Written answers
Wednesday, 24 May 2023
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Cóid Phoist
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
116. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cé na háiseanna a theastódh ón gCoiste Logainmneacha chun a chinntiú go bhfuil gach logainm ar Éirchód ar fáil trí Ghaeilge faoi 2025 agus cén costas a bhainfeadh leis na háiseanna sin. [24695/23]
Patrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Is faoi chúram na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide atá córas Éirchód. Chun gach logainm a fhoilsiú as Gaeilge ar Éirchód laistigh de thráthchlár faoi leith, ba ghá plean mionsonraithe chuige sin a ullmhú agus a aontú leis na páirtithe leasmhara, an Brainse Logainmneacha sa Roinn seo ina measc. Go dtí go n-aontófar plean den sórt sin, ní féidir leis an Roinn seo meastachán beacht a thabhairt ar na costais a thitfeadh ar an Roinn seo i dtaobh na hoibre sin.
No comments