Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 4 December 2013

Joint Oireachtas Committee on Public Service Oversight and Petitions

Annual Report 2012: Discussion with An Coimisinéir Teanga

4:40 pm

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá sé do-chreidte nach raibh an córas aistriúcháin comhuaineach ag oibriú inniu. Is léir go bhfuil fadhbanna ag seirbhísí Gaeilge, ní hamháin taobh amuigh den Oireachtas ach taobh istigh chomh maith. Rinne an t-Uasal Ó Cuirreáin jab iontach le linn an ama a raibh sá ina Choimisinéir. Gach uair a bhí mé ag teagmháil lena oifig fuaireas seirbhís iontach. Go raibh míle maith aige as an obair atá déanta aige.

Droch lá é seo don Ghaeilge agus do mhuintir na Gaeltachta. Is rud an-mhór é seo. Tá sé do-chreidte go raibh an Coimisinéir ag strachailt le linn an ama in aghaidh na Státseirbhíse agus nach raibh an Státseirbhís sásta cabhrú leis ar chor ar bith. Tá a fhios agam gur chabhraigh an chuid is mó de státseirbhísigh leis ach nach raibh an tseirbhís sásta seirbhísí a chur ar fáil, go háirithe na scéimeanna teanga a chur i bhfeidhm. Níl muinín ar bith agamsa sa treo ina bhfuil an Státseirbhís ag dul. Níl meas ar bith ag a lán daoine sa Státseirbhís ar an Ghaeilge agus tá saghas frith-Ghaelachas ann freisin. Is rud uafásach tábhachtach é sin, go háirithe maidir leis na daoine atá ag stiúriú an bháid. Tá an t-Aire Stáit i gceannas anois ar feadh dha bhliain go leith. Tá a fhios agam nach bhfuil an Coimisinéir chun chaint ar an ábhar seo, ach i rith an dá bhliain sin níl feabhas tagtha ar an fhadhb. I mo thuairimse tá sí ag éirí níos measa.

Nuair a théann tú i dteagmháil leis an Státseirbhís, go háirithe ar líne gutháin, is annamh fhaightear duine le Gaeilge chun déileáil leat. Má bhíonn meaisín freagrach ag obair deirtear leat go dtiocfaidh duine éigin chun freastal ort, ach is annamh a thagann éinne. Má thagann duine ar ais chugat is minic nach mbíonn taithí aige ar an ábhar nó na scileanna aige chun déileáil leis an gceist. Tar éis tamaill, éiríonn daoine braon den seirbhís agus filleann siad ar ais ar an seirbhís Béarla.

Maidir lena ndúirt an Teachta Flanagan, tá 7,000 duine i gContae na Mí a labhrann Gaeilge go laethúil, taobh amuigh den chóras oideachais. Tá sé tábhachtach go mbéadh seirbhísí trí Ghaeilge le fáil sa Ghaeltacht ach níl contae ar bith imeasc na 32 chontae nach bhfuil daoine ag feidhmiú agus ag maireachtáil trí Ghaeilge ann.

An rud is mó a chuireann isteach orm nach bhfuil costas ar bith ag baint le hearcaíocht daoine le Gaeilge. Níl pingin breise de dhíth ar an Stát chóras chun na seirbhísí seo a chur ar fáil. Cá bhfuil an bac? An bhfuil baint aige le meoin na státseirbhíseach nó le meoin an Rialtais? Caithfear dul i ngleic leis an bhfadhb sin. Muna bhfuil costas ar bith ag baint leis níl a fhios agam cén fáth nach bhfuiltear sásta déileáil leis an bhfadhb sin.

Go raibh míle buíochas ag an gCoimisinéir as an méid oibre atá déanta aige. Tá faitíos orm anois go mb'fhéidir nach mbeidh duine dá bprionsabal chun teacht isteach sa ról ins na todhchaí.

Caithfimidne, mar choiste, díriú isteach ar an bhfadhb sin. Go n-éirí leis an gCoimisinéir sna todhchaí.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.