Written answers

Thursday, 25 May 2023

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Cúrsaí Gaeilge

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

169. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an ndéantar aon chúrsaí Gaeilge saor in aisce do dhaoine fásta a mhaoiniú faoi láthair, agus cad é an costas ar an Stát. [24711/23]

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ní dhéanann mo Roinn aon chúrsaí Gaeilge saor in aisce do dhaoine fásta a mhaoiniú faoi láthair. Mholfainn don Teachta teagmháil díreach a dhéanamh le comhlachtaí poiblí nó ceanneagraíochtaí Gaeilge faoi scáth na Roinne ar an ábhar áfach - ceanneagraíochtaí pleanála teanga ina measc - mar go bhféadfadh sé go mbíonn a leithéid á maoiniú acusan.

Ar ábhar cúrsaí Gaeilge do dhaoine fásta, is fiú a lua don Teachta go bhfuil forbairtí á ndéanamh sa spás seo ó thaobh cúrsaí Gaeilge d'fhostaithe an Stáit, le Teastas Eorpach na Gaeilge (TEG) ag déanamh deimnithe ar na cúrsaí a chuireann Gaelchultúr ar fáil do Státseirbhísigh thar ceann OneLearning, Aonad Foghlama agus Forbartha na Státseirbhíse ó fhómhar 2022. Tá TEG bunaithe ar Chomhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha, atá luaite go sonrach in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021. I gcomhthéacs na sprice earcaíochta atá le baint amach faoin Acht, is é sin go mbeidh 20% d’earcaigh chuig an earnáil phoiblí inniúil i nGaeilge faoi 2030, beidh buntáistí faoi leith ag baint le cáilíochtaí TEG, ní hamháin d’fhoghlaimeoirí ach d’fhostóirí chomh maith, agus daoine le scileanna teanga ar leith á lorg do réimse leathan róil éagsúla sa Státseirbhís agus sa tSeirbhís Phoiblí.

Le hullmhú an Phlean Náisiúnta do Sheirbhísí Gaeilge faoi lár 2024 agus leis an atbhreithniú a bheidh á dhéanamh ar Thionscnamh Ardscileanna na Gaeilge as seo go ceann bliana le díriú níos mó ar chúrsaí oiliúna agus earcaíochta in Éirinn, beifear ag súil go mbeidh tuilleadh forbartha á ndéanamh sa spás seo sna blianta beaga amach romhainn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.