bhfuil fadhbanna móra ann de bharr intuarthacht na gceisteanna sa scrúdú ceannchúrsa. Is fíor é seo maidir leis an scrúdú cainte ach go háirithe. Níl an scrúdú iontaofa ná bailí de bharr go mbíonn suas le dhá bhliain ag iarratasóirí tromlach d'ábhar an scrúdaithe a fhoghlaim de ghlanmheabhair. Anuas air sin, bronntar 40% de na marcanna iomlána ar scrúdú cainte réamhullmhaithe nach leanann thar 15 nóiméad agus tá sé seo ag cur torthaí na hardteistiméireachta don Ghaeilge as riocht. Is den riachtanas é go leanfar le scrúdú cainte faoi stiúir Choimisiún na Scrúduithe Stáit mar chuid de mheasúnú na Gaeilge san ardteistiméireacht le scrúdaitheoirí seachtracha agus córas modhnaithe. Moltar athstruchtúrú a dhéanamh ar an scrúdú cainte ionas nach mbeidh sé intuartha agus moltar go mbunófaí é agus an measúnú scríofa ar an bhfráma tagartha comónta Eorpach, FTCE.

Mar fhocal scoir, cé go n-aithnítear go bhfuil céimeanna chun feabhas le sonrú ó thús an pholasaithe don oideachas Gaeltachta i leith na bunscoile, ní dhéanfar fís iomlán na bhforbairtí riachtanacha uile a réadú mura gcuirtear acmhainní breise foirne agus maoinithe ar fáil chun tabhairt faoi na tionscadail uaillmhianacha atá de dhíth. Gabhaim buíochas leis an gcomhchoiste as an gcluas éisteachta agus as an deis labhartha.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.