Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 4 December 2013

Joint Oireachtas Committee on Public Service Oversight and Petitions

Annual Report 2012: Discussion with An Coimisinéir Teanga

4:25 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source

Ar dtús, ba mhaith liom fáilte a chur roimh an gCoimisinéir agus roimh a fhoireann. Táimid tar éis nós a dhéanamh cuireadh a thabhairt dó tíocht anseo le tuarascáil bhliantúil s'aige a phlé linn. Is fíor a rá nach raibh súil ar bith againn leis an scéal a fuair muid inniu agus, cé go ndeirtear go bhfuil sé deacair an chaint a bhaint dínn, go bhfuil an chaint bainte dínn. Lá an-chinniúnach é seo ó thaobh chúrsaí Gaeilge sa tír seo agus is lá é a mbeidh trácht air, mar go bhfuil cinneadh tógtha aige inniu atá, dar liomsa, iontach cróga agus prionsabálta, rud nach feictear ró-mhinic ó aon duine in aon ard oifig de chineál ar bith sa tír seo. Dar liomsa, ón léamh atáimid ag déanamh ar an méid atá sé a rá, go bhfuil sé ag déanamh ráitis an-láidir tríd an chinneadh sin a thógáil, seasamh siar ón oifig ar mhódh prionsabail mar gheall ar na deacrachtaí a fuair sé.

Sílim gur choir dom a rá go bhfuil árd mheas againn, le deich mbliain anuas, ar an Uasal Ó Cuirreáin mar Choimisinéir Teanga agus sílim go bhfuil mé ag labhairt ar son phobal na Gaeilge chomh maith céanna nuair a deirim go bhfuil ard mheas acu air ins an obair agus ins an dul chun cinn atá déanta aige. Ní hamháin go raibh sé san oifig ach is é a bhunaigh an oifig, a tharraing na hacmhainní le chéile, a thug foireann chumasach leis agus a d’oibrigh amach modh oibre na hoifige.

Bhraith muid ar fad, ó thaobh saol na Gaeilge de, go raibh cearta teanga á mbaint amach ag deireadh thiar. Is í an bhun cheist atá romhainn inniu an bhfuil cearta teanga againn sa tír nó nach bhfuil. Má tá cearta againn de réir an dlí, cén dualgas atá ar an Stát seasamh leis na cearta sin? Tá amhras orm, leis an gcinneadh atá sé ag tógáil mar gheall ar an easpa chomhoibriú, mar a fheicimse ón méid atá sé a rá, go bhfuil na cearta sin á shárú go hiomlán ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta. Is údar uafásach mór díomá é sin dom.

Ní nuaíocht, ar bhealach, an méid atá sé a rá ins an tuarascáil bhliaintiúil. Tá rudaí anseo atá ráite aige arís agus arís eile i dtuarascáileacha éagsúla atá curtha inár láthair tríd na blianta. Ach chuir sé na bunphointí arís os ár gcomhair, mar shampla go bhfuil trí cheathrú chuid de na scéimeanna teanga imithe in éag. Is rud scannalach é sin. Ní hamháin sin ach ins na scéimeanna atá fós ann tá an caighdeán tite siar. D'úsáid sé téarmaí ar nós “ticeáil boscaí”. Nuair a deir sé go bhfuil an oiread dochair déanta nach féidir córas na scéimeanna a tharrtháil léiríonn sé go bhfuilimid ag géarchéim ó thaobh na teanga de agus go gcaithfear aghaidh a thabhairt air sin.

Is léir óna dhian staidéar ar na moltaí atá déanta maidir le hinniúlacht fóirne agus le hearcadh daoine sa Státsheirbhís go dtógfadh sé 28 bliain an méid daoine a theastaíonn le Gaeilge a chur ar fáil tríd an Státseirbhís, fiú ar an lá is fearr a bhéádh an córas sin ag oibriú.. Léiríonn sé sin an pointe eile atá an Coimisinéir ag déanamh, nach bhfuil a dhul ag éirí leis an bpolasaí nua seo.

Is ábhar eile é, chomh maith, go bhfuil trí chás eile tagtha chun cinn ó thaobh na dtuarascáileacha atá curtha os comhair Thithe an Oireachtais. Geallaim dó mar bhall den choiste seo, a bhfuil freagracht orainn na cásanna sin a thógáil ar bord, go n-iarrfaimid éisteacht ar na cásanna sin agus go bpléifimid iad leis na heagrais cui.

Ach, tá bun-cheist anseo maidir le hinmhairtheanacht a oifige, ó thaobh an chomhnascadh atá beartaithe. Maidir leis an athbhreithniú atá geallta ar Acht na dTeangacha Oifigiúla le, gar go mbeidh, dhá bhliain anois, is léir nach bhfuil sé le tarlú.

Deir an Coimisinéir go bhfuil amhras air maidir le muid a bheith ag cailleadh ár bhflaitheas teanga. Is lá dubh dorcha é seo do phobal agus do shaol na Gaeilge. Is caillteanas uafásach mór a bhéadh ins an gCoimisinéir do shaol na Gaeilge. Is duine é a d'airigh mé go hionraic, go hoscailte agus go macánta. Bhí fair play le fáil uaidh. Léirionn an cás i dtaobh na ngardaí é sin. Bhí Coimisinéir an Gharda Síochána os comhair an choiste an tseachtain seo chaite agus luaigh mé leis go raibh ríméad orainn go raibh comhoibriú ó na gardaí ar cheisteanna Gaeilge, go háirid i gcás Ghaoth Dóbhair. Ba léir nach é go raibh Coimisinéir na Gaeilge ag teacht anuas go trom ar na heagrais Stáit. Bhí comhoibriú le fáil uaidh ach is léir nach raibh sé ag fáil an fair play ar ais ó na heagrais Stáit, ó na Ranna Stáit nó, dar liom, ón Aire Stáit nó ón Roinn Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta. Is mór an náire don Rialtas é sin. Sin mo thuairim pearsanta.

Ó thaobh an choiste seo, beidh sé riachtanach againn cuireadh a thabhairt don Aire Stáit a bhfuil cúram na Gaeltachta air teacht inár láthair leis an gceist seo a phlé. Ní dóigh liom gur éirigh aon ombudsman as oifig ariamh sa tír seo ar cheist phrionsabail. Bhí cuid mhaith ombudsman inár measc. Dá bhrí sin, is ráiteas uafásach láidir atá an Coimisinéir a déanamh trína fhógra a thabhairt inniu. Molaim é as ucht an seasamh prionsabail sin a thógáil. Níos mó dá leithéid a theastaíonn ó thaobh a bheith sásta seasamh ar cheisteanna prionsabail. Ní hé go bhfuil mé ag iarraidh níos mó daoine a éirí as, ach a bheith sásta seasamh a thógáil ar bhonn prionsabail.

Leagann sé sin dualgas dá réir ar an gcoiste seo ach go háirid fiosrúcháin iomlán a dhéanamh ar na ceisteanna atá ardaithe aige agus cén treo a bhfuilimid ag dul, ó thaobh cearta teanga do lucht na Gaeilge de. Léiríonn sé seo teip iomlán ar pholasaí Gaeilge an Rialtais agus géarchéim don teanga. Ní féidir ligint dó sin dul ar aghaidh.

Guím gach rath ar an gCoimisinéir. Tá an-aiféal orm, ar bhonn phearsanta agus ar bhonn proifisiúnta, go bhfuil sé ag éirí as, ach guím gach uile rath air. Tá mé cinnte go n-éireoidh go geal leis, mar gheall ar na tréithe, na scileanna agus an cumas atá aige. Ach arís, is lá dubh dorcha é seo do shaol agus do phobal na Gaeilge. Caithfimid aghaidh a thabhairt anois ar na buncheisteanna crua atá curtha aige orainn inniu.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.