Written answers
Tuesday, 23 May 2023
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Údarás na Gaeltachta
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
339. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cé mhéad maoiniú caipitil a caitheadh trí Údarás na Gaeltachta in aghaidh gach bliana ó 2003. [24513/23]
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
340. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cé mhéad maoiniú reatha a caitheadh ar fhorbairt pobal faoi scáth Údarás na Gaeltachta in aghaidh gach bliana ó 2013. [24514/23]
Patrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
I propose to take Questions Nos. 339 and 340 together.
Ní choinníonn an Roinn na taifid stairiúla atá á lorg ag an Theachta seachas na taifid a bhaineann leis an Roinn mar atá ann anois, a bunaíodh i 2020. Foilsíodh iad, áfach sna Leabhair Meastachán agus Cuntais Leithreasa i leith na mblianta éagsúla a leagadh faoi bhráid an Oireachtais go bliantúil.
Léiríonn an tábla thíos an soláthar airgid idir reatha agus caipitil a cuireadh ar fáil do Údarás na Gaeltachta in 2020, 2021, 2022 agus an allúntas do 2023:
Údarás na Gaeltachta | C6 - Reatha Riaracháin | C7 - Reatha (Teangabhunaithe) | C8 – Caipitil |
---|---|---|---|
Reatha€ | Reatha€ | Caipitil€ | |
2020 | 10.852m | 4.250m | 18.000m |
2021 | 13.041m | 4.750m | 16.679m |
2022 | 13.386m | 6.000m | 15.954m |
2023 | 14.199m | 6.750m | 14.954m |
1. Fuarthas leithdháileadh reatha breise de €1.250m, mar thoradh ar shábháiltí in áiteanna eile i Vóta na Roinne, don Údarás in 2020 agus tá sé san áireamh sa fhigiúr a sholáthraítear.
2. Ceadaíodh maoiniú breise d'Údarás na Gaeltachta mar chuid den Phlean Spreagtha Post i mí Iúil 2020, ina raibh soláthar caipitil suas le €8m breise ar fáil don Údarás chun uasghrádú riachtanach a dhéanamh ar a stoc foirgneamh agus ar chórais chóireála uisce agus tá sé san áireamh san fhigiúr thuas.
3. Fuarthas leithdháileadh reatha breise de €0.461m, mar thoradh ar shábháiltí in áiteanna eile i Vóta na Roinne, don Údarás in 2021 agus tá sé san áireamh sa fhigiúr a sholáthraítear.
4. Maidir leis an soláthar caipitil do 2021, tugadh suim de €2.225m nár chaith an Roinn i 2020 ar aghaidh go 2021 le cur isteach i mbuiséad caipitil an Údaráis. Ciallaíonn sé seo go raibh buiséad iomlán caipitil de €16.679m ar fáil don Údarás i 2021 le caitheamh ar thograí fostaíochta agus tá sé san áireamh sa fhigiúr a sholáthraítear. Chaith an tÚdarás €13.980m don soláthar caipitil (€16.679m) agus tugadh €1.500m ar aghaidh do 2022.
5. Fuarthas leithdháileadh reatha breise de €0.306m, mar thoradh ar shábháiltí in áiteanna eile i Vóta na Roinne, don Údarás in 2022 agus tá sé san áireamh sa fhigiúr a sholáthraítear.
6. Fuarthas leithdháileadh reatha breise de €0.250m, mar thoradh ar shábháiltí in áiteanna eile i Vóta na Roinne, don Údarás in 2022 agus tá sé san áireamh sa fhigiúr a sholáthraítear.
7. Maidir leis an soláthar caipitil do 2022, tugadh suim de €1.500m nár chaith an Roinn i 2021 ar aghaidh go 2022 le cur isteach i mbuiséad caipitil an Údaráis. Ciallaíonn sé seo go raibh buiséad iomlán caipitil de €15.954m ar fáil don Údarás i 2022 le caitheamh ar thograí fostaíochta agus tá sé san áireamh sa fhigiúr a sholáthraítear.
8. Maidir leis an soláthar caipitil do 2023, tá suim de €0.500m nár chaith an Roinn i 2022 tugtha ar aghaidh go 2023 le cur isteach i mbuiséad caipitil an Údaráis. Ciallaíonn sé seo go bhfuil buiséad iomlán caipitil de €14.954m á chur ar fáil ag an Roinn don Údarás i 2023 le caitheamh ar thograí fostaíochta agus tá sé san áireamh sa fhigiúr a sholáthraítear.
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
341. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cé mhéad maoiniú reatha a caitheadh ar phleanáil teanga faoi scáth Údarás na Gaeltachta in aghaidh gach bliana ó 2013, agus an ndéanfaidh sí briseadh síos ar an maoiniú bliantúil sin de réir limistéar pleanála teanga agus baile seirbhíse Gaeltachta. [24515/23]
Patrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Léiríonn na táblaí sa doiciméad ceangailte eolas maidir leis an maoiniú atá íoctha ag Údarás na Gaeltachta le ceanneagraíochtaí pleanála teanga ó 2013 sna 26 Limistéar Pleanála Teanga (LPT) agus sa dá Bhaile Seirbhíse Gaeltachta (BSG) le pleananna teanga a ullmhú agus a fheidhmiú.
Cuireadh maoiniú ar fáil sa chéad áit le tacú le heagraíochtaí agus le coistí pleananna teanga a ullmhú. Agus na pleananna sin ceadaithe agus na socruithe cuí ina n-áit, cuirtear maoiniú ar fáil do cheanneagraíochtaí pleanála teanga leis an bplean teanga a chur i bhfeidhm thar tréimhse seacht mbliana. Faoi láthair is soláthar idir €100,000 agus €150,000 sa mbliain a chuirtear ar fáil do na LPT agus €100,000 do na BSG.
Is fiú a nótáil gur thosaigh ceanneagraíochta pleanála teanga ag feidhmiú pleananna teanga ag amanna éagsúla den bhliain (sé sin taobh amuigh den gnáth bhliain féilire) agus, dá bhrí sin, bíonn an maoiniú a íocann Údarás na Gaeltachta ag brath ar dháta thosach feidhme an phlean teanga agus ar na héilimh ar íocaíochtaí a thagann ó na ceanneagraíochtaí.
/ie/oireachtas/debates/questions/supportingDocumentation/2023-05-23_pq341-23-05-22_en.xlsx">Ullmhú Feidhmiú na bPleananna Teanga
No comments