Written answers

Wednesday, 19 March 2025

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Limistéir Pleanála Teanga

Photo of Conor McGuinnessConor McGuinness (Waterford, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

783. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cén amscála atá leagtha síos ag an Roinn chun maoiniú a fhógairt don chéad timthriall seacht mbliana eile de phleananna teanga i ngach limistéar pleanála teanga Gaeltachta i bhfoirm táblaí; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [11231/25]

Photo of Charlie McConalogueCharlie McConalogue (Donegal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tugann Acht na Gaeltachta 2012 feidhm reachtúil don phróiseas pleanála teanga. Faoin bpróiseas, tá an deis á tabhairt do phobal na Gaeltachta sna Limistéir Pleanála Teanga atá aitheanta faoin Acht pleananna teanga a ullmhú agus a fheidhmiú ar bhonn áitiúil le tacaíocht leanúnach an Stáit. Tugtar an deis do Limistéar a bheith ag croílár próisis chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá roimh an nGaeilge de réir mar a aithnítear iad go háitiúil.

Faoin bpróiseas, tugtar tréimhse ama don phobal chun pleananna teanga a ullmhú agus a fheidhmiú. Is tréimhse feidhmithe de 7 mbliana atá ag na pleananna teanga.

Is maoiniú de €120,000 in aghaidh na bliana thar tréimhse 7 mbliana atá ar fáil do thromlach na Limistéir Pleanála Teanga. Tá 3 LPT sa liosta atá ag fáil maoiniú de €180,000 in aghaidh na bliana agus limistéar amháin a bhfuil maoiniú bliantúil de €360,000 á fháil aige.

Tá i gceist go mbeidh obair idir lámha ag na limistéir chun a ndara phleananna a chur le chéile agus a aontú sula shroichtear deireadh a dtréimhse reatha. Déanfar fógraí maidir le maoiniú na bpleanna nua de réir mar thagann siad chun cinn le hathnuachán.

Léirítear sa tábla thíos cathain a shroicheann na Limistéir Pleanála Teanga ar leith deireadh bhliain a 7 dá bhfeidhmiú:

Limistéir Pleanála Teanga Dáta deiridh de Bhliain 7
Cloich Chionnaola, Gort an Choirce, An Fál Carrach & Machaire Rabhartaigh 31/07/2025
Ná Déise 31/07/2025
Ciarraí Theas 31/08/2025
Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire & Loch an Iúir 31/08/2025
Ciarraí Thiar 30/11/2025
Conamara Láir 30/11/2025
An Cheathrú Rua 30/11/2025
Maigh Eo Thuaidh 30/11/2025
Ráth Chairn & Baile Ghib 30/11/2025
Árainn Mhór 28/02/2026
Múscraí 30/09/2026
Tuaisceart Dhún na nGall 31/10/2026
Dúiche Sheoigheach & Tuar Mhic Éadaigh 30/11/2026
Ceantar na nOileán 31/12/2026
Dún na nGall Theas 31/12/2026
Cois Fharraige 29/02/2027
Maigh Cuilinn 29/02/2027
Na Rosa 29/02/2027
Toraigh 31/03/2028
Cléire 31/12/2028
Bearna & Cnoc na Cathrach 28/02/2030
Oirthear Chathair na Gaillimhe 31/07/2029
An tEachréidh 30/11/2029
An Ghaeltacht Láir 28/02/2029
Maigh Eo Thiar 30/11/2028
Oileáin Árann 31/08/2029

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.