Written answers
Thursday, 25 May 2023
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Caiteachas Gaeilge agus Gaeltachta
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
167. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cé mhéad maoiniú caipitil a caitheadh ar chultúrlanna nó ionaid Ghaeilge in aghaidh gach bliana ó 2003, agus an ndéanfaidh sí briseadh síos air de réir an ionaid nó na cultúrlainne. [24706/23]
Patrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Is féidir iarratas ar dheontas caipitil a dhéanamh i leith cultúrlanna agus ionaid Ghaeilge faoi Fhómhíreanna C3 agus C4 mo Roinne. Baineann C3 le hiarratais ar dheontas caipitil laistigh den Ghaeltacht agus baineann C4 le hiarratais ar dheontas caipitil lasmuigh den Ghaeltacht. Tá an maoiniú caipitil, mar a ceadaíodh é faoin dá fhómhír sna Meastacháin Athbhreithnithe do gach bliain ó bunaíodh an Rialtas reatha in2020, liostáilte sa tábla thíos.
C4 (Caipitil)
€000
BLIAN | C3 (Caipitil) €000 | |
---|---|---|
2023 | 2,700 | 3,500 |
2022 | 2,700 | 3,500 |
2021 | 2,500 | 2,000 |
2020 | 2,322 | 1,132 |
De bharr fhad na tréimhse ama atá luaite ag an Teachta leis an gCeist Dála seo, mar aon leis an líon tionscnamh a d'fhéadfaí a áireamh faoina leithéid d'iarratas, tuigtear dom nach féidir níos mó eolais, ná mar atá tugtha thuas, a thabhairt ag an tráth seo. Má tá fiosrúchán sonrach ag an Teachta áfach faoin maoiniú a ceadaíodh do chultúrlann nó d'ionad Gaeilge ar leith i gcomhthéacs na Ceiste Dála seo, bheinn lán-sásta an t-eolas ábhartha sin a chur ar fáil.
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
168. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cé mhéad maoiniú reatha a caitheadh ar chultúrlanna nó ionaid Ghaeilge in aghaidh gach bliana ó 2003, agus an ndéanfaidh sí briseadh síos air de réir an ionaid nó na cultúrlainne. [24707/23]
Patrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá tacaíocht curtha ar fáil ag an Foras na Gaeilge le tamall anuas do chultúrlanna agus d’ionaid Ghaeilge trí Scéim na gCultúrlann, 2018 – 2020, tríd an Scéim Cóiríochta d'Ionaid Ghaeilge, 2021 agus tríd an Scéim d'Ionaid Phobail Ghaeilge, 2022 – 2023; tá miondealú ar an tacaíocht sin le fáil sa doiciméad Excel atá faoi cheangal.
Ionad agus institiúid thábhachtach chultúir is ea Taibhdhearc na Gaillimhe a bhfuil fréamhacha doimhne aici i gcur chun cinn agus i gcaomhnú na Gaeilge. Tacaíonn an Roinn seo leis an Taibhdhearc le deontas reáchtála bliantúil. Léiríonn an Taibhdhearc réimse leathan saothar drámaíochta, idir chlasaicigh, dhrámaí comhaimseartha, agus saothair nua le drámadóirí Gaeilge atá ag teacht chun cinn agus deis ar an stáitse á fáil ag aisteoirí Éireannacha atá ag teacht chun cinn.
Feidhmíonn an amharclann mar áit tionóil do phobal na Gaeilge, rud a chothaíonn bród agus féiniúlacht trí mheán na hamharclainne.
Tá maoiniú curtha ar fáil ag mo Roinn don Taibhdhearc faoi na Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge ó 2004. Faoin gcomhaontú maoinithe atá i bhfeidhm ó 2020-2023 cuirtear maoiniú reatha €320,000 ar fáil gach bliain.
Tá miondealú anseo thíos ar an maoiniú reatha agus caipitil a chuir an Roinn ar fáil don Taibhdhearc ó 2004 i leith:
Maoiniú reatha ceadaithe | Maoiniú reatha íoctha | Maoiniú caipitil ceadaithe | Maoiniú caipitil íoctha | |
---|---|---|---|---|
2004 | 385,000 | 384,996 | 35,000 | 0 |
2005 | 450,000 | 450,000 | ||
2006 | 450,000 | 450,000 | ||
2007 | 480,000 | 480,000 | ||
2008 | 480,000 | 463,343 | ||
2009 | 441,600 | 441,600 | ||
2010 | 404,900 | 404,900 | ||
2011 | 323,920 | 323,920 | 300,000 | 164,000 |
2012 | 323,920 | 323,920 | 189,162 | 189,162 |
2013 | 323,920 | 323,920 | 85,000 | 85,000 |
2014 | 307,276 | 307,276 | ||
2015 | 320,000 | 320,000 | ||
2016 | 320,000 | 320,000 | ||
2017 | 320,000 | 320,000 | ||
2018 | 320,000 | 320,000 | ||
2019 | 325,000 | 325,000 | ||
2020 | 300,000 | 273,392 | 38,236 | 0 |
2021 | 399,053 | 399,053 | 38,236 | 38,236 |
2022 | 320,000 | 320,000 | ||
2023 | 320,000 | 147,496 go dáta | ||
Iomlán | 7,314,589 | 7,098,816 | 685,634 | 476,398 |
Ar iarratas ó mo Roinn, tá plean forbartha don tréimhse 2024-2026 á ullmhú faoi láthair ag Bord na Taibhdheirce chun feidhm a thabhairt don ról a theastaíonn ón eagraíocht a chomhlíonadh mar amharclann náisiúnta agus mar mhol forbartha do dhrámaíocht na Gaeilge. Cuimseofar faoin bplean forbartha sin struchtúr leasaithe boird, foirne agus maoinithe chun bonn láidir fadtréimhseach a chur faoi oibríochtaí na heagraíochta agus chun drámaíocht na Gaeilge a neartú agus a fhorbairt.
Tá an Roinn ag dréim leis go bhféadfar comhaontú nua maoinithe, bunaithe ar an bplean forbartha thuasluaite, a aontú le Bord na Taibhdheirce faoin bhfómhar i mbliana.
No comments