Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 18 June 2019

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022: Plé

Dr. Harold Hislop:

Is féidir linn na ceisteanna a thógáil ceann ar cheann más mian leis an gcoiste. Ar dtús, tagraím don cheist mar gheall ar na huaire breise. Tá an ceart ag an Teachta go bhfuil na huaire bhreise tugtha do na scoileanna. I mbliana, rinneamar solúbthacht eile ar an scéim ionas gur féidir leis an scoil uaire a bhaineann leis an scéim aitheantais agus uaire a bhaineann leis an oideachas speisialta a chur le chéile chun post iomlán a dhéanamh. D'iarr na scoileanna orainn agus bhí sé luaite ag an gcoiste comhairleach cúpla uair, go mbeadh sé sin an-úsáideach do na scoileanna agus chuireamar an solúbthacht sin isteach. Níl na postanna buan áfach, toisc go bhfuil polasaí cúig bliana againn. Sin an méid atá againn faoi láthair.

D'iarr an Teachta orainn an bhfuil aon phlean againn chun é sin a athrú agus ag an bpointe seo níl. Tá eolas againn go bhfuil ag éirí go maith leis na múinteoirí sin. Bhí cur i láthair againn ag an gcoiste chomhairleach. Bhí cruinniú den choiste comhairleach againn coicís ó shin ar an gCeathrú Rua agus bhí cur i láthair ó cheann amháin de na múinteoirí sin ar an méid oibre atá ar siúl aici agus an sórt oibre atá ar siúl aici agus a comhghleacaithe sna scoileanna. Bhíomar thar a bheith sásta leis sin agus bíonn na cigirí an-fhabhrach don obair atá ar siúl. Is ceist í a bheidh le scrúdú againn nuair atáimid ag teacht chuig deireadh an pholasaí, agus tá tréimhse cúig bliana sa pholasaí.

Tagraím do na painéil agus caighdeán Gaeilge na múinteoirí. Luadh an cheist seo roimhe seo. Bhí eagla ar na scoileanna Gaeltachta go mbeadh orthu glacadh le múinteoirí, go háirithe múinteoirí ó lasmuigh den Ghaeltacht, ón bpainéal agus gan Gaeilge láidir a bheith ag an múinteoir nó fiú nach mbeadh dúil ag an múinteoir a bheith ag obair i scoil Ghaeltachta. An uair dheireanach a bhí mé anseo, bhí cás amháin inar tháinig sé sin suas agus níor bhog an Roinn an múinteoir sin isteach sa Ghaeltacht. Thógamar gach ceann cás ar chás, scrúdaíomar an cás, agus níor bhogamar an múinteoir istigh sa Ghaeltacht mar bhí eagla ar an múinteoir nach mbeadh sí in ann an jab a dhéanamh sa scoil agus bhí an eagla chéanna ar an scoil. Ní minic a tharlaíonn sé sin. Chuir an scoil muid ar an eolas mar gheall ar an gcás agus shocraíomar an fhadhb. Beidh muid sásta an rud céanna a dhéanamh amach anseo, ach iad a thabhairt cás ar chás nuair a tharlaíonn sé.

Tagraím d'áiseanna teagaisc agus aon bhearna a bheadh ann. Fágfaidh mé an cheist sin faoin Uasal Ó hAiniféin agus faoin Uasal Ní Mhóráin.