Written answers

Wednesday, 24 May 2023

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Oifig an Choimisinéara Teanga

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

118. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cé mhéad maoiniú a caitheadh ar Oifig an Choimisinéara Teanga in aghaidh gach bliana ó 2003, agus an ndéanfaidh sí briseadh síos de réir maoiniú reatha agus caipitil. [24698/23]

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá an maoiniú reatha, mar a ceadaíodh é d'Oifig an Choimisinéara Teanga faoi C5 de chuid na Roinne sna Meastacháin Athbhreithnithe do gach bliain ó bunaíodh an Rialtas reatha in2020 liostáilte sa tábla thíos. Níor ceadaíodh aon mhaoiniú caipitil d'Oifig an Choimisinéara Teanga don tréimhse úd.

BLIAN REATHA

€000
2023 1,307
2022 1,109
2021 887
2020 845

Áirítear an t-eolas maidir le blianta eile atá lorgtha ag an Teachta i dTuarascálacha Bliantúla an Choimisinéara Teanga atá ar fáil ar a shuíomh idirlín agus atá leagtha ós comhair Thithe an Oireachtais.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.