Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 18 June 2019

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022: Plé

Mr. Dónal Ó hAiniféin:

Mar is eol don Teachta, tá an t-uafás acmhainní Gaolainne curtha ar fáil thar na mblianta ag COGG agus ag dreamanna eile. Nuair a bhíonn daoine ag ceistiú faoin réim acmhainní teagaisc atá ar fáil agus mar sin de, déanann siad comparáid i gcónaí leis na milliúin atá ar fáil sa Bhéarla. Dá réir, is fiú cur i gcuimhne do mhúinteoirí go bhfuil liosta de na háiseanna go léir, ábhar ar ábhar, ón réamhscolaíocht agus ón mbunscolaíocht, suas chuig an iarbhunscolaíocht ar fáil ar shuíomh COGG agus go gcuirtear amach go rathúil go dtí na scoileanna liostaí uasdátaithe nuashonraithe de na hacmhainní, cá bhfuil siad ar fáil, cad iad na hábhair agus mar sin de ionas gur féidir leo rochtain a dhéanamh ar na hábhair sin.

Tá sé suimiúil gur luaigh an Teachta Gluais go Maith, Gluais go Minic. Mar eolas, beidh a leithéid de cheacht ar siúl ag scoil samhraidh Dhún Chaoin ag tús mí Iúil ag príomhoide óg fuinniúil ansin as iarthar Duibhneach. Tá an clár ama déanta amach aige agus i measc na nithe a bheidh ar siúl ag an bpríomhoide óg sin tá Gluais go Maith, Gluais go Minic. Breathnaíonn COGG ar aon iarratas a thagann isteach. Breathnaíonn coiste neamhspleách atá ag COGG ar na hiarratais, déantar measúnú orthu, tagann siad os comhair an bhoird agus tugtar maoiniú do nithe atá fiúntach do bhearnaí atá aitheanta.

Go deimhin féin, nuair a bhíonn an scéim á fógairt againn gach aon bhliain, bímid ag féachaint ar cá bhfuil na bearnaí. Braitheann sé sin ar an aiseolas atá ag teacht ó bhunscoileanna agus ó iarbhunscoileanna. Fáiltímid roimh aon aiseolas a thagann chugainn faoi bhearnaí atá aitheanta ag an earnáil Gaeltachta nó earnáil na Gaelscolaíochta maidir le hacmhainní agus déanaimid gach aon iarracht iad sin a chlúdach. Déarfainn go bhfuil raidhse ábhair ar fáil. Ní bheadh muidne i gCOGG sásta riamh go bhfuil go leor ábhair ar fáil mar táimid ag déanamh comparáid le mórtheanga an Bhéarla.

Caithfimid leanúint orainn ag iarraidh na bearnaí sin a aithint agus a dhúnadh. Bheinn an-sásta dá mbeadh na hacmhainní go léir atá ar fáil in úsáid go laethúil sna hiarbhunscoileanna agus i ngach aon seomra ranga. Sin bearna gur gá dúinn a líonadh chomh maith. Caithfimid deimhniú go bhfuil na hacmhainní maithe atá ar fáil in úsáid agus go bhfuil na daltaí ag baint tairbhe astu.

B'fhéidir go bhfuil breis eolais ag an Uasal Ní Mhóráin ar an ábhar sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.