Written answers
Wednesday, 19 March 2025
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Pleanáil Teanga
Conor McGuinness (Waterford, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
784. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an mbeidh maoiniú ar fáil chun Oifigigh Pleanála Teanga a fhostú agus pleananna teanga a chur i bhfeidhm agus coistí stiúrtha agus Oifigigh Pleanála Teanga fós ag fanacht le cinneadh faoin gcéad timthriall seacht mbliana eile de phleananna teanga; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [11232/25]
Charlie McConalogue (Donegal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá dul chun cinn suntasach déanta ag an bpróiseas pleanála teanga ónar cuireadh tús leis roinnt blianta ó shin agus gach ceann den 26 limistéar pleanála teanga chomh maith leis an 3 Líonra Gaeilge agus 9 mBaile Seirbhíse Gaeltachta ceadaithe anois agus i mbun oibre. Mar thoradh air seo, tá Oifigigh Pleanála Teanga ag obair go díograiseach mórthimpeall na Gaeltachta, sna Bailte Seirbhíse Gaeltachta agus sna Líonraí.
Anuas ar an maoiniú bliantúil a chuireann mo Roinn ar fáil ón gciste d’Údarás na Gaeltachta agus d’Fhoras na Gaeilge chun tacú le hullmhú agus feidhmiú pleananna teanga, cuirtear maoiniú ar fáil chomh maith chun tacú leis an bpróiseas ar bhonn lárnach i réimsí an teaghlaigh, na luathbhlianta agus sna healaíona dúchasacha.
Tá athbhreithniú ar bun faoi láthair ar an gcéad deich bplean teanga. Beag beann ar an obair sin, caithfear a aithint gurb éigean dúinn go leor de na seirbhísí lárnacha a thacaíonn leis an bpróiseas a bhunú ar bhonn chéimiúil agus pleanáilte ó 2012 i leith. Dá bharr seo, ní bhfuair roinnt mhaith de na ceanneagraíochtaí pleanála teanga tairbhe iomlán as na seirbhísí sin.
Sna chúinsí sin, fógraíodh anuraidh nach mbeidh aon athrú ar na Limistéir Pleanála don chéad timthriall eile, ar mhaithe le deis a thabhairt do phobal gach Limistéar, Bhaile Seirbhíse agus Líonra torthaí an phróisis a fhíorú.
Ag féachaint chun cinn ar an dara timthriall de phleananna teanga a cheadú faoin bpróiseas pleanála teanga, tá beartaithe go n-ullmhófar pleananna teanga agus go mbeadh na pleananna nua faofa sula sroicheann na pleananna reatha deireadh a dtréimhse 7 mbliana.
No comments