Written answers

Wednesday, 19 March 2025

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Coláistí Samhraidh

Photo of Conor McGuinnessConor McGuinness (Waterford, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

785. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cén tacaíochtaí a bheidh i bhfeidhm do mhná/d’fhir tí na Gaeltachta agus fadhbanna ollmhóra anois ag coláistí samhraidh Gaeltachta mná/fir tí a mhealladh chun scoláirí a choimeád; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [11233/25]

Photo of Charlie McConalogueCharlie McConalogue (Donegal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge (SFG) á riar ag mo Roinn ar mhaithe le tacú leis na deiseanna sealbhaithe agus saibhrithe teanga sna réigiúin Ghaeltachta do scoláirí dara leibhéal agus do mhic léinn tríú leibhéal ó áiteanna ar fud na tíre. Tagann an scéim le cuspóirí an Rialtais i leith na Gaeilge mar atá leagtha amach sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010–2030 agus is í an príomhbhealach a dtacaíonn an Roinn le hearnáil na gColáistí Gaeilge.

Is ar na teaghlaigh Ghaeltachta a chuireann lóistín ar fáil don chóras a bhíonn cúnamh na Roinne dírithe – os rud é gurb iad na teaghlaigh cnámh droma an chórais.

Tá deontas aon-oíche €13 ar fáil ag teaghlaigh aitheanta ón Roinn do chuile scoláire i leith chuile oíche ina mbíonn siad ar íostas sa teaghlach agus faigheann an teaghlach deontas eile ó pé coláiste atá ag dáileadh scoláirí orthu anuas ar seo.

Anuas air seo, ardaíodh an deontas tosaithe aonuaire do theaghlaigh nua atá ag lorg aitheantais faoin scéim faoi 300% in 2022 ó €2,000 go €6,000. Leathnaíodh scóip an deontais freisin chun costais tosaithe riachtanacha breise a chlúdach ann.

Bhí glanmhéadú aon theaghlach déag (11) sa chóras aitheanta anuraidh - ó 495 teaghlach a bhí aitheanta faoin scéim in 2022 go 522 in 2024. Ba cheart a nótáil go bhfuil san áireamh, ó thaobh glanmhéaduithe de, na teaghlaigh a ghlac briseadh ón scéim don bhliain nó a chuaigh ar scor ón scéim.

Bhí 41 teaghlach aitheanta sa chóras as an nua in 2024 rud a thugann le fios go raibh méadú beagnach 10% (fán gcéad) ar an líon tí ó thaobh teaghlaigh nua-chláraithe. Tá an Roinn sásta gur chuidigh na bearta atá curtha i bhfeidhm le blianta beaga anuas le coláistí teaghlaigh nua a mhealladh isteach sa scéim.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.