Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 4 December 2013

Joint Oireachtas Committee on Public Service Oversight and Petitions

Annual Report 2012: Discussion with An Coimisinéir Teanga

4:50 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Baineadh preab asam tráthnóna nuair a chuala mé faoi chinneadh Sheáin Uí Chuirreáin éirí as a bheith mar Choimisinéir Teanga mí Feabhra seo chugainn. Tá sé deich mbliana ó ceapadh é. Mise an duine a mhol don Rialtas go gceapfaí é ag an Uachtarán. Rinneadh é sin d'aon turas le go mbéadh stádas ard ag an oifig seo sa Stát. Rinne sé éacht. Ní hamháin sin ach níor chuala mé éinne a raibh a chroí sa nGaeilge ag déanamh casaoid ariamh faoina chuid oibre, a dhúthracht nó a chur chuige. Ní beag an méid é sin, mar ní dream iad lucht na Gaeilge i gcónaí a bhíonn ar aon intinn.

Bhí túir dóchais ann. Bhí an-obair ar bun ar son na Gaeilge agus torthaí á bhaint amach. Sa ndaonáireamh deireannach ní hamháin go raibh líon na ndaoine a dúirt go raibh Gaeilge

acu méadaithe, agus b'fhéidir go mbéadh amhras ar dhaoine faoi sin ó thráth go chéile, ach bhí líon na ndaoine a dúirt go labhraíonn siad Gaeilge go laethúil, taobh amuigh den chóras oideachais, imithe i méid. Agus bhí méadú beag i gcomhthéacs Gaeltachta. Ag deireadh an lae, is mar theanga laethúil labhartha a mhairfeas an Ghaeilge. Tá sé tábhachtach go mbéadh Gaeilge ag an oiread sin daoine agus is féidir ach ní mhairfidh teanga gan lucht labhartha laethúil.

Goilleann sé orm, i rudaí beaga agus i rudaí móra, go bhfuil dul i gcúl laethúil á dhéanamh i dtaobh na Gaeilge. Is minic a thugann na rudaí beaga nach bhfuil aon airgid ag baint leo léargas níos fearr ar dhearcadh ná mar a thugann na rudaí móra. Tá, mar shampla, an cinneadh an rinne, tar éis an méid achainí a rinne Conradh na Gaeilge le mo leithéid agus le daoine sa Teach seo gur Uisce Éireanna a bhéadh ar Irish Water. Tá an cinneadh a rinneadh, don chéad uair ó bunaíodh an Stát, go mbéadh ainmneacha Béarla ar bháid an Chabhlaigh. Go traidisiúnta, ainmneacha Gaeilge a bhí orthu mar Aoife, Emer agus Eithne, a bhain le miotaseolaíocht na Gaeilge, a thaispeáin gur náisiún Gaelach a bhí ionainn agus a thaispeáin, ar bhealach an-deas, gach áit a ndeachaigh na báid ar fud an domhain gurb í an Ghaeilge chéad teanga oifigiúil an Stáit. Bhí an cinneadh ann deireadh a chur le Coimisiún na Logainmneacha a bhí a feidhmiú ó bunaíodh é ins na ceathrachadaí. Níor bunaíodh brainse na logainmneacha go dtí na caogadaí.

Ach ba é an cinneadh ba mhó a thaispeáin treo na gaoithe ná an cinneadh cónascadh a dhéanamh, nach cónascadh a bhí ann i ndáiríre ach oifig an Choimisinéara Teanga a chur isteach in Oifig an Ombudsman. Nuair a bhí Seán Ó Cuirreáin mar Choimisinéir thóg sé cás in aghaidh an Ombudsman. Cén chaoi a d'fhéadfaí sin a dhéanamh dá mbéadh an Coimisinéir Teanga ag obair in Oifig an Ombudsman?

Is dóigh liom gur thaispeáin sé sin go raibh forlámhas faighte ag an dream atá sa Rialtas buan sa tír seo ar an bpolasaí agus go raibh éirithe leo go coinsiasach. Ní raibh aon chúis eile leis. Go coinsiasach, séard a bhí i gceist le seo ó thús - agus is sean mholadh ag dul thart sa gcóras é seo - ná go mbainfí na fiacla as Oifig an Choimisinéara agus gur coimisinéir mantach a bheadh ann, gan fiacal ar bith.

Tá imní orm tráthnóna go bhfeicfidh an Rialtas in éirí as oifig an choimisinéara, deis neart leasuithe teanga a thabhairt isteach, agus iad ag cur locht ar an choimisinéir. Feicfidh siad anois deis an deas néata deireadh a chur le Oifig an Choimisinéara Teanga mar oifig neamhspleách. Tá sé suas anois d'fhoireann na Gaeilge agus do phobal na Gaeltachta, is cuma cén dearcadh polaitíochta atá acu, a dhéanamh cinnte nach dtarlóidh sé sin. Tá sé in am acu dúiseacht don mhéid atá ag tarlú.

Luaigh an coimisinéir lochtaí ar an Acht Teanga. Bheinn ar an chéad duine a deirfeadh go bhfuil gá le Acht teanga. Siar sna díospóireachtaí nuair a tugadh isteach an tAcht Teanga, dúirt mé ag an am gur chreid mé go raibh sé thar a bheith tábhachtach go mbeadh Acht teanga ann, ach go bhfaca mé é ar nós an bréagán Lego a bheadh ag gasúr, mar bhunchloch a bhféadfaí tógáil air. Níor chreid mé riamh go réiteodh sé gach fadhb a bhí ann ó thaobh na Gaeilge de, ach chreid mé san ailtireacht a bhí muid ag iarraidh a chur in áit. Chreid mé dá mbeadh Acht ann - caithfear rud éigin a bheith againn le cur i bhfeidhm - agus dá mbeadh "enforcer" ann, duine leis an Acht a chur i bhfeidhm a bheadh neamhspleách ar chuile duine sa státchóras, go bhféadfaí go leor a bhaint amach. Chreid mé dá mbeadh an tAcht ann, go mbeadh sé níos éasca é a leasú agus a dhéanamh níos foirfe de réir a chéile, go céimniúil, ach é a bheith ann, ná gan Acht ar bith.

Mar is eol dúinn, ní raibh an tAcht achtaithe nuair a thosaigh scéal na háibhéile, go raibh sé ag cosaint na milliún ar an Stát aistriúcháin a dhéanamh. Is dóigh liomsa gur shábháil an tAcht na milliún ar an Stát seo. Shábháil sé an t-uafás airgid, mar an costas is mó a bhaineann le cáipéis ar bith a réiteach ná an bun scríobh agus na leaganacha agus na dréachtaí ag dul ó dhuine go duine taobh istigh den chóras, rud nach n-áirítear go brách. Nuair a tháinig an tAcht, giorraíodh go mór cuid mhaith den scríobh a bhí ar bun sa státchóras. Tá a fhios againn, ó bheith ag breathnú ar an mhéid focal a bhí i chuile rud, nach raibh sa gcostas aistriúcháin ach céatadán an-bheag de chostas réiteach agus cur I láthair. Is dóigh liom, ó dhul thart ar fud na tíre, go bhfuil an Teach tar éis tionchar áirithe a imirt atá dearfach, mar shampla, ó thaobh comharthaíochta de. Níl le déanamh ach dul go T2 in aerfort Bhaile Átha Cliath anois go bhfeicfear gan dua dea-chleachtas agus feachtas gur féidir a chur i bhfeidhm. De réir a chéile, ó tharla go bhfuil siad dubh agus bán, is féidir iad sin a chur I bhfeidhm.

Ba mhaith liom labhairt ar an cheist is mó gur gá déileáil leis – seirbhísí trí Ghaeilge a bheith ar fáil, ní hamháin do phobal na Gaeltachta ach do phobal na Gaeilge. An t-aon dream go bhfuil aon seirbhís foirfe ar chor ar bith acu ná na Coimisinéirí Ioncaim. Is buntáiste déileáil leo siúd i nGaeilge. Faoi dhó, tharla sé dúinn nuair a ghlaoigh muid orthu go raibh muid ag plé le duine nár bhain an t-ábhar leis, ach in ionad a rá nár bhain an t-ábhar leis, fuair sé an t-eolas ar fad agus bhí freagra againn laistigh de chúpla uair a chloig. Bheadh fonn ar dhuine, mar sin, an tseirbhís a lorg trí Ghaeilge, mar ba bhuntáiste dó é. Ach i gcoitinne, tharraing an tseirbhís poiblí a gcos ina ndiaidh i dtaobh na ceiste seo.

An fáth gur cuireadh isteach sna pleananna é, ná go bhfuil sé deacair, leis an easpa chumais Gaeilge atá sa seirbhís phoiblí, riail ghinearálta a dhéanamh. Ach ní raibh i gceist ariamh go gcaithfeadh na pleananna sin a bheith ag tógáil bliain i ndiaidh bliana, go mórmhór do lucht na Gaeltachta. Seo an áit a thagann trasna ar an líne tanaí idir dlí agus feidhmiú. Tá codanna den Acht - níl aon amhras faoi seo - atá ag brath go hiomlán ar dea-thoil an Rialtais. Nuair atáim ag caint ar an Rialtas, táim ag caint ar an gcúigear déag atá timpeall ar bhord an Rialtais. Brathann sé go mór ar an Taoiseach. An fáth atá agam le sin ná seo, san ailtireacht a chur muid le chéile, bhí an tuiscint ann dá mba rud é go raibh Roinn faillíoch i dtaobh a chuid cúraimí, mar shampla, plean nua a aontú, go raibh dhá chosaint in aghaidh é sin a tharlú ag an gcóras.

An chéad chosaint ná go ndéanfadh an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta gearán ag bord an Rialtais leis an Taoiseach agus go n-ordódh an Taoiseach don Aire a bhí freagrach as tarraingt na gcos déileáil leis an gceist. Ar ndóigh, an fhadhb atá ann go praiticiúl ná nach bhfuil aon Aire Gaeilge nó Gaeltachta ag bord an Rialtais níos mó. An dara chosaint a bhí i gceist, agus níor ceapadh riamh go mbeadh Rialtas ann leis an móramh atá ag an Rialtas i láthair na huaire, ná dá dteipfeadh ar rogha a haon, go bhféadfadh an tOireachtas seo tionchar a imirt ar an Rialtas le nach mbeadh aon éalú ag an Rialtas ach gníomhú. Dúradh linn anseo tráthnóna nach mar sin atá sé ag tarlú agus go bhfuil teipthe ar an bpróiseas sin. Tá gá dá bharr seo breathnú ar an reachtaíocht as an nua agus a dhéanamh cinnte go bhfuil na bealaí éalaithe ar fad atá aimsithe ag an gcóras dúnta ar fad.

Is droch rud ceart é seo do phobal na Gaeilge. Tá obair na mblianta curtha ar gcúl. Tá rudaí a raibh tacaíocht láidir tras-pháirtí ó dhaoine a bhfuil dea-thoil acu don Ghaeilge curtha ar neamhní. Rud eile a fuair mise amach nuair a bhí mé mar Aire, taobh istigh agus taobh amuigh den chóras agus na meáin, ná go bhfuil daoine ann, cuid acu a deir gur maith leo an Ghaeilge, atá glan in aghaidh aon chearta a bheith ag saoránaigh óga ná sean gur í an Ghaeilge a rogha teanga. Faigheann siad leithscéal i gcónaí le rá nár ceart rud ar bith a dhéanamh, rudaí a dhéanfaí i dtír eile ar bith ar domhan ina bheadh an Ghaeilge mar an chéad teanga oifigiúil. Táthar glan in aghaidh go ndéanfaí na rudaí sin.

Tá naimhde don Ghaeilge ann agus táthar fairsing agus cumhachtach. Muna dtuigfidh pobal na Gaeilge é sin, beidh thiar orainn sa deireadh. Is oth liom a rá, faoi láthair tá forlámhas acu siúd ar an gcóras iomlán, an córas Rialtais agus an córas buan sa seirbhís phoiblí. Tá go leor le déanamh againne mar ionadaithe tofa an phobail le troid ar ais ina n-aghaidh. Gabhaim míle buíochas le Seán Ó Cuirreáin as gach rud a rinne sé. B'fhéidir as seo go mí Feabhra, go dtuigfidh an Rialtas gur glaoch dúiseacht é seo agus go gníomhóidh sé ar bhealach go mbeidh an coimisinéir in ann a intinn a athrú ar an cheist seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.