Written answers

Thursday, 25 May 2023

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Na Meáin Chumarsáide

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

165. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cé mhéad maoiniú a caitheadh ar Raidió Rí Rá in aghaidh gach bliana ó 2003, agus an ndéanfaidh sí briseadh síos air de réir maoiniú reatha agus caipitil. [24704/23]

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá maoiniú á thabhairt ag mo Roinn ó 2009 do Raidió Rí-Rá, stáisiún raidió do dhaoine óga trí mheán na Gaeilge, a chraolann ar an idirlíon agus ar aipeanna fóin póca. Faoin gcomhaontú deontais reatha, ceadaíodh €119,000 do Raidió Rí-Rá in 2022 agus €109,000 in 2023. Thug mo Roinn maoiniú caipitil €47,772 don stáisiún in 2020 chun uasghráduithe a dhéanamh ar spás stiúideo an stáisiúin agus osclaíodh an spás stiúideo sin go foirmiúil i mí na Bealtaine 2022. Leis an maoiniú a thugann an Roinn don stáisiún, tá ar chumas Raidió Rí-Rá craoladh go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta go lánaimseartha ar líne agus ar an aip.

Tá miondealú ar an maoiniú atá curtha ar fáil ag mo Roinn do Raidió Rí-Rá ó 2009 i leith le fáil anseo thíos:

Maoiniú reatha ceadaithe
Maoiniú reatha íoctha
Maoiniú caipitil ceadaithe
Maoiniú caipitil íoctha
2009 40,000 40,000
2010 40,000 40,000
2011 32,000 32,000
2012 58,725 58,725
2013 47,000 47,000
2014 45,000 45,000
2015 53,000 53,000
2016 75,000 75,000
2017 75,000 75,000
2018 75,000 75,000
2019 75,000 75,000
2020 75,000 75,000 47,772 47,772
2021 75,000 75,000
2022 119,000 119,000
2023 109,000 54,390*
* Go dtí seo in 2023.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

166. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cé mhéad maoiniú a caitheadh ar Raidió na Life in aghaidh gach bliana ó 2003, agus an ndéanfaidh sí briseadh síos air de réir maoiniú reatha agus caipitil. [24705/23]

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tugann Foras na Gaeilge maoiniú do Raidió na Life faoin Scéim Raidió Pobail. Leis an maoiniú sin, tá ar chumas an stáisiún, atá ag craoladh ar FM i mórcheantar Bhaile Átha Cliath, seirbhís raidió uileghabhálach a sholáthar mar aon le hoiliúint trí Ghaeilge a chur ar dhaoine ar spéis leo gairm sa chraoltóireacht.

Chuir an Roinn maoiniú caipitil de €9,963 ar fáil do Raidió na Life faoi na Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge i 2020 chun feabhas a chur ar a gcórais teicneolaíochta.

Leis seo thíos tá briseadh síos ar an maoiniú a chuir Foras na Gaeilge ar fáil do Raidió na Life ó 2010 ar aghaidh.

2010 226,113
2011 228,434
2012 205,915
2013 213,602
2014 271,900
2015 250,000
2016 246,147
2017 373,215
2018 240,000
2019 240,000
2020 241,990
2021 240,000
2022 280,000

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.