Written answers

Tuesday, 23 May 2023

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Pleanáil Teanga

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

342. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cad é an tuarastal bliantúil d'oifigeach pleanála teanga, agus cé mhéad maoiniú anuas air sin atá ar fáil in aghaidh na bliana i gcomhair plean teanga a chur i bhfeidhm. [24516/23]

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuireann Acht na Gaeltachta 2012 an chreatlach reachtúil ar fáil chun tabhairt faoin bpróiseas pleanála teanga ar bhonn comhordaithe. Faoin bpróiseas tugtar an deis don phobal, an earnáil dheonach, an earnáil phoiblí agus an earnáil phríobháideach oibriú as lámha a chéile chun tacú leis an nGaeilge sna ceantair éagsúla atá aitheanta faoin bpróiseas. Tugtar an deis do phobail Ghaeltachta agus i mBailte Seirbhíse Gaeltachta agus Líonraí Gaeilge pleananna teanga a ullmhú agus a fheidhmiú ag leibhéal an phobail le tacaíocht leanúnach ó mo Roinn, ó Údarás na Gaeltachta agus ó Fhoras na Gaeilge. Cuirtear maoiniú reatha ar fáil do phleananna teanga a cheadaítear agus baintear úsáid as an maoiniú sin chun gníomhaíochtaí a chur i bhfeidhm agus Oifigigh Pleanála Teanga (OPT) a fhostú chun tabhairt faoin obair sin.

Cuirtear maoiniú idir €80,000 agus €150,000 in aghaidh na bliana thar tréimhse 7 mbliana ar fáil do phleananna teanga ceadaithe. Go ginearálta tugtar cead do Limistéar Pleanála Teanga, Líonra Gaeilge nó Baile Seirbhíse Gaeltachta Oifigeach Pleanála Teanga amháin a fhostú. Tá cead tugtha do 4 Limistéar Oifigeach Cúnta Pleanála Teanga a fhostú freisin chun tuilleadh tacaíocht a chur ar fáil d'fheidhmiú an phlean.

I gcás eisceachtúil amháin, LPT Oileán Árainn, tá maoiniú de €300,000 in aghaidh na bliana curtha ar fáil agus cead tugtha chun 3 OPT a fhostú.

Tá scála pá ar leith i bhfeidhm d’Oifigigh Pleanála Teanga, atá léithe thíos:

€35,000; €37,500; €40,000; €42,500; €45,000; €47,500; €50,000.

Is fiú a nótáil gur féidir le OPT tosú ar aon phointe idir pointe 1 agus 4 den scála, ag brath ar thaithí agus cháilíochtaí.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.