Written answers
Wednesday, 24 May 2023
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Scoláireachtaí Gaeltachta
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
106. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an ndéanfaidh sí tábla a sholáthar lena ndéantar briseadh síos ar líon na ndaltaí scoile in aghaidh na bliana a fuair scoláireacht chun freastal ar choláiste samhraidh Gaeltachta ón Roinn gach bliain ó 2003, cén luach airgid a bhain le scoláireacht i gcomparáid leis na táillí an bhliain sin, agus cén costas iomlán bliantúil atá ar scoláireachtaí Gaeltachta den chineál seo. [24684/23]
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
107. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an ndéanfaidh sí tábla a sholáthar lena ndéantar briseadh síos ar líon dhaltaí scoile DEIS in aghaidh na bliana a fuair scoláireacht chun freastal ar choláiste samhraidh Gaeltachta ón Roinn gach bliain ó 2003, cén luach airgid a bhain le scoláireacht i gcomparáid leis na táillí an bhliain sin, agus cén costas iomlán bliantúil atá ar scoláireachtaí Gaeltachta den chineál seo. [24685/23]
Catherine Martin (Dublin Rathdown, Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
I propose to take Questions Nos. 106 and 107 together.
Bunaíodh an ciste DEIS Gaeltachta in 2019 tráth a cuireadh €50,000 ar fáil chun seans a thabhairt do lucht freastail iar-bhunscoileanna DEIS na tíre freastal a dhéanamh ar cheann de na Coláistí Gaeilge atá aitheanta ag an Roinn. Tháinig ardú ar an gciste in 2022 ionas go mbeadh suas le 400 scoláire in aghaidh na bliana in ann tairbhe a bhaint as an scéim seachas 50 scoláire mar a bhíodh.
Tá briseadh síos sa tábla thíos:
2019 | 3 seachtaine | 2 seachtaine | cúrsa seachtaine |
---|---|---|---|
Líon scoláirí | 28 | 22 | 0 |
Luach scoláireachtaí | €800-€850 | €505.75 - €782 | 0 |
Iomlán + riarachán | €45,451 |
2022 | 3 seachtaine | 2 seachtaine | cúrsa seachtaine |
---|---|---|---|
Líon scoláirí | 93 | 326 | 3 |
Luach scoláireachtaí | €850 | €580 - €722 | €580 |
Iomlán + riarachán | €308,026 |
Is iad na coláistí féin a shocraíonn táillí na gcúrsaí. Athraíonn táillí ó áit go háit agus braitheann siad ar an gcineál chúrsa, agus ar fhad an chúrsa freisin.
No comments