Written answers
Wednesday, 24 May 2023
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Forbairt na Gaeilge
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
113. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cad é an meastachán ar chostais a bhainfeadh le plean straitéiseach Thaibhdhearc na Gaillimhe a foilsíodh anuraidh a chur i bhfeidhm. [24692/23]
Patrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Faoin gcomhaontú maoinithe atá i bhfeidhm faoi láthair, tugann mo Roinn maoiniú reatha €320,000 don Taibhdhearc gach bliain. Faoi láthair, tá comhaontú trípháirteach i bhfeidhm idir an Roinn, an Taibhdhearc agus Fíbín Media a bhfuil 'Fíbín sa Taibhdhearc' mar thoradh air. D'éirigh go han-mhaith leis an gcomhoibriú sin go dtí seo; tá deireadh le teacht leis an gcomhaontú reatha ag deireadh 2023.
Deontas Reatha idir an Roinn TCEGSM agus Fíbín sa Taibhdhearc, 2020-2023
Bliain | Maoiniú bliantúil | Suim |
---|---|---|
2023 | Deontas reatha faoi Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge | €320,000 |
2022 | Deontas reatha faoi Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge | €320,000 |
2021 | Deontas reatha faoi Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge | €372,445 * |
2020 | Deontas reatha faoi Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge | €320,000 |
I lár na bliana 2022, chuir Bord na Taibhdheirce cás maidir le maoiniú inbhuanaithe na Taibhdheirce faoi bhráid mo Roinne. Ó shin i leith, tá mo Roinn i mbun plé le Bord na Taibhdheirce chun teacht ar shocrú nua le go mbeidh siad in ann feidhmiú ar scála níos leithne don tréimhse maoinithe 2024-2026. Ag éirí as an bplé sin, tá Bord na Taibhdheirce ag ullmhú plean forbartha don tréimhse ó 2024 chun feidhm a thabhairt don ról a theastaíonn ón amharclann a chomhlíonadh mar amharclann náisiúnta agus mar mhol forbartha do dhrámaíocht na Gaeilge.
Déanfar fógra maidir le toradh na hoibre seo in am tráth.
No comments