Written answers
Tuesday, 23 May 2023
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Foras na Gaeilge
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
343. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cé mhéad maoiniú reatha a caitheadh ar na ceanneagraíochtaí faoi scáth Fhoras na Gaeilge in aghaidh gach bliana ó 2013, agus an ndéanfaidh sí briseadh síos ar an maoiniú bliantúil sin de réir ceanneagraíochta. [24517/23]
Patrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Cuireadh tús leis an gCur Chuige Comhpháirtíochta leis na Ceanneagraíochtaí de chuid Foras na Gaeilge i 2014. Tá na figiúirí thíos curtha ar fáil ag Foras na Gaeilge maidir leis an mbunmhaoiniú a cuireadh ar fáil do na Ceanneagraíochtaí ó cuireadh tús leis an gcur chuige sin thíos. Is féidir gur ceadaíodh roinnt maoinithe bhreise, ag braith ar thionscadail ar leith le linn na blianta thíos ach is é seo an bunmhaoiniú a cheadaíodh i ngach cás.
Bliain | Conradh na Gaeilge | Cumann na bhFiann | Gael Linn | Gaeloideachas | Glór na nGael | Oireachtas na Gaeilge |
---|---|---|---|---|---|---|
2023 | €832,457.0 | €745,136.0 | €650,183.0 | €708,562.00 | €1,078,615.00 | €622,594.00 |
2022 | €832,457.0 | €745,136.0 | €650,183.0 | €708,562.00 | €1,078,615.00 | €622,594.00 |
2021 | €832,457.0 | €745,136.0 | €650,183.0 | €708,562.00 | €1,078,615.00 | €622,594.00 |
2020 | €832,457.0 | €745,136.0 | €650,183.0 | €708,562.00 | €1,078,615.00 | €622,594.00 |
2019 | €832,457.0 | €745,136.0 | €650,183.0 | €708,562.00 | €1,078,615.00 | €622,594.00 |
2018 | €832,457.0 | €745,136.0 | €650,183.0 | €708,562.00 | €1,078,615.00 | €622,594.00 |
2017 | €832,457.0 | €745,136.0 | €650,183.0 | €708,562.00 | €1,078,615.00 | €622,594.00 |
2016 | €832,457.0 | €745,136.0 | €650,183.0 | €708,562.00 | €1,078,615.00 | €622,594.00 |
2015 | €883,515.0 | €800,602.0 | €694,264.0 | €752,020.00 | €1,144,770.00 | €660,780.00 |
2014 | €361,055.0 | €335,140.0 | €407,485.0 | €379,012.00 | €478,706.00 | €353,484.00 |
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
344. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cé mhéad maoiniú reatha a caitheadh ar an Scéim Forbartha Líonraí Gaeilge nó an Scéim Pobal Gaeilge faoi scáth Fhoras na Gaeilge in aghaidh gach bliana ó 2013, agus an ndéanfaidh sí briseadh síos ar an maoiniú bliantúil sin de réir contae.; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [24518/23]
Patrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Ní raibh sé de chumas ag an Roinn an t-eolas atá iarrtha ag an Teachta a chur i dtoll a chéile taobh istigh den am a tugadh chun an cheist a fhreagairt. Cuirfear díreach chuig an Teachta é taobh istigh den amscála atá leagtha síos i mBuanordaithe an Tí.
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
345. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cé mhéad maoiniú caipitil a caitheadh trí Fhoras na Gaeilge in aghaidh gach bliana ó 2003, agus an ndéanfaidh sí briseadh síos ar an maoiniú bliantúil sin de réir contae. [24519/23]
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
348. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cad é an meastachán ar chostais a bhainfeadh le maoiniú caipitil Fhoras na Gaeilge a mhéadú faoi 10%, 20%, 25% agus 35%. [24523/23]
Patrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
I propose to take Questions Nos. 345 and 348 together.
Is maoiniú reatha amháin a fhaomhaíonn an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas don Fhoras Teanga, Foras na Gaeilge san áireamh. Dá réir, níl aon mhaoiniú caipitil ar fáil d'Fhoras na Gaeilge.
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
346. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cé mhéad maoiniú reatha a caitheadh trí Fhoras na Gaeilge in aghaidh gach bliana ó 2003. [24520/23]
Patrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Léiríonn an tábla thíos maoiniú reatha Fhoras na Gaeilge don tréimhse ó 2020 i leith. Foilsíodh na figiúirí eile atá á lorg ag an Teachta i dTuarascálacha Bliantúla na heagraíochta atá leagtha ós chomhair Thithe an Oireachtais.
2020 | €15,945,054 |
---|---|
2021 | €18,719,197 |
2022 | €20,237,529 |
No comments