Written answers

Thursday, 25 May 2023

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Acht na dTeangacha Oifigiúla

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

170. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht conas atá ag éirí leis an gcoinníoll faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 a deir gur gá 5% den chaiteachas fógraíochta ag comhlacht poiblí a chaitheamh ar fhógraíocht sna meáin Ghaeilge; cén mhonatóireacht atá ar bhun ar chomhlíonadh na forála seo; agus cé mhéad airgead atá caite ar na meáin Ghaeilge de thoradh an choinníll seo go dtí seo faoin Acht. [24714/23]

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tháinig alt 10A - Fógraíocht ag Comhlachtaí Poiblí - d’Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021, i bhfeidhm ar an 10 Deireadh Fómhair 2022.

Mar thoradh ar an bhforáil úd, tá dualgas ar gach comhlacht poiblí anois 20% ar a laghad dá fhógraíocht bhliantúil a dhéanamh i nGaeilge agus 5% ar a laghad dá bhuiséad fógraíochta bliantúil a chaitheamh ar fhógraíocht i nGaeilge sna meáin Ghaeilge. Is foráil thar a bheith dearfach atá ann atá tar éis cur go mór le feiceálacht na teanga trasna gach ardán meán atá in úsáid ag comhlachtaí poiblí cheana féin.

Tugann an fhoráil seo teachtaireacht shoiléir agus shuntasach do phobal na Gaeilge, ní hamháin go bhfuil meas ag an Stát ar an teanga mar ghné lárnach dár gcuid oidhreachta cultúrtha, ach go bhfuil buntáiste eacnamaíoch suntasach ag baint léi dá lucht labhartha. Tá mé den tuairim láidir go neartófar iarrachtaí an Stáit chun úsáid na teanga a chur chun cinn dá bharr, rud a thagann le Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030.

Mar thaca do chur i bhfeidhm na forála seo, tá seimineáir faisnéise éagsúla reáchtáilte ag mo Roinnse, mar seo a leanas:

  • seimineáir i mí Iúil 2022, i gcomhar le hOifig an Choimisinéara Teanga, ar mhaithe le comhairle a chur ar chomhlachtaí poiblí i dtaobh a gcuid dualgas breise faoin Acht. D’fhreastail os cionn 1,000 fostaithe Stáit orthu seo;
  • seimineáir i mí Mheán Fómhair 2022 a d’eagraigh Oifig an Choimisinéara Teanga agus a ghlac mo Roinn páirt iontu a bhain go sonrach leis an bhforáil seo; agus
  • seimineár i mí Eanáir 2023 do chomhlachtaí poiblí maidir le haistriúchán Gaeilge, áit a cuireadh béim mhór ar an bhforáil shonrach seo agus a ndearnadh cur i láthair sonrach faoi chóipscríbhneoireacht le Gaeilge.
Ar ndóigh, tá sé mar fheidhm ag an gCoimisinéir Teanga monatóireacht a dhéanamh ar chomhlíonadh fhorálacha an Achta ag comhlachtaí poiblí, mar aon le comhairle nó cúnamh a sholáthar do chomhlachtaí poiblí maidir lena n-oibleagáidí faoin Acht. Sa mhéid sin, tuigtear dom go bhfuil acmhainní éagsúla curtha i dtoll a chéile ag an gCoimisinéir Teanga i ndáil leis an bhforáil seo, chun cabhrú le comhlachtaí poiblí maidir lena gcomhlíonadh - teimpléad monatóireachta ina measc. Tá iarrtha ar chomhlachtaí poiblí a gcéad tuairisceán comhlíonta leictreonach a chomhlánú i leith an dualgais seo ag tráth nach déanaí ná an 10 Márta 2024 maidir le fógraíocht 2023. Beidh tuarascáil an Choimisinéara le foilsiú go gairid ina dhiaidh sin - áit a nochtfar comhlíontacht comhlachtaí poiblí leis an bhforáil trí chéile don bhliain 2023.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.