Written answers
Wednesday, 19 March 2025
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Údarás na Gaeltachta
Conor McGuinness (Waterford, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
786. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cén dáta a fhoilseoidh Údarás na Gaeltachta na pleananna atá ullmhaithe aige chun tithíocht a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [11234/25]
Charlie McConalogue (Donegal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tuigim gur cheadaigh bord Údarás na Gaeltachta €250,000 in airgead caipitil ag cruinniú mhí na Nollag 2023 ar obair chomhairleoireachta agus ar thaighde i leith thithíocht a fhorbairt i gceantair Gaeltachta.
Tá sé tugtha le fios ag Údarás na Gaeltachta gur cead i bprionsabal atá tugtha ag an mbord agus tá súil ag Údarás na Gaeltachta múnla tithíochta inacmhainne do cheantair Gaeltachta ar fud na tíre a fhorbairt mar thoradh ar an obair seo i gcomhpháirt le geallshealbhóirí leasmhara.
Tá obair leanúnach ar súil agus tuigim go bhfuil Údarás na Gaeltachta ag tabhairt faoi chomhpháirtíocht a cur in áit leis na húdaráis áitiúla, eagraíochtaí tithíochta agus eagraíochtaí ábhartha eile chun tabhairt faoi fhorbairt an mhúnla eiseamláireach seo don trí shuíomh aitheanta agus don gcomhthéacs Gaeltachta trí chéile.
Tá comhráití ar bun leis na húdaráis áitiúla chomh maith le geallshealbhóirí ábhartha eile, an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spórt agus Meán agus an an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta ina measc i dtaobh feidhmiú beartas tithíochta Údarás na Gaeltachta.
Roghnaíodh na suíomhanna atá i gceist mar thoradh ar athbhreithniú a rinneadh Údarás na Gaeltachta ar phunann maoine na h-eagraíochta. Tá, mar chéad chéim, teacht ar sheirbhísí infreastructúir ag na suíomhanna atá i gceist agus tá na suíomhanna lonnaithe in aice le seirbhísí pobail. Tá beartas tithíochta an Údaráis ag teacht le Straitéis Ghaeltacht Ghlas na h-eagraíochta chomh maith.
Tá tugtha le fios dom ag an Údarás go bhfuil an eagraíocht ag obair le páirtithe leasmhara ar roinnt gnéithe éagsúla chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin éagsúla maidir le soláthar agus infhaighteacht tithíochta i gceantair Ghaeltachta.
Tá Údarás na Gaeltachta ag súil le sonraí breise a fhógairt in am trátha faoi bhearta sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma i gcomhar le húdaráis áitiúla, le gníomhaireachtaí eile agus le ranna Rialtais.
No comments