Written answers

Wednesday, 24 May 2023

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Cúrsaí Gaeilge

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

115. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht uasdátú a thabhairt ar fheidhmiú agus líon foirne an Choiste Logainmneacha ó bunaíodh go hoifigiúil é, agus cén maoiniú atá tugtha dó. [24694/23]

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Bunaíodh an Coiste Logainmneacha i gcomharbacht ar an Choimisiún Logainmneacha in 2013. D'fheidhmigh an Coiste ar bhonn neamhreachtúil idir 2013 agus deireadh 2022. Tháinig deireadh le tréimhse an Choiste deiridh i mí na Nollag 2022.

Tá an Coiste Logainmneacha ann chun comhairle a thabhairt don Aire faoi orduithe logainmneacha ó chontae go contae, leasuithe logainmneacha, agus leaganacha Gaeilge de logainmneacha eile. Déanann an Brainse Logainmneacha de chuid mo Roinne taighde ar son an Choiste agus cuirtear an taighde sin faoi bhráid an Choiste trí eislíon. Cruinníonn an Coiste tuairim is ceithre uair sa bhliain agus íoctar costais taistil ag gnáthráta na státseirbhíse le baill an Choiste. Mar aon leis an obair thuasluaite, tugann an Coiste Logainmneacha, trí mheán an Bhrainse Logainmneacha, comhairle faoi leaganacha Gaeilge de shráidainmneacha, ainmneacha bóthar, 7rl., do na húdaráis áitiúla ar bhonn iarratas sonrach uathu.

Faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021, tugtar aitheantas reachtúil don Choiste Logainmneacha, agus beidh an Coiste ag feidhmiú ar bhonn reachtúil faoi dheireadh an tsamhraidh i mbliana ar a dhéanaí. Faoi fhorálacha an Achta, ceapfar comhaltaí an Choiste — Cathaoirleach, agus líon gnáthchomhaltaí idir 7 agus 10 — ag an Aire. Is daoine a bhfuil taithí nó saineolas acu, nó taithí agus saineolas araon, ar nithe a bhaineann le logainmneacha, nó saineolaithe ar stair na hÉireann a cheaptar ar an gCoiste. Maireann téarma an Choiste trí bliana. Maidir le comhalta den Choiste Logainmneacha a mbeidh 2 théarma oifige as a chéile curtha isteach aige nó aici, ní bheidh sé nó sí inathcheaptha chun an Choiste Logainmneacha go dtí go mbeidh tréimhse 3 bliana caite tar éis dheireadh an dara téarma as a chéile.

Feidhmíonn gach comhalta den an Choiste Logainmneacha ar bhonn pro bono.

Is é an Príomhoifigeach Logainmneacha sa Bhrainse Logainmneacha a fheidhmíonn mar Rúnaí don Choiste Logainmneacha. I láthair na huaire, tá an Príomhoifigeach Logainmneacha agus triúr oifigeach eile ag obair sa Bhrainse.

Táthar i mbun Coiste Logainmneacha nua a cheapadh faoi láthair. Chuige sin, i mí Aibreán 2023, iarradh léirithe spéise ón bpobal i dtaobh ballraíochta sa Choiste. Tá na hiarratais a fuarthas á meas sa Roinn faoi láthair. Táthar ag dréim leis go mbeidh an Coiste Logainmneacha nua ceaptha agus ag feidhmiú faoi dheireadh an tsamhraidh i mbliana ar a dhéanaí.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.