Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 4 December 2013

Joint Oireachtas Committee on Public Service Oversight and Petitions

Annual Report 2012: Discussion with An Coimisinéir Teanga

4:00 pm

Photo of Pádraig Mac LochlainnPádraig Mac Lochlainn (Donegal North East, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Before commencing, I remind witnesses of the position on privilege. Witnesses are protected by absolute privilege in respect of the evidence they are to give to the committee. If, however, they are directed by the committee to cease giving evidence in respect of a particular matter and they continue to do so they are entitled thereafter only to a qualified privilege in respect of their evidence. They are directed that only evidence connected with the subject matter of these proceedings is to be given and they are asked to respect the parliamentary practice that where possible they should not criticise of make charges against a person, persons or entity, by name or in such a way as to make him or her identifiable. I remind members of the long-standing rule of the Chair that they should not comment on, criticise or make charges against either a person outside the Houses or an official, by name or in such a way as to make him or her identifiable.

I now invite An Coimisinéir Teanga, Mr. Seán Ó Cuirreáin, to address the committee.

Mr. Seán Ó Cuirreáin:

A Chathaorligh, ba mhaith liom buíochas a thabhairt don chomhchoiste as a chuireadh teacht ina láthair inniu. Bunaíodh m'oifigse le reachtaíocht beagnach deich mbliana ó shin agus cuireadh trí cinn de chúraimí reachtúla orainn: feidhmiú mar sheirbhís ombudsman; feidhmiú mar ghníomhaireacht ghéilliúlachta i dtaca le seirbhísí Stáit trí Ghaeilge; agus comhairle a sholáthar i dtaca le cearta agus dualgais teanga.

Photo of Pádraig Mac LochlainnPádraig Mac Lochlainn (Donegal North East, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabh mo leithscéal, a Choimisinéara, there is a problem here. We are not hearing the English translation. Is any member hearing the translation?

Members:

No.

Photo of Pádraig Mac LochlainnPádraig Mac Lochlainn (Donegal North East, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Can we identify what the technical problem is?

Sitting suspended at 4.22 p.m. and resumed at 4.56 p.m.

Deputy Aengus Ó Snodaigh took the Chair.

4:05 pm

Deputy Aengus Ó Snodaigh (Acting Chairman):

Cuirimid tús leis an gcuinniú poiblí anois. Ba mhaith liom cuireadh a thabhairt don Choimisinéir Teanga a chuid a rá leis an gcoiste.

Mr. Seán Ó Cuirreáin:

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil arís leis an an gcomhchoiste as an cuireadh teacht in ina láthair inniu. Bunaíodh m'oifigse le reachtaíocht beagnach deich mbliana ó shin agus cuireadh trí cinn de chúraimí reachtúla orainn: feidhmiú mar sheirbhís ombudsman; feidhmiú mar ghníomhaireacht ghéilliúlachta i dtaca le seirbhísí stáit trí Ghaeilge; agus comhairle a sholáthar i dtaca le cearta agus dualgais teanga. Tugadh tuarascáil bhliantúil na hoifige don bhliain 2012 don Aire Stáit a bhfuil cúram na Gaeltachta ar an 31 Eanáir 2013 le leagan os comhair Thithe an Oireachtais agus seoladh go hoifigiúil í ar an 12 Márta seo caite.

Go ginearálta, ní sárbhliain a bhí in 2012 maidir le cur chun cinn na Gaeilge i státchóras na tíre, agus ar scáth aon choiscéim a tugadh chun tosaigh, ba chosúil go raibh péire á dtabhairt ar gcúl.

Maidir lenár seirbhís ombudsman, dhéileáil muid anuraidh le 756 cás i dtaca le deacrachtaí nó fadhbanna le seirbhísí stáit trí Ghaeilge, an bhliain ba mhó ar cuireadh gearáin ón phobal i láthair na hoifige ó bunaíodh í. B'ionann sin agus méadú 3% ar líon na gcásanna a bhí ann an bhliain roimhe sin. Réitíodh formhór mór na gcásanna sin trí idirbheartaíocht neamhfhoirmiúil leis an gcomhlacht poiblí chuí nó trí chomhairle a chur ar an ngearánach. Seoladh 13 cinn d'imscrúduithe foirmiúla le linn na bliana 2012. Rinneadh cinneadh gur sáraíodh gnéithe ar leith den reachtaíocht teanga i gcás meascán eagraíochtaí stáit; orthu sin bhí an Garda Síochána agus trí cinn de Ranna Rialtais.

Mar ghníomhaireacht ghéilliúlachta, is trua liom a thuairisciú go raibh trí cheathrú de na scéimeanna teanga, na pleananna reachtúla teanga, a bhí comhaontaithe idir an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta le heagraíochtaí éagsúla stáit ligthe in éag gan athnuachan a bheith déanta orthu faoi dheireadh 2012 agus an ceathrú cuid acu as dáta le breis agus trí bliana. I deich gcinn de chásanna eile, bhí breis agus sé bliana imithe ó d'iarr an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ar eagrais stáit dréachtscéimeanna teanga a ullmhú ach bhí siad fós le haontú. Tá teip an ghné seo den reachtaíocht teanga a chur chun cinn go stuama aitheanta ag an gcoiste iniúchta neamhspleách i m'oifig mar riosca suntasach. Bhí na scéimeanna teanga sin le bheith mar chrann taca i gcroílár na reachtaíochta agus mar bhunús le líon agus le caighdeán na seirbhísí stáit trí Ghaeilge a mhéadú.

Tháinig fasach contúirteach chun cinn don chéad uair riamh in 2012 nuair a leasaíodh scéim teanga le dualgas a bhí daingnithe ansin a chealú ar fad cé nach mbeadh aon chostas nó stró arbh fhiú cainte air ag baint lena chur i bhfeidhm. Seachas cinntiú go gcloífí le dualgas a bhí neafaiseach go maith - an chuid "Oiriúnach le Breathnú" de lipéid físeán/dioscaí digiteacha ilúsáide de chuid Oifig Aicmithe Scannán na hÉireann a bheith i bhformáid dhátheangach - spreag gearán ó dhuine den phobal cealú iomlán an ghealltanais reachtúil i ndeireadh na dála nuair a ghéill an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta d'iarratas ón Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais agus cuireadh an gealltanas scéime sin ar neamhní ar fad.

Tá méadú beag sa bhliain reatha ar líon na scéimeanna teanga. Tá 15 daingnithe go dáta ach 20 imithe in éag sa tréimhse chéanna. Ach is mó de chúis imní agam é caighdeán chuid de na scéimeanna sin. Tá barraíocht acu ann a bhfuil na gealltanais faoi sholáthar seirbhísí trí Ghaeilge coinníollach ar acmhainní a bheith ar fáil, rud a thugann le tuiscint go bhfeictear na seirbhísí sin mar rudaí roghnacha breise seachas mar chearta bunúsacha. I scéim amháin acu seo, agus gealltanas i leith soláthar seirbhísí trí Ghaeilge á leagan amach, tá coinníoll luaite 11 uair in imeacht trí leathanach go mbeidh na seirbhísí sin ar fáil "mar a cheadaíonn acmhainní".

I scéim eile, gealltar leagan Gaeilge a eisiúint d'aicme theoranta de phreasráitis ach i bhfonóta deirtear nach gá go gciallódh sin go n-eiseofar na preasráitis Ghaeilge agus Bhéarla ag an am céanna. Is masla é d'aigne nó d'intleacht an iriseora Gaeilge go gcuirfí bonn reachtúil faoi ghealltanas den chineál sin. Nár dhona agus nár shoiniciúil an scéal a bheadh ann mura mbeadh i ndaingniú scéimeanna teanga ach gníomh le tic a chur i mbosca seachas iad a bheith ina n-uirlis éifeachtach d'fhorbairt seirbhísí stáit trí Ghaeilge? Tá ráite liom ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta go bhfuil dlús breise le cur faoi obair na scéimeanna teanga ach tá eagla orm go bhfuil oiread dochair déanta agus easpa muiníne sa chóras nach féidir é a tharrtháil anois. Tá áthas orm a thuairisciú go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh ag lucht bainistíochta an Gharda Síochána i dtaca le soláthar seirbhísí na ngardaí trí Ghaeilge de thoradh gearáin le m'oifig. Tá feachtas feasachta teanga á chur chun cinn, á thosú acu i láthair na huaire, ag an lucht ardbhainistíochta mar thoradh ar eachtra a tharla i mBaile Átha Cliath inar gabhadh fear óg agus inar tugadh i nglais lámh é chuig stáisiún Garda nuair a rinne sé iarracht a chuid gnó a dhéanamh trí Ghaeilge le gardaí a stop é maidir le mion-chion tráchta. Coinníodh é sa stáisiún go dtí go raibh fáil ar gharda a bhí in ann déileáil leis trí Ghaeilge. Sháraigh an Garda Síochána sa chás seo an gealltanas reachtúil go n-aithníonn an fórsa ceart an phobail gnó a dhéanamh leo ina rogha teanga oifigiúil, Gaeilge nó Béarla. Thug mé suntas do dhearcadh san fhiosrúchán a rinne mé gur cheart caitheamh le daoine a labhraíonn Gaeilge amhail is gur teanga eachtrach a bhí á labhairt acu, d'ainneoin stádas bunreachtúil na Gaeilge. Cuireadh "úsáid na Gaeilge" agus "déileáil le náisiúnaithe eachtrach" sa spás céanna go rialta sa dioscúrsa i measc na ngardaí a bhain leis an imscrúdú seo, rud a chothódh imní faoin bhealach a gcaithtí leis an dá ghrúpa sin. Níor bhain an eachtra a bhí i gceist sa chás seo le haon timpiste ná le haon líomhaintí faoi thiomáint faoi luas nó faoi thionchar óil. B'ábhar suntais dom nach raibh gardaí a raibh a gcuid oideachais faighte acu i gcóras scolaíochta na tíre seo agus a raibh a gcuid oiliúna mar ghardaí sa Teampall Mór críochnaithe acu ach le beagán blianta roimhe sin ábalta "Cad is ainm duit?" a fhiafraí ná seoladh tiománaí a lorg trí Ghaeilge ar thaobh an bhóthair. Ní raibh córas sásúil tacaíochta ar fáil dóibh ar an láthair sin le cabhrú leo déileáil go furasta le duine den phobal a roghnaigh a chuid gnóthaí a dhéanamh leo trí Ghaeilge. Fáiltím, áfach, roimh dhearcadh dearfach Choimisinéir an Gharda Síochána agus lucht ardbhainistíochta an fhórsa i dtaca le feidhmiú na moltaí a rinne mé de thoradh an cháis seo agus tá súil agam, de bharr na n-athruithe córasacha atá ar tí a thabhairt isteach, nach dtarlóidh a mhacasamhail d'eachtra arís. Tá aird níos mó ná riamh á dhíriú freisin ag lucht bainistíochta an Gharda Síochána ar dhualgas atá daingnithe in Acht an Gharda Síochána 2005 gur comhaltaí le líofacht i nGaeilge amháin is ceart a lonnú i gceantair Ghaeltachta. Tharla sé seo de bharr gearán a thuairiscigh mé roimhe seo faoi a laghad gardaí le Gaeilge a bhí lonnaithe i nGaoth Dobhair i gcroílár na Gaeltachta i nDún na nGall. Cé nach bhfuil réiteach iomlán amach is amach ar an gceist go fóill, tá áthas orm a thuairisciú go bhfuil sé deimhnithe anois ag Coimisinéir an Gharda Síochána, le gur féidir cloí go cuí leis na forálacha in Acht an Gharda Síochána, go mbeidh 10% d'áiteanna d'earcaithe nua san fhórsa á gcur ar leataobh go speisialta feasta do dhaoine le líofacht i nGaeilge agus dualgas orthu feidhmiú ina dhiaidh sin ar feadh tréimhse suas le cúig bliana i stáisiúin Ghaeltachta. Ba cheart go gcinnteodh seo go mbeidh 100% de ghardaí na Gaeltachta líofa i nGaeilge faoi cheann roinnt bheag blianta. Go ginearálta, tá an easpa fóirne le hinniúlacht i ndá theanga oifigiúla an Stáit ar cheann des na cúiseanna is mó go mbíonn deacrachtaí ag eagraíochtaí stáit a gcuid seirbhísí a sholáthar don phobal i nGaeilge chomh maith le Béarla. Tá córas nua le cur ar bun mar scéim phíolótach ina áit an chórais faoinar gealladh marcanna bónais le linn earcaíochta nó i gcás arduithe céime sa Státseirbhís do dhaoine le hinniúlacht i nGaeilge agus i mBéarla araon. Theip ar chóras na marcanna bónais a tháinig in áit na "Gaeilge éigeantaí" de bharr nár cuireadh i bhfeidhm mar is ceart riamh é. Creidim go dteipfidh fosta ar an gcóras úrnua, atá lochtach ó thaobh an choincheapa de, agus go leanfar d'imeallú na teanga sa chóras riaracháin phoiblí. Mar shampla amháin, léiríonn taighde atá déanta dúinn ar fhigiúirí oifigiúla ón Roinn Oideachais agus Scileanna go dtógfadh an córas nua, dá gcuirfí i bhfeidhm go hiomlán agus ar an mbealach is dearfaí é, thart ar 28 mbliana le líon na fóirne riaracháin sa Roinn sin le líofacht i nGaeilge a mhéadú ón 1.5%, atá ann faoi láthair, go dtí 3%. Déanaim achainí inniu ar na húdaráis cui athchuairt a thabhairt ar an bheartas seo ar bhealach a mbeidh brí leis nuair a bhéas athbhreithniú agus leasú á dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla. Tá molta fosta agam agus an tAcht á leasú gur cheart foráil shoiléir a chur ann a thabharfadh ar gach eagras stáit a chinntiú go raibh Gaeilge líofa ag a mbaill fóirne a bheadh ag soláthar seirbhíse do phobal na Gaeltachta, gan cheist gan choinníoll. Léirigh taighde a rinne m'oifig ar na mallaibh gur socraíodh seo a dhéanamh ar bhonn reachtúil sa bhliain 1928 ach gur cuireadh dáta tosaithe na rialachán seo ar athló le hionstraim reachtúil ar 54 ócáid difriúil go dtí gur caitheadh in aer go ciúin é sa bhliain 1966. Ní rogha a thuilleadh a leanúint de bheith ag cur na gcaorach thar an abhainn ar an ábhar seo mar a bhí á dhéanamh mar ghnáthchleachtas leis na scórtha bliain. Ar nós seirbhísí ombudsman eile, tá sé de cheart agam fionnachtana nó cinntí agus moltaí a dhéanamh, agus iad sin bunaithe ar imscrúduithe. Is féidir achomharc a dhéanamh i gcoinne na gcinntí sin ar phonc dlí chun na hArd Chúirte. Mura ndéantar achomharc, ach fós féin mura gcuirtear na moltaí i bhfeidhm, tá dualgas orm tuairiscí a sholáthar do Thithe an Oireachtais. Tá trí cinn de thuairiscí tugtha agam in imeacht na mblianta do Thithe an Oireachtais agus is mian liom mo bhuíochas a thabhairt do bhaill an chomhchoiste as an obair leantach a rinne siad leis na heagrais stáit a bhí i gceist. Is trua liom a rá go raibh orm trí cinn eile de thuarascálacha a thabhairt le gairid do Thithe an Oireachtais i gcás eagrais stáit nach ndearna achomhairc i gcoinne cinntí a rinne mé ach fós féin nár chur i bhfeidhm na moltaí cuí. Is iad larnród Éireann, Comhairle Contae na hlarmhí agus Oifig na nOibreacha Poiblí na heagrais a bhí i gceist. Faoi Thithe an Oireachtais atá sé anois cibé céimeanna eile is mian leo a thógáil, más cuí leo sin a dhéanamh. Cé gur fógraíodh athbhreithniú ar Acht an dTeangacha Oifigiúla i mí na Samhna 2011, breis agus dhá bhliain ó shin, agus gur mhair próiseas suntasach comhairliúcháin phoiblí go dtí deireadh mhí Eanáir 2012, is beag atá cloiste go poiblí go dtí seo faoi thorthaí an phróisis seo. Níor chuidiú ar bith é an folús seo. Rinneadh cinneadh Rialtais i mí na Samhna 2011 m'oifig a chónascadh le hOifig an Ombudsman faoi Phlean Athchóirithe an Rialtais don tSeirbhís Phoiblí. Rinneadh an cinneadh sin i ngan fhios dom féin agus don Ombudsman ag an am. Níl aon mhionsonraí ar fáil go poiblí faoina bhfuil molta nó faoin bhealach a cheaptar a n-oibreodh sé agus bheadh imní orm faoi inmharthanacht na hoifige amach anseo, agus na himpleachtaí fóirne a ghabhann leis sin. Tá oifig s'againne ar cheann de na heagrais stáit is lú dá bhfuil ann, agus buiséad againn atá níos lú, fiú, ná rún-sheirbhís na tíre. Tá foireann reatha de 4.4 státseirbhíseach ag obair inti, tá trí cinn d'fholúntais fóirne againn faoi láthair, tá muid gan stiúrthóir le blianta agus tá ár mbuiséad tite 45% ón bhliain 2008. Níor tugadh don oifig riamh na hacmhainní riachtanacha lena cúraimí reachtúla a chomhlíonadh go cuí agus go hiomlán. Go ginearálta, dóibh siúd atá gafa go gairmiúil nó go deonach le cosaint nó cur chun cinn na teanga, is tréimhse í seo atá lán le héiginnteacht. Ní fhaca mé in imeacht 30 bliain mar iriseoir nó mar Choimisinéir Teanga an oiread ísle brí agus lagmhisnigh. D'ainneoin tacaíocht ollmhór ag tromlach an phobail i gcoitinne sa tír don teanga, tá sí á ruaigeadh go leanúnach chuig imeall na sochaí, agus áirím anseo cuid mhaith den riarachán phoiblí. Ní bheidh sé furasta í a thabhairt ar ais go háit níos lárnaí. Mar bhunchéim riachtanach agus Acht na dTeangacha Oifigiúla á leasú mar chuid de chlár an Rialtais, creidim go láidir go gcaithfear foráil shoiléir a chur ann a chinnteoidh go mbeidh Gaeilge ag fostaithe an Stáít a bheidh ag freastal ar phobal na Gaeltachta, gan cheist, gan choinníoll. Ní féidir leanúint ag tabhairt ar chainteoirí dúchais Gaeilge an Béarla a úsáid agus iad ag déileáil le heagraíochtaí stáit. Agus comhthreomhar leis seo, caithfear athchuairt a thabhairt láithreach ar cheist na teanga san earcaíocht agus i gcomórtais arduithe céime sa Státseirbhís agus sa tseirbhís phoiblí i gcoitinne. Go simplí, níl bealach ar bith go n-oibreoidh na beartais is deireanaí atá fógartha ina leith seo. Munar féidir leis an Stát aghaidh a thabhairt ar an dá ghné sin nuair a bheidh an t-Acht á leasú, is é sin úsáid na Gaeilge i mbun cumarsáide le pobal na Gaeltachta agus cinntiú go mbeadh dóthain fóirne le cumas sa Ghaeilge sa chóras riaracháin phoiblí, creidim go dtuigfear ansin gur mugadh magadh, briolla brealla nó bréaga a bheas i gceist. Tráth a bhfuil muid ag teannadh lenár bhflaitheas eacnamaíoch a fháil ar ais, ba mhór an feall é dá gcaillfimis ár bhflaitheas teanga, bunchloch dár bhféiniúlacht chultúrtha, dár n-oidhreacht agus dár n-anam mar náisiún. Creidim gur measa mar bhaol é sin anois ná riamh. Beidh deich mbliana caite agam féin i mbun oibre mar Choimisinéir Teanga i ndeireadh mhí Feabhra seo chugainn. Cé go bhfuil dhá bhliain eile fágtha i mo thréimhse ceapacháin, creidim i mo chroí istigh i bhfianaise na faisnéise atá curtha in bhur láthair agam anseo inniu gur beag eile a d'fhéadfainn a bhaint amach go pearsanta sa tréimhse ama sin i dtaca le cearta teanga phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta. Is trua liom a rá, mar sin, go bhfuil cinneadh déanta agam seasamh siar ó mo cheapachán mar Choimisinéir Teanga ar an 23 Feabhra seo chugainn. Tá an cinneadh seo curtha in iúl inniu agam i scríbhinn do Uachtarán na hÉireann mar a leagtar sios sa dlí. Ba mhaith liom ag an tráth seo mo bhuíochas a chur in iúl dóibh siúd ar fad a chuidigh liom le linn na mblianta atá caite agam i mbun chúraimí an phoist seo, go háirithe foireann bheag dhíograiseach na hoifige. Glacaim buíochas leo sin ar fad i réimse na polaitíochta agus sa státchóras a thacaigh lenár gcuid oibre. Ba mhór agam an tacaíocht in imeacht na mblianta ó na meáin chumarsáide, go speisialta iriseoirí na Gaeilge, ó na heagrais Gaeilge agus Gaeltachta, ón lucht acadúil, uathu sin a chuir comhairle orm go gairmiúil nó go deonach, ó choimisinéirí teanga eile as gach cearn den domhan, ó bhaill den státseirbhís agus den tseirbhís phoiblí, ó chairde agus ó gach duine eile a chuidigh linn. Thar aon ní eile, ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghlacadh le pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta as an mhuinín a chuir siad ionam féin agus i bhfoireann na hoifige le deich mbliana anuas. Mo bhuíochas fosta leatsa, a Chathaoirligh, agus le baill an chomhchoiste as éisteacht liom inniu. Go raibh míle maith agaibh..

4:20 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ba mhaith liom, arís, aiféal a ghabháil leat, a Choimisinéara, agus le gach duine as gan an córas aistriúcháin comhionnanach a bheith ag obair and as an mhoill a cuireadh ort féin agus ar bhaill an choiste ag tús an chruinnithe. Níl mise ach ag seasamh isteach mar chathaoirleach toisc go bhfuil Gaeilge líofa agam.

Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leat as an méid atá ráite agat agus as na blianta fada a chaith tú ag stracadh leat ins in phost mar Choimisinéir. Tá seasamh cróga glactha agat, ní hamháin sa mhéid atá ráite agat inniu, ach roimhe seo agus tú ag snámh in aghaidh easa, b'fhéidir.

Ós rud é go bhfuil vóta scairte sa Dáil cuirfear an cruinniú ar fionraí ar feadh tamaill.

Sitting suspended at 5.11 p.m. and resumed at 5.29 p.m.

4:25 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuirimís tús athuair leis an gcruinniú.

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ar dtús, ba mhaith liom fáilte a chur roimh an gCoimisinéir agus roimh a fhoireann. Táimid tar éis nós a dhéanamh cuireadh a thabhairt dó tíocht anseo le tuarascáil bhliantúil s'aige a phlé linn. Is fíor a rá nach raibh súil ar bith againn leis an scéal a fuair muid inniu agus, cé go ndeirtear go bhfuil sé deacair an chaint a bhaint dínn, go bhfuil an chaint bainte dínn. Lá an-chinniúnach é seo ó thaobh chúrsaí Gaeilge sa tír seo agus is lá é a mbeidh trácht air, mar go bhfuil cinneadh tógtha aige inniu atá, dar liomsa, iontach cróga agus prionsabálta, rud nach feictear ró-mhinic ó aon duine in aon ard oifig de chineál ar bith sa tír seo. Dar liomsa, ón léamh atáimid ag déanamh ar an méid atá sé a rá, go bhfuil sé ag déanamh ráitis an-láidir tríd an chinneadh sin a thógáil, seasamh siar ón oifig ar mhódh prionsabail mar gheall ar na deacrachtaí a fuair sé.

Sílim gur choir dom a rá go bhfuil árd mheas againn, le deich mbliain anuas, ar an Uasal Ó Cuirreáin mar Choimisinéir Teanga agus sílim go bhfuil mé ag labhairt ar son phobal na Gaeilge chomh maith céanna nuair a deirim go bhfuil ard mheas acu air ins an obair agus ins an dul chun cinn atá déanta aige. Ní hamháin go raibh sé san oifig ach is é a bhunaigh an oifig, a tharraing na hacmhainní le chéile, a thug foireann chumasach leis agus a d’oibrigh amach modh oibre na hoifige.

Bhraith muid ar fad, ó thaobh saol na Gaeilge de, go raibh cearta teanga á mbaint amach ag deireadh thiar. Is í an bhun cheist atá romhainn inniu an bhfuil cearta teanga againn sa tír nó nach bhfuil. Má tá cearta againn de réir an dlí, cén dualgas atá ar an Stát seasamh leis na cearta sin? Tá amhras orm, leis an gcinneadh atá sé ag tógáil mar gheall ar an easpa chomhoibriú, mar a fheicimse ón méid atá sé a rá, go bhfuil na cearta sin á shárú go hiomlán ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta. Is údar uafásach mór díomá é sin dom.

Ní nuaíocht, ar bhealach, an méid atá sé a rá ins an tuarascáil bhliaintiúil. Tá rudaí anseo atá ráite aige arís agus arís eile i dtuarascáileacha éagsúla atá curtha inár láthair tríd na blianta. Ach chuir sé na bunphointí arís os ár gcomhair, mar shampla go bhfuil trí cheathrú chuid de na scéimeanna teanga imithe in éag. Is rud scannalach é sin. Ní hamháin sin ach ins na scéimeanna atá fós ann tá an caighdeán tite siar. D'úsáid sé téarmaí ar nós “ticeáil boscaí”. Nuair a deir sé go bhfuil an oiread dochair déanta nach féidir córas na scéimeanna a tharrtháil léiríonn sé go bhfuilimid ag géarchéim ó thaobh na teanga de agus go gcaithfear aghaidh a thabhairt air sin.

Is léir óna dhian staidéar ar na moltaí atá déanta maidir le hinniúlacht fóirne agus le hearcadh daoine sa Státsheirbhís go dtógfadh sé 28 bliain an méid daoine a theastaíonn le Gaeilge a chur ar fáil tríd an Státseirbhís, fiú ar an lá is fearr a bhéádh an córas sin ag oibriú.. Léiríonn sé sin an pointe eile atá an Coimisinéir ag déanamh, nach bhfuil a dhul ag éirí leis an bpolasaí nua seo.

Is ábhar eile é, chomh maith, go bhfuil trí chás eile tagtha chun cinn ó thaobh na dtuarascáileacha atá curtha os comhair Thithe an Oireachtais. Geallaim dó mar bhall den choiste seo, a bhfuil freagracht orainn na cásanna sin a thógáil ar bord, go n-iarrfaimid éisteacht ar na cásanna sin agus go bpléifimid iad leis na heagrais cui.

Ach, tá bun-cheist anseo maidir le hinmhairtheanacht a oifige, ó thaobh an chomhnascadh atá beartaithe. Maidir leis an athbhreithniú atá geallta ar Acht na dTeangacha Oifigiúla le, gar go mbeidh, dhá bhliain anois, is léir nach bhfuil sé le tarlú.

Deir an Coimisinéir go bhfuil amhras air maidir le muid a bheith ag cailleadh ár bhflaitheas teanga. Is lá dubh dorcha é seo do phobal agus do shaol na Gaeilge. Is caillteanas uafásach mór a bhéadh ins an gCoimisinéir do shaol na Gaeilge. Is duine é a d'airigh mé go hionraic, go hoscailte agus go macánta. Bhí fair play le fáil uaidh. Léirionn an cás i dtaobh na ngardaí é sin. Bhí Coimisinéir an Gharda Síochána os comhair an choiste an tseachtain seo chaite agus luaigh mé leis go raibh ríméad orainn go raibh comhoibriú ó na gardaí ar cheisteanna Gaeilge, go háirid i gcás Ghaoth Dóbhair. Ba léir nach é go raibh Coimisinéir na Gaeilge ag teacht anuas go trom ar na heagrais Stáit. Bhí comhoibriú le fáil uaidh ach is léir nach raibh sé ag fáil an fair play ar ais ó na heagrais Stáit, ó na Ranna Stáit nó, dar liom, ón Aire Stáit nó ón Roinn Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta. Is mór an náire don Rialtas é sin. Sin mo thuairim pearsanta.

Ó thaobh an choiste seo, beidh sé riachtanach againn cuireadh a thabhairt don Aire Stáit a bhfuil cúram na Gaeltachta air teacht inár láthair leis an gceist seo a phlé. Ní dóigh liom gur éirigh aon ombudsman as oifig ariamh sa tír seo ar cheist phrionsabail. Bhí cuid mhaith ombudsman inár measc. Dá bhrí sin, is ráiteas uafásach láidir atá an Coimisinéir a déanamh trína fhógra a thabhairt inniu. Molaim é as ucht an seasamh prionsabail sin a thógáil. Níos mó dá leithéid a theastaíonn ó thaobh a bheith sásta seasamh ar cheisteanna prionsabail. Ní hé go bhfuil mé ag iarraidh níos mó daoine a éirí as, ach a bheith sásta seasamh a thógáil ar bhonn prionsabail.

Leagann sé sin dualgas dá réir ar an gcoiste seo ach go háirid fiosrúcháin iomlán a dhéanamh ar na ceisteanna atá ardaithe aige agus cén treo a bhfuilimid ag dul, ó thaobh cearta teanga do lucht na Gaeilge de. Léiríonn sé seo teip iomlán ar pholasaí Gaeilge an Rialtais agus géarchéim don teanga. Ní féidir ligint dó sin dul ar aghaidh.

Guím gach rath ar an gCoimisinéir. Tá an-aiféal orm, ar bhonn phearsanta agus ar bhonn proifisiúnta, go bhfuil sé ag éirí as, ach guím gach uile rath air. Tá mé cinnte go n-éireoidh go geal leis, mar gheall ar na tréithe, na scileanna agus an cumas atá aige. Ach arís, is lá dubh dorcha é seo do shaol agus do phobal na Gaeilge. Caithfimid aghaidh a thabhairt anois ar na buncheisteanna crua atá curtha aige orainn inniu.

4:30 pm

Mr. Seán Ó Cuirreáin:

Ar dtús báire, go raibh míle maith ag an tSeanadóir as a chineáltas agus as na focla cineálta sin uaidh. Tá mé thar a bheith buíoch dó. Thar aon ní eile tá mé buíoch dó gur dhúirt sé go mbeidh an coiste seo sásta dul i ngleic le cuid des na ceisteanna atá dúisithe inniu. Tá sin thar a bheith tábhachtach.

Chuir sé ceist an bhfuil cearta teanga ar fáil. Tá, ach tá siad an-teoranta. Ní féidir le cearta teanga a bheith ar fáil ó Stát chóras na tíre muna bhfuil daoine ag obair ann a bhuil Gaeilge acu. Tá polasaí nua earcaíochta ó thaobh na Gaeilge á thabhairt chun cinn, rud nach n-oibreoidh. Tá mé lán chinnte de sin. Theip ar an bpolasaí a bhí ann roimhe seo. Teipfidh níos measa ar an bpolasaí nua. Ní éireoidh leis daoine le Gaeilge a cheapadh sa chóras poiblí. Cuireann sé foireann peile i gcuimhne dom. Muna bhfuil peileadóirí le dul amach ar an bpáirc ní féidir an cluiche a imirt. Mar a dúirt José Mourinho, agus é ag caint faoi peileadóirí, "No eggs, no omelette". Tá se mar a chéile i saol na teanga. Muna bhfuil státseirbhísigh le Gaeilge, ní féidir na seirbhísí a chur ar fáil.

Tá earcadh fóirne le Gaeilge ina bhunchloch. Tá seirbhísí a chur ar fáil tré mheán na Gaeilge do phobal na Gaeltachta ina bhunchloch eile. Tá an dá rud sin lárnach má tá seans ar bith le bheith ag an teanga maireachtáil. Muna ndéanfar é sin ní féidir a bheith ag súil go mairfidh an teanga mar theanga beo phobail sa Ghaeltacht nó stadas a bheith aici mar theanga ar fud na tíre. Tá an dá rud ag braith ar a chéile agus tá an dá rud sin á chur i mbaol.

Chuir an Seanadóir ceist faoi flaitheas teanga. Tá sin thar a beith tábhachtach. Is iontach an rud é go bhfuil flaitheas eacnamaíochta le fáil ar ais ag an tír ach má táimid ag cailleadh ár bhflaitheas chultúrtha agus ár bhflaitheas teanga feictear dom gur rud an-dona é sin. I láthair na huaire braithim go bhfuilimid an-ghar do dhul i dtreo Béarla éigeantach le seirbhísí a fháil ón Stát. Beidh compulsory English ag teacht isteach in áit Gaeilge éigeantach, mar a bhí tráth den saol. Sílim, cé nach maith liom é seo a rá, go mbéadh sé níos onóraí agus níos misniúla ag an Stát a rá go bhfuil Béarla éigeantach. Bhéadh sé sin níos misniúla mar ghníomh mar bhéadh an fhírinne i gceist ansin gan an cur i gcéill go bhfuil seirbhísí Gaeilge ann. I láthair na huaire níl seirbhísí ar fáil ar ard chaighdeán do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta agus go dtí go mbeidh na seirbhísí sin ar fáil ní bhainfear úsáid astu. Mar sin, tá fáinne fí a chruthú go leanúnach.

Agus mé ag éirí as an phost seo, theastaigh uaim teachtaireacht soiléir a thabhairt go bhfuilimid ag tréimhse an-lag ina bhfuil ceisteanna cinniúnacha romhainn, mar náisiún. Tá súil agam, le cabhair an chomhchoiste seo, go m'fhéidir go dtabharfar aghaidh ar chuid na ceisteanna seo.

Go raibh maith ag an Seanadóir arís as a chineáltas

Photo of Charles FlanaganCharles Flanagan (Laois-Offaly, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I acknowledge the work the Coimisinéir has done over a number of years. I regret that he should resign now, on what he describes as matters of policy. It is regrettable.

Notwithstanding everything that is said, I see a massive bureaucratic nightmare here under our current regulations. All public documents must be translated in every part of the country and on every occasion, when everyone knows they will not be read. There are areas where there just is a waste of money. I do not say that lightly. I would prefer translation on request, as a better option.

It is 40 years since compulsory Irish for the Civil Service was abolished. I am not sure about the workings of the replacement. I would like to ask the Coimisinéir, what is the object of the exercise at this stage, 40 years later. He speaks of developing State services through Irish. What is the ultimate development? What is the goal? We should look at Wales and Scotland, and perhaps at Wales in particular where there has been more targeting, which may be more beneficial.

Speaking of targeting, I was not aware of what the Coimisinéir describes as compulsory anglicisation of parts of the Gaeltacht. I find that surprising and regrettable. Having said that, I would like to see more practical engagement. We should have annual scholarships for young people, or indeed older people, in areas like my own constituency to go to the Gaeltacht where we would engage in the practical aspects of spoken Irish as well as the language and culture and everything that goes with it. We now have language officers in every county. I am not sure of the benefit to the people of County Laois of having an Irish language officer in Laois County Council. We saw the same thing in the HSE and in the translation of documents and signs, not only in Gaeltacht areas but throughout the country. This is particularly the case in a time of recession.

It would be unfair to say that the Irish language has been unduly or unfairly treated in our current economic difficulties. The Coimisinéir speaks of lack of staff and resources and budget cuts. That is all true but it is not something that has impacted on An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta more than other Departments. It would be unsustainable for any Department to opt out of all budgetary adjustments. It would be unfair to cite budget cuts over and above general cuts made in all Departments in the past number of years.

I wish the Coimisinéir well and acknowledge the work he has done over a number of years which, in spite of what he says, is significant. I wish him well.

4:40 pm

Mr. Seán Ó Cuirreáin:

A Chathaoirligh, an dteastaíonn uait go bhfreagróinn i nGaeilge agus ansin i mBéarla?

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Le do thoil.

Mr. Seán Ó Cuirreáin:

Tabharfaidh mé freagra i nGaeilge agus athchoimre i mBéarla.

I dtús báire, tá sé thar a bheith tábhachtach go ndéarfainn leis an Teachta nach bhfuil aon riachtanas ann gach caipéis Stáit a chur ar fáil tri Ghaeilge. There is a myth that all public documents must be produced in Irish. A small number of core documents are required to be published simultaneously in Irish and English. I did not decide this. The Houses of the Oireachtas decided it in the Official Languages Act. My job is to ensure that is complied with.

Déanann an Teachta tagairt do chóras níos fearr a chur ar bun. Aontaím leis go bhféadfaí leasú a dhéanamh ar an Acht agus rudaí a dhéanamh níos fearr. Rinne mise sraith moltaí thart ar dhá bhliain ó shin agus dúirt mé gur cheart féachaint céard iad na háiteacha a bhfuil seirbhísí á gcur ar fáil agus go n-oibreofaí amach ord tosaíochta dóibh. Arís, táimid ag fanacht dhá bhliain leis an toradh air sin. Deputy Flanagan talks about a targeted translation of material or provision of services. More than two years ago, I published a paper suggesting that we needed to prioritise the services we provide in Irish. The paper was presented as part of the review of the Act, but it is hanging somewhere and I know not where. Ba chóir go mbéadh tosaíocht tugtha do sheirbhísí áirithe.

Cuireann an Teachta ceist céard é an rud is mó a bhéadh ag teastáil in ndeireadh an lae. The Deputy asked what is the ultimate development. Sílim gur cheart go mbéadh deis ag an teanga stairiúil seo maireachtáil sa tír seo. Le sin a dhéanamh, níl aon chiall dúinn a bheith ag múineadh Gaeilge i gcóras oideachais na tíre munar féidir le daoine ina dhiaidh sin an teanga sin a úsáid go furasta agus iad ag plé leis an Stát. The ultimate development is that the State provides services in Irish for those who choose to use that language, be they in the Gaeltacht or outside it. If we teach Irish as a required subject in schools up to leaving certificate it is hypocritical, in the least, to tell people they must study Irish and then refuse them the right to deal with the State in that language. We are teaching them a language but not facilitating them to use that language with ease afterwards. I see a huge disconnect in those two things.

Luann sé ciorraithe airgid agus buiséid. Tá ciorraithe buiséid i ngach cuid den chóras. Bhí ciorraithe buiséid de 45% in oifig s'againne. Is oifig an-bheag í, níl ach 4.4 fóirne ag obair innti, agus glacaimid le ciorraithe áirithe. Ach tá teorainn leis an méid oibre a dhéanann tú le foireann beag. Yes, all Government Departments and agencies have had staff cuts and budget cuts. We have had a cut of 45% over the last five years, which is significant. We are reduced to 4.4 civil servants. That is the sum total of the staff of the office. It is a very small office and what one can do with a staff of that size is very limited. I am not asking for any special privilege or favour. Cé gur daoine maithe agus díograiseacha iad tá teorainn leis an méid gur féidir leat a bhaint amach.

Go raibh maith ag an Teachta Flanagan freisin as na focla cineálta a dúirt sé.

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá sé do-chreidte nach raibh an córas aistriúcháin comhuaineach ag oibriú inniu. Is léir go bhfuil fadhbanna ag seirbhísí Gaeilge, ní hamháin taobh amuigh den Oireachtas ach taobh istigh chomh maith. Rinne an t-Uasal Ó Cuirreáin jab iontach le linn an ama a raibh sá ina Choimisinéir. Gach uair a bhí mé ag teagmháil lena oifig fuaireas seirbhís iontach. Go raibh míle maith aige as an obair atá déanta aige.

Droch lá é seo don Ghaeilge agus do mhuintir na Gaeltachta. Is rud an-mhór é seo. Tá sé do-chreidte go raibh an Coimisinéir ag strachailt le linn an ama in aghaidh na Státseirbhíse agus nach raibh an Státseirbhís sásta cabhrú leis ar chor ar bith. Tá a fhios agam gur chabhraigh an chuid is mó de státseirbhísigh leis ach nach raibh an tseirbhís sásta seirbhísí a chur ar fáil, go háirithe na scéimeanna teanga a chur i bhfeidhm. Níl muinín ar bith agamsa sa treo ina bhfuil an Státseirbhís ag dul. Níl meas ar bith ag a lán daoine sa Státseirbhís ar an Ghaeilge agus tá saghas frith-Ghaelachas ann freisin. Is rud uafásach tábhachtach é sin, go háirithe maidir leis na daoine atá ag stiúriú an bháid. Tá an t-Aire Stáit i gceannas anois ar feadh dha bhliain go leith. Tá a fhios agam nach bhfuil an Coimisinéir chun chaint ar an ábhar seo, ach i rith an dá bhliain sin níl feabhas tagtha ar an fhadhb. I mo thuairimse tá sí ag éirí níos measa.

Nuair a théann tú i dteagmháil leis an Státseirbhís, go háirithe ar líne gutháin, is annamh fhaightear duine le Gaeilge chun déileáil leat. Má bhíonn meaisín freagrach ag obair deirtear leat go dtiocfaidh duine éigin chun freastal ort, ach is annamh a thagann éinne. Má thagann duine ar ais chugat is minic nach mbíonn taithí aige ar an ábhar nó na scileanna aige chun déileáil leis an gceist. Tar éis tamaill, éiríonn daoine braon den seirbhís agus filleann siad ar ais ar an seirbhís Béarla.

Maidir lena ndúirt an Teachta Flanagan, tá 7,000 duine i gContae na Mí a labhrann Gaeilge go laethúil, taobh amuigh den chóras oideachais. Tá sé tábhachtach go mbéadh seirbhísí trí Ghaeilge le fáil sa Ghaeltacht ach níl contae ar bith imeasc na 32 chontae nach bhfuil daoine ag feidhmiú agus ag maireachtáil trí Ghaeilge ann.

An rud is mó a chuireann isteach orm nach bhfuil costas ar bith ag baint le hearcaíocht daoine le Gaeilge. Níl pingin breise de dhíth ar an Stát chóras chun na seirbhísí seo a chur ar fáil. Cá bhfuil an bac? An bhfuil baint aige le meoin na státseirbhíseach nó le meoin an Rialtais? Caithfear dul i ngleic leis an bhfadhb sin. Muna bhfuil costas ar bith ag baint leis níl a fhios agam cén fáth nach bhfuiltear sásta déileáil leis an bhfadhb sin.

Go raibh míle buíochas ag an gCoimisinéir as an méid oibre atá déanta aige. Tá faitíos orm anois go mb'fhéidir nach mbeidh duine dá bprionsabal chun teacht isteach sa ról ins na todhchaí.

Caithfimidne, mar choiste, díriú isteach ar an bhfadhb sin. Go n-éirí leis an gCoimisinéir sna todhchaí.

4:50 pm

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ba mhaith liom fáilte a ghabháil leis an gCoimisinéir. Tá brón orm go bhfuil sé ag seasamh siar ón gceapachán mar Choimisinéir i mí Feabhra seo chugainn.

Tá dea-scéal sa tuairisc gur léir ón daonáireamh go bhfuil méadú 7% ar líon na ndaoine a deir go bhfuil Gaeilge acu. Maidir leis na rudaí eile adúirt an Coimisinéir, níl siad ro-mhaith. Aontaím leis an tSeanadóir Ó Clochartaigh go gcaithfidh an coiste dul i ngleic leis an gceist seo.

Ba mhaith liom cupla ceist ghairid a chur ar an gCoimisinéir. Ar dtús, cén sort oibre a dhein sé le hOifig an Ombudsman, rud a bhí ordaithe ag an Rialtas? Agus, maidir le comhairlí contaetha i nGaillimh, i gCill Dara agus i nDún na nGall, an gearradh airgid nó laghdú fóirne a bhí i gceist?

Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis an gCoimisinéir as an méid a rinne sé. Aontaím gur cheart cuireadh a thabhairt don Aire Stáit teacht chun an chomhchoiste chun na ceisteanna seo a fhreagairt.

Mr. Seán Ó Curreáin:

Go raibh míle maith ag an Teachta Kitt as na ceisteanna sin. Luaigh sé Oifig an Ombudsman agus an chaint ar chónascadh. Fógraíodh é seo mar chinneadh Rialtais dhá bhliain ó shin. Is dóigh liom gur dearnadh roinnt leasaithe ar an mbunsmaoineamh ó shin. D'iarr mise go bhfeicfimid an small print, mar a deirtear, agus céard go díreach a bhí i gceist. Níl sé sin ar eolas agam go dtí seo. Níl aon eolas cinnte agam faoi céard go díreach a bhéadh i gceist leis an gcónascadh nó cén bealach a d'oibreodh sé. Tá eolas áirithe teoranta agam ach go dtí go bhfeictear céard é a bhéadh ann, cén chaoi a n-oibreodh sé agus cén bealach go mbéadh buntáiste ag baint leis tá sé an-deacair agamsa aon bhreithiúnas a dhéanamh faoin tionchar a bheith aige. Dáiríre, go dtí go bhfeicfimid an fhoclaíocht atá beartaithe leis an t-Acht a leasú chun sin a bhaint amach ní féidir liomsa briethiúnas a thabhairt ar céard a tharlóidh ansin.

Luaigh an Teachta comhairlí contaetha a raibh deacracht againn leo anuraidh. Bhain sé sin le heolas, nó faisnéis, a bheith scaipthe i mBéarla amháin. Bhain sé le coir poist, no mail shots, a bhí á gcur amach. Ní dóigh liom go mbéádh costas suntasach breise le hiad a bheith i ndá theanga. Má aistrítear an téacs uair amháin go Gaeilge is féidir iad a chur amach leis an leagan Gaeilge ar thaobh amháin agus an leagan Béarla ar an dtaobh eile. I gcásanna áirithe níor smaoiníodh air agus i gcásanna eile níor bacadh len é a dhéanamh. Ní teisteanna do-sháraithe iad sin, dáiríre.

Maidir leis an Aire Stáit agus cuireadh a thabhairt dó teacht chun an choiste, is gnó don choiste é sin agus ní domsa.

Maidir leis na ceisteanna a chuir an Teachta Tóibín faoi scéimeanna teanga. Tá rí-thábhact le scéimeanna teanga má tá an t-Acht le hoibriú ach tá an córas comh lochtach i láthair na huaire nach gcreidim i mo chroí istigh gur féidir caoi a chur air agus nach féidir go n-oibreodh sé. Tá trí cheathrú des na scéimeanna a bhí daingnithe imithe in éag. Tá gealltanais fós le comhlíonadh fúthu ach, dáiríre, níor dearnadh aon athnuachan orthu. Tá cuid acu sin in éag le trí, ceithre agus cúig bliana gan athnuachan. Tá scéimeanna ann gur iarr an t-Aire Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta ar eagraíochtaí Stáit scéimeanna teanga nua a cheapadh. Mar shampla, tá Feidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte, an HSE go náisiúnta, thar a bheith tábhachtach. Tá sé gar do seacht mbliana ó shin ó iarradh orthu scéim a chur i gcrích. Dúirt mé cheana, i bhfóram éigin eile, gur dearnadh Comhaontú Aoine an Chéasta níos scioptha ná sin. Ní thógann sé seacht mbliana teacht ar chomhréiteach faoi scéim teanga. Tá moill agus fadhb éigin sa chóras ansin. Tá acmhainn breise curtha ag obair air seo ag an Roinn Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta ach fós féin, i mbliana aontaíodh 13 scéim ach rachaidh 20 scéim in éag sa tréimhse céanna. Tá tuilleadh scéimeanna ag carnadh i rith an ama atá ag dul as feidhm. Tá fadhb ann. Tá an córas chomh lochtach anois go bhfuil an-amhras orm ar féidir é a leasú. Ní shílim go bhfuil muinín ag daoine níos mó ann.

Maidir le cúrsaí earcaíochta, chuir an Teachta Tóibín an cheist cén fáth nach mbítear sásta daoine le Gaeilge agus Béarla a earcadh. Ní bhéadh aon chostas breise, go háirid le daoine a thabhairt isteach as an nua sa Státseirbhís ag grád oifigeach cléireachais nó oifigeach feidhmiúcháin dá ndéarfaí sa bhfógra earcaíochta go bhfuiltear ag iarraidh daoine le scil Gaeilge agus daoine le scil Béarla. Ní bhéadh cent breise le híoc ag an Stát agus bhéadh buntáiste an-mhór. Go deimhin, bhéadh sé níos saoire. I láthair na huaire, má scríobhann tú ag Roinn Rialtais i nGaeilge go minic is gá an litir a chur amach go dtí aistritheoir gairmiúil taobh amuigh, í a aistriú go Béarla, freagra a chumadh i mBéarla, an freagra a chur amach le bheith aistrithe go Gaeilge agus an freagra sin a chur ar aghaidh. Dá mbéadh daoine le Gaeilge fostaithe sa Roinn ní theastódh sé sin a dhéanamh ar chor ar bith. Cén chúis nach ndéantar é? Feictear dom gurb shin é an third secret of Fatima sa státchóras. Níl an freagra agam.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Baineadh preab asam tráthnóna nuair a chuala mé faoi chinneadh Sheáin Uí Chuirreáin éirí as a bheith mar Choimisinéir Teanga mí Feabhra seo chugainn. Tá sé deich mbliana ó ceapadh é. Mise an duine a mhol don Rialtas go gceapfaí é ag an Uachtarán. Rinneadh é sin d'aon turas le go mbéadh stádas ard ag an oifig seo sa Stát. Rinne sé éacht. Ní hamháin sin ach níor chuala mé éinne a raibh a chroí sa nGaeilge ag déanamh casaoid ariamh faoina chuid oibre, a dhúthracht nó a chur chuige. Ní beag an méid é sin, mar ní dream iad lucht na Gaeilge i gcónaí a bhíonn ar aon intinn.

Bhí túir dóchais ann. Bhí an-obair ar bun ar son na Gaeilge agus torthaí á bhaint amach. Sa ndaonáireamh deireannach ní hamháin go raibh líon na ndaoine a dúirt go raibh Gaeilge

acu méadaithe, agus b'fhéidir go mbéadh amhras ar dhaoine faoi sin ó thráth go chéile, ach bhí líon na ndaoine a dúirt go labhraíonn siad Gaeilge go laethúil, taobh amuigh den chóras oideachais, imithe i méid. Agus bhí méadú beag i gcomhthéacs Gaeltachta. Ag deireadh an lae, is mar theanga laethúil labhartha a mhairfeas an Ghaeilge. Tá sé tábhachtach go mbéadh Gaeilge ag an oiread sin daoine agus is féidir ach ní mhairfidh teanga gan lucht labhartha laethúil.

Goilleann sé orm, i rudaí beaga agus i rudaí móra, go bhfuil dul i gcúl laethúil á dhéanamh i dtaobh na Gaeilge. Is minic a thugann na rudaí beaga nach bhfuil aon airgid ag baint leo léargas níos fearr ar dhearcadh ná mar a thugann na rudaí móra. Tá, mar shampla, an cinneadh an rinne, tar éis an méid achainí a rinne Conradh na Gaeilge le mo leithéid agus le daoine sa Teach seo gur Uisce Éireanna a bhéadh ar Irish Water. Tá an cinneadh a rinneadh, don chéad uair ó bunaíodh an Stát, go mbéadh ainmneacha Béarla ar bháid an Chabhlaigh. Go traidisiúnta, ainmneacha Gaeilge a bhí orthu mar Aoife, Emer agus Eithne, a bhain le miotaseolaíocht na Gaeilge, a thaispeáin gur náisiún Gaelach a bhí ionainn agus a thaispeáin, ar bhealach an-deas, gach áit a ndeachaigh na báid ar fud an domhain gurb í an Ghaeilge chéad teanga oifigiúil an Stáit. Bhí an cinneadh ann deireadh a chur le Coimisiún na Logainmneacha a bhí a feidhmiú ó bunaíodh é ins na ceathrachadaí. Níor bunaíodh brainse na logainmneacha go dtí na caogadaí.

Ach ba é an cinneadh ba mhó a thaispeáin treo na gaoithe ná an cinneadh cónascadh a dhéanamh, nach cónascadh a bhí ann i ndáiríre ach oifig an Choimisinéara Teanga a chur isteach in Oifig an Ombudsman. Nuair a bhí Seán Ó Cuirreáin mar Choimisinéir thóg sé cás in aghaidh an Ombudsman. Cén chaoi a d'fhéadfaí sin a dhéanamh dá mbéadh an Coimisinéir Teanga ag obair in Oifig an Ombudsman?

Is dóigh liom gur thaispeáin sé sin go raibh forlámhas faighte ag an dream atá sa Rialtas buan sa tír seo ar an bpolasaí agus go raibh éirithe leo go coinsiasach. Ní raibh aon chúis eile leis. Go coinsiasach, séard a bhí i gceist le seo ó thús - agus is sean mholadh ag dul thart sa gcóras é seo - ná go mbainfí na fiacla as Oifig an Choimisinéara agus gur coimisinéir mantach a bheadh ann, gan fiacal ar bith.

Tá imní orm tráthnóna go bhfeicfidh an Rialtas in éirí as oifig an choimisinéara, deis neart leasuithe teanga a thabhairt isteach, agus iad ag cur locht ar an choimisinéir. Feicfidh siad anois deis an deas néata deireadh a chur le Oifig an Choimisinéara Teanga mar oifig neamhspleách. Tá sé suas anois d'fhoireann na Gaeilge agus do phobal na Gaeltachta, is cuma cén dearcadh polaitíochta atá acu, a dhéanamh cinnte nach dtarlóidh sé sin. Tá sé in am acu dúiseacht don mhéid atá ag tarlú.

Luaigh an coimisinéir lochtaí ar an Acht Teanga. Bheinn ar an chéad duine a deirfeadh go bhfuil gá le Acht teanga. Siar sna díospóireachtaí nuair a tugadh isteach an tAcht Teanga, dúirt mé ag an am gur chreid mé go raibh sé thar a bheith tábhachtach go mbeadh Acht teanga ann, ach go bhfaca mé é ar nós an bréagán Lego a bheadh ag gasúr, mar bhunchloch a bhféadfaí tógáil air. Níor chreid mé riamh go réiteodh sé gach fadhb a bhí ann ó thaobh na Gaeilge de, ach chreid mé san ailtireacht a bhí muid ag iarraidh a chur in áit. Chreid mé dá mbeadh Acht ann - caithfear rud éigin a bheith againn le cur i bhfeidhm - agus dá mbeadh "enforcer" ann, duine leis an Acht a chur i bhfeidhm a bheadh neamhspleách ar chuile duine sa státchóras, go bhféadfaí go leor a bhaint amach. Chreid mé dá mbeadh an tAcht ann, go mbeadh sé níos éasca é a leasú agus a dhéanamh níos foirfe de réir a chéile, go céimniúil, ach é a bheith ann, ná gan Acht ar bith.

Mar is eol dúinn, ní raibh an tAcht achtaithe nuair a thosaigh scéal na háibhéile, go raibh sé ag cosaint na milliún ar an Stát aistriúcháin a dhéanamh. Is dóigh liomsa gur shábháil an tAcht na milliún ar an Stát seo. Shábháil sé an t-uafás airgid, mar an costas is mó a bhaineann le cáipéis ar bith a réiteach ná an bun scríobh agus na leaganacha agus na dréachtaí ag dul ó dhuine go duine taobh istigh den chóras, rud nach n-áirítear go brách. Nuair a tháinig an tAcht, giorraíodh go mór cuid mhaith den scríobh a bhí ar bun sa státchóras. Tá a fhios againn, ó bheith ag breathnú ar an mhéid focal a bhí i chuile rud, nach raibh sa gcostas aistriúcháin ach céatadán an-bheag de chostas réiteach agus cur I láthair. Is dóigh liom, ó dhul thart ar fud na tíre, go bhfuil an Teach tar éis tionchar áirithe a imirt atá dearfach, mar shampla, ó thaobh comharthaíochta de. Níl le déanamh ach dul go T2 in aerfort Bhaile Átha Cliath anois go bhfeicfear gan dua dea-chleachtas agus feachtas gur féidir a chur i bhfeidhm. De réir a chéile, ó tharla go bhfuil siad dubh agus bán, is féidir iad sin a chur I bhfeidhm.

Ba mhaith liom labhairt ar an cheist is mó gur gá déileáil leis – seirbhísí trí Ghaeilge a bheith ar fáil, ní hamháin do phobal na Gaeltachta ach do phobal na Gaeilge. An t-aon dream go bhfuil aon seirbhís foirfe ar chor ar bith acu ná na Coimisinéirí Ioncaim. Is buntáiste déileáil leo siúd i nGaeilge. Faoi dhó, tharla sé dúinn nuair a ghlaoigh muid orthu go raibh muid ag plé le duine nár bhain an t-ábhar leis, ach in ionad a rá nár bhain an t-ábhar leis, fuair sé an t-eolas ar fad agus bhí freagra againn laistigh de chúpla uair a chloig. Bheadh fonn ar dhuine, mar sin, an tseirbhís a lorg trí Ghaeilge, mar ba bhuntáiste dó é. Ach i gcoitinne, tharraing an tseirbhís poiblí a gcos ina ndiaidh i dtaobh na ceiste seo.

An fáth gur cuireadh isteach sna pleananna é, ná go bhfuil sé deacair, leis an easpa chumais Gaeilge atá sa seirbhís phoiblí, riail ghinearálta a dhéanamh. Ach ní raibh i gceist ariamh go gcaithfeadh na pleananna sin a bheith ag tógáil bliain i ndiaidh bliana, go mórmhór do lucht na Gaeltachta. Seo an áit a thagann trasna ar an líne tanaí idir dlí agus feidhmiú. Tá codanna den Acht - níl aon amhras faoi seo - atá ag brath go hiomlán ar dea-thoil an Rialtais. Nuair atáim ag caint ar an Rialtas, táim ag caint ar an gcúigear déag atá timpeall ar bhord an Rialtais. Brathann sé go mór ar an Taoiseach. An fáth atá agam le sin ná seo, san ailtireacht a chur muid le chéile, bhí an tuiscint ann dá mba rud é go raibh Roinn faillíoch i dtaobh a chuid cúraimí, mar shampla, plean nua a aontú, go raibh dhá chosaint in aghaidh é sin a tharlú ag an gcóras.

An chéad chosaint ná go ndéanfadh an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta gearán ag bord an Rialtais leis an Taoiseach agus go n-ordódh an Taoiseach don Aire a bhí freagrach as tarraingt na gcos déileáil leis an gceist. Ar ndóigh, an fhadhb atá ann go praiticiúl ná nach bhfuil aon Aire Gaeilge nó Gaeltachta ag bord an Rialtais níos mó. An dara chosaint a bhí i gceist, agus níor ceapadh riamh go mbeadh Rialtas ann leis an móramh atá ag an Rialtas i láthair na huaire, ná dá dteipfeadh ar rogha a haon, go bhféadfadh an tOireachtas seo tionchar a imirt ar an Rialtas le nach mbeadh aon éalú ag an Rialtas ach gníomhú. Dúradh linn anseo tráthnóna nach mar sin atá sé ag tarlú agus go bhfuil teipthe ar an bpróiseas sin. Tá gá dá bharr seo breathnú ar an reachtaíocht as an nua agus a dhéanamh cinnte go bhfuil na bealaí éalaithe ar fad atá aimsithe ag an gcóras dúnta ar fad.

Is droch rud ceart é seo do phobal na Gaeilge. Tá obair na mblianta curtha ar gcúl. Tá rudaí a raibh tacaíocht láidir tras-pháirtí ó dhaoine a bhfuil dea-thoil acu don Ghaeilge curtha ar neamhní. Rud eile a fuair mise amach nuair a bhí mé mar Aire, taobh istigh agus taobh amuigh den chóras agus na meáin, ná go bhfuil daoine ann, cuid acu a deir gur maith leo an Ghaeilge, atá glan in aghaidh aon chearta a bheith ag saoránaigh óga ná sean gur í an Ghaeilge a rogha teanga. Faigheann siad leithscéal i gcónaí le rá nár ceart rud ar bith a dhéanamh, rudaí a dhéanfaí i dtír eile ar bith ar domhan ina bheadh an Ghaeilge mar an chéad teanga oifigiúil. Táthar glan in aghaidh go ndéanfaí na rudaí sin.

Tá naimhde don Ghaeilge ann agus táthar fairsing agus cumhachtach. Muna dtuigfidh pobal na Gaeilge é sin, beidh thiar orainn sa deireadh. Is oth liom a rá, faoi láthair tá forlámhas acu siúd ar an gcóras iomlán, an córas Rialtais agus an córas buan sa seirbhís phoiblí. Tá go leor le déanamh againne mar ionadaithe tofa an phobail le troid ar ais ina n-aghaidh. Gabhaim míle buíochas le Seán Ó Cuirreáin as gach rud a rinne sé. B'fhéidir as seo go mí Feabhra, go dtuigfidh an Rialtas gur glaoch dúiseacht é seo agus go gníomhóidh sé ar bhealach go mbeidh an coimisinéir in ann a intinn a athrú ar an cheist seo.

5:10 pm

Mr. Seán Ó Cuirreáin:

Gabhaim buíochas leis an Teachta agus táim thar a bheith buíoch dó as an méid a dúirt sé. Is beag atá le cur agam leis an méid a dúirt sé. Aontaím go ndearnadh dul chun cinn agus go raibh an tAcht an-dearfa i gnéithe áirithe den saol, ach go háirithe, mar shampla, i dtaca le húsáid na Gaeilge i gcúrsaí comharthaíochta, páipéarachais na n-eagaíochtaí Stáit, foilsiúcháin agus a leithéid. Tá áiteanna go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta. Ach is é croílár na faidhbe i ndeireadh an lae ná nach féidir leis an gnáth saoránach in aon áit sa tír, sa Ghaeltach san áireamh, a bheith cinnte go bhfuil an Stát in ann déileáil leis trí Ghaeilge. Is cuma an bhfuair siad an Ghaeilge ó dhúchas óna muintir sa bhaile nó ar fhoghlaim siad ag an scoil í in áit éigin eile ar fud na tíre, murar féidir leo an teanga sin a úsáid go furasta agus iad ag déileáil leis an Stát, tá fadhb bhunúsach againn.

Táimid ag druidim níos gaire ná riamh don mheon seo ar a dtugtar "compulsory English", go gcaithfidh duine Béarla a bheith aige. Mar adúirt mé níos túisce, b'fhéidir go mbeadh sé níos onóraí ag an Stát é sin a rá le daoine agus éirí as an gcur i gcéill gur féidir le duine a chuid gnóthaí a dhéanamh trí Ghaeilge. Tá seo ag fáil níos deacra. Tá rudaí an-mhaith déanta de bharr Acht Teanga a bheith ag an tír seo, ach tá an t-uafás eile le déanamh. Tá súil agamsa, pé duine a thiocfas mar comharba orm, go mbeidh deis níos fearr aige go mbeidh leasuithe ciallmhara, stuama déanta ar an Acht agus go bhfaighfidh sé an tacaíocht a theastaíonn leis an obair seo a chur chun cinn. Mar adúirt mé níos túisce, má théann muid an treo go bhfuil muid ag fáil ár bhflaithiúneas eacnamaíochta ar ais, agus má chailleann muid ár bhflaithiúnas teanga agus cúltúrtha, táimid i ndroch spás amach agus amach.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Go raibh maith agat. An bhfuil aon cheist ag éinne eile?

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Bíonn mé féin agus an Teachta Ó Cuív ag speáráil le chéile, ach tacaím go hiomlán leis an méid adúirt sé. Tá an cheart ar fad aige. Tháinig dhá cheist chun cinn i mo chloigeann agus mé ag éisteacht leis an gcoimisinéir. Sa gcomhthéacs indirnáisiúnta, d'eagraigh sé comhthionól le déanaí lena chomhghleacaithe a bhíonn ag plé leis an obair seo ar fud an domhain. An bhfuiltear ag caitheamh chomh dona leo siúd agus atáthar ag caitheamh leis an gcoimisinéir féin, nó cá bhfuil muid sa léig ó thaobh thacaíocht Stáit de agus comhoibriú ó na Ranna Stáit go hidirnáisiúnta?

An dara ceist atá agam - ceist cineál éagsúil í seo ar bhealach - ná tá an coinbhinsiún bunreachtúil tar éis a bheith ag féachaint ar chúrsaí bunreachta. Níor ardaíodh ceist na Gaeilge ó thaobh an obair a bhí ar siúl ag an coinbhinsiún, ach táthar ag féachaint ar cheisteanna eile. Agus an coimisinéir ag déanamh a mhacnamh ar athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla, céard é a thuairim faoi sin ó thaobh an Bhunreachta de? Ar cóir dúinn a bheith ag cur moltaí ar aghaidh chuig an coinbhinsiún ar an mBunreacht maidir le láidriú a dhéanamh ó thaobh na cearta? Táimid ag plé anocht anseo an bhunchearta. Tagann na bunchearta ón dlí atá againn agus an dlí is airde atá againn ná an Bunreacht. An bhfuil aon tuairim ag an coimisinéir i leith sin nó i leith ceisteanna go mb'fhiú dúinne féachaint orthu agus faoi mholtaí a chur ar aghaidh chuig an coinbhinsiún bunreachtúil maidir le stádas na Gaeilge?

Mr. Seán Ó Cuirreáin:

Tosóidh mé leis an cheist áirithe sin. O thaobh an Bhunreachta de, deir Airteagal 8 gur í an Ghaeilge an phríomhtheanga oifigiúil, mar gur í an teanga náisiúnta í. Ní hé mar gur í an teanga is coitianta a labhartar, mar ní bheadh aon chiall le sin. Go stairiúil is í an teanga náisiúnta í agus sin an fáth go bhfuil sí mar phríomhtheanga oifigiúil. Ní dóigh liom gur féidir é sin a athrú go praiticiúil sa Bhunreacht mar is fíric de chuid na staire go bhfuil an stádas mar phríomhtheanga oifigiúil ag an Ghaeilge mar gurb í an teanga náisiúnta í anseo go stairiúil.

Cuireann Airteagal 8.3 srianta áirithe le sin. I láthair na huaire, ní chreidim go mbaineann na deacrachtaí atá againn le cúrsaí teanga le cearta bunreachtúla i ndáiríre. Baineann siad níos mó le feidhmiú reachtaíochta a eascraíonn as an mBunreacht. Tá an Bhunreacht mar phlean ginearálta ná mar léarscáil bóthair, ach ní ansin is measa atá an fhadhb againn. Is insan reachtaíocht a eascraíonn as sin atá an fhadhb. Níl aon fhadhb dáiríre leis an reachtaíocht, ach nach bhfuil sí dhá fheidhmiú. Níl daoine sásta dul i ngleic léi, fiú leis na rudaí simplí gur gá a dhéanamh, mar adúirt mé níos luaithe, déileáil le earcaíocht agus le seirbhísí Stáit trí Ghaeilge. Muna ndéantar é sin, ní bheifear in ann na seirbhísí sin a chur ar fáil.

Go hidirnáisiúnta is mise An Coimisinéir Teanga is faide i mbun seirbhíse, ar domhan mar a tharlaíonn sé. Tá 11 againn i láthair na huaire ar fad. Beidh mise sa phost, le cúnamh Dé, ar feadh deich mbliana i mí Feabhra seo chugainn. Tá comhthionól an-mhaith bunaithe againn anois agus bíonn cruinnuithe againn go rialta. Casann muid ar a chéile ar a laghad gach ráithe. Ní thagann éinne go hoifigí leis na cruinnithe sin a bheith againn. Eagraítear iad ar an Idirlíon le físeán nach gcosnaíonn aon rud. Tá sé spéisiúil gur féidir cúrsaí cearta teanga a bheith dhá phlé i measc daoine atá ag obair sa chineál seo oibre mar choimisinéirí teanga chomh fada ó thuaidh leis an gCiorcal Artach agus chomh fada ó dheas leis an Aifric Theas, in áiteanna ar nós Kosovo agus Sri Lanka. Tá sé spéisiúil gur féidir leo sin teacht le chéile agus labhairt faoi na rudaí seo le chéile agus a gcuid polasaithe agus deacrachtaí a phlé agus gur féidir leo cabhrú le chéile. Tá an comhoibriú idirnáisiúnta sin thar a bheith tábhachtach. Is rud é sin a tharla sa tír seo agus a d'eascair as an rud a tharla sa chathair seo, i mBaile Átha Cliath.

Maidir le an bhfuil na deacrachtaí céanna ag na coimisinéirí eile, tá a gcuid fadhbanna féin ag cuid acu. Tá sé an deacair, mar shampla, i dtíortha cosúil le Kosovo atá ag teacht amach tar éis coimhlinte an fhuilteach go deo. Tá 11 teanga san Aifric theas agus eascraíonn fadhbanna as sin. Mar sin, níl comparáid dlisteanach le déanamh, ach is maith ann an comhoibriú idirnáisiúnta agus is maith ann an chomhuainíocht sin idir daoine atá i mbun an chineál chéanna oibre. Sílim gur rud luachmhar é, gó háirithe nuair nach bhfuil aon chostas de chineál ar bith ag baint leis.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Má tá ceist ag an Teachta Ó Cuív, tig leis teacht isteach.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Caithfidh mé ráiteas a dhéanamh.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An fhadhb atá agam ná tá muid in ainm agus a bheith ag déileáil leis an tuairisc bliaintiúil, seachas an reachtaíocht. Más féidir leis an Teachta a bheith gairid, tabharfaidh mé leeway dó.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tuigim é sin, ach nuair a bhí an cruinniú seo le bheith ann tráthnóna, níor tuigeadh go bhfógródh ceann de rudaí is tromchúisí i dtaobh na Gaeilge tráthnóna. Caithfear am a chaitheamh ar sin.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Thug mé srian don Teachta.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Go raibh míle maith agat as ucht sin. Ceist amháin a bheadh agam ar an gcoimisinéir, agus nílim ag caint ar phearsanra anseo ar chur ar bith, ná an gceapann sé go ndearna sé difríocht ó thaobh feidhmiú an Achta agus a chuid oibre nuair a rinne an Rialtas seo cinneadh nach mbeadh Aire sinsearach ag bord an Rialtais le freagracht laethúil na Gaeilge air nó uirthi? Nuair a baineadh an cloch sin, ar lagaigh sé sin an slabhra a bhí ceaptha a bheith ann idir an coimisinéir agus feidhmiú an Achta ag bord an Rialtais?

Mr. Seán Ó Cuirreáin:

Mar fhreagra ar sin, tá mise thar a bheith cúramach nach bhfuil mé chun dul ar seachrán isteach sa réimse polaitiúil. Sheas mé riamh le neamhspleáchas na hoifige agus níl sé i gceist agam a bheith cáinteach go pearsanta ar aon Aire ná Aire Stáit ná aon rud den chineál sin. Ní dhearna mé sin agus níl sé i gceist agam é a dhéanamh. Ní bheadh sé ceart agam ag an tráth seo é sin a dhéanamh anois. Ach, feictear dom ar ndóigh go raibh buntáistí thar a bheith soiléir le Aire a bheith ag bord an Rialtais riamh. Má fhágtar réimse na reachtaíochta teanga fiú as an áireamh, tá suas le 30 bliain caite agam ag plé leis an iriseoireacht agus le post an Choimisinéara Teanga le chéile. Thuig mé riamh in imeacht na mblianta sin go raibh tábhacht agus buntáiste ar leith ag baint le Aire Rialtais a bheith freagrach as cúrsaí teanga.

Ach i ndáiríre, is ceist í sin nach mbaineann le mo réimse cumhachta ná le mo réimse smachta. Tá Aire Stáit ann go bhfuil na cumhachtaí a bhaineann le seo curtha ar lámh chuige sin. Ní raibh aon fhadhb phearsanta riamh agam le Aire Stáit na Gaeltachta, An Teachta Mac Fhionnlaoich, agus ní bheidh. Ach bíonn buntáistí suntasach ag baint le Aire sinsearach a bheith i mbun Roinn. Luíonn sé sin le ciall.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Aontaím leis an coimisinéir, mar bhí mé sa dá phost. BhI mar Aire Stáit Gaeltachta agus bhí mé mar Aire sinsear Gaeltachta. Níl comparáid ar bith idir an dá phost.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis an gcoimisinéir as an méid a dúirt sé, as bheith anseo agus as an obair a dhein sé le deich mbliana anuas. Dhein sé iarracht thar an deich mbliana sin díriú isteach ar na fadhbanna agus na buanna. Is trua nach bhfuair muid an deis déileáil leis an tuairisc bliaintiúil. Tá an coiste seo gafa le sin agus caithfidh muid déileáil leis. Tá an coimisinéir tar éis é a chur faoinár bhráid. Mar a dhein muid roimhe seo, leanfaimid leis an obair sin agus rachfaimid i dteagmháil leo siúd atá ar strae nó atá ag cloí lena rialacha nó atá ag cliseadh ar na rialacha. Luaigh an coimisinéir trí dreamanna áirithe, Iarnród Éireann, Comhairle Contae na hIarmhí agus Oifig na nOibreacha Poiblí.

Geallaim don coimisinéir agus é ag imeacht as oifig go leanfaidh muid leis an obair atá sé tar éis a chur romhainn. Bhí an méid a bhí le rá ag an coimisinéir inniu an spéisiúil agus luaigh sé rudaí nár chuala mé cheana. Ní cuimhin liom cén bainisteoir peile a dúirt: "No eggs, no omelette" -----

Mr. Seán Ó Cuirreáin:

José Mourinho.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Sea. Measaim go bhfuil an ceart ag an gcoimisinéir.

Ceann de na fadhbanna domsa, agus b'fhéidir do ghach Gaeilgeoir eile nó d'aon duine atá tugtha don Ghaeilge ná go minic nach dtuigeann daoine nach Gaeilgeoirí íad nó nach daoine iad a bhfuil teanga difriúil acu ón ghnáth teanga poiblí, conas mar a bhíonn orainn a bheith ag strachailt nó conas go mothaíonn muid mar mhasla é nach féidir linn an córas Stáit a chur ag obair dúinn sa teanga inar tógadh muid. Leanfaidh muidne ar aghaidh ag obair ar sin.

Gabhaim leithscéil as an mhoill a bhí ann ag tús an chruinnithe seo de bharr nach raibh muid in ann an córas aistriúcháin comhuaineach a chur ar fáil. Is léiriú é sin ann féin ar an stádas atá leis an nGaeilge agus ar an riocht ina bhfuil an Ghaeilge, ní hamháin sa seomra seo ach sa Stát go ginearálta. Dá mbeadh tús áite ag an Ghaeilge, ní bheadh sin ag tarlú. Ní caitheamh anuas nó smál é sin ar aon duine den bhfoireann atá anseo. Sin mar atá sé.

Mo bhuíochas arís. Ba mhaith liom anois an cruinniú a chur ar athló.

5:20 pm

Mr. Seán Ó Cuirreáin:

Go raibh maith agat.

The joint committee went into private session at 6.22 p.m. and adjourned at 6.25 p.m. until 4 p.m. on Wednesday, 11 December 2013.