Written answers
Wednesday, 24 May 2023
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Caiteachas Ranna
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
117. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cé mhéad maoiniú a caitheadh ar Chnuasach Bhéaloideas Éireann agus Dúchas.ie in aghaidh gach bliana ó 2003, agus an ndéanfaidh sí briseadh síos de réir maoiniú reatha agus caipitil. [24697/23]
Patrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Is é sprioc an tionscadail Dúchas.ie digitiú Chnuasach Bhéaloideas Éireann (CBÉ) a thionscnamh chun go mbeidh rochtain ag an bpobal ar ábhar ón gCnuasach ar shuíomh gréasáin poiblí agus córas bainistithe sonraí ar fáil do CBÉ, a bhféadfar ábhar eile a chuimsiú ann de réir a chéile. Tá an tionscadal seo tábhachtach do mo Roinn agus cuireann sé le cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus an Phlean Digiteach don Ghaeilge.
Is comhpháirtíocht é an tionscadal idir Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD, Fondúireacht Bhéaloideas Éireann agus Leabharlann Dhigiteach UCD, Gaois, Fiontar & Scoil na Gaeilge, DCU agus an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.
Cuireadh tús le tionscadal Dúchas.ie in 2012 and tá tacaíocht reatha á cur ar fáil ag mo Roinn dó trí na Scéimeanna Tacaíochta Gaeltachta. Níl agus ní raibh riamh comhaontú maoinithe caipitil ag mo Roinn i leith an tionscadail seo.
Tá miondealú ar an maoiniú reatha ó 2012 anseo:
Bliain | Ceadaithe | Íoctha |
---|---|---|
2012 | 98,970 | 40,354 |
2013 | 147,624 | 147624 |
2014 | 271,565 | 271,565 |
2015 | 286,421 | 286,421 |
2016 | 258,821 | 258,821 |
2017 | 152,000 | 152,000 |
2018 | 100,893 | 100,893 |
2019 | 202,343 | 202,343 |
2020 | 226,191 | 226,191 |
2021 | 231,785 | 231,785 |
2022 | 242,812 | 242,812 |
2023 | 248,181 | 70,757* |
*go dáta
Iomlán a ceadaíodh, 2012-2023: €2,238,636
Iomlán a íocadh, 2012-2023: €2,231,566
No comments