Written answers
Wednesday, 24 May 2023
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
108. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cad é an meastachán ar chostais a bhainfeadh le Clár na Leabhar Gaeilge a thabhairt ar ais de réir an ráta a bhí ann sular cuireadh ar scoir é, agus de réir an ráta a bheadh ann dá gcuirfí an ráta boilscithe ó shin san áireamh. [24686/23]
Patrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Aistríodh feidhmeanna Bhord na Leabhar Gaeilge chuig Foras na Gaeilge ar 1 Eanáir 2008.
Cuireadh leithdháileadh de €1,820,000 ar fáil do Chlár na Leabhar Gaeilge i 2008.
Tá leithdháileadh €1,061,165 agus maoiniú breise €300,000 ar fáil do Chlár na Leabhar Gaeilge do 2023. Fágann sé seo go bhfuil buiséad iomlán €1.36 milliún ar fáil don Chlár i mbliana - thart ar an leibhéal ag a raibh sé i 2011.
Bheadh ??costas thart ar €827,376 ar an mbuiséad a ardú go leibhéal 2008 dá gcuirfí an ráta boilscithe san áireamh.
No comments