Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 7 February 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Radio Broadcasting: Raidió Rí-Rá

5:00 pm

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh na finnéithe go léir. Tosóimid le cur i láthair ó Raidió Rí-Rá. Ba mhaith liom céad míle fáilte a chur roimh Ms Niamh Ní Chróinín agus Mr. Julian de Spáinn. Tá deich nóiméad agaibh agus beidh deis ceisteanna a chur. I dtús báire, píosa oibre maidir leis an Acht um Chlúmhilleadh 2009.

Clerk to the Committee:

Ba mhaith liom na finnéithe a chur ar a n-aird go bhfuil, de bhua alt 17(2)(l) den Acht um Chlúmhilleadh 2009, finnéithe faoi chosaint ag lán-phribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don choiste seo. Má ordaíonn an coiste do na finnéithe ámh éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe agus má leanann siad dá tabhairt, níl siad i dteideal tar éis sin ach pribhléid cháilithe i leith na fianaise acu. Ordaítear dóibh nach dtabharfar ach fianaise a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí seo agus fiafraítear dóibh cleachtadh parlaiminte a urraimiú nach chóir, más féidir, daoine ná eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh, ina ainm, ina hainm nó ina n-ainmneacha ar shlí ar bhféadfaí iad a aithint. Ba mhaith liom iad a chur ar an eolas go ndéanfar na ráiteas tionscnaimh a chur siad faoi bhráid an choiste a fhoilsiú ar shuíomh ghréasáin an choiste tar éis an chruinnithe seo. Meabhraítear do chomhaltaí an cleachtadh parlaiminte atá ann le fada nár chóir dóibh tuairimí a thabhairt maidir le duine atá taobh amuigh de na Tithe, nó leis na hoifigigh, ina ainm nó ina hainm ar shlí ina bhféadfaí é nó í a aithint.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Go raibh míle maith agat as ucht an document. Tá an t-úafás oibre curtha isteach agaibh.

Ms Niamh Ní Chróinín:

Tá mé mar bhainisteoir ar Raidió Rí-Rá, RRR. Tá Julian de Spáinn mar rúnaí ar Raidío Rí-Rá. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis an gcoiste as ucht an deis a thabhairt dúinn labhairt leis an gcoiste inniu. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil chomh maith don tacaíocht a bhfuaireamar agus an maoiniú a bhfuaireamar ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta trí Chiste na Gaeilge ón alt as an gcrannchúr náisiúnta don ceithre fad a bhfuaireamar thar na blianta.

Is cairt-stáisiún ceoil é Raidió Rí-Rá a sheinneann an ceol is déanaí ó na cairteacha. Mar aon leis sin, tá popcheol ann trí Ghaeilge le cloisteáil ar an stáisiún leithéid í an ceol a thagann ó TG Lurgan, Coláiste Lurgan agus aistriúcháin Gaeilge eile atá déanta. Tá an stáisiún ag díriú ar dhaoine óga idir 12 go 30 go príomha. Faoi láthair, táimid ag craoladh ar líne ag www.rrr.ieagus ar DAB, sin an córas digiteach nua atá ag teacht chun cinn agus atá ag forbairt faoi láthair. Táimid i mBaile Átha Cliath agus i gCorcaigh. Sa cháipéis seo luaitear Port Láirge chomh maith. Bhíomar ar DAB i bPort Láirge ar bhonn trialach ach tá deireadh tagtha leis an triail faoin am seo. Chomh maith leis sin, tá aip ag Raidió Rí-Rá agus táimid ar tí ceann nua a sheoladh go luath agus tá sé ar fáil ar an aip, Seinnteoir Raidío, chomh maith. Chomh maith le sin, gach Máirt go hAoine idir 9 agus 10 istoíche, bíonn an clár "Rí-Rá ar RnaG" le cloisteáil ar Raidió na Gaeltachta. Sin, go bunúsach, uair a chloig de cheol Raidió Rí-Rá atá craolta ar Raidío na Gaeltachta.

Cén fáth a bhfuil RRR ann nó cén fáth a bhfuil gá le Raidió Rí-Rá a bheith ann? Ceann de na rudaí is tábhachtaí a dhéanann RRR ná go ndéanann muid normalú ar an teanga. Nascann sé an Ghaeilge le gnáthrud i saol an duine óg agus an ghnáthcheol a thaitníonn le daoine óga. Spreagann an stáisiún daoine óga éisteacht le níos mó Gaeilge agus, ansin, níos mó Gaeilge a labhairt. Chomh maith le sin, is áis mhúinteoireachta an-luachmhar í. Tá podchraoltaí agus agallaimh ar an suíomh againn agus bíonn múinteoirí ag úsáid an ábhar sin mar léamhthuiscintí agus mar chluasthuiscintí sa seomra ranga go minic.

Nascann an stáisiún an Ghaeilge le rud éigin atá nua-aimseartha. Nuair a smaoiním ar an teanga, feicim é mar theanga bheo agus mar theanga nua-aimseartha. Tá cláir teilifíse ann as Gaeilge, tá daoine cáiliúla ag caint as Gaeilge agus ag foghlaim na Gaeilge agus tá ceol taifeadta as Gaeilge. Nuair a smaoinímid ar na rudaí nua-aimseartha atá sa sochaí faoi láthair, ar leithéidí Facebook, Twitter, Google, na cláir teilifíse agus aipeanna nua, tá siad seo ar fad ar fáil as Gaeilge. Feicim bearna mór amháin faoi láthair agus sin bearna san raidió. Níl stáisiún raidió ann atá ag craoladh trí Ghaeilge ar fáil ar FM go huile-oileánda do dhaoine óga. Tá Raidió Rí-Rá ann. Tá an creathlach ann agus táimid réidh le dul. Táimid réidh le craoladh ar FM.

Cá bhfuilimid anois? Táimid ar líne ó 2008, táimid ag craoladh ar DAB ó 2013, tá aip againn le blianta agus tá tréimhsí cúpla seachtain caite againn ag craoladh ar FM chomh maith. Tá breis is 25 craoltóir ag obair go deonach linn go seachtainiúil. Tá duine amháin fostaithe go lán-aimseartha, sin mé féin, ó mhí an Mhárta seo caite. Taobh amuigh dó sin, tá daoine eile timpeall na tíre ag obair linn, ag scríobh don suíomh, ag taifead don suíomh agus ag taifead míreanna a théann amach ar an aer. Tá deich gclár beo á gcraoladh againn go seachtainiúil. Taobh amuigh dó sin, tá cláir réamhthaifeadta á dhéanamh. Idir cláir bheo agus cláir atá réamhthaifeadta, bíonn cláir ag dul amach ar an aer idir 8 ar maidin agus 10 istoíche. Ansin, i rith na hoíche leanann an ceol ar aghaidh ach ní bhíonn láithreoir sa stiúideo. Tá stiúideo beag amháin againn ar Sráid Fhearchair. Tá sé an-ghnóthach faoi láthair, ach is gearán maith é sin is dócha.

Táimid an-láidir ar na meáin shóisialta agus an-bhródúil as seo. Tá nach mór 12,000 leantóir againn ar Facebook, tá beagnach 5,000 leantóir ar Twitter agus os cionn 1,500 leantóir ar Instagram. Go háirithe agus muid ag diriú ar dhaoine óga, tá sé seo an-thábhachtach dúinn. Tugann sé ardán dúinn an Ghaeilge a chur chun cinn agus ceol atá as Gaeilge a chur chun cinn. Braithimid go bhfuilimid ar an bpointe sin nuair nach bhfuil sé chomh aisteach céanna ceol as Gaeilge a chloisteáil ar an aer. Tá daoine i dtaithí air ag an bpointe seo. Nuair a chloiseann siad amhráin as Gaeilge, ní bhíonn an-ionadh orthu. Chomh maith leis sin, táimid ag obair go leanúnach ar na halbaim CEOL. I mbliana táimid ag comhoibriú le 2FM ar seo. Go bunúsach, gach bliain iarraimid ar cheoltóirí agus ar bhannaí mór le rá amhráin a aistriú go Gaeilge agus déanaimid taifead orthu.Táimid tar éis bheith ag obair le roinnt de na ceoltóirí is mó ar domhan ar nós Ed Sheeran agus Kodaline agus táimid ar tí dhlúthdhiosca eile a sheoladh i gceann cúpla seachtain anois.

Sin an áit ina bhfuilimid ach cá bhfuilimid ag iarraidh dul? Táimid ag iarraidh bheith ag craoladh ar FM go lán-aimseartha go huile-oileánda. Sin an sprioc atá againn, a bhí againn i gcónaí agus a bheidh againn i gcónaí go dtí go dtarlaíonn sé. Tá sé iontach bheith ar DAB, ar an aip agus ar líne, ach má táimid dáiríre faoi seo agus má táimid ag iarraidh a bheith ar chomhchaighdeán le stáisiún eile atá ar FM, caithfimid bheith ar na hardáin chéanna leo. Maidir lenár láithreoirí, táimid ag iarraidh go mbeidh leanúnachas ann agus táimid ag iarraidh go n-aithneoidh an pobal na glórtha atá le cloisteáil. Tá na láithreoirí ar fad ag obair go deonach linn faoi láthair. Tá formhór dóibh san ollscoil agus mar sin gach bliain nuair a thagaimid chomh fada leis an samhradh titeann an sceideal as a chéile toisc go dtéann siad abhaile nó go dtéann siad thar lear. Tá sé an-thábhachtach dúinn go mbeidh an leanúnachas sin ann.

Chomh maith leis sin, táimid ag déanamh ceardlanna raidió i meánscoileanna agus i mbunscoileanna faoi láthair. Sin rud atáimid ag diriú air i mbliana i gceart. Tá an-tóir ar na ceardlanna sin agus tá liosta feithimh mhór fhada agam. Tuigim nach mbeidh mé in ann freastal ar na scoileanna ar fad a thagann i dteagmháil linn toisc nach bhfuil ach mé féin ann go lán-aimseartha. Tá sé sin an-díomách mar nuair a théim isteach go dtí na scoileanna, tá deis iontach agam dul i bhfeidhm ar dhaoine óga agus rud éigin spraoiúil a dhéanamh leis an nGaeilge le daoine óga agus deis a thabhairt dóibh nach mbeadh acu. Maidir leis an bhfoireann, bheadh sé i gceist againn bainisteoir, riarthóir agus oifigeach margaíochta a fhostú mar aon le láithreoirí lán-aimseartha a mbeadh ag freastal ar scoileanna, ar choláistí triú leibhéal, ar chlubanna óga agus ar imeachtaí sa phobal. Tá sé an-tábhachtach dúinn chomh maith cur leis an bhfoireann dheonach agus go mbeadh daltaí meánscoile agus mic léinn tríú leibhéal ag fáil taithí raidío linn leis an nGaeilge.

Sílim go bhfuilimid tagtha go pointe nuair nach féidir linn mórán sa bhreis a dhéanamh. Tá ocht mbliana caite ag Raidío Rí-Rá ag cur cruth ar an stáisiún agus tá sé in am dúinn, agus is gá dúinn anois an chéad chéim eile a thógáil. Tá a fhios agam go mbeidh éileamh air ó bheith ag labhairt le daltaí, múinteoirí agus mic léinn. Rinneadh suirbhé siar i 2005 leis an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Coimisiún Craolacháin na hÉireann agus Foras na Gaeilge agus léirigh 75% den phobal tacaíocht do stáisiún raidió trí mheán na Gaeilge don aos óg.

As sin, d’eagraigh Conradh na Gaeilge cruinniú beag ag Oireachtas na Samhna le seirbhís raidió don aos óg a phlé agus, as sin, bunaíodh Raidió Rí-Rá. Mar a deirim, is gá anois an chéad chéim eile a thógáil.

Dar ndóigh, an phríomhfhadhb atá ann ná go bhfuil an-chostas ag baint leis an stáisiún a chur ar FM go lán-aimseartha ach bheadh an toradh agus na buntáistí a thiocfadh as iontach agus an-luachmhar don Ghaeilge agus don tír. Measann muid go mbeadh costas de €1.6 milliún ann agus, cinnte, is mór an méid é sin. Táimid ag moladh, áfach, go dtiocfadh an t-airgead sin ón gceadúnas teilifíse reatha agus ní bheadh aon chostas sa bhreis ar an Stát. Sa mhór-chomhthéacs den cheadúnas teilifíse, ní bheadh i gceist leis an stáisiún a fhorbairt ach 0.69% den cheadúnas teilifíse. Tá sé sin bunaithe ar fhigiúirí ó 2014. Is fiú a rá chomh maith go mbeadh €1.1 milliún as an €1.6 milliún atá measta againn don fhorbairt ag dul ar tharchur amháin agus bheadh sé sin le híoc againn le RTE.

Luadh linn, agus muid ag plé é seo thar na blianta, nach mbeadh minicíocht amháin ar fáil ach ní dóigh linn go bhfuil sé seo ró-thábhachtach. Is féidir minicíochtaí éagsúla a bheith againn in áiteanna éagsúla timpeall na tíre. Mar a dúirt mé, chaitheamar tréimhsí ag craoladh ar FM agus bhí minicíochtaí éagsúla in áiteanna difriúla. Ní raibh fadhb ann leis sin in aon chor.

Díreach sula gcríochnaím, sílim go bhfuil sé an-thábhachtach cuimhneamh siar ar cé chomh tábhachtach is atá an ceol don duine óg agus é nó í ag fás aníos. Is féidir leis an gceol dul go mór i bhfeidhm ar dhuine. Braithim go láidir go bhfuilimid ag cailliúint amach ar dheis ollmhór chun dul i bhfeidhm ar dhaoine óga, scoileanna, coláistí samhraidh, coláistrí triú leibhéal, clubanna óige agus cúrsaí Gaeltachta, go bhfuilimid ag cailliúint deis tacaíochta ollmhór a thabhairt do mhúinteoirí agus, níos mó ná aon rud eile, go bhfuilimid ag cailliúint an deis normalú a dhéanamh ar an teanga.

Tá Raidió Rí-Rá ann. Tá an creatlach ann agus táimid réidh an chéad chéim eile a thógáil le tamall anuas ach amháin toil ó na húdaráis a bheith ann chun tacú linn. Fágfaidh mé ansin é. Gabhaim mo mhíle buíochas leis an gcoiste as an deis a thabhairt dúinn labhairt inniu. Ba bhreá linn go mbeadh an coiste sásta tacaíocht oifigiúil a thabhairt dúinn leis an tseirbhís a fhorbairt ar FM agus go gcabhródh an coiste linn cruinniú a fháil leis an Aire Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Glaoim ar an Uasal de Spáinn.

Mr. Julian de Spáinn:

Níl ach rud amháin agam le cur leis sin. Fiche bliain atá ann ó cuireadh TG4 ar bun. Feicimid an difir a rinne sé sin ó thaobh íomhá na Gaeilge agus an dul i bhfeidhm ar an bpobal a bhí ann. Mar a luadh Niamh Ní Chróinín, an bearna is mó atá fós ann ná cúrsaí raidió do dhaoine óga. Fiú gur aithníodh níos mó ná deich mbliana ó shin go raibh gá lena leithéid de sheirbhís, ní cuireadh an tseirbhís ar fáil go forleathan go fóill. Tá seirbhís teoranta ar fáil ó Raidío Rí-Rá ach tá deis ann anois an tseirbhís sin a leathnú ar FM ar an oileán ina iomlán. Tá deis faoi leith ann mar a bhí le TG4 20 bliain ó shin. As an airgead reatha atá ann cheana féin ón gceadúnas teilifíse, d'fhéadfaí é seo a chur i gcrích ar airgead an-bheag. Tá an-difríocht idir an airgead a theastaíonn do chúrsaí raidió agus do chúrsaí teilifíse. Chosnódh aon sraith teilifíse amháin níos mó, b'fhéidir, ná an costas a bhaineann le Raidió Rí-Rá a chur ar an aer go lán-aimseartha ar feadh bliana.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Glaoim ar an Seanadóir Ó Clochartaigh.

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá cuid againn b'fhéidir ró-shean le bheith ag cuimhneamh siar ar na hamhráin a bhíodh muid ag éisteacht leo agus muid níos óige ach, idir mhagadh agus dáiríre, sílim go bhfuil fíorthábhacht leis an aighneacht atá na finnéithe ag déanamh. Le bheith fírinneach, tá páistí óga agam nach bhfuil ag éisteacht le Raidió na Gaeltacht. Éistíonn siad ó am go chéile le Spin FM nó iRadio nó a leithéidí siúd, ach is cineál leath-Béarla leath-Gaeilge a bhíonn i gcuid de na cláir acu siúd. Léimeann siad ó trom go héadrom, mar a bhí ann le fada, ach níl aon leanúnachas ó thaobh chúrsaí teanga ann i ndáiríre sna hiarrachtaí atá a dhéanamh ansin, cé gur deas na rudaí sin a chloisteáil. Tá fíorghá le stáisiún den chineál seo agus molaim an obair atá á dhéanamh ag an stáisiún. Bíonn muid ag imeacht sa gcarr ó ham go chéile san oíche agus bíonn muid ag túineáil isteach ar Raidió na Gaeltachta den uair an chloig sin. Tá sé go deas é a chloisteáil i ndáiríre.

Tá roinnt ceisteanna sonracha agam. Dá mbeadh Raidió Rí-Rá ag craoladh ar FM, an dtitfeadh an stáisiún faoi scáth rialacha nó treoirlínte faoi leith atá ag an gcoimisiún craolachán ó thaobh soláthar caighdeánach a gcaithfear a chur ar fáil, mar shampla, go gcaithfear méid áirid cúrsaí reatha agus cláracha creide a bheith ann? Sílim go bhfuil rud éigin mar sin ann. An gcaithfear cláir sainspéise de chineál áirid a bheith ar gach stáisiún? An bhfuil Raidió Rí-Rá áirithe mar stáisiún deonach agus, dá bhrí sin, saor ó na ceangail sin? Tá figiúirí luaite maidir le maoiniú agus Coimisiún Craolacháin na hÉireann. Céard a bheadh ar fáil ón gcoimisiún de thogra dá leithéid? Cé na comhráití atá ar bun ag na finné leis an gcoimisiún?

Deir na finnéithe go mbaineann an costas is mó leis an tarchuradóireacht nó an craoladh é féin. Bhreathnaigh muid ar an gceist seo roimhe seo. An bhfuil aon chás ann go bhfuil sé sin curtha ar fáil ag RTE d'aon stáisiún eile saor in aisce nó an bhfuil díolúine nó laghdú tugtha? Ní stáisiún tráchtála a bheadh i gceist anseo i ndáiríre agus, dá bhrí sin, is seirbhís pobail atá á cur ar fáil. An bhfuil macasamhail sin déanta ag aon duine eile roimhe seo? Má tá, an bhfuil samplaí ann dóibh? An bhfuil i gceist ag an stáisiún go mbeadh fógraíocht ar fáil agus go mbeadh an stáisiún in ann airgead a thabhairt isteach mar sin?

Ós rud é gurb é an cloch is mó ar phaidrín an choiste seo ná an straitéis 20 bliain, b'fhéidir nach miste cur ar an taifead cá seasann an iarracht atá ag an stáisiún i gcomhthéacs an straitéis 20 bliain. An bhfuil sé ag teacht le polasaí an Rialtais má tá muid leis an rud a mholadh? Bheadh mé ag súil go mbeadh muid á moladh, ach cá seasann na finnéithe ó thaobh an rud sin?

An bhfuil comhoibriú i gceist le dreamanna ar nós Raidió Fáilte sna Sé Contaetha nó aon dream eile a bheadh ábalta socrú a dhéanamh leis an stáisiún ó thaobh chomhsholáthar clár nó aonad craolta a bheith ar fáil, abair, i gCorcaigh, Gaillimh, Béal Feirste nó áit éigin mar sin? An bhfuil aon rud gur féidir leis na finnéithe a rá linn faoi sin?

An bhfuil aon phlé déanta leis an Aire Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoilagus an bhfuil freagra faighte? An raibh sé dearfach nó diúltach? Cén chaoi a bhfuil sé?

Cad é an scéal ó thaobh na Sé Contaetha agus tarchuradóireacht ansin? An bhfuil RTE ábalta an tseirbhís sin a chur ar fáil mar chuid den €1.6 milliún láithreach bonn, mar a déarfá? An bhfuil sin san áireamh san obair a bheadh ar bun ag RTE nó an mbeadh costas breise ag teastáíl sa gcás sin?

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tabharfaidh mé deis don Teachta Tóibín ar dtús agus ansan tiocfaidh mé ar ais go dtí na finnéithe.

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Molaim na finnéithe as an méid oibre atá déanta acu. Tá sé go hiontach ó thaobh na Gaeilge agus tá sé go hiontach go bhfuil an deis seo á thabhairt do dhaoine óga teacht isteach chun cleachtadh a fháil ar an gcraoltóireacht. Beidh sé an-úsáideach dóibh agus cheapfainn go mbeadh spéis iontach acu ann. Ceapaimse go bhfuil sé dochreidte go bhfuil an méid sin craoltóireacht ag tarlú ach nach bhfuil rochtain ag an gcuid is mó againn air. Tá an stáisiún ag déanamh a dhícheall ach tá an tseirbhís saghas faoi cheilt. Tá sé i bhfolach ón gcuid is mó dúinn. Tá a fhios agam go bhfuil daoine ag éisteacht leis an stáisiún agus ag baint an-taitneamh as an tseirbhís ach tá sé ró-dheacair teacht air dóibh siúd i mo chontae, mar shampla, nach mbaineann úsáid as an gcóras craoladh fuaime digiteach, nó DAB, nó ríomhaire chun éisteacht leis an raidió.

An bhfuil a fhios ag na finnéithe cé mhéad éisteoirí in aghaidh na bliana atá ag an stáisiún? Bím i gcónaí ag iarraidh a fháil amach cé mhéad daoine atá ag éisteacht le Raidió na Gaeltachta ach ní chuirtear an t-eolas sin ar fáil. Aontaím go huile is go hiomlán go rachadh an chuid is mó den airgead a gheobhadh an stáisiún ar ais go RTE ar aon nós. Is saghas ciorcal airgid atá i gceist i ndáiríre.

Tá an-chuid oibre déanta ag Raidió Fáilte agus Raidió na Life. Conas nach féidir le Raidió Fáilte agus Raidió na Life oibriú le chéile agus ceadúnas tras-Teorainn a fháil ionas go mbeadh siad in ann craoladh gan a lán costais a bheith ann don tír? Gach uair a mbíonn an Ghaeilge á plé sna meáin chumarsáide, bíonn dream beag ag cuimhneamh faoi chostais agus ag rá cé chomh deacair is atá an Rialtas agus é ag brú an teanga thíos scórnach na ndaoine.

Leis an bhfírinne a rá, áfach, tá an-chuid éilimh ann agus ní chosnaíonn sé an-chuid airgid ar chor ar bith, ach tá an Rialtas agus an Stát ag cur bac ar fhás nádúrtha na teanga sa tír. Caithfimid é sin a athrú. Aontaím gur cheart don choiste rún a mholadh agus é ag rá gur cheart go mbeadh spás FM ag an dream seo agus go mbeadh an rún sin mar pholasaí traspháirtí ag an gcoiste. Ba mhaith liom an rún sin a chur síos. D'fhéadfaimid é sin a phlé nuair atá na haíonna imithe.

Ba mhaith liom go mbeadh litir ón gcoiste chuig an Aire, an Teachta Denis Naughten-----

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ní bheidh ach ceisteanna againn ag an bpointe seo.

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is é seo an focal scoir. Ba mhaith liom go mbeadh litir ann ón gcoiste chuig an Aire ag iarraidh go mbuailfeadh sé leis an dream seo.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tiocfaimid ar ais go dtí na moltaí.

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Sin iad mo cheisteanna ar aon nós.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Glaoim ar an Seanadóir Ó Domhnaill.

Photo of Brian Ó DomhnaillBrian Ó Domhnaill (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim mo bhuíochas leis na bhfinnéithe as an gcur i láthair iontach agus na cáipéisí ó thaobh an phlean maidir le Raidió Rí-Rá a chur siad os comhair an choiste roimh ré. Sílim gur dea-chuspóirí atá ann. Ceann de na cuspóirí nó bunaidhmeanna atá leagtha amach san Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge ná go mbeadh seirbhísí ar fáil do phobal óg na Gaeilge. Agus é seo á chur i bhfeidhm, bheifeá ag comhlíonadh ceann de na céimeanna atá leagtha amach sa straitéis. Measaim go bhfuil gach páirtí san Oireachtas ceangailte isteach agus ag tabhairt tacaíocht don straitéis. Dá bhrí sin, tá sé nádúrtha go rachadh moltaí an Teachta Peadar Tóibín ar aghaidh.

An raibh aon phlé le RTE go fóill ó thaobh an chostas tarchuir atá luaite sa cháipéis? Má bhí, cén sórt plé a bhí ann? An bhfuil RTE ag amharc air seo go dearfach? Cad é an staid ó thaobh chomhairle fiú a fháil ó Raidió na Gaeltachta? Tá an stáisiún sin ann le fada agus cuirtear seirbhís iontach ar fáil ar fud na tíre. Is cinnte go mbeadh an stáisiún sin in ann comhairle a chur ar fáil. Tá Raidió na Gaeltachta ag cur seirbhís iontach ar fáil ach is dócha go bhfuil bearna ann. Bíonn daoine ar fud na tíre, ó thuaidh agus ó dheas, ag éisteacht le Raidió na Gaeltachta, ach is niche profile a bhíonn ag éisteacht le Raidió na Gaeltachta, go háirithe tríd an lá. Níl sé chomh hóg sin. Tá bearna ann agus, mar sin, tá lúcháir orm go bhfuil Raidió Rí-Rá ag teacht chun tosaigh leis an mbearna sin a líonadh.

Ó thaobh na gcostas de, ta fadhb mhór agamsa leis an dóigh atá an licensing fee ag dul go díreach chuig RTE amháin. Tá craoltóirí eile ann arbh fhiú go mór fiú cuid den píosa sin a fháil fosta. Tá Newstalk ann agus seirbhísí raidió eile ann a thiocfadh leo seirbhís chomh maith nó b'fhéidir níos fearr ná Raidió na Gaeltachta nó RTE a chur ar fáil ach níl an t-airgead sin á chur ar fáil dóibh. Fiú ó thaobh RTE de, bíonn Raidió na Gaeltachta go minic faoi bhrú airgid agus ag dul chuig RTE ag iarraidh airgid breise a fháil leis na cláir atá aige a chur ar fáil. An bhfuil RTE go ginearálta dáiríre faoin nGaeilge a chur chun cinn? Déarfainn nach bhfuil. Dá bhrí sin, tá sé fíorthábhachtach go mbeadh cuid den bhuiséad craolacháin nó an licence fee ar fáil don aoisghrúpa óg seo.

Aontaím leis an Teachta Peadar Tóibín nach dtig leis an Stát a bheith ag iarraidh daoine a mhealladh chuig staisiún amháin thar stáisiún eile. Tig leis an Stát a chinntiú go bhfuil cuid den bhuiséad á chur ar fáil do sheirbhísí atá ábalta éagsúlacht a chur ar fáil, go háirithe ó thaobh teanga de. Tá deis ansin ag Raidió Rí-Rá. Bheinn go huile is go hiomlán ag tabhairt lán-tacaíocht dó. Níl a fhios agam an raibh aon chaint go dtí seo ag na finnéithe leis an Aire Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil nó aon feidhmeannaigh ina Roinn. Má bhí, cad a bhí le rá acu? Tá comhchoiste eile anseo, an Comhchoiste Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil, a bhíonn ag plé le cúrsaí cumarsáide. Is fiú go mór do na finnéithe bualadh leis an gcoiste sin fosta chun é seo a phlé níos mine.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá riar mhaith ceisteanna ansin.

Mr. Julian de Spáinn:

Glacfaidh mise le roinnt de na ceisteanna mar bhí mé ag plé le Raidió Rí-Rá ón tús agus b'fhéidir go líonfadh Niamh Ní Chróinín na bearnaí ó thaobh céard atá ag tarlú faoi láthair.

Luaigh an Seanadóir Ó Clochartaigh treoirlínte ó Choimisiún Craolacháin na hÉireann agus na rudaí eile a bheadh tábhachtach dá mbeadh muid ag dul ar aghaidh go lánaimseartha ar FM. Tá an ceart aige ach leis an gceadúnas DAB atá againn, mar shampla, tá díolúintí againn ó na riachtanais maidir le nuacht ar an stáisiún. Is é an bunús leis sin ná go bhfuil muid ag tabhairt eolas agus nuacht faoi phobal na Gaeilge agus faoi shaol na Gaeilge. B'fhéidir nach bhfaighfeá a leithéid ar chuid mhaith de na stáisiún eile a bheadh faoi cheadúnas ag Coimisiún Craolacháin na hÉireann. Mar sin, tá bealaí timpeall ar na rudaí sin. Dá mbeadh muid ag dul ar aghaidh ar FM agus dá mbeadh maoiniú le fáil ag Raidió Rí-Rá, go bhfios dom, bheadh ar Thithe an Oireachtais labhairt faoi sin agus teacht suas le meicníocht chun go bhféadfadh sin a tharlúint freisin. Ní bhraithim gur deacracht é sin . Braithim gur chineál rud atá ann a bheadh teicniúil ach éasca a dhóthain a chur tríd. Is rud bunúsach é. D'fhéadfaí sa treoir céanna rudaí a chur isteach a dhéanfadh cinnte de nach mbeadh aon treoirlínte mar ualach a athródh an bunrud atá Raidió Rí-Rá ag iarraidh a dhéanamh agus é sin seirbhís chairt stáisiún a chur ar fáil.

Ó thaobh Choimisiún Craolacháin na hÉireann agus céard atá ar fáil, tá an ciste fís agus fuaim atá ar fáil dírithe ar chláir faoi leith a dhéanamh nó ar shraith chláir cainte faoi rudaí éagsúla. I ndáiríre níl sé in oiriúint don chineál oibre atá ar siúl againn. Bíodh sin ann agus tá se go maith go bhfuil sé ann do na stáisiúin ann. Bíonn Raidió na Life in ann tairbhe a bhaint as agus tá sé sin go maith, ach is maoiniú faoi leith atáimid ag caint faoi sa chomhthéacs seo a bheadh ag teacht go díreach ón gceadúnas teilifíse.

I ndáiríre, go bhfios dom, íoctar an costas tarchur le RTE ar pháipéar amháin. Íocann Raidió na Gaeltachta, mar shampla, an t-airgead le RTE chun craoladh ar an gcóras tarchur atá ag RTE. B'fhéidir go bhfuil sé ar pháipéar nó eile, ach tá sé scríte go bhfuil an íocaíocht céanna i gceist. B'fhéidir go mbaineann sé seo le rialacha na hEorpa nó rud éigin eile, ach shamhlóinn go gcaithfear a léiriú ar pháipéar ar aon nós cad as a bhfuil an t-airgead ag teacht. Más rud é go raibh RTE in ann é a chur ar fáil saor in aisce dúinn, fós bheadh gá a scríobh go raibh an t-airgead ag teacht ó áit éigin, ach sílim go bhfuil sé sin indéanta.

Luaigh an Seanadóir Ó Domhnaill an straitéis 20 bliain. Tá sé seo luaite sa straitéis. Táimid an-sásta leis an gcabhair atá faighte againn ó Roinn na Gaeltachta go dtí seo. Tá na hoifigigh agus na hAirí Stáit tar éis cabhrú le forbairt an stáisiúin. Fiú amháin an comhrá a bhí againn maidir leis an tionscadal dhá bhliain a bhí againn maidir le bainisteoir lánaimseartha, thuig siad go bhfuilimid ag iarraidh é seo a bhogadh lasmuigh de Roinn na Gaeltachta. Tá tuairim láidir agus leanúnach againn nach cóir go mbeadh Roinn na Gaeltachta ag íoc as gach rud a bhaineann leis an teanga. Ní dhéanann sé sin aon chiall. Ba chóir go mbeadh na Ranna eile ag glacadh lena bhfreagracht maidir leis sin.

Níl aon fhadhb againn a bheith ag comhoibriú le Raidió Fáilte agus Raidió na Life. Dá mbeadh clár nó dhó dírithe ar dhaoine óga, d'fhéadfaimid é sin a dhéanamh. Is soláthar an-éagsúil é Raidió Fáilte agus Raidió na Life, áfach, mar tá siad ag freastal ar an bpobal ina iomlán. Tuigeann muid é sin. Ach ní hé sin le rá nach bhféadfaí rud éigin a dhéanamh leo. Is soláthar agus stáisiúin éagsúla atá i gceist, áfach.

Ó thaobh tarchur ó Thuaidh, cuimsíonn an €1.1 milliún na Tríocha-dó Contaetha. Sin an t-eolas atá againn.

Tá an ceart ag an Teachta Tóibín go bhfuil an tseirbhís i bhfolach, ach rud spéisiúil atá ann ná go bhfuil an t-eolas atá ag daoine óga faoi Raidió Rí-Rá, fiú go bhfuil sé i bhfolach, dochreidte. B'fhéidir go labhródh Niamh Ní Chróinín a thuilleadh faoi seo.

Nílimid ar an JNLR nó na rudaí sin le fáil amach ce mhéad duine atá ag éisteacht linn. B’fhéidir go mbeidh Niamh Ní Chróinín in ann labhairt beagáinín faoin lucht éisteachta atá againn. Ní féidir linn é a mheas ó thaobh DAB de mar nach bhfuil aon figiúirí ann. Ní féidir linn é a mheas ar an aip. Is áit í sin atáimid ag samhlú go bhfuil go leor daoine ag éisteacht leis. Is féidir linn é a thomhais ar an Idirlíon agus tá na figiúirí sin ag Niamh Ní Chróinín.

Maidir le comhairle Raidió na Gaeltachta, bhuaileamar le RTE agus bhí Raidió na Gaeltachta mar chuid den toscaireacht sin cúpla bliain ó shin maidir le forbairt an stáisiúin. Bhí spéis acu rud faoi leith a dhéanamh, is é sin, an clár atá aontaithe anois agus atá ag craoladh le dhá bhliain anuas. Is dul chun cinn a bhí ansin. Chun an fhírinne a rá, níor tháinig aon ghrúpa chugainn ag rá gur bhreá leo níos mó ná sin a dhéanamh. Táimid an-shásta go ndearnamar an méid sin ag an bpointe seo.

Maidir leis an dteagmháil atá againn leis an Aire Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil, lorgaíomar cruinniú leis roimh an Nollaig nuair a thosaigh sé. Dúradh linn dul ar aghaidh go dtí an tAire Stáit, an Teachta Seán Kyne. Tá Roinn na Gaeltachta cheana féin ag tacú linn. Mar sin, i ndáiríre, caithfimid dul anois go dtí an tAire sinsearach. Mar a dheirimid, is cinneadh Rialtais a bheadh i gceist, ach cinneadh a mbeidh cabhair ó Thithe an Oireachtais ag teastáil uaidh freisin. Dá mbeadh gach duine ag tarraingt le chéile, ar nós a rinneadh le TG4, d’fhéadfaí seo a chur ar bun ar chostas an-íseal, ach go bhfeicfeadh an tAire reatha an fís sin. Ba mhaith linn bualadh leis chun é sin a chur os a chomhair.

Maidir le na hoifigigh sa Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil, tá siad tar éis a bheith an-tacúil le cúpla bliain anuas. Táimid ag labhairt le cuid de na hoifigigh sin le cúpla bliain agus tá siad tar éis an fhorbairt atá ag teacht ar an stáisiún a fheiceáil de réir a chéile. Tá siad ag breathnú ar bhealaí go bhféadfadh muid dul chun cinn a dhéanamh. Sílim gur chinneadh níos airde ná sin atá ann, mar go mbeidh cinneadh polaitiúla ag teastáil má tá sé le dul ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile.

Maidir leis an gcomhchoiste cumarsáide, sílim go raibh Niamh Ní Chróinín páirteach i gcomharliúchán a thosaigh siad le déanaí faoi thodhchaí cumarsáide na tíre. níor mhaith linn a bheith ag fanacht ar thoradh nuair atá rud éigin réidh againn cheana féin. Mar a dheireann Niamh Ní Chróinín, tosóidh rudaí ag titim as a chéile arís sa samhradh mar go mbeidh daoine ag imeacht agus eile. Níl an leanúnachas ann agus beimid ag tógáil arís, in ionad a bheith, mar a bhí an Teachta Tóibín ag rá, ag cur an scéal amach níos mó go bhfuilimid ann. Níos mó ná sin, táimid i gcónaí ag atheagrú arís agus ní chóir dúinn a bheith ag déanamh é sin. Ba chóir dúinn bogadh ar aghaidh agus dul os comhair an phobail.

Ms Niamh Ní Chróinín:

Maidir leis an bhfógraíocht, cinnte táimid ag súil le fógraíocht a chur ar an stáisiún. Tá sé sin tosaithe againn. Bhí an chéad fhógra oifigiúil againn i mí na Nollag. Mar sin, bheadh muid cinnte in ann airgead a bhailiú sa tslí sin. Maidir leis an stáisiún a bheith cineál i bhfolach, tá sé toisc nach bhfuil sé ar FM. Nuair a éisteann daoine leis an raidió, is dócha go n-éisteann siad leis an raidió ar FM roimh aon rud eile. Téann muid go b'fhéidir 20 nó 25 coláiste samhraidh gach bliain agus bíonn caint ann ó Chonradh na Gaeilge agus ó Raidió Rí-Rá. Téann muid go scoileanna agus déanann muid ceardlanna. Ó bheith ag freastal ar choláistí samhraidh agus scoileanna, cuireann sé ionadh orm in amanna go bhfuil a fhios ag gach duine céard é Raidió Rí-Rá agus go n-aithníonn siad an branda. Más rud é go raibh sé ar FM, braithim go mbeadh a fhios ag níos mó daoine óga faoi cheana féin.

Chomh maith le sin, cabhraíonn na meáin shóisialta go mór linn agus níos mó ná aon rud eile, b'fhéidir. Thosaíomar sraith físeán an tseachtain seo caite. Shroich físeán trí nóiméad de lad óg ag canadh as Gaeilge 6,000 duine laistigh de chúpla nóiméad. Tá tionchar an-mhór agus deis an-mhór dul i bhfeidhm ar dhaoine sa tslí sin.

Maidir le comhoibriú le stáisiún eile, mar a luaigh Julian de Spáinn, cinnte bheadh muid sásta comhoibriú. Braithim go bhfuil Raidió Rí-Rá an-éagsúil ó Raidió Fáilte agus Raidió na Life. Tá sé éasca iad a chur sa chatagóir céanna toisc go bhfuil na stáisiúin ar fad ag craoladh trí Ghaeilge. Braithim go bhfuil Raidió Rí-Rá níos cosúil le 2FM, Spin 103.8, Red FM agus na stáisiúin sin ar fad. Tá cruth an stáisiúin cosúil leo, ach amháin go bhfuil sé as Gaeilge. Más rud é go raibh clár in oiriúint á chraoladh ag Raidió na Life nó Raidió Fáilte, bheadh sé iontach é a chraoladh ar Raidió Rí-Rá. Ní fheicim fáth nach bhféadfadh muid stiúideo a roinnt ó am go chéile más rud é go raibh daoine i mBéal Feirste ag iarraidh craoladh a dhéanamh i mBaile Átha Cliath agus go mbeadh socruithe déanta.

Níl na figiúirí againn do líon na ndaoine atá ag éisteacht ar DAB nó ar an aip. Ó thosaigh an stáisiún in 2008, tá na figiúirí ar líne ag fás gach bliain. Do 2016, bhí 11,112 duine ag éisteach ar líne sa mhí. Bhí 9,576 ag éisteacht in 2015 agus bhí 7,327 ag éisteacht in 2014. Tá fás de 2,000 duine ann gach bliain agus tá an fás sin leanúnach. Tá sé sin díreach don chraoladh ar líne. Más rud é go rabhamar ag tógáil an aip agus an DAB san áireamh, bheadh an figiúr sin i bhfad níos airde chomh maith.

Mr. Julian de Spáinn:

Díreach mar eolas ar na figiúirí sin, is daoine iad sin atá ag éisteacht ar feadh níos mó ná 15 nóiméad. Ní chuirtear aon duine eile san áireamh. Is fíor-éisteoirí atá i gceist. Tá siad ag éisteacht ar an meán idir 30 nóiméad agus 90 nóiméad, rud atá an-ard ó thaobh staitisticí dá leithéid freisin.

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas as an eolas breise. Ardaíonn cúpla ceist as an méid atá luaite ag na finnéithe. Táim ag lorg soiléiriú. Bhí Julian de Spáinn ag caint faoi díolúine atá ann faoi láthair ó thaobh chúrsaí reatha agus mar sin de. An bhfuil sé ag rá go bhfuil siad dóchasach go mbeidh an díolúine céanna ó thaobh chúrsaí reatha ann má tá Raidió Rí-Rá ag craoladh ar mhinicíocht FM?

Mr. Julian de Spáinn:

Sílim go mbeadh. Más rud é go raibh an fhoireann ceart againn, ar nós a dhéanann Spin 103.8, mar shampla, sílim go bhféadfaí an nuacht a chur trasna go daoine óga i slí go mbeadh spéis acu éisteacht leis. Mar shampla, déanann Spin 103.8 "Céard é an scéal?" nó "An scéal is déanaí". Tógann sé an rud go dtí leibhéal eile. Sílim go mbeadh sé tábhachtach é sin a chur mar chuid den chlár, ach faoi láthair ní féidir linn freastal ar sin mar nach bhfuil daoine againn. Dá mbeadh daoine againn, shamhlóinn go ndéanaimid sin. Bheadh muid ag seachaint tréimhsí fada de chaint, rud atá mar choinníoll ag grúpaí áirithe a dhéanamh faoi láthair ach nach gcuireann leis an bhfreastal ar an lucht éisteachta atá acu.

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Sílim go mbeadh sé go maith dá bhféadfaí é sin a dhéanamh. An bhfuil sé sin clúdaithe sna costais atá luaite ag na finnéithe?

Mr. Julian de Spáinn:

Tá.

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is ceist pholasaí agus ceist chur chuige é i ndáiríre seachas ceist acmhainní ag an bpointe seo. Dá mbeadh an fhoireann ag Raidió Rí-Rá, bheadh siad ábalta é sin a dhéanamh. Maidir le stáisiúin raidió pobail, cosúil le Conamara FM a chraolann thiar i gConamara, bíonn siad ag craoladh ar mhinicíocht FM cúpla uair a chloig san oíche. An bhfuil an cineál costais céanna ar a leithéidí siúd amhlaidh? B'fhéidir nach bhfuil freagra na ceiste ag na finnéithe, ach tá siad sin ann.

Maidir le comhoibriú praiticiúil le dreamanna eile, tá Raidió na dTreabh iad féin ag iarraidh lonnú i gcathair na Gaillimhe agus fáiltímid roimh an iarracht sin chomh maith. Fiú ag caint faoi chomhroinnt teicniúil agus daoine ag úsáid na stiúideoanna agus áiseanna áitiúla, an bhfuil ceangal ISDN ag teastáil ansin? An bhfuil sé sin ag Raidió Rí-Rí? An féidir an obair sin ar fad a dhéanamh ar an Idirlíon nó trí rudaí a chur mar phacáistí ar an Idirlíon agus mar sin de?

Shuigh mé isteach ar chuid de na héisteachtaí a bhí ann maidir le todhchaí úsáid na táille ceadúnais agus mar sin de. Is ceist mhór í agus tá na comhráití sin ar bun ag an gComhchoiste Chumarsáid, Gníomhú ar son na hAeráide agus Comhshaol i láthair na huaire gan aon chinnteacht cén toradh a bheidh air. Maidir le todhchaí craoladh ar FM, an bhfuil deireadh ré ag teacht le FM ar aon nós? Chuirfeadh daoine an cheist an fiú a bheith ag déanamh an infheistíocht seo mar go bhfuil deireadh ag teacht le FM go luath ar aon nós? Tá daoine ag craoladh go digiteach. Tá Raidió Rí-Rá ar an treo a bheidh rudaí ag dul ar aon nós. Níl ann ach ceist ama le fanacht go dtí go mbeidh an craoladh digiteach glactha ag daoine agus go mbeadh duine in ann an aip a phiocadh suas sa charr nó ar an raidió digiteach sa mbaile. Nach bhfuil deireadh ré ag teacht le FM ar aon nós? Nach bhfuil i gceist ach ceithre nó cúig bliana sula mbeidh sé imithe ar fad?

Mr. Julian de Spáinn:

Luaigh an Seanadóir Conamara FM agus grúpaí atá ceadúnas acu go háitiúil nó go tréimhsiúil. Tá costas ag baint le sin, ach mar gheall go bhfuil an ceantar ina bhfuil sé ag craoladh níos lú, tá costas níos lú air. Mar shampla, nuair a bhí an ceadúnas againn ar feadh trí sheachtain i mBaile Átha Cliath, Gaillimh, Corcaigh agus Luimneach, chosnaigh sé nach mór €30,000 díreach don trí sheachtain chun an ceithre chathair a chlúdach. Braitheann sé ar an méid spáis atá sa cheantar agus cé chomh fada is atá an craoladh. Nuair atáimid ag caint faoi rud don tír ar fad, táimid ag caint faoin gcostas céanna atá ag Raidió na Gaeltachta nó Today FM. Sílim go dtéann Today FM trí RTE freisin. Arís, €1.1 milliún atá i gceist le sin.

Maidir leis an gceangal ISDN, tá an ceart ag an Seanadóir. Tá ceangal ceart leathanbhanda ISDN ag teastáil idir stiúideoanna má tá siad le húsáid le chéile. Tá rud amháin a dúirt Niamh Ní Chróinín a léiríonn an difir idir an stáisiún againne agus roinnt de na stáisiúin eile. Tá ár stáisiún bunaithe ar chóras darbh ainm Myriad. Tá an córas Myriad an-oiriúnach don chairt stáisiún agus don slí a oibríonn an teicneolaíocht taobh thiar de sin. Más rud é go raibh duine ag iarraidh seó a chur beo go dtí ár stáisiún ó Ghaillimh, bheadh orthu Myriad a bheith acu freisin. Tá costas le sin. Ní hé nach bhfuil sé indéanta. Tá sé indéanta, ach caithfear an struchtúr a thógáil i gceart chun go bhféadfadh sé tarlúint.

Maidir le deireadh ag teacht le ré FM, táimid ag cloisteáil an caint sin ó thosaíomar. Tá an duine a dhéanann go leor den obair teicniúil dúinn, Dusty Rhodes, i mbun an córas DAB trialach ó thosaíomar ar DAB. Tá tír amháin, sílim an tSualainn nó an Iorua, a chur deireadh le FM le déanaí, ach níl aon phlean ag an Rialtas seo fós. Níl aon phlean fiú sa Ríocht Aontaithe deireadh a chur leis go fóill. Lá éigin, tarlóidh sé. An lá a tharlóidh sé, laghdóigh an méid airgid atá ag teastáil uainn sa mhéad is go mbeidh an t-airgead ar fad le caitheamh ar DAB ag an bpointe sin. Is sábháil a bheidh ann amach anseo. Leis an lá sin a shroicheadh le lucht éisteachta agus eile againn, is gá dúinn dul ar FM mar tá gach seans go mbeidh an tír seo fós ag plé le FM ar feadh deich mbliana eile ar a laghad.

Ms Niamh Ní Chróinín:

Bheinn buartha más rud é go rabhamar ag rá go mbeidh an tír ag úsáid DAB níos mó ná aon rud eile ag pointe éigin. Seans maith go dtarlóidh sé sin, ach ní dóigh liom go dtarlóidh sé, mar a dúirt mo chomhghleacaí, le linn deich mbliana. Níl aon phlean tosaithe. Má thosaíonn cainteanna, tógfaidh sé blianta eile go dtí go dtarlaíonn sé. Faoi láthair, tá raidió DAB i 20% de thithe na tíre. Is fás é sin, ach níl sé ag 80% nó 100% fós. Braithim go bhfuil roinnt mhaith blianta fós le dul againn go dtí go mbeimid ag díriú ar DAB níos mó ná ar FM.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá ceist amháin agam faoi Raidió na Life. Thug an finné freagra maidir le na féidireachtaí comhoibrithe atá ann, ach níor chuala mé é.

Mr. Julian de Spáinn:

An rud a luaigh Niamh Ní Chróinín ná, ag deireadh an lae, gur stáisiúin éagsúla iad sa soláthar a dhéanann siad don phobal. Caithfidh stáisiúin pobail, ar nós Raidió na Life, Raidió Fáilte ó Thuaidh, Conamara FM nó eile, freastal ar an bpobal ina bhfuil siad suite. Bíonn meascán mearaí sna cineálacha cláir atá acu, rud atá go hiontach don phobal áitiúil, ach tá siad ag freastal ar gach réimse spéise. Más rud é go raibh seó ar Raidió na Life dírithe ar an aos óg, b'fhéidir go bhféadfaí sin a roinnt lena chéile nó comhoibriú a dhéanamh ar sin. Na príomhstáisiúin go bhféadfaí muid a chur i gcomparáid le ná Spin 103.8, iRadio nó ceann de na stáisiúin atá dírithe ar sprioc-aois faoi leith seachas ar sprioc-cheantar faoi leith.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Táimid i dtrioblóid anseo mar táimid faoi bhrú ama.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ní bheidh mé ach uair an chloig.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá obair le déanamh agus tá córam ag teastáil-----

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Nílim ach ag magadh.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Dírigh ar cheisteanna.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh na finnéithe. Gabh mo leithscéal as ucht bheith ag cruinniú eile. Ní raibh mé anseo nuair a rinne na finnéithe an cur i láthair. An bhfuil aon sheans go bhfaighfidh Raidió Rí-Rá deis dul ar an FM seachas ar an Idirlíon go buan?

Mr. Julian de Spáinn:

Is ceist an-mhaith í agus an rud is bunúsaí atá sa cháipéas atá againn. Táimid ag an bpointe go bhfuil gach rud forbartha. Tá stáisiún beag againn in Uimh. 6, Shráid Fhearchair, agus tá na craoltóirí againn. Chun an tseirbhís a chur os comhair an pobal i gceart, is gá a bheith ar FM. Chun é sin a dhéanamh, cosnóidh sé €1.6 milliún sa bhliain faoi bhliain a trí den phlean sin. Tá €1.1 milliún de sin do tharchuir a íoctar le RTE. Déanann Raidió na Gaeltachta agus Today FM é. Bíonn orthu íoc as an tarchuir chun go gcraoltar iad.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Céard faoi Galway Bay FM agus iad sin ar fad?

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Íocann siad i bhfad níos lú ná sin mar go bhfuil an ceantar ina bhfuil siad ag craoladh i bhfad níos lú. Bheadh costas ag Raidió na Life, mar shampla-----

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is éard a theastaíonn uaidh na finnéithe ná deontas €1.6 milliún ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta a fháil do Raidió Rí-Rá.

Mr. Julian de Spáinn:

An argóint atáimid ag déanamh ná gur chóir go dtiocfadh an t-airgead ón gciste náisiúnta teilifíse. Is 0.69% den chiste ón gceadúnas teilifíse a bheadh ann. An toradh a bheadh ar-----

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ba mhaith liom pointe beag amháin eile a dhéanamh. Nuair a tháinig bliain na mílaoise, thug mé cuairt go daoine óga ó na Gaeltachtaí ar fad teacht le chéile. Is é an moladh is mó a rinne siad ná go mbeadh stáisiún popcheol sainiúil trí Ghaeilge ar fáil. Tar éis, fuaireamar Anocht FM. Níl mise an-shásta le sin. Ceapaim gur cheol thar a bheith aisteach a bhíonn ar sin agus sin mar atá sé. Tá mé cinnte go dtaitníonn sé le aicme áirid, ach sílim féin go bhfuil Raidió Rí-Rá níos dírithe ar ghnáthcheol pop a chur ar fáil. "Top of the Pops" equivalent don lá atá inniu ann. Sílim gur cheart don choiste seo moladh láidir a dhéanamh don Aire Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil go ndéanfaí cinnte go mbeadh an t-airgead curtha ar fáil do Raidió Rí-Rá le dul ar an aer ar fud na tíre, mar beidh-----

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tiocfaimid ar ais go dtí na moltaí. Chuir mé stop leis an Teachta Tóibín roimhe seo. Tá mé ag iarraidh ceisteanna a chur.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Beidh áthas ar an gCathaoirleach a chloisteáil nach bhfuil aon cheist agam. Cheap mé nach raibh sí ag iarraidh ceisteanna.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Bhí mé ag iarraidh ceisteanna go sciobtha agus thug mé deis don Teachta mar go raibh sé déanach. Gabhaim buíochas le na finnéithe as ucht an chur i láthair.

The joint committee went into private session at 5.57 p.m. and adjourned at 6.43 p.m. sine die.