Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 7 February 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Radio Broadcasting: Raidió Rí-Rá

5:00 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá cuid againn b'fhéidir ró-shean le bheith ag cuimhneamh siar ar na hamhráin a bhíodh muid ag éisteacht leo agus muid níos óige ach, idir mhagadh agus dáiríre, sílim go bhfuil fíorthábhacht leis an aighneacht atá na finnéithe ag déanamh. Le bheith fírinneach, tá páistí óga agam nach bhfuil ag éisteacht le Raidió na Gaeltacht. Éistíonn siad ó am go chéile le Spin FM nó iRadio nó a leithéidí siúd, ach is cineál leath-Béarla leath-Gaeilge a bhíonn i gcuid de na cláir acu siúd. Léimeann siad ó trom go héadrom, mar a bhí ann le fada, ach níl aon leanúnachas ó thaobh chúrsaí teanga ann i ndáiríre sna hiarrachtaí atá a dhéanamh ansin, cé gur deas na rudaí sin a chloisteáil. Tá fíorghá le stáisiún den chineál seo agus molaim an obair atá á dhéanamh ag an stáisiún. Bíonn muid ag imeacht sa gcarr ó ham go chéile san oíche agus bíonn muid ag túineáil isteach ar Raidió na Gaeltachta den uair an chloig sin. Tá sé go deas é a chloisteáil i ndáiríre.

Tá roinnt ceisteanna sonracha agam. Dá mbeadh Raidió Rí-Rá ag craoladh ar FM, an dtitfeadh an stáisiún faoi scáth rialacha nó treoirlínte faoi leith atá ag an gcoimisiún craolachán ó thaobh soláthar caighdeánach a gcaithfear a chur ar fáil, mar shampla, go gcaithfear méid áirid cúrsaí reatha agus cláracha creide a bheith ann? Sílim go bhfuil rud éigin mar sin ann. An gcaithfear cláir sainspéise de chineál áirid a bheith ar gach stáisiún? An bhfuil Raidió Rí-Rá áirithe mar stáisiún deonach agus, dá bhrí sin, saor ó na ceangail sin? Tá figiúirí luaite maidir le maoiniú agus Coimisiún Craolacháin na hÉireann. Céard a bheadh ar fáil ón gcoimisiún de thogra dá leithéid? Cé na comhráití atá ar bun ag na finné leis an gcoimisiún?

Deir na finnéithe go mbaineann an costas is mó leis an tarchuradóireacht nó an craoladh é féin. Bhreathnaigh muid ar an gceist seo roimhe seo. An bhfuil aon chás ann go bhfuil sé sin curtha ar fáil ag RTE d'aon stáisiún eile saor in aisce nó an bhfuil díolúine nó laghdú tugtha? Ní stáisiún tráchtála a bheadh i gceist anseo i ndáiríre agus, dá bhrí sin, is seirbhís pobail atá á cur ar fáil. An bhfuil macasamhail sin déanta ag aon duine eile roimhe seo? Má tá, an bhfuil samplaí ann dóibh? An bhfuil i gceist ag an stáisiún go mbeadh fógraíocht ar fáil agus go mbeadh an stáisiún in ann airgead a thabhairt isteach mar sin?

Ós rud é gurb é an cloch is mó ar phaidrín an choiste seo ná an straitéis 20 bliain, b'fhéidir nach miste cur ar an taifead cá seasann an iarracht atá ag an stáisiún i gcomhthéacs an straitéis 20 bliain. An bhfuil sé ag teacht le polasaí an Rialtais má tá muid leis an rud a mholadh? Bheadh mé ag súil go mbeadh muid á moladh, ach cá seasann na finnéithe ó thaobh an rud sin?

An bhfuil comhoibriú i gceist le dreamanna ar nós Raidió Fáilte sna Sé Contaetha nó aon dream eile a bheadh ábalta socrú a dhéanamh leis an stáisiún ó thaobh chomhsholáthar clár nó aonad craolta a bheith ar fáil, abair, i gCorcaigh, Gaillimh, Béal Feirste nó áit éigin mar sin? An bhfuil aon rud gur féidir leis na finnéithe a rá linn faoi sin?

An bhfuil aon phlé déanta leis an Aire Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoilagus an bhfuil freagra faighte? An raibh sé dearfach nó diúltach? Cén chaoi a bhfuil sé?

Cad é an scéal ó thaobh na Sé Contaetha agus tarchuradóireacht ansin? An bhfuil RTE ábalta an tseirbhís sin a chur ar fáil mar chuid den €1.6 milliún láithreach bonn, mar a déarfá? An bhfuil sin san áireamh san obair a bheadh ar bun ag RTE nó an mbeadh costas breise ag teastáíl sa gcás sin?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.