Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 7 February 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Radio Broadcasting: Raidió Rí-Rá

5:00 pm

Mr. Julian de Spáinn:

Luaigh an Seanadóir Conamara FM agus grúpaí atá ceadúnas acu go háitiúil nó go tréimhsiúil. Tá costas ag baint le sin, ach mar gheall go bhfuil an ceantar ina bhfuil sé ag craoladh níos lú, tá costas níos lú air. Mar shampla, nuair a bhí an ceadúnas againn ar feadh trí sheachtain i mBaile Átha Cliath, Gaillimh, Corcaigh agus Luimneach, chosnaigh sé nach mór €30,000 díreach don trí sheachtain chun an ceithre chathair a chlúdach. Braitheann sé ar an méid spáis atá sa cheantar agus cé chomh fada is atá an craoladh. Nuair atáimid ag caint faoi rud don tír ar fad, táimid ag caint faoin gcostas céanna atá ag Raidió na Gaeltachta nó Today FM. Sílim go dtéann Today FM trí RTE freisin. Arís, €1.1 milliún atá i gceist le sin.

Maidir leis an gceangal ISDN, tá an ceart ag an Seanadóir. Tá ceangal ceart leathanbhanda ISDN ag teastáil idir stiúideoanna má tá siad le húsáid le chéile. Tá rud amháin a dúirt Niamh Ní Chróinín a léiríonn an difir idir an stáisiún againne agus roinnt de na stáisiúin eile. Tá ár stáisiún bunaithe ar chóras darbh ainm Myriad. Tá an córas Myriad an-oiriúnach don chairt stáisiún agus don slí a oibríonn an teicneolaíocht taobh thiar de sin. Más rud é go raibh duine ag iarraidh seó a chur beo go dtí ár stáisiún ó Ghaillimh, bheadh orthu Myriad a bheith acu freisin. Tá costas le sin. Ní hé nach bhfuil sé indéanta. Tá sé indéanta, ach caithfear an struchtúr a thógáil i gceart chun go bhféadfadh sé tarlúint.

Maidir le deireadh ag teacht le ré FM, táimid ag cloisteáil an caint sin ó thosaíomar. Tá an duine a dhéanann go leor den obair teicniúil dúinn, Dusty Rhodes, i mbun an córas DAB trialach ó thosaíomar ar DAB. Tá tír amháin, sílim an tSualainn nó an Iorua, a chur deireadh le FM le déanaí, ach níl aon phlean ag an Rialtas seo fós. Níl aon phlean fiú sa Ríocht Aontaithe deireadh a chur leis go fóill. Lá éigin, tarlóidh sé. An lá a tharlóidh sé, laghdóigh an méid airgid atá ag teastáil uainn sa mhéad is go mbeidh an t-airgead ar fad le caitheamh ar DAB ag an bpointe sin. Is sábháil a bheidh ann amach anseo. Leis an lá sin a shroicheadh le lucht éisteachta agus eile againn, is gá dúinn dul ar FM mar tá gach seans go mbeidh an tír seo fós ag plé le FM ar feadh deich mbliana eile ar a laghad.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.