Written answers

Wednesday, 24 May 2023

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Caiteachas Ranna

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

109. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht conas a dhéantar maoiniú ar an Áisíneacht Dáileacháin Leabhar (ÁIS), agus cé mhéad maoiniú a caitheadh ar ÁIS in aghaidh gach bliana ó 1980. [24687/23]

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is cuid d'Fhoras na Gaeilge í ÁIS (Áisíneacht Dáileacháin Leabhar) a chuireann seirbhís leanúnach ar fáil le soláthar cuí leabhar a chur ar fáil ar fud na tíre agus níos faide i gcéin. Íoctar foireann agus costais reatha ÁIS (cíos, teas, leictreachas &rl.) as ollbhuiséad Fhorais na Gaeilge. Fágann sin nach gcuirtear aon mhaoiniú ar leith eile ar fáil do ghníomhaíochtaí ÁIS. Seachas sin, déantar ÁIS a reáchtáil ar bhonn tráchtála agus déantar aon teacht isteach atá ag ÁIS a dháileadh mar chuid d’ollbhuiséad Fhorais na Gaeilge.

Má tá aon cheist ar leith ag an Teachta maidir le himeachtaí ÁIS, moltar dó teagmháil díreach a dhéanamh le Foras na Gaeilge.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

110. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht conas a dhéanann an Stát maoiniú ar dhéantús ábhair fuaime i nGaeilge, lena n-áirítear podchraoltaí, closleabhair agus ceol, agus cé mhéad maoiniú a caitheadh ar dhéantús ábhair fuaime, podchraoltaí, closleabhair, agus ceol, trí mheán na Gaeilge in aghaidh gach bliana ó 2003. [24688/23]

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Toisc a ilghnéithí agus a scaipthe atá réimse an déantúis ábhair fuaime trí chéile, ní féidir an caiteachas beacht a bhaineann leis an réimse sin agus a chuid foréimsí a áireamh. Mar sin féin, anuas ar sheirbhísí RTÉ Raidió na Gaeltachta a bhfuil aithe go forleathan air agus Raidió na Life atá á maoiniú ag Foras na Gaeilge, tacaíonn mo Roinn le déantús ábhair fuaime i nGaeilge agus chuige sin tá Raidió Rí-Rá á mhaoiniú ag an Roinn ó 2009 i leith.

Is Raidió Rí-Rá é an t-aon chairtstáisiún Gaeilge in Éirinn atá dírithe go sonrach ar dhaoine óga agus a chasann an ceol is déanaí ó na cairteacha le cláir curtha i láthair i nGaeilge, agus atá ar fáil 24 uair an chloig ar an idirlíon. Bhíodh an stáisiún ag craoladh ar bhonn 24 uair an chloig ar an gcóras DAB roimhe seo in áiteanna áirithe i mBaile Átha Cliath mar chuid den triail RTÉ/IBI Irish Radio Hybrid Trial. Tá sé le fáil ar bhonn 24 uair an chloig ar aip iOS agus aip Android Raidió Rí-Rá agus saor in aisce le híoschóipeáil. Chomh maith leis seo bíonn an stáisiún beo ó am go ham ar an gcóras FM.

Tá seónna beo agus ‘ar nós beo’ á gcraoladh acu anois ar an idirlíon gach lá ó 07.00 go dtí 22.00 le láithreoirí leanúnach.

Bíonn ród-seó Raidió Rí-Rá ag dul chuig scoileanna, coláistí samhraidh, clubanna óige agus coláistí tríú leibhéal na tíre ar bhonn rialta. Chomh maith leis seo baineann múinteoirí scoile an-leas as podchraoltaí an stáisiúin sa seomra ranga. Ó thús 2014 tá seó raidió ‘Rí-Rá ar RnaG’ ar siúl ar Raidió na Gaeltachta.

Tá an-bhéim á cur ag Raidió Rí-Rá ar phodchraoltaí agus is féidir podchraoltaí ó na cláir a chloisteáil anois ar Spotify agus Apple Podcasts, i measc ardáin eile.

Tá miondealú ar an maoiniú atá curtha ar fáil ag mo Roinn do Raidió Rí-Rá ó 2009 i leith le fáil anseo thíos:

Maoiniú Reatha -Ceadaithe Maoiniú Reatha - Íoctha Maoiniú Caipitil - Ceadaithe Maoiniú Caipitil - Íoctha
2009 40,000 40,000
2010 40,000 40,000
2011 32,000 32,000
2012 58,725 58,725
2013 47,000 47,000
2014 45,000 45,000
2015 53,000 53,000
2016 75,000 75,000
2017 75,000 75,000
2018 75,000 75,000
2019 75,000 75,000
2020 75,000 75,000 47,772 47,772
2021 75,000 75,000
2022 119,000 119,000
2023 109,000 54,390*

Níos luaithe i mbliana d'fhoilsigh Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) taighde a bhí páirtmhaoinithe ag mo Roinn a tharraing aird ar spéis éisteoirí óga rogha níos fearr a bheith acu in ábhar fuaime Gaeilge. Is é an BAI a rinne an taighde chun a fháil amach an spéis agus an poitéinseal atá ann do sheirbhís raidió lánaimseartha Ghaeilge atá dírithe ar an lucht éisteachta 15-34 bliana in Éirinn. I measc thorthaí an taighde, sonraíodh go mbíonn daoine óga fós ag plé le hábhar fuaime, agus tá tóir fós ar an raidió agus 87% de na freagróirí ag éisteacht leis an mean sin ar bhonn seachtainiúil.

Léiríonn sa taighde chomh maith go bhfuil suim ag 70% de na freagróirí arb é an Béarla a gcéad teanga i stáisiún nua Gaeilge. Mar sin féin, tá an lucht éisteachta seo ag bogadh níos mó agus níos mó go dtí ábhar digiteach agus meastar go mbeadh podchraoltaí agus gearrthóga inroinnte a chomhlánaíonn raidió beo tábhachtach d’aon seirbhís nua.

Is é Coimisiún na Meán, a bunaíodh go foirmiúil i mí an Mhárta, atá freagrach as seirbhísí craolacháin raidió neamhspleácha a cheadúnú in Éirinn agus beidh an taighde seo an-úsáideach don Choimisiún agus é ag smaoineamh ar mhianta agus riachtanais éisteoirí raidió na hÉireann.

Má tá aon cheist ar leith ag an Teachta maidir le seirbhísí RTÉ Raidió na Gaeltachta agus Raidió na Life, moltar don Teachta teagmháil díreach a dhéanamh le RTÉ agus Foras na Gaeilge faoi seach.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

111. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cé mhéad maoiniú reatha a caitheadh ar phleanáil teanga faoi scáth Fhoras na Gaeilge in aghaidh gach bliana ó 2013, agus an ndéanfaidh sí briseadh síos ar an maoiniú bliantúil sin de réir líonra Gaeilge nó baile seirbhíse Gaeilge. [24689/23]

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Déanann Foras na Gaeilge riar ar an bpróiseas pleanála teanga lasmuigh den Ghaeltacht thar ceann na Roinne. Is próiseas leanúnach céimitheach atá ann trína bhfuil na ceantar ainmnithe uilig ag pointí éagsula sa phróiseas. Do na ceantair siúd a bhfuil ceanneagraíochtaí ceaptha iontu, ceadaíonn an Roinn uasmhéid de €20,000 do na Bailte Seirbhíse Gaeltachta (BSG) agus €15,000 do na Líonraí Gaeilge, thar tréimhse dhá bhliain, chun an plean teanga a ullmhú don ceantar. Nuair atá an plean sin faofa ag an Aire, ceadaíonn an Roinn allúntas bliantúil don cheanneagraíocht nach mó ná €80,000 in aghaidh na bliana thar tréimhse seacht mbliana leis an plean sin a fheidhmiú (ceadaíodh allúntas bliantúil suas le €100,000 do BSG na Gaillimhe agus agus ceadófar an tsuim chéanna do BSG Corcaí amach anseo, áfach, mar gur ceantair móra uirbeacha iad). I gcás na Líonraí Gaeilge atá lonnaithe sa dlínse ó thuaidh, ceadaíonn Foras na Gaeilge a chomhionann d’allúntas bliantúil de £72,000 do na ceanneagraíochtaí ceaptha.

Go dtí seo, tá plean teanga faofa agus le cur i bhfeidhm i 5 Líonra Gaeilge agus 6 Bhaile Seirbhíse Gaeltachta. Seo a leanas liosta de na Líonraí agus na Bailte Seirbhíse a thagann faoi scáth Fhoras na Gaeilge:

Bailte Seirbhíse
*Leitir Ceanainn
*Gaillimh
*Trá Lí
*Dún Garbhán
*Caisleán an Bharraigh
Corcaigh
*Cathair Saidhbhín
Baile an Róba
An Clochán
Maigh Chromtha
An Uaimh
Baile Átha Buí
Dún na nGall
Líonraí
*Cluain Dolcáin
*Baile Locha Riach
*Inis
*Béal Feirste Thiar
*Carn Tóchair

*Plean Faofa

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

112. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cé mhéad maoiniú a caitheadh ar Thaibhdhearc na Gaillimhe, Amharclann Náisiúnta na Gaeilge, in aghaidh gach bliana ó 2003, agus an ndéanfaidh sí briseadh síos de réir maoiniú reatha agus caipitil. [24691/23]

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

114. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cé mhéad maoiniú a chaith an Chomhairle Ealaíon ar Thaibhdhearc na Gaillimhe, Amharclann Náisiúnta na Gaeilge, in aghaidh gach bliana ó 2003, agus an ndéanfaidh sí briseadh síos de réir maoiniú reatha agus caipitil. [24693/23]

Photo of Catherine MartinCatherine Martin (Dublin Rathdown, Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I propose to take Questions Nos. 112 and 114 together.

Tá maoiniú curtha ar fáil ag mo Roinn don Taibhdhearc faoi na Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge ó 2004. Faoin gcomhaontú maoinithe atá i bhfeidhm ó 2020-2023 cuirtear maoiniú reatha €320,000 ar fáil gach bliain.

Tá miondealú sa chomhad atá faoi cheangal ar an maoiniú reatha agus caipitil a chuir an Roinn ar fáil don Taibhdhearc ó 2004 i leith.

Ar iarratas ó mo Roinn, tá plean forbartha don tréimhse 2024-2026 á ullmhú faoi láthair ag Bord na Taibhdheirce chun feidhm a thabhairt don ról a theastaíonn ón eagraíocht a chomhlíonadh mar amharclann náisiúnta agus mar mhol forbartha do dhrámaíocht na Gaeilge. Cuimseofar faoin bplean forbartha sin struchtúr leasaithe boird, foirne agus maoinithe chun bonn láidir fadtréimhseach a chur faoi oibríochtaí na heagraíochta agus chun drámaíocht na Gaeilge a neartú agus a fhorbairt.

Fógrófar toradh an phróisis seo in am tráth.

Tá liosta de na cinntí a rinne an Chomhairle Ealaíon i 2007–2021 le fáil i mbunachar sonraí na gcinntí. Foilsítear cinntí sa ghnáthchúrsa i nuachtlitir na Comhairle Ealaíon agus déantar cinntí stairiúla a thaifead i dtuarascáil bhliantúil na Comhairle atá ar fáil ar líne sa roinn foilseacháin.

Tá fáil air seo ag an nasc seo www.artscouncil.ie/Ce_ata_maoinithe_againn/

Reatha Caipiteal
Ceadaithe Íoctha Ceadaithe Íoctha
2004
385,000
384,996
35,000
0
2005
450,000
450,000
2006
450,000
450,000
2007
480,000
480,000
2008
480,000
463,343
2009
441,600
441,600
2010
404,900
404,900
2011
323,920
323,920
300,000
164,000
2012
323,920
323,920
189,162
189,162
2013
323,920
323,920
85,000
85,000
2014
307,276
307,276
2015
320,000
320,000
2016
320,000
320,000
2017
320,000
320,000
2018
320,000
320,000
2019
325,000
325,000
2020
300,000
273,392
38,236
0
2021
399,053
399,053
38,236
38,236
2022
320,000
320,000
2023
320,000
147,496*
Iomlán
7,314,589
7,098,816
685,634
476,398
* Go dtí seo in 2023.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.