Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 7 February 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Radio Broadcasting: Raidió Rí-Rá

5:00 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source

Is ceist pholasaí agus ceist chur chuige é i ndáiríre seachas ceist acmhainní ag an bpointe seo. Dá mbeadh an fhoireann ag Raidió Rí-Rá, bheadh siad ábalta é sin a dhéanamh. Maidir le stáisiúin raidió pobail, cosúil le Conamara FM a chraolann thiar i gConamara, bíonn siad ag craoladh ar mhinicíocht FM cúpla uair a chloig san oíche. An bhfuil an cineál costais céanna ar a leithéidí siúd amhlaidh? B'fhéidir nach bhfuil freagra na ceiste ag na finnéithe, ach tá siad sin ann.

Maidir le comhoibriú praiticiúil le dreamanna eile, tá Raidió na dTreabh iad féin ag iarraidh lonnú i gcathair na Gaillimhe agus fáiltímid roimh an iarracht sin chomh maith. Fiú ag caint faoi chomhroinnt teicniúil agus daoine ag úsáid na stiúideoanna agus áiseanna áitiúla, an bhfuil ceangal ISDN ag teastáil ansin? An bhfuil sé sin ag Raidió Rí-Rí? An féidir an obair sin ar fad a dhéanamh ar an Idirlíon nó trí rudaí a chur mar phacáistí ar an Idirlíon agus mar sin de?

Shuigh mé isteach ar chuid de na héisteachtaí a bhí ann maidir le todhchaí úsáid na táille ceadúnais agus mar sin de. Is ceist mhór í agus tá na comhráití sin ar bun ag an gComhchoiste Chumarsáid, Gníomhú ar son na hAeráide agus Comhshaol i láthair na huaire gan aon chinnteacht cén toradh a bheidh air. Maidir le todhchaí craoladh ar FM, an bhfuil deireadh ré ag teacht le FM ar aon nós? Chuirfeadh daoine an cheist an fiú a bheith ag déanamh an infheistíocht seo mar go bhfuil deireadh ag teacht le FM go luath ar aon nós? Tá daoine ag craoladh go digiteach. Tá Raidió Rí-Rá ar an treo a bheidh rudaí ag dul ar aon nós. Níl ann ach ceist ama le fanacht go dtí go mbeidh an craoladh digiteach glactha ag daoine agus go mbeadh duine in ann an aip a phiocadh suas sa charr nó ar an raidió digiteach sa mbaile. Nach bhfuil deireadh ré ag teacht le FM ar aon nós? Nach bhfuil i gceist ach ceithre nó cúig bliana sula mbeidh sé imithe ar fad?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.